Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ba mhithid it was about time
" Má ba mhall, ba mhithid agus, gan aon amhras, faigheann pobal na tíre luach a gcuid airgid ó RnaG.
is mithid it is high time
" ) In áit aon mhórleasú a dhéanamh ar an gcomhpholasaí lochtach seo, áfach, ní dhearna na hairí mara ach pleananna bainistíochta ilbhliana a thabhairt isteach (más mall is mithid) agus cúpla mionleasú eile.
Is mithid don IRA scor it is time for the IRA to disband
" Is mithid don IRA scor mura bhfuil sé le dul chun drabhláis.
ach gur mithid but that it is necessary
" Déarfar, a bhuíochas don IRA, go bhfuil Éire shaor, aontaithe ar na gaobhair ach gur mithid anois an chuid dheireanach den bhealach a shiúl gan na gunnaí.
socraíodh gur mhithid it was decided that it was time
" De bharr chomh maith agus a bhí ag éirí leis an gcúrsa agus an oiliúint ghairmiúil a bhí mic léinn a fháil, socraíodh gur mhithid Céim M.
socraíodh gur mhithid it was decided that it was time
" De bharr chomh maith agus a bhí ag éirí leis an gcúrsa agus an oiliúint ghairmiúil a bhí mic léinn a fháil, socraíodh gur mhithid Céim M.
Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh! It's high time we beat the Red Man!
" Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh!” a mhaíonn Balor Bodúil agus é ag trácht go tuaisceartach ar Shan Nioclás bocht.
gur mithid dúinn éirí that it is time for us
" Ach is é an t-adhmad is mó atá le baint ó Thuarascáil Stern ná gur mithid dúinn éirí as a bheith ag argóint faoi staitisticí agus dianbhearta a chur ina suí ar bhonn idirnáisiúnta.
Is mithid anois it is now high time
Ba mhithid a gcúlú as an tír It was high time for them to withdraw from the country
" Ba mhithid a gcúlú as an tír sin ach mharaíodar na milliúin sular imigh siad, agus d'fhágadar ceantar Vítneam lag agus díchobhsaithe.
gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, that it was time to invade Pakistan
" Scríobhas ráithe ó shin gurbh iad Barack Obama agus Hillary Clinton na príomhiarrthóirí don chéad toghchán eile, ach i ndíospóireacht phoiblí a reáchtáladh le déanaí, thug an tUasal Obama le fios gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, in ainneoin thoil na tíre sin, dá mba ghá é chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda.
Is mithid dúinn a admháil it is high time for us to admit
" Is mithid dúinn a admháil gur cur i gcéill atá i gceist – *the emperor is naked*! Cur amú acmhainní agus fuinnimh atá inti ar gá dúinn a bheith réadúil fúithi anois.
gur mithid do lucht an pháirtí sin that it is high time for that party
" Dealraíonn sé anois gur mithid do lucht an pháirtí sin fáil réidh le hEnda Kenny.
is mithid it is high time
" Ós rud é gur léir go bhfuil Rialtas na Síne ag baint leasa as camchuairt an tóirse ar mhaithe le bolscaireacht dá réimeas forneartach, is mithid do Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha deireadh a chur leis láithreach.
An mithid is it time
" An bhfuil an t-iarann te? An mithid a bhualadh? Is líonmhaire teangacha eile ar shráideanna na hÉireann thar mar ba nós roimhe seo.
Is mithid it is time
" Is mithid, áfach, díriú ar chuid dá gcuid costas atá imithe as compás le dornán blianta anuas.
Más mall is mithid better late than never
is mithid it is time
" Is mór an t-údar díomá é, áfach, go bhfuil an dara páipéar seo ag teacht salach ar an gcéad cheann, mar maíonn na húdair ann nach bhfuil na spriocanna fuinnimh in-athnuaite atá leagtha amach ag an rialtas réalaíoch ar chor ar bith! Tá an rialtas ar tí na billiúin Euro a chaitheamh ar bhonneagar fuinnimh na tíre, agus más mall is mithid.
gur mithid misneach a léiriú it's time to show courage
" ” Is léir dá mbeadh Dev ina steillebheatha arís go dtabharfadh sé comhairle dá gharmhac gur mithid misneach a léiriú maidir lena straitéis fiche bliain don teanga, beag beann ar an ghéarchéim reatha.
Is mithid it's time
" Is mithid tabhairt faoi láithreach.
gur mithid that it is time
" Foghlaithe Mara na Somáile is ea an bhagairt is déanaí don tsibhialtacht gur mithid don chomhphobal idirnáisiúnta tabhairt faoi, de réir insint na meán mór ar an scéal.
Is mithid dúinn it's time for us
" Is mithid dúinn mar phobal teanga ceist an chaiteachais ar an teanga le linn am an ghátair a chíoradh go cúramach seachas a bheith de shíor ag ionsaí an té atá ag tabhairt an teachtaire.
Is mithid it's time
" Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh!” a mhaíonn Balor Bodúil, agus é ag trácht go mailíseach ar Shan Nioclás bocht.
is mithid it's time
" Deineadh neamhaird de na pobail seo go stairiúil – a dtugann an dréachtstraitéis ‘Gaeltacht ghréasáin’ orthu – agus is mithid an éagóir sin a cheartú.
mithid timely
" Is inleithscéal, is mithid agus is riachtanach go gcíorfar gach gné de fhadhb seo ár muintire go heolaíoch, fuarchúiseach anois díreach, tharla go bhfuil againn bealaí raidió agus teilifíse, suíomhanna idirlín, nuachtáin, Achtanna agus Coimisinéir Teanga, stádas Eorpach, ach féach gur fearr le líon rómhór d’aos óg na Gaeltachta agus de lucht Gaeilgeoirí na Galltachta an Béarla a bheith ina chéad teanga acu agus ár dteanga féin ina ‘teanga liom-leat’ acu ag an am céanna.
nach mithid isn't it time
" Tá an UUP fite fuaite sa pháirtí is mó a dhéanfá dochar do stíl mhaireachtála an ghnáthdhuine ó thuaidh agus sa Bhreatain, an Páirtí Coimeádach, ach tá Páirtí an Lucht Oibre (nach mithid an t-ainm a athrú?) agus na Lib-Dems chomh holc céanna! Ní hé an Geilleagar a Amadáin! I ndáilcheantracha áirithe, ní hé an geilleagar é, a amadáin.
más mall is mithid better late than never
" B’fhéidir gur leideadh do chuid againn a ndearna sé agus, más mall is mithid, Gaeltacht a bhunú i mBaile Átha Cliath? Ba dheas a bheith i do chuileog ar an mballa ag breathnú ar na rudaí ar fad a tharla sa teach sin i Iarúsailéim.
Más mall is mithid better late than never
is dóigh liom gur mithid I feel that it’s time
" Dá bhrí sin, is dóigh liom gur mithid do na heagrais spóirt a ndualgas a chomhlíonadh agus dul i bpáirt chun scrúdú a dhéanamh ar thionchar na dtosca thuasluaite, agus tuilleadh, ar shláinte agus ar leas na rannpháirtithe in imeacht na mblianta, nó sa chás seo, in imirt na mblianta.
Nach mithid dúinn isn’t it time for us
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
ba mhithid dúinn it was time for us
" Ba leasc liom Trá Whitehaven a fhágáil i mo dhiaidh nuair ba mhithid dúinn filleadh ar an muireitleán.
is mithid fós féin it’s still time
" Mura bhfuil ann ach leath an achair ama is atá caite ag an Normannach inár measc, is mithid fós féin ‘Éireannach’ a thabhairt ar an ‘Albanach’ a mhaíonn gur Éireannach é.
is mithid measúnú a dhéanamh ar it’s time to evaluate
" Anois atá an deireadh beartaithe, is mithid measúnú a dhéanamh ar an méid atá bainte amach – nó nach bhfuil bainte amach – ag an misean.
Is mithid dúinn it is time for us
" Is mithid dúinn, dar le Robinson, muid féin a cheistiú faoin dul chun cinn atá déanta agus próiseas na síochána abhus mar eiseamláir agus mar spreagadh ar fud na cruinne.
más mall is mithid it’s timely even its if late
" Thug Eoghan Ó Néill laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna ar Norman san alt thuasluaite agus más mall is mithid go bhfuil sé aitheanta ina thír féin faoi dheireadh thiar thall.
Más mall is mithid better late than never
Más mall is mithid better late than never
is mithid an t-aitheantas beag seo it’s time this small recognition
" Tá muintir dhúchais sa dá thír thíos leis ón gcéad lá a chuir an fear geal faoi sna Fritíortha agus is mithid an t-aitheantas beag seo a thabhairt dá n-oidhreacht.
Is mithid leas na mban seo it’s time these womens’ welfare
" Is mithid leas na mban seo a chur san áireamh agus dlíthe imirce á ndéanamh agus á gcur i bhfeidhm.
Nach mithid isn’t it time
" Nach mithid an urraim chéanna a thabhairt san iarsmalann do na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo i gCogadh na Teorann agus iad ag iarraidh an Astráil a chosaint in éadan na ngabhálaithe eachtrannacha?
ba mhithid don chuid eile againn it would be time for the rest of us
" Tharla scaifte áirithe den mhuintir dílseach /aontachtach a bheith múscailte le spéis sa Ghaeilg, ba cheart agus ba mhithid don chuid eile againn cuidiú leo ar aon bhealach a thig linn.
Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann It is high time for the technical people of Ireland
" Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte sa chaoi is nach mbeimid ag brath ar chórais na Stát Aontaithe, dar le Diarmuid Mac Mathúna.
is mithid dó it's time for him
" An té a shamhlóidh ‘cultúr’ ar an dóigh chúng le teanga, le hamhránaíocht nó le ceoldrámaíocht, agus a dhealóidh an coincheap ‘cultúr’ le teicneolaíocht, le córas airgeadais nó le ríomhaireacht, is mithid dó a choincheap a athmheas.
Is mithid it's time
"Is mithid bronntanas de charr úr a cheannach duit féin”.
gur mithid it's time
" Tá Tony Birtill den bharúil gur mithid do mhuintir na hÉireann amharc ina dtimpeall, brath i gceart a bhfuil de shaibhreas ailtireachta na cosmhuintire acu agus go gcaithfear cúram mar is ceart a dhéanamh de.
gur mithid that it's time
" Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim gur mithid athruithe a dhéanamh i gcóras polaitíochta na tíre, ach caithfear athruithe níos bunúsaí a dhéanamh go forleathan chomh maith le sinn a chur ar bhealach ár leasa.
gur mithid that it’s time
" Feidhmítear feidhmeannas nó cad é is fiú é? Tá Robert McMillen den bharúil gur mithid don Fheidhmeannas anois thar ariamh cheana cromadh chun oibre agus a fhiúntas a chruthú do na daoine atá ar easpa uisce le rófhada.
gur mithid that it’s time
" Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
gur mithid it is time
" Ag eascairt as léacht a thug Máire Mhic Róibín in Ard Mhacha an tseachtain seo chuaigh thart, meabhraíonn Robert McMillen dúinn gur mithid coiscéim eile a ghlacadh anois ar bhealach na síochána.
is mithid it’s time
" Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.
den bharúil gur mithid of the opinion that it’s time for
" Tá Colm Mac Séalaigh den bharúil gur mithid foireann tráchtairí a chur chun oibre ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta, mar chuideodh a saothar leis an dream óg aníos.
Is mithid croitheadh éicint a bhaint as it’s time to shake up in some way
" Is mithid croitheadh éicint a bhaint as na húdaráis spóirt, dar le Colm Mac Séalaigh, nó ní leigheasfar scéal an drochiompair sna spóirt.
Is mithid do bhainistíocht an it’s time for the management of
" Is mithid do bhainistíocht an BBC éisteacht le toil na ndaoine lasmuigh de sheomraí cumhachta na heagraíochta, nó tá John-Paul Mc Carthy den bharúil go bhfuil siad ag dul amú agus solas acu.