Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an mhiotaseolaíocht mythology
" Tá a chuid foinsí inspioráide le feiceáil go soiléir ina cheol: an fhealsúnacht, an litríocht, an béaloideas agus an mhiotaseolaíocht.
an mhiotaseolaíocht mythology
" Cuirfear béim ar leith ar an ealaín Cheilteach, ar an tseandálaíocht, an litríocht, an stair, an béaloideas, an ceol agus an mhiotaseolaíocht.
miotaseolaíocht na gCeilteach agus na Meánmhara Celtic and Mediterranean mythology
" Cruthaíonn sé drámaí beaga as cré-umha atá bunaithe ar théamaí as miotaseolaíocht na gCeilteach agus na Meánmhara.
mhiotaseolaíocht mythology
" Seo an chéad cheann de shraith shamhlaíoch ar stair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, a bhí goidte le rófhada ag lucht an Bhéarla agus gur ghá iad a athghabháil dá dteanga nádúrtha dhúchais.
miotaseolaíocht mythology
" Ar an gcaoi sin déantar ceangal idir an iomáint agus stair agus miotaseolaíocht na hÉireann agus, ag an am céanna, cuirtear leann dubh Mhic Aonghusa isteach díreach i lár an scéil.
mhiotaseolaíocht mythology
" Labhair sé liom faoin mhiotaseolaíocht, na Ceiltigh agus béaloideas na háite, agus muid ag siúl thart ar bhruach na habhann.
miotaseolaíocht na Gréige Greek mythology
" Níor ainmníodh é as an bhean i miotaseolaíocht na Gréige, ach as saghas éin - lacha rua, sílim.
miotaseolaíochta mythology
" blá, blá blá!!! Cé go mbíonn drogall ar dhaoine a admháil go bhfuil *The Da Vinci Code *léite acu, fós is saineolaithe iad gach aon duine acu ar chúrsaí creidimh, ar chúrsaí ealaíne, ar chúrsaí staire agus miotaseolaíochta agus ar gach aon chúrsa eile a shníomhann fríd an leabhar seo.
miotaseolaíocht mythology
" Ionsaí ======= Tá miotaseolaíocht ann (bunaithe ar an fhírinne) gur shábháil an IRA an Trá Ghearr i mí an Mheithimh 1970 nuair a d'ionsaigh ollscaifte Protastúnach í.
mhiotaseolaíocht an chine ar leis é the mythology of the race to which he belonged
" Sceimhlitheoir a “cheartódh maslaí na mblianta”, fíor agus samhlaithe, suite go domhain laistigh de mhiotaseolaíocht an chine ar leis é.
miotaseolaíochta mythological
" ” Tá an t-úrscéal grafach is déanaí dá chuid, *An Táin*, ar insint nua é ar an scéal cáiliúil miotaseolaíochta, díreach foilsithe ag comhlacht Cholmáin, Cló Mhaigh Eo ((www.
miotaseolaíocht na Gréige Greek mythology
" Murab ionann is Atlás i miotaseolaíocht na Gréige, níl i ndia an haca ach fear mar chách.
mhiotaseolaíocht ghluaiseacht na poblachta the mythology of the republican movement
" De réir mhiotaseolaíocht ghluaiseacht na poblachta, fear troda a raibh stair onórach aige in aghaidh phéas Uladh agus Arm na Corónach ab ea Donaldson.
miotaseolaíocht mythology
" Tá an cheist chéanna buan i miotaseolaíocht an pháirtí chéanna, oidhrí gharda cosanta na mBroy Harriers.
miotaseolaíocht mythology
" Lá tábhachtach is ea Lá Altaithe i miotaseolaíocht Mheiriceá.
créatúr miotaseolaíochta mara, a marine mythological figure,
" Déanann rí na rónta seilchí de Éile Rua ar ball, is é sin, créatúr miotaseolaíochta mara, seal ina rón, seal ina dhuine daonna, agus maireann Éile idir dhá shaol – idir muir agus talamh.
maidir leis an miotaseolaíocht, as regards mythology,
" “Tá ana-chuid difríochtaí ann freisin, níl muid ag iarraidh rudaí áiféiseacha a rá, go bhfuil muid díreach mar a gcéanna, mar níl, ach mar sin féin is iontach an rud é go bhfuil nasc ann maidir leis an miotaseolaíocht, an tábhacht atá ag baint leis an mbó, cuirim i gcás, leis an talamh féin, leis an traidisiún atá ag baint leis na haicmí agus leis an léann.
an mhiotaseolaíocht, mythology,
" Tá an triúr seo agus foireann óg chumasach, idir Éireannaigh agus Indiaigh, ag iarraidh cnuasach a chur le chéile ina mbeidh sleachta éagsúla ó scríbhneoireacht an dá chultúr, ag dul siar go dtí an mhiotaseolaíocht, go dtí an fhilíocht, agus iad a chur i gcomparáid lena chéile.
macallaí mhiotaseolaíocht echos of mythology
" Tá an leabhar seo bric breac le himeartas, idir na focail agus na léaráidí, agus tá macallaí mhiotaseolaíocht is phiseoga na hÉireann le sonrú ann.
miotaseolaíocht mythology
" I miotaseolaíocht an genre, i nDracula na scannán ach go háirithe, sé Hakan ‘Renfield’ Eli.
miotaseolaíocht mythology
" Is cosúil go ndearna sé féinthruailliú ag deireadh an phíosa, agus i miotaseolaíocht na hamharclainne, deirtear gur dhúirt sé nuair a ceistíodh é faoi seo, gurbh é an “faune” a rinne é.
nuair atá an mhiotaseolaíocht imithe as an saol when mythology dies
" Agus seo: ‘nuair atá an mhiotaseolaíocht imithe as an saol, is é cúram an ealaíontora an athmhiotaseolaíocht a chumadh leis an ábhar ar fad atá ar fáil dó’.