Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh moladh mór tuillte ag Altan that Altan deserved a lot of praise
" Thug sé sásamh chomh maith di roinnt blianta ó shin nuair a dúirt an fidléir cumasach Conallach Vincent Campbell léi gur mheas sé go raibh moladh mór tuillte ag Altan as an mhéid a bhí déanta acu do cheol an chontae.
moltaí recommendations
" Roinnt moltaí don té a bheadh ag smaoineamh dul go Cúba ======= Cúrsaí teanga Is í an Spáinnis teanga oifigiúil na tíre agus is beag Béarla atá ag na gnáthdhaoine (seachas sna hóstáin mhóra).
ag moladh do dhaoine recommending to people
" Náisiúnaithe ar bís ======= Den chéad uair i mbliana, áfach, tá na páirtithe polaitíochta, go háirithe Sinn Féin agus an SDLP, ag moladh do dhaoine agus do náisiúnaithe go mór mhór, foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach.
moltaí recommendations
" Sin iad na moltaí atá agamsa agus tús le haois nua agus le ré nua i stair na hiománaíochta.
moladh praise
" Níl sé daonlathach fiú nach bhfuil vóta ach ag céimithe na nOllscoileanna seanbhunaithe don sé shuíochán dheireanacha, in ainneoin an moladh atá tugtha agam do na seanadóirí a thoghann siad.
mholtaí recommendations
" Agus leis an teannas a thiocfaidh as sin, cad é tharlóidh do mholtaí Patten? A fhad is atá daoine ag iarraidh a theacht ar fhreagraí ar na ceisteanna seo, tá an ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste.
moltaí suggestions
" Tá Balor s'againne den bharúil láidir nach mbíonn a dhath ar bith eile le déanamh ag na daoine sin a scríobhann isteach go rialta chuig Clár Plé *Beo ar Éigean*; agus ar mhaithe le rud inteacht cruthaitheach a thabhairt dóibh le déanamh iarann sé moltaí fá choinne ainm úr Farmleigh.
moladh praise
"moladh tuillte ag Conradh na Gaeilge as ucht a bheith sásta leanúint ar aghaidh ag ardú na ceiste ar feadh na mblianta agus gan mórán ag tabhairt airde ar a gcuid éileamh.
moltaí recommendations
" " Tá sé dóchasach chomh maith go mbeidh toradh ar an obair ar fad atá á déanamh ag Coimisiún na Gaeltachta, a bhunaigh sé roinnt blianta ó shin nuair a bhí sé ag plé leis an Ghaeltacht chun moltaí a dhéanamh don Rialtas maidir leis an Ghaeilge a láidriú mar ghnáth-theanga phobal na Gaeltachta.
á moladh recommending them
" Mic léinn ag filleadh ar chúrsaí agus á moladh dá gcairde - sa bhaile agus i gcéin.
Agus an moladh glórach sin faighte agam with that ringing endorsement
" " "Agus an moladh glórach sin faighte agam, an bhfuil sibh uilig ar an rum?" arsa Tadhg.
moltaí recommendations
" Tá Coimisiún na Gaeltachta ag ullmhú cáipéisí stráitéise don Ghaeltacht ina mbeidh moltaí faoin dóigh ar féidir í a láidriú agus a dhaingniú.
Ní dhearna Cian ach moladh leis Cian agreed with him (to keep the peace)
" " Ní dhearna Cian ach moladh leis.
moltaí suggestions
" Tá daoine ag caint faoi an t-am ar fad, tá turasóirí ag tabhairt cuairte ar uaigh an pháiste agus tá "saineolaithe" ag seoladh teachtaireachtaí ríomhphoist agus litreacha chuig na póilíní áitiúla ag tabhairt moltaí faoin dóigh le dul i mbun an fhiosrúcháin nó ag fuascailt, dar leo féin, na príomhcheiste: cé hé an dúnmharfóir.
moltaí suggestions
"moltaí le haghaidh sraitheanna úra teilifise á meas ag bainisteoirí na seirbhíse sin faoi láthair agus tá forbairtí eile le cur i gcrích gan mhoill ar shuíomh gréasáin s'againn ag www.
moltaí recommendations
" Má chuirtear i bhfeidhm na moltaí seo, beidh dúshraith mhaith dhaingean teanga leagtha síos agus ní bheidh orthu siúd atá ag feidhmiú sa chóras scolaíochta ach na dualgais atá leagtha orthu cheana féin a chomhlíonadh.
moltaí recommendations
" Agus le déanaí foilsíodh moltaí choimisiún na bliana 2002.
Moladh léi Just agreed with her to please her
" Moladh léi nó bhí a fhios ag gach duine dá suífeadh sí bomaite go ligfeadh sí le sruth agus nach mbeadh ceansú le déanamh uirthi.
ag moladh recommending
" Ach an comhtharlúint é, agus borradh faoi Shinn Féin, go bhfuil comhairleoirí de chuid Fhianna Fáil ag moladh go ndéanfaí cónascadh idir páirtí s'acusan agus an SDLP? I mí Mhárta na bliana seo, ritheadh rún ag Ardfheis Fhianna Fáil a mhol gur cheart don pháirtí gníomhú ar bhonn 32 chontae.
moladh praise
" Bhí "An Taobh Tuathail" mar bhuaicphointe na seachtaine ag léirmheastóir de chuid an *Sunday Times* ag deireadh mhí Iúil agus fuair sé moladh ard san *Irish Examiner* an tseachtain roimhe sin, ach ag tarraingt airde ar an cheol amháin a bhí an dá phíosa sin.
moltaí recommendations
" Deir foinse Rialtais gur dócha go ndéanfaidh an Rialtas cuid de na moltaí a déanadh maidir le hobair an tSeanaid a chur i bhfeidhm amach anseo, sin le rá tá seans ann go bhfeicfidh muid an Seanad ag plé cuid mhór ceisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus go bhfeicfidh muid níos mó billí á dtabhairt isteach sa Seanad.
moladh suggestion
" Mar sin féin, tá an moladh atá déanta ag Méara Bloomberg faoi arduithe a bheith ceangailte le táirgiúlacht níos airde ag cur isteach go mór ar Lynch.
moltaí recommendations
" Beidh ar an Rialtas cinneadh a dhéanamh luath nó mall an dtabharfar cead do lucht na tuaithe a dtithe a thógáil cibé áit is mian leo, fhad is go nglactar le moltaí ar dhearadh agus áit lonnaithe, ar a dtalamh féin.
moladh praise
" Gníomh maith fiúntach ann féin le déanamh, a déarfá, agus tá moladh tuillte ag na ceoltóirí agus na hamhránaithe ar fad a ghlac páirt sa tionscadal gan íocaíocht ar bith.
moladh mór high praise
"moladh mór ag Nikki don dream atá i mbun an ionaid sin, go háirithe do Leo Walsh atá ina stiúrthóir ar an Roinn Imeachtaí Cultúrtha.
moltaí proposals
" Nuair a chuirtear san áireamh na nithe atá curtha in iúl ag Daily, tá go leor daoine i Nua-Eabhrac ag cur ceiste an bhfuil grúpa mar VOTF, a bhfuil moltaí chomh réasúnta sin acu, ina bhagairt chomh mór sin ag an Eaglais Chaitliceach, i ndáiríre.
moltaí recommendations
" Tugadh neart airde le tamall anuas orthu siúd a cháin tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, na moltaí atá inti agus an cinneadh a rinneadh Comhairle Feidhmiúcháin a cheapadh le gníomhartha a mholadh don Aire Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
moltaí a chur chun cinn to make recommendations
" Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
mar atáthar ag moladh as is being recommended
" Is dóigh liom gur buille tubaisteach a bheadh ann don Ghaeilge dá gcuirfí deireadh (mar atáthar ag moladh) le deontas labhairt na Gaeilge.
moladh do gach duine a rinne gearán leo to advise everyone who complained to them
" Tá rogha shimplí acu sa scéal uafásach seo - moladh do gach duine a rinne gearán leo dul chuig an Gharda Síochána agus an gearán sin a dhéanamh go foirmeálta.
moltaí recommendations
"moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
moltaí recommendations
" In Éirinn, tá an chosúlacht ar an scéal go mbunóidh an Rialtas údarás nua craolacháin, má éisteann siad le moltaí an Fhóraim um Chraoltóireacht a foilsíodh mí Lúnasa seo caite.
moltaí recommendations
" Níl sé dóchasach go nglacfar le moltaí an *Blueprint*, mar tá an iomarca eile ag tarlú sa Chumann agus gan dóthain daoine sa CLG buartha faoin iomáint.
moltaí recommendations
" Ní raibh sé i bhfad gur thosaigh eolaithe ag míniú go bhfuil sé dodhéanta triomach a chosc agus gur amaidí cuid mhaith de na moltaí a bhí á bplé.
ag moladh leasainmneacha suggesting nicknames
" An é go bhfuil ár gcóras polaitíochta imithe ar strae, nach ndéanann muid an rogha cheart agus muid ag toghadh ár gcuid polaiteoirí? An é nach gcaitheann na daoine a mbíonn orthu fanacht i scuainí ospidéil a vóta nó an é nach dtugtar rogha cheart dóibh ar aon chuma? Tá litreacha á bhfoilsiú go laethúil ar leathanach an eagarthóra san *Irish Times* ag moladh leasainmneacha do shnáthaid shnasta seo Shráid Uí Chonaill.
moltaí recommendations
" Chuile bhliain cuireann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéaladh na Mara (ICES), moltaí faoi na stocanna éagsúla faoi bhráid an Aontais.
moltaí recommendations
" B'fhéidir go mbeidh cuid againn níos moille chun iad a cháineadh feasta - cé go samhlaím é sin a bheith deacair uaireanta! Ag deireadh an lae (mar a deir lucht spóirt go minic), is daoine an-tábhachtacha iad na réiteoirí, ní hamháin ó thaobh an jab a dhéanann siad ar an bpáirc Domhnach i ndiaidh Domhnaigh, ach ó thaobh a gcuid tuairimí agus moltaí i leith na gcluichí, bunaithe ar a dtaithí i lár na coimhlinte, mar a déarfá.
moladh recommendation
" Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach.
moltaí réadúla realistic recommendations
" In ionad a bheith ina shíorfhreasúra, gan ach an focal "No" ina bhfoclóir, beidh ar an DUP moltaí réadúla a chur chun tosaigh mar cheannairí an phobail aontachtaigh.
moladh conspóideach controversial proposal
" Is moladh conspóideach gan amhras é seo, go háirithe má chuirtear san áireamh go dtéann gach mac léinn tríd an gcóras oideachais gan fiú saothar amháin as Portaingéilis a léamh.
mholtaí recommendations
" Cur i ngníomh bheartais, mholtaí agus threoir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na gCairteanna Eorpacha.
ag moladh dá mbaill recommending to their members
" Tháinig aoibh tharcaisneach ar dhaoine nuair a léigh siad go raibh an UDA ag moladh dá mbaill "gan cur le fadhb na ndrugaí i dTuaisceart Éireann" mar go bhfuil an eagraíocht sin suas go dtí an dá shúl san fhadhb chéanna.
moladh dó he was advised
" " Bhain sé an tArdteastas san Oideachas amach i gCorcaigh agus ansin moladh dó MA a dhéanamh, rud a rinne.
moltaí recommendations
" Tá sé i gceist go gcuirfeadh an chomhdháil moltaí chun tosaigh maidir le bealaí leis na cearta seo a chosaint agus go n-eagrófaí feachtas poiblí ar an cheist freisin.
roinnt moltaí some recommendations
" Agus cad é fá chomhráiteas an dá Rialtas ina bhfuil roinnt moltaí a dtiocfadh leo an próiseas a bhogadh chun tosaigh? Cén fáth nach bhfoilsítear é? Arís, is léir gur ceist amála agus muiníne atá i gceist.
moltaí recommendations
" Ghlac mo sheanchara, Micí Ó Máirtín, an tAire Easláinte, scíth bheag óna dhialann le cur le moltaí Mhic Dhiúil agus le moladh dá chuid féin a chur ar aghaidh.
moladh recommendation
" "Cosc iomlán go deo ar an pharáid seicteach" - sin an moladh a bhí ag an nuachtán laethúil áitiúil *The Daily Post*.
tá moladh mór aici ar an scoil she has great praise for the school
" D'fhreastail sí ar bhunscoil agus ar mheánscoil Bhéarla, Clochar na Toirbhearta ar an gCarraig Dhubh, agus tá moladh mór aici ar an scoil as ucht na tacaíochta a thug siad don Ghaeilge.
moltaí recommendations
" " Coimisiún na Gaeltachta ======= Bhunaigh an Rialtas Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht i mí an Aibreáin 2000 "le moltaí a dhéanamh maidir leis an Ghaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta" agus ceapadh Nic Pháidín ar an gcoimisiún seo.
Moladh recommendation
" Níl a fhios agam an bhfuair an Moladh céanna mórán tacaíochta nó ar pléadh mórán é ach tá gá le smaointeoireacht radacach den tsórt sin.
a moladh go hard which was highly praised
" Mar shampla den mheon a bhaineann leis an Craobhchomórtas, in agallamh le nuachtán náisiúnta, dúirt iarchaptaen de chuid Chontae an Chláir nach raibh sa chluiche ceannais den tSraith Náisiúnta idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (cluiche a moladh go hard) ach "cluiche taispeántais" agus go mbeadh "fíorchluiche" iománaíochta idir an Clár agus Tiobraid Árann i gCraobhchomórtas na Mumhan.
moltaí recommendations
" Cuid de na moltaí a bhí aige faoi reáchtáil agus fhorbairt na hiomána i Loch Garman, diúltaíodh dóibh ar dtús, ach cuireadh i bhfeidhm iad blianta níos faide anonn.
moladh recommendation
" Agus, aisteach go leor, beidh focal le rá ag na Stáit Aontaithe, go hindíreach ar ndóigh, faoin moladh maidir leis na ballstáit tarrtháil a thabhairt dá chéile i gcúrsaí cosanta.
moladh ard high praise
" Bhí an amharclann lán (bhí thart ar 500 duine i láthair) agus fuair an dráma moladh ard, cé nach raibh Gaeilge ag mórán dár lucht féachana.
ag moladh dá mbaill recommending to their members
" ie/ ag moladh dá mbaill cloí le fógraí simplí.
moltaí fónta useful recommendations
" Bhí go leor moltaí fónta sa straitéis seo, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, a mhaolódh fadhb na ndaoine gan dídean, ach toisc nach raibh sé ar bhonn reachtúil ní raibh aon rud a d'fhéadfaí a dhéanamh le húdaráis áitiúla a thug neamhaird uirthi.
a mhíneoidh a mholtaí which will explain its recommendations
" "Tá BBC Thuaisceart Éireann ar tí doiciméad a fhoilsiú a mhíneoidh a mholtaí maidir le cur le líon na gcláracha Gaeilge a bheas le feiceáil ar an BBC.
gur moladh that it was recommended
" Ní haon ionadh é, mar sin, gur moladh sa tuarascáil chéanna go mbunófaí comhairle preas ar bhonn reachtúil, ar a mbeadh naoi mball a cheapfadh an rialtas.
moltaí ciallmhara sensible recommendations
" Pléann sé fadhbanna cur chun cinn na hiomána agus tugann moltaí ciallmhara uaidh.
moltaí recommendations
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
moltaí recommendations
" Chomh maith leis sin, is féidir moltaí a chur faoina mbráid nó iad a mholadh más dóigh leat go bhfuil sé tuillte acu.
le moladh to be recommended
" "Mar choincheap tá seirbhís phoiblí le moladh go hard.
ag moladh dá chomrádaithe advising his comrades
" Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu.
ag moladh dá chomrádaithe advising his comrades
" Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu.
moltaí recommendations
" De réir na tuarascála nua ó Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ní hamháin nach bhfuil, dar leo, moltaí an Bhreithimh Kenny míbhunreachtúil ach tá sé thar am iad a chur i bhfeidhm.
moltaí recommendations
" Ar na nithe a bhí le plé ag an gCoiste ag an gcruinniú i mBaile Átha Cliath bhí moltaí rialtas na hÉireann chun tús a chur leis an trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí poiblí - oideachas agus sláinte ina measc.
moladh praise
" Bhí sí ina hAire Talmhaíochta san Fheidhmeannas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil - ainneoin gan taithí ar bith a bheith aici ar chúrsaí talmhaíochta - agus fuair sí moladh ó achan dhream mar gheall ar an dóigh ar láimhsigh sí an ghéarchéim áirithe sin.
ag moladh mo shaothair praising my work
" Bhíodh mo mháthair Harry de shíor ag moladh mo shaothair agus mé óg.
moladh suggestion
" Fuair muid os cionn 150 nóta tráchta agus moladh ar an suíomh sa chéad seachtain a bhí sé curtha i bhfeidhm.
ag moladh dá lucht leanúna advising their followers
" ca) ag moladh dá lucht leanúna baghcat a dhéanamh ar earraí atá déanta sna Stáit Aontaithe mar agóid in aghaidh an smachta atá ag na hollchorparáidí ar an gcóras daonlathach thall.
moladh praise
" Níor mhínigh sé cén chaoi ar réitigh an moladh leis an gcáineadh a bhí le fáil go fairsing sa tuarascáil.
moladh praise
"moladh mór aige don stiúideo; deir sé go raibh sé compordach ansin agus gur bhraith sé ar a shaimhín só.
moltaí recommendations
" I ndiaidh fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris, d'fhógair an Coimisinéir Noel Conroy go raibh grúpa ar leith bunaithe aige le moltaí an bhreithimh a scrúdú.
mholtaí recommendations
" Tharraing sé aird ar mholtaí The Irish Emigration Task Force, a bhunaigh an rialtas féin.
mholtaí recommendations
" Cúpla mí ina dhiaidh sin, áfach, in ainneoin mholtaí a phainéil saineolaithe, d'fhógair an FDA nach gcuirfeadh sé an piollaire ar fáil gan oideas, cinneadh a chiallaíonn nach bhfuil fáil chomh héasca céanna ag mná ar fhrithghiniúint choisctheach.
moladh cumas Malley go dtí na spéartha Malley's ability was greatly praised
" Foilsíodh saothar iomlán Malley in eagrán speisialta den iris i 1944 agus moladh cumas Malley go dtí na spéartha.
moladh praise
" Ar eagla na míthuisceana, nílim ag moladh dul síos an bóthar áirithe sin ach aontaím leo sin a deir go bhfuil íomhá románsuil an spóirt millte de bharr úsáid drugaí agus de bharr amhrais i leith gach lúthchleasaí, geall leis, a bhuann craobh Oilimpeach.
moladh praise
" "Ar ndóigh, níor chóir dom moladh faoi leith a thabhairt d'áit amháin - bogann Am Mòd timpeall na hAlban agus tá a bhua féin ag achan áit.
moladh recommendation
" Is eagraíocht dhaonlathach é Cumann Lúthchleas Gael (CLG), rud a chiallaíonn gur féidir le ball ar bith den eagraíocht rún nó moladh a chur chun cinn le plé ag léibhéil éagsúla na heagraíochta: an club, coiste an chontae agus an Chomhdháil Náisiúnta.
ag moladh tiún áirithe dúinn recommending certain tunes to us
" Tháinig na tiúin ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo as gníomhartha roinnte, daoine eile ag moladh tiún áirithe dúinn nó muid ag caitheamh tiún lena chéile.
moladh recommendation
" An fáth go bhfuil an moladh seo á dhéanamh agam ná go dtosaíonn na himreoirí is fearr ag imirt le foireann sinsear agus gan iad ach 19 nó 20.
moltaí recommendations
" "Níl na moltaí sa Pháipéar Bán láidir go leor," ar seisean.
moltaí proposals
" " Tá Dennehy i measc na ndaoine sin nach bhfuil mórán dóchais acu as na moltaí éagsúla maidir le leasuithe a dhéanamh ar na dlíthe imirce atá á bplé i Washington faoi láthair, ina measc moladh "aoi-oibrithe" rialtas Bush.
moladh recommendation
" Cuireann an moladh seo faoin gcúilín breise don phoc sleasa cluiche craoibhe scoile i gcuimhne dom a raibh m'fhoireann féin ag imirt ann.
moladh praise
" Nuair a fógraíodh cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh le linn mhí Eanáir, mhaígh 02 agus Vodafone go mbeadh drochthionchar ag an moladh ar iomaíocht sa mhargadh toisc go mbeadh orthu gearradh siar ar infheistíocht agus nuálaíocht.
moladh recommendation
" Má dhéanann an Pharlaimint Spáinneach i Maidrid dlí den bhille seo agus má bhíonn an bua ag moladh Ibarretxe i reifreann, beidh na saoránaigh ó Thír na mBascach ábalta saoránacht Bhascach chomh maith le saoránacht Spáinneach bheith acu agus beidh aitheantas oifigiúil ag an dá cheann.
moltaí recommendations
" Ach an bhfuil muid ag éileamh barraíocht ón Taoiseach agus ón Rialtas go ndéanfaidís cinneadh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, seachas bheith á chur ar an mhéar fhada? Tá na roghanna éagsúla cíortha arís is arís eile ag fo-choistí comhaireachta agus ag tuarascálacha neamhspleácha agus tá sé in am anois cuid dá moltaí a chur i bhfeidhm.
moladh recommendation
" Ar deireadh, moladh amháin a bheadh agam faoi na Réaltaí ná go ndéanfaí nasc ar leith idir an scéim agus Corn an Bhóthair Iarainn.
Moltaí cruthaitheacha creative motions
" Moltaí cruthaitheacha curtha chun cinn aige agus d'éirigh leis smacht a choinneáil ar chuid de na comhaltaí achrannacha.
Moladh cairdiúil friendly suggestion
"Moladh cairdiúil a bhí ann a cuireadh faoi bhráid chomhordaitheoir na dtuistí i ngach scoil phoiblí chun cur i gcuimhne do na tuismitheoirí dul amach agus vóta a chaitheamh i dtoghcháin na Comhairle Oideachais.
moladh praise
" Chun moladh a fháil uaithi, shocraigh mé go gcláróinn mar bhall den chumann sin! Is dócha gur thit mé i ngrá le scannánaíocht ansin, agus de réir a chéile thit mé as grá léise!” Bhuail mé le Marcus le déanaí ina theach sócúlach i gceantar Thír an Iúir i mBaile Átha Cliath le labhairt leis faoina chuid scannánaíochta agus faoina shaol.
moltaí suggestions
" Cén fáth nach n-oibríonn an téacsáil réamhaithriseach i gceart? Ba chóir don ghuthán cabhrú leat agus focail a chríochnú go huathoibríoch ach de ghnáth piocann sé focal ait éigin eile – agus ní bhíonn na moltaí in ord aibítre riamh.
ag moladh praising
" * Is gá a rá ón tús nach bhfuil O’Leary – ná mé féin - ag moladh an IRA.
cibé moltaí whatever recommendations
" D’iarr an coiste cathrach ar ghrúpaí sa chathair cibé moltaí nó smaointe a bhí acu a chur chun tosaigh.
moltaí fiúntacha worthwhile recommendations
"moltaí fiúntacha déanta ag an Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell ina leith.
moltaí Thuarascáil Hanley the recommendations of the Hanley Report
" Is léir fosta gur cheart moltaí Thuarascáil Hanley a chur ar an mhéar fhada go dtí go bhfaighfimid an lámh in uachtar ar MRSA.
go mbeadh straitéisí eile á moladh that other strategies would be proposed
" Shílfeá, leis an titim atá tagtha i líon na sagart i bparóistí ar fud an domhain agus an laghdú atá sa líon daoine atá ag freastal ar aifrinn agus ag glacadh le comaoineach, go mbeadh straitéisí eile á moladh seachas cosc ar an aontumhacht agus ar homaighnéasaigh.
moltaí recommendations
" Bhí fadhbanna le Tuarascáil Genesis, go háirithe nuair a scríobh siad go mba cheart don tsraith a bheith ag cur íomhá *“sexy and cool”* chun cinn (an bhfaca siad bolg Glen Crowe le déanaí?) ach, cé nach raibh gach rud i gceart, ba cheart go nglacfaí le cuid de na moltaí.
ag moladh recommending
" Dá ndéarfá ag an am sin gur gearr go mbeadh muid ag dul go Meiriceá gach bliain le siopadóireacht na Nollag a dhéanamh, is dócha ná a mhalairt go mbeadh daoine ag moladh go gcuirfí i dteach na ngealt thú.
ag moladh recommending
" Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.