modh éifeachtach iompair phoiblíefficient mode of public transport
Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
Ní raibh mé ábalta eolas a fháil mar gheall ar an líon paisinéirí a rinne an turas seo ar an traein ach, de réir dealraimh, tá an dá mhodh iompair ábalta maireachtáil gan mórán trioblóide.
modhanna éagsúla iompairvarious modes of transport
Reáchtáladh Lá Saor ó Charanna in Éirinn ar an 22 Meán Fómhair, lá a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh chun modhanna éagsúla iompair a úsáid agus a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile.
Modh an-choitianta iompair atáa very common mode of transport
Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh,that other modes of transport suit them better
Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
Má tá conspóid faoi phraghas an pheitril in Éirinn – áit a bhfuil rogha fhairsing i gceist ó thaobh modhanna iompair de – samhlaigh, mar sin, cad é mar atá sé anseo, áit nach mbíonn rogha ar bith go minic ach amháin an carr.