Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
modhanna táirgthe production methods
" Ach ní hamháin go bhfuil méadú tagtha ar tháirgeadh - tá feabhas mór tagtha ar an gcaighdeán freisin de bharr taighde chúramaigh ar chúrsaí talún, aeráide agus modhanna táirgthe.
isteach sa mhodh smaoinimh seo into this way of thinking
" Fiú mo leithéidse, a thaistealaíonn ó thuaidh ó am go ham, tá sé éasca dom sleamhnú isteach sa mhodh smaoinimh seo.
cloí le modhanna polaitiúla stick to political methods
" Measann sé go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh.
modh ordaithe method of ordering
" Má tá rath le bheith ar do ghnó, caithfidh do chuid custaiméirí muinín a bheith acu i do chomhlacht, caithfidh do chuid táirgí agus an dóigh a bhfuil siad curtha i láthair i do chatalóg a bheith taitneamhach do na custaiméirí agus caithfidh modh ordaithe agus íocaíochta na n-earraí a bheith éasca agus sásúil dóibh.
modh method
" Ní fios cad é an modh a socraíodh idir an IRA agus an Ginearál de Chastelain, ach thug sé deis don DUP a rá gur "stunt" a bhí ann agus an lá ina dhiaidh thug David Trimble le fios go mbeadh sé ag leagan síos spriocama eile - Feabhra 2002 - do chríochnú an díchoimisiúnaithe, agus d'fhiafraigh de Tony Blair cad é na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige do dhream ar bith nár dhíchoimisiúnaigh.
modhanna methods
" Mar is eol dúinn, is iad na modhanna céanna teagaisc agus na téacsleabhair agus áiseanna closamhairc céanna a úsáidtear i scoileanna Gaeltachta agus Galltachta den chuid is mó - modhanna agus áiseanna atá dírithe ar mhúineadh na Gaeilge mar dhara teanga, ní ar mhúineadh scríobh agus léamh na Gaeilge do chainteoirí dúchais.
modhanna traenála training methods
" Táim cinnte go bhfuil an-fheabhas ar chuid de na modhanna traenála go mór mór sa réimse a bhaineann le meatáin a shíneadh i gceart, an corp a théamh i gceart roimh imirt nó traenáil, an cineál bia is fearr a ithe, an méid leachtanna is cóir a ól agus mar sin de.
modhanna methods
" Na modhanna traidisiúnta ======= Tá breis is 400 saothar le feiceáil i dtaispeántas na bliana seo, agus is ar na modhanna traidisiúnta - an dealbhóireacht agus an phéintéireacht - atá an bhéim den chuid is mó.
Modh riachtanach cumarsáide a necessary method of communication
" Modh riachtanach cumarsáide atá ann dó.
mhodh oibre method of work
" Tá sé solúbtha mar mhodh oibre - is féidir obair mar seo a dhéanamh déanach san oíche más gá, nó briseadh a thógaint i lár an lae.
modhanna taistil means of transport
" Phléigh muid cúrsaí taistil - na modhanna taistil ab fhearr linn, an saghas lóistín a thaitin linn, agus na háiteanna ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orainn.
mhodhanna traenála training methods
" Labhrann cuid de na himreoirí faoi mhodhanna traenála Sheáin sna blianta sin.
modh íocaíochta method of payment
" Tá gach seans ann freisin go mbeidh muinín ag úsáideoirí as an modh íocaíochta seo, agus más féidir an tseirbhís a fheidhmiú ar bhonn idirnáisiúnta beidh tíortha atá ag forbairt ábalta leas a bhaint aisti.
Mhodh Coinníollach Conditional Moods
" ÉÓD: Cén rud is deacra faoin Ghaeilge, dar leat? SF: Tá an ghramadach damanta ach tá an ghramadach san Iodáilis damanta fosta! Tá ceithre Mhodh Coinníollach san Iodáilis agus ceithre Mhodh Foshuiteach, mar sin níl eagla orm roimh an ghramadach.
Mhodh Foshuiteach Subjunctives
" ÉÓD: Cén rud is deacra faoin Ghaeilge, dar leat? SF: Tá an ghramadach damanta ach tá an ghramadach san Iodáilis damanta fosta! Tá ceithre Mhodh Coinníollach san Iodáilis agus ceithre Mhodh Foshuiteach, mar sin níl eagla orm roimh an ghramadach.
modhanna cumarsáide methods of communication
" Bhí mé ag magadh nuair a bhí mé ag fágaint an Acadaimh Ríoga go raibh mé ag fágaint an naoú haois déag agus ag dul isteach san aonú haois is fiche, mar tá an meon, an dearcadh, an luas oibre, na modhanna cumarsáide go hiomlán éagsúil.
modhanna methods
" Tagann múinteoirí ó Éirinn chun cúnamh a thabhairt dúinn; bíonn deis againn ár stíl mhúinteoireachta a fhorbairt faoi stiúir múinteora agus modhanna nua a fhoghlaim.
modhanna imeartha playing methods
" Scoláireachtaí agus scéimeanna a chur ar bun chun ógánaigh a chur chun na "Gaeltachta" (Tiobrad Árann, Cill Chainnigh, is araile) ar feadh coicíse nó trí seachtainí chun go bhfoghlaimeoidís scileanna agus cultúr an chluiche (an camán ceart a roghnú, camán briste a dheisiú, cuir i gcás) agus, tré imirt le foirne áitiúla, dea-thréithe agus modhanna imeartha a fhoghlaim.
an modh díreach the direct method
modh method
" Go deimhin, tá seandálaithe ar fud na hÉireann an-tógtha leis an raon modhanna teicneolaíochta atá ar fáil dóibh.
mhodh cumarsáide method of communication
" Go bhfeicfeadh daoine go seasann an Ghaeilge aisti féin mar mhodh cumarsáide atá chomh maith le haon teanga eile ar domhan.
modhanna teagaisc teaching methods
" com)) go bhfuil sé "thar barr i measc modhanna teagaisc an lae inniu" agus, cé nach n-aontódh gach aon duine leis an ráiteas sin, is cinnte go bhfuil a lán rudaí úsáideacha in EasyReader.
mhodh uiríslithe a method of humiliation
" De réir mar a tháinig an Chríostaíocht i réim in iarthar na Eorpa, aithníodh an céasadh, ar amharcadh air mar mhodh uiríslithe ag am amháin, mar phríomhshiombail an creidimh nua.
a modh maireachtála their means of living
" Ní hé sin le rá nach mbaineann siad taitneamh as mar a bhaineann an gnáthdhuine páirtaimseartha, amaitéarach ach "i ndeireadh an lae" is é an spórt a modh maireachtála.
modh method
" Bhí an brú chomh láidir sin gur éirigh Parronchí as an phost, ag rá go raibh dearcadh ann go raibh a modh róchoimeádach agus séimh i gcomparáid leis an mhodh eile, a bhí nua-aimseartha agus luisiúil.
modhanna éagsúla ceiliúrtha various methods of celebration
" Bíonn modhanna éagsúla ceiliúrtha ann ó bhaile go baile nó ó eastát go heastát ach, go ginearálta, bíonn ceol, ól agus seó de chineál inteacht ag dul ar aghaidh an lá ar fad.
an modh coinníollach the conditional mood
" Is múinteoir fuinniúil agus iontach díograiseach é Pádraig agus d'fhoghlaim gach duine sa rang an ghramadach is bunúsaí, ar nós an difríocht idir *is *agus *tá *(reasúnta cosúil leis na briathra *ser *agus *estar *sa Spáinnis), na huimhreacha, uaireanta an chloig, an aimsir láithreach, chaite agus fháistineach, an modh coinníollach, chomh maith leis an tuiseal ginideach agus rud eile an-aisteach ar fad do na mic léinn go léir: na forainmneacha réamhfhoclacha.
modh féinteagaisc method of self-instruction
" Is é seo an modh féinteagaisc a chuir mé romham: tar éis gach ceacht a chur de ghlanmheabhair, théinn ar ais chun na ceachtanna uile a tháinig roimhe a athdhéanamh sula dtosaínn ar cheann eile.
modhanna éagsúla different methods
" Nuair a bhíonn tú ag clóbhualadh na ngrianghraf tú féin, bíonn a lán saoirse agat triail a bhaint as modhanna éagsúla chun iad a phróiseáil agus a fheabhsú.
modh method
" Leis an modh seo, bíonn na mic léinn in ann na briathra neamhrialta a chleachtadh nuair a bhíonn siad ag baile, ag tiomáint nó ar an traein - aon uair a mbíonn am saor acu.
sa mhodh taifeadta in the recording mode
mhodh taistil means of transport
" Murach go raibh an spásárthach agus an chulaith spáis in easnamh (agus gur mionbhus bán a bhí mar mhodh taistil!), cheapfá gur ar an ngealach a bhí tú, leis na clocha móra "gealaí" ar fad! Ansin, trá mhór fhada bhán os do chomhair, nach bhfeicfeá a leithéid sa *Med*! D'éalaigh mé ón gcaint agus ón gcomhrá san Isle of Harris Hotel, tar éis dúinn oíche bhréa a chaitheamh i dTaigh mo Sheanair, chun breathnú ar na seanghrianghraif agus ar na léarscáileanna san óstán, go háirithe na cinn a bhain le Hiort, an t-oileán a tréigeadh sna 1930í.
modhanna methods
" Táthar ag plé modhanna ina mbeidh an díchoimisiúnú atá ag teacht chomh "feiceálach" agus is féidir gan an IRA a náiriú.
modhanna methods
" Seo a leanas na cinn is tábhachtaí: Saineolas (atá ar fáil ach é a lorg) a scaipeadh faoi oiliúint imreoirí, modhanna cearta agus minicíocht na traenála, an bia agus na leachtanna cearta, an tábhacht a bhaineann le codladh agus scíth cheart a fháil.
modhanna methods
" Shíl mé go mbeadh sé suimiúil fáil amach an n-oibreodh na modhanna céanna, agus comparáid a dhéanamh idir an dá thaithí.
mhodhanna maoinithe methods of funding
" Cé gur mhaith le gach duine, gan aon amhras, go bhfaigheadh dreamanna atá gníomhach i measc an phobail, leithéidí Port Láirge le Gaeluinn agus Glór Bhreifne, tacaíocht dá gcuid scéimeanna fiúntacha, scéimeanna a bhfuil oiread díograise caite leo, tá seans maith go dtiocfar ar mhodhanna maoinithe dóibh amach anseo.
modh éifeachtach iompair phoiblí efficient mode of public transport
" Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
an dá mhodh iompair the two modes of transport
" Ní raibh mé ábalta eolas a fháil mar gheall ar an líon paisinéirí a rinne an turas seo ar an traein ach, de réir dealraimh, tá an dá mhodh iompair ábalta maireachtáil gan mórán trioblóide.
modhanna brúidiúla brutal methods
" Líomhnaíonn an bheirt seo gur baineadh úsáid as modhanna brúidiúla nuair a bhí siad á gceistiú.
modhanna iompair methods of transport
" Éireoidh na modhanna iompair atá againn faoi láthair, mar shampla, i bhfad níos daoire.
modhanna cruthaitheacha múinteoireachta creative teaching methods
" Cuireann sí spéis ionainn agus tá modhanna cruthaitheacha múinteoireachta aici.
modhanna cruthaitheacha cumarsáide creative methods of communication
" Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.
mo mhodh múinteoireachta féin my own method of teaching
" An amharcann tú ar an amhránaíocht mar acmhainn thábhachtach ranga? SNíR: Is amhránaí mé agus, dár ndóigh, is dócha go bhfuil baint ag mo stíl agus mo mhodh múinteoireachta féin leis an chúlra sin sa cheol.
modhanna síochánta peaceful methods
" Is ceann de mhórcheisteanna stair na hÉireann i gcónaí, is dóigh liom, an rogha idir modhanna síochánta agus an foréigean.
an modh tromaíochta seo this method of bullying
"an modh tromaíochta seo thar a bheith contúirteach agus díobhálach.
na modhanna neamhghnácha the unusual methods
" Ar na séasúir a bhí ag a thinneas, na bealaí diamhra a bhí ag a mheabhair, a shíceolaíocht agus an domhaintuiscint a bhí aige air féin, a thinneas is na modhanna neamhghnácha a d’úsáid sé le fanacht slán.
ar tí a mhodh oibre a athrú about to change his method of working
" Is iad na radharcanna iontacha den cheantar a bhí le feiceáil ón árasán ar Rue Lepic a roinn Van Gogh lena dheartháir a spreag na ceithre phictiúr a bhfuil *Vue de Paris aux environs Montmartre *ar cheann acu*,* agus rinneadh é nuair a bhí sé ar tí a mhodh oibre a athrú de bharr an tionchair a bhí ag na healaíontóirí air ar bhuail sé leo i bPáras.
modhanna éagsúla various methods
" Bím ag súgradh le modhanna éagsúla i gcónaí.
an modh coinníollach agus an modh foshuiteach caite the conditional mood and the past subjunctive mood
" Ach theastaigh uaim an múinteoir ceart a fháil – múinteoir a thabharfadh an ghramadach cheart chruinn chruthanta dom; tuiseal ginideach iolra na n-aidiachtaí, an modh coinníollach agus an modh foshuiteach caite san áireamh.
an modh seo foghlamtha this method of learning
" AÓF: An bhfuil sibh den tuairim go n-oibreodh an modh seo foghlamtha i gcás na n-ealaíon eile? Go mbunófaí comhpháirtíochtaí idir speisialtóirí, údaráis áitiúla agus na daltaí a dteastaíonn uathu an cheird an fhoghlaim? RM: B'fhéidir é.
ár modh maireachtála. our way of living.
" Deis mhaith dúinn é seo agus dár gcairde as Éirinn foghlaim faoi na ceangail idir ár dteangacha, ár gcultúr agus ár modh maireachtála.
mar mhodh taistil cathrach, as an urban mode of transport,
" Mar gheall ar chomh tapa is atá an rothar mar mhodh taistil cathrach, thug an chathair suntas dó le tamall anois, agus ó 2004 amach, is féidir rothaíocht timpeall imlíne oileán Manhattan (32 mhíle ar fhad) ar raon rothar darb ainm an Manhattan Greenway, gan ach cúig mhíle nó mar sin a chaitheamh ar shráideanna.
modh oibre method of working
" Sin an modh oibre atá ag City Channel.
gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo. that their ancestors stuck to this efficient mode of transport.
" Tá an t­-ádh dearg ar mhuintir Melbourne gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo.
na modhanna tionlacain the methods of accommpaniment
" Sin rud atá tábhachtach sa tionscadal seo: an ceol a sheinm gan é a bheith ag cur isteach ar an amhrán agus gan cruth na n-amhrán a aistriú leis na teicnící agus na modhanna tionlacain atá ar fáil anois.
modhanna seachadta clár programme distribution methods
" Níor mhór do na meáin Ghaeilge a bheith ceannródaíoch maidir le modhanna seachadta clár agus an deis a thapú teacht ar lucht éisteachta/féachana úr agus caidreamh idirghníomhach a bheith acu leo.
modhanna éagsúla iompair various modes of transport
" Reáchtáladh Lá Saor ó Charanna in Éirinn ar an 22 Meán Fómhair, lá a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh chun modhanna éagsúla iompair a úsáid agus a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile.
Modh an-choitianta iompair atá a very common mode of transport
" Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, that other modes of transport suit them better
" Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
ar mhodh oibre chóras polaitiúil an AE. on the modus operandi of the EU's political system
" Athruithe SuntasachaCáipéis théagartha is ea Conradh Liospóin, a dhéanfaidh athruithe suntasacha ar chumhachtaí agus ar mhodh oibre chóras polaitiúil an AE.
ár modh cainte a athrú? to change our way of speaking?
" B’fhéidir leagan beacht atá caillte ag an aoisghrúpa seo a athbheochan? Nó meascán de gach rud? Ar chóir dúinn Gaeilge mhianaidhme a úsáid ar an teilifís, agus glacadh leis go mbeidh sé deich mbliana eile sula mbeidh naíonáin an lae inniu ina ndéagóirí agus ag súil go mbeidh siad ag caint mar sin? An bhfuil cumhacht ag lucht scripte ár modh cainte a athrú? Tá mo bharúil féin agamsa.
modh foghlama method of learning
" Agus b’fhéidir gurb é an modh foghlama is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an córas um imscrúdú aerthionóiscí, córas idirnáisiúnta a chuir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) ar bun.
mar mhodh cumarsáide as a means of communication
" Úsáideann siad ceol mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.
modhanna oibre methods of working
" Beidh ar choistí contae ar fud na tíre machnamh a dhéanamh maidir lena modhanna oibre agus b’fhéidir go mbeidh orthu cuid acu a leasú toisc go bhfuil an saol – agus CLG – ag athrú go tapa ar go leor bealaí.
bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach. the teachers used the direct method.
" Bhí Dónall Ó Lubhlaigh ina “phríomhoide” agus bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach.
modhanna iompair modes of transport
" Má tá conspóid faoi phraghas an pheitril in Éirinn – áit a bhfuil rogha fhairsing i gceist ó thaobh modhanna iompair de – samhlaigh, mar sin, cad é mar atá sé anseo, áit nach mbíonn rogha ar bith go minic ach amháin an carr.
modh oibre work method
" Ina litir, ba iomaí uair a cháin an státseirbhíseach, Paul Sweeney, an foirgneamh a raibh USAIG lonnaithe ann i mBaile Nua na hArda agus cháin sé fosta modh oibre na foirne, cur chuige an chathaoirligh, Philip Robinson, ach go háirithe.
modhanna réabhlóideacha revolutionary methods
" Ba ansin a fuair siad traenáil in “*nonviolence as a method of warfare*”, modhanna réabhlóideacha de chuid Gene Sharp, ar bunaitheoir an Albert Einstein Institution é.
modh method
" Tagann an modh acadúil seo ar fad as Meiriceá.
modh siamsíaochta a style of pastime
" Tá fréamhacha na geamaireachta le fáil sa Commedia Dell’Arte, modh siamsíaochta a thosaigh san Iodáil agus a leathnaigh amach chomh fada leis an Fhrainc agus an Bhreatain – mar a raibh an-tóir air.
mhodh taistil a means of transport
" Is é sin, an cineál a bhaineann le daoine a bhíonn i gcarranna, agus an drochmheas atá acu ar an chuid eile a roghnóidh an rothar mar mhodh taistil le fáil ó áit go háit.
modhanna comhéigneacha coercive means
" Baineadh úsáid as modhanna comhéigneacha leis na hoibrithe a earcú, ar nós iad siúd a bhíodh i bhfeidhm ag na buíonta preasála de chuid Chabhlach Ríoga na Breataine tráth.
mhodh method
" Chuaigh Cerný chomh fada le ráítis agus beathaisnéisí a fhoilsiú ó gach ealaíontóir bréige, a ghlac páirt sa taispéantas agus rinneadh cur síos ar an mhodh oibre agus an raison d’être a bhí taobh thiar den tsaothar uilig.
modh oibre work procedure
" Ní hamháin gurb é seo bunús “rialacha” an idirlín, ach go pointe, b’é seo bunús modh oibre an idirlín.
mhodh maireachtála Nua-Eabhrac the NY lifestyle
" Lucht rac is roll nó na *Rock’n’Rollers* ansin sna seachtóidí agus sna ochtóidí, nó duine ar bith a bhí ag iarraidh a bheith réchúiseach nó ‘*hip*’ – bhog siad go dtí an “*Village*” nó go comharsanacht béal dorais, Chelsea, agus rinneadh siombailí díofa de mhodh maireachtála Nua-Eabhrac.
mhodh maireachtála way of life
" Ní inniu ná inné atá curtha isteach ar mhodh maireachtála traidisiúnta na Batwa, áfach.
Modh Coinníollach conditional mood
" Modh Coinníollach aici ansin) Agus chun an fhírinne a rá, ní dóigh liom go n-iarrfaí orm seasamh.
ar modh in (the) style
" Cé go bhfuil na comhphobail seo sna limistéir ina raibh cónaí ar an muintir dhúchais le corradh is daichead míle bliain anuas, níl na daoine iontu ag maireachtáil ar modh traidisiúnta a sinsir, mar shealgairí-cnuasaitheoirí.
mhodh style
" Thosaigh sé ag freastal ar ranganna líníochta fíoracha i mBéal Feirste agus dhearbhaigh sé gur chuidigh an cleachtadh seo lena mhodh líníochta féin a fhorbairt.
modh taighde research method
" Admhaíonn Irishblogs nach bhfuil a modh taighde foirfe, rud a bhaineann leis an mbealach a bhailíonn, nó nach mbailíonn, Twitter féin an t-eolas.
modh method
" Blianta níos déanaí agus spéis fós agam san ábhar, d'fhreastlaíos ar chúrsa leis an modh a fhoghlaim ag ionad TM, cois canálach, i Raghnallach, i ndeisceart Bhleá Cliath.
Modh na Breataine Bige the Welsh method
" com/watch?v=3nuUhKVIrWU) Modd Cymru – Modh na Breataine Bige Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta.
modh a method
" Úsáidtear coincréit agus cruach chun na muilte gaoithe agus na painéil ghréine a thógáil agus a chur suas, modh atá trom go leor ó thaobh astuithe CO2 de.
modh method
" Theastaigh an modh faoina thoghtar is a cheaptar an Bord a leasú.
mhodhanna styles
" Ba cheart dóibh staidéar a dhéanamh ar mhodhanna an tseandreama agus foghlaim uathu.
ar mhodh in a way
" Cá dtosóidh mé? Mothaíonn sé gur sa chianaimsir a bhí muid ag treabhadh frí oilbhéim Iris Robinson agus sinn ag dréim go mór le tuilleadh scéalta fá iompar drúisiúil ar chúl na gcuirtíní lása, ach go tobann, in áit an uafáis, tháinig an pholaitíocht chun cinn ar mhodh thar a bheith saoithiúil.
mhodh peile football code(s)
" Is í an Astráil an t-aon tír ar domhan, go fios dom, ina n-imrítear ceithre mhodh peile - nó cóid pheile mar a thugtar orthu sa Bhéarla - go proifisiúnta ag leibhéal náisiúnta nó idirnáisiúnta.
modhanna na sochtheangeolaíochta sociolinguistic methods
" An rud is suntasaí faoin phlé a dhéantar ar an Ghaeilge le blianta beaga anuas ná go bhfuiltear ag cur modhanna na sochtheangeolaíochta chun tairbhe, go háirithe an méid a bhaineann le teangacha atá i mbaol, nó go fiú, an tuiscint a bhaineann le bás teangacha.
Ar mhodh in a way
" Ar mhodh agus ar shiocair éicin nach dtuigim, braithim go bhfuil spreacadh fanta in go leor againn in Éirinn le gníomh úr aisteach éicin a dhéanamh go fóill.
modhanna methods
" Creideann cuid mhór daoine - mé féin ina measc - gur cuspóir uasal é sin ach go bhfuil sé faoi smál ag modhanna suaracha lucht an fhoréigin.
modh caidrimh means of interaction
" “Tá níos mó ná nuachtán i gceist le Gaelscéal – is modh caidrimh agus cumarsáide atá ann idir lucht labhartha agus léite, scríofa agus éisteachta na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.
modhanna methods
" Tuigim go bhfuil obair mhaith ar bun ag na heagraíochtaí, ach is fiú féachaint i gcónaí ar ár modhanna oibre, féachaint an féidir iad a fheabhsú.
mhodh method(s)
" Agus an ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hIndia ar bun sa 20ú haois, tháinig dhá mhodh chun cinn a raibh sé mar aidhm acu scéal riabhach an aosa sheachanta a fheabhsú.
modh maireachtála way of life
" Tá eolas go leor ar fáil faoin modh maireachtála a bhí acu mar cnuas-shealgairí agus faoin dóigh a raibh siad roinnte ina dtreibheanna fud fad na tíre.
mhodh means, way
" 'Is léir ón méid seo nach rogha réadúil í leanúint leis an status quo agus go bhfuil athrú suntasach molta ag an CATT chun teacht ar mhodh cuíchóirithe agus éifeachtach don todhchaí,' dar leis an Fhoras ina gcáipéis chuimsitheach ar an ábhar.
modhanna means
" Chomh maith le sin, tá siad iontach ag comhoibriú le chéile le rudaí a fháil déanta agus ag baint usáid as modhanna cumarsáide nua.
ar mhodh ar bith any way
" Chaill siad breis is bliain de mo chuidse airgid ar mhodh ar bith mar nár inis siad a dhath faoi domhsa! Déarfainn go raibh daoine eile go leor chomh haineolach liom féin faoi athrú ainm.
modh method
" Is léir ó na dathanna gléineacha gur mór an acmhainn atá i gceist, ach caithfimid modh a shaothraithe a fhoghlaim.
modh way(s)
" Is mór againn muintir na tuaithe mar is iad thar aon aicme eile sa tír a thuigeann gach modh agus gach craiceann a chuireann an tuath trí chéile di, in aon achar am, ó cheann ceann na bliana.
mhodh uilechuimsitheach comprehensive way
" Bíonn cur chuige trasphobail an Iontaobhais ag díriú go príomha ar na haicmí éagsúla seo taobh istigh den phobal aontachtach/Phrotastúnach, chomh maith le hobair atá le déanamh leis an phobal náisiúnaíoch le cinntiú go n-aithnítear a íogaire is atá sé an Ghaeilge a chur chun tosaigh ar mhodh uilechuimsitheach,” ar sé.