Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
monaplacht monopoly
" D'éirigh leis é sin a dhéanamh mar gur rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil i 1976 nach raibh sé de chead ag an stáisiún náisiúnta teilifíse, RAI (Radio Televisione Italiana) monaplacht a bheith aige i réimse na craoltóireachta náisiúnta a thuilleadh.
monaplacht monopoly
" Beidh arduithe táillí eile in ndán dúinn, agus Eircom ag baint leasa as an monaplacht - nó gar go maith dó - atá fós acu i margadh an "teileafóin talún" sa tír seo.
mhonaplacht monopoly
" Fuair an laoch náisúinta, Nólsoyar Páll (1766-1808), inspioráid ó smaointe réabhlóideacha na Fraince agus Mheiriceá agus thosaigh sé feachtas i gcoinne mhonaplacht na Danmhairge i gcúrsaí trádála, rud a spreag an náisiúnachas tuilleadh sna hoileáin.
monaplacht monopoly
" Is é an toradh atá air seo ar fad ná go bhfuil monaplacht nó *cartel *nua domhanda againn, monaplacht atá níos cumhachtaí agus níos contúirtí - do shláinte geilleagrach an domhain - ná seanmhonaplacht mhuintir Rockerfeller i dtús na 20ú haoise.
ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht functioning once as a monopoly
" Is é an fhadhb leis sin ná go bhfuil úinéireacht na lúibe logánta i lámha Eircom, ar comhlacht iar-Stáit é a bhíodh ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht.
monaplacht stáit state monopoly
" An tionscal teilechumarsáide ======= Díreach tar éis na hollscoile, fuair Goggin post mar innealtóir leictreonach leis an monaplacht stáit Telecom Éireann.
ag feidhmiú mar mhonaplacht acting as a monopoly
" De bharr athruithe sna Stáit Aontaithe i 1986 (nuair a tógadh AT&T os comhair na cúirte toisc go rabhadar ag feidhmiú mar mhonaplacht), tosaíodh ar athruithe a dhéanamh i dtreo dírialaithe timpeall na hEorpa.
monaplacht monopoly
" An cheist atá anois ann ná an bhfuil siadsan, nó aon dream, in ann dul céim amháin eile agus monaplacht na gcontaetha “traidisiúnta” a bhriseadh faoi mar a tharla ceathrú céid ó shin.
monaplacht monopoly
" De bharr na monaplachta atá acu, fágann sin nach mbeidh aon chruithneacht as an Astráil á cheannach ag an Iaráic go ceann tamaill ar aon nós.
monaplachta monopoly
" De bharr na monaplachta atá acu, fágann sin nach mbeidh aon chruithneacht as an Astráil á cheannach ag an Iaráic go ceann tamaill ar aon nós.
monaplacht triarach a triad monopaly
" Cinnte, bhí na céadta stáisiún teilifíse agus raídió ar fud na tíre, ach bhíodar uilig, nach mór, comhcheangailte le ceann de na ‘líonraí’ móra, nach raibh ach trí cinn ann: NBC, ABC, agus CBS, a raibh monaplacht triarach acu ar aerthonnta Mheiriceá ó thús ré an chraolacháin.
Mhair na monaplachtaí náisiúnta cumarsáide the national communications monopolies lasted
" Mhair na monaplachtaí náisiúnta cumarsáide ní b’fhaide san Eoraip agus bhí siad fágálach go leor maidir le hinfheistíocht teicneolaíochta.