Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saor ó bhroid free from distress, misery
" Conas d'aghaidh a thabhairt ar mhairgí móra an tsaoil i bhfilíocht? Caidé mar is féidir é seo a dhéanamh go fírinneach nuair nach bhfuil á chaitheamh agat féin ach saol beag suarach, sábháilte, saor ó bhroid agus ó bhuaireamh? Níl de fhreagra agam air sin ach gur dóigh liom go mbíonn filíocht mhaith ar thaobh an tsolais agus ar thaobh na beatha i gcónaí.
ainnise misery
" Teastaíonn ó na contaetha sin fanacht i Roinn a hAon mar, dar le hiarimreoir de chuid Bhaile Átha Cliath a raibh mé ag caint leis le déanaí, níl i Roinn a Dó ach "ainnise".
bhliain na hainnise the year of misery
" Ach comhghairdeas leo as a ngaisce, rud a chuidigh le cuid den ghruaim a ardú de lucht iomána na hardchathrach tar éis bhliain na hainnise ag na sinsir.
in ainnise living in misery
" Bhí frithdhúnadh ar siúl sna dugaí ag an am, a thosaigh i mí Mheán Fómhair 1995, agus bhí teaghlaigh 500 dugaire in ainnise dá bharr.
tallann anó agus éadóchais a bout of misery and hopelessness
" Bhuail tallann anó agus éadóchais Tomás agus é ina shuí ag barr an staighre ag éisteacht leis an racán a bhí thíos.
ainnise misery
" Ach caidé faoin gheilleagar? Bhuel, de réir mar a bhí an bhliain ag dul isteach, bhí glór George Lee ag dul síos, síos, síos – an fear bocht ag dul níos mó agus níos mó le haimléis agus le hainnise.
anachain misery
" B’fhearrde dúinn cruachan agus ár n-aghaidh a thabhairt ar an anachain agus dul i ngleic lenár gcuid fadhbanna go stuama.
anó of misery
" Tugtar ‘cearrbhaigh le fadhbanna’, nó ‘cearrbhaigh anó’, orthu siúd a scaipeann a gcuid ag imirt ar na fearais.
ar Son an Anó for misery
" Feachtas ar Son an Anó?! ============= Ní mó ná sásta a bhí lucht na gclubanna móra leis na moltaí thuas agus chuir siad tús le feachtas láidir ina gcoinne sna meáin.
faoi shrathair na hainnise beset with misery
" Tugann Jeffries léargas dúinn ar staid dhaonna atá faoi shrathair na hainnise ach ina dhiaidh sin mothaítear, agus muid ag amharc ina súile, a ndeascabháil chun na bhflaitheas.
Bíonn diachair mhillteanach ag baint leis a great deal of misery pertains to
" Bíonn diachair mhillteanach ag baint leis an gcineál sclábhaíochta seo, faraor.