Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sreang mhiotal metal wire
" D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile le sreang mhiotal in ionaid ar fud na tíre chun cur in iúl go soiléir nach rabhthas ag éisteacht leo.
sconsa miotail metal fence
" D'oscail na mná foighneacha ag na boird gach vóta go cúramach agus thaispeáin siad iad do na daoine díograiseacha a bhí taobh thiar de sconsa miotail in aice leo.
dealbha dubha miotail de leanaí black metal statues of babies
" Is féidir dul suas agus amharc amach uaidh, nó béile nó cupán caife a fháil sna bialanna atá thuas ansin - agus an rud a chuireann iontas ort ná go bhfuil dealbha dubha miotail de leanaí ar an taobh amuigh den túr, b'fhéidir deich gcinn acu, agus an chuma orthu go bhfuil siad ag lámhacán suas síos.
díon miotail metal roof
" Rith sí trasna an tseomra mhóir, agus leag sí píosa de shaothar eile, trucail sprae-phéinteáilte dar teideal *"Graffiti Truck", *le Matta-Clark chomh maith, go talamh agus rinneadh an díon miotail a lúbadh.
bhrathadóir miotail metal detector
" Chuaigh mé tríd an bhrathadóir miotail, geata slándála agus mar sin de agus d’fhan mé go foighdeach sa seomra feithimh leis na cuairteoirí eile, mná agus páistí a bhformhór, ag fanacht go scairtfeadh an bairdéir m’ainm.
a gearradh as miotal láidir tanaí. which were cut from strong thin metal.
" Dealbha iad a gearradh as miotal láidir tanaí.
na fir mhiotail seo these metal men
" Chuir an grúpa comhshaoil Natural England ina éadan chomh maith, ag maíomh go raibh na fir mhiotail seo ag cur isteach ar na héin aistreáin a thagann go dtí an trá seo ag lorg bia agus b’ionadh le lucht an gharda cósta nár maraíodh éinne nuair a bhí na figiúirí á lonnú ar an trá sa chéad áit.
lorgaí miotail metal sticks
" Rinne leaid amháin damhsa bríomhar le lorgaí miotail agus lasracha ar an dá fhoirceann.
miotail metal
" Dá siúlfeá isteach i nduine tré thimpiste ar an tsráid, bheifeá múinte agus ag gáire ar a amscaí agus a bhí tú agus “nach mór an náire mé? Caidé an dóigh ar fhorbair muid mar speiceas ar chor ar bith?” Ach uair amháin a bhíos an duine i mbosca mór crua miotail, glasáilte, sábháilte, iompaíonn sé isteach ina mhaistín, ag cuardach díoltais do gach drochrud a rinneadh air i gclós na scoile.
múnlaithe as miotal moulded from metal
" Chruthaigh sé saothar don Túr Teilifíse Žižkov i bPrág chomh maith dar teideal ‘Tower Babies’ inar thaispeáin sé leanaí, múnlaithe as miotal, ag déanamh a mbealach snámhach suas taobhanna an fhoirgnimh ar a nglúine agus a ar lámha.
miotal metal
" Is é sin, an ola faoi ghrinneall na farraige nó an mianach faoi shlios an tsléibhe, ní acmhainn é go gcruthaítear inneall a dhófas an ola, nó go dteastóidh soitheach a dhéanfar as miotal.
miotail of metal
" Tá mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla.
n-oibrithe miotail metal workers
" Chuaigh sé isteach i gceardchumann na n-oibrithe miotail i 1968 agus faoin mbliain ’75 bhí sé ina uachtarán ar an gcumann céanna.
Brathadóirí Miotail metal detectors
" Faoi Chosaint Airm agus Brathadóirí Miotail ======================= An t-aon rud amháin a chuirfeadh iontas ar Éireannach ná na póilíní.
coire mór miotail a large metal cauldron
" Sa mbliain 1978 fuarthas uaigh i Hochdorf a raibh duine d’uaisle na gCeilteach curtha ann, maraon le carbad álainn, agus míle rud nach é, coire mór miotail, cuir i gcás, a mbeadh áit seasaimh ann do cheathrar páistí.
triantán miotail i ngreim ann a metal triangle attached to it
" Druma idir a dhá uillinn ag an drumadóir, agus triantán miotail i ngreim ann ag cuid acu le buillí géara a chur leis an monabhar domhain a bhíonn ag an dá uirlis tionlacain.
miotal a mhisnigh the stuff he’s made of
" Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.