Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
táirgeacht mhonarchan factory production
" Deir sé gur "oideachas ar bheagán costas" a theastaíonn ó údaráis Mhaigh Nuad agus go bhfuil sé "geall le táirgeacht mhonarchan" anois sa choláiste sin agus in institiúidí tríú leibhéal eile.
monarchan cairpéidí carpet factory
" Bhí monarchan cairpéidí ag bun an bhaile mhóir i gCill Chartha ag tús a haoise seo caite ach níl aon duine de na mná a bhí ag obair ann beo anois.
monarcha brioscaí biscuit factory
" D'oibrigh Brenda i Jacobs, monarcha brioscaí i Learpholl, agus leictreoir ab ea Jimmy.
oibrithe monarchan factory workers
" Bíonn cluas le héisteacht ag oibrithe monarchan, ag polaiteoirí, ag comhairleoirí contae, agus ag lucht timpeallachta, iad ag faire amach do scéalta a bhainfidh leo.
báid mhonarchan factory ships
" Chaithfí, dúradh, báid mhonarchan ó thíortha eile a choimeád amach as uiscí na hÉireann.
monarchana factories
" Ní raibh na monarchana ná na heastáit thionclaíocha oscailte go fóill agus bhí easpa oibre agus forbartha sa gceantar.
mhonarcha factory
" Tá forbairt á déanamh ar na clibeanna simplí sin anois chun gur féidir leo níos mó eolais a chraoladh faoin earra ar a bhfuil siad - agus taifead a choimeád de gach rud a dhéantar leis tar éis dó an mhonarcha a fhágáil.
monarcha factory
" Bhí am ann go raibh muintir na hÉireann mar cheannródaithe sa saol réalteolaíochta agus go raibh roinnt de na teileascóip is fearr ar domhan á ndéanamh i monarcha i mBaile Átha Cliath.
monarcha mhuinisin munitions factory
" I Saorollscoil Bheirlín, d'inis Eva Faridi do na mic léinn faoin tréimhse a chaith sí ag obair mar sclábhaí i monarcha mhuinisin de chuid Flick, ag líonadh gránáidí le pléascáin le linn sealanna a mhaireadh suas le dhá uair déag.
monarchana innealtóireachta engineering plants
" Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies.
monarcha teicstílí textiles factory
" Ansin tháinig mórán fostaíochta le monarcha teicstílí Dewhurst, ina ndearnadh éadaí do Marks agus Spencer, ach tá an comhlacht sin imithe thar sáile anois.
sa mhonarcha in the factory
" Ba chóir an útamáil seo ar fad a dhéanamh sa mhonarcha, dar liom.
sa mhonarcha in the factory
" Ba chóir an útamáil seo ar fad a dhéanamh sa mhonarcha, dar liom.
sna monarchana éagsúla in the various factories
" Lena chois sin, rinne sé suirbhé sna monarchana éagsúla a raibh Gaeltarra ag plé leo sna Gaeltachtaí go léir; chaith sé tréimhsí ar an mbóthar, ag casadh le coistí áitiúla agus go háirithe le lucht bainistíochta na monarchan, féachaint cén chaoi a raibh cúrsaí Gaeilge sna ceantair éagsúla.
lucht bainistíochta na monarchan the management of the factories
" Lena chois sin, rinne sé suirbhé sna monarchana éagsúla a raibh Gaeltarra ag plé leo sna Gaeltachtaí go léir; chaith sé tréimhsí ar an mbóthar, ag casadh le coistí áitiúla agus go háirithe le lucht bainistíochta na monarchan, féachaint cén chaoi a raibh cúrsaí Gaeilge sna ceantair éagsúla.
monarcha theicstílí textiles factory
" Fear gealgháireach is ea Bernard McKenna, atá sna 90í, dála a sheanchomrádaithe, agus ní raibh sé ach 21 bliain d’aois i 1936 nuair a d’fhág sé a phost i monarcha theicstílí i Manchain le dul go dtí an Spáinn.
as monarcha from a factory
" Agus faoi láthair, tá na heitleáin seo á dtógáil ag ráta níos sciobtha ná mar a tharla riamh roimhe: tagann ceann amháin nó an ceann eile amach as monarcha gach lá den bhliain.
monarcha cnáibe hemp factory
" Thóg sé cuan nua leis an iascaireacht a fhorbairt sa cheantar, agus chuaigh sé i mbun roinnt mhaith tionscal, monarcha cnáibe agus grúdlann ina measc.
na monarchana the factories
" I lár an 19ú haois, theip ar thionscail Chromba de bhrí go raibh na monarchana i ndeisceart na hAlban nua-aimseartha agus meicnithe.
monarcha factory
" Bhunaigh sé monarcha i Manchain nuair a tháinig an miotal leathán ar an margadh sa bhliain 1785.
mar thoradh ar dhúnadh na monarchana as a result of the closing of the factories
" Agus mar thoradh ar dhúnadh na monarchana ar eastáit thionsclaíocha in áiteanna mar Croxteth, ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh.
monarcha factory
" Choinnigh sé jabanna go leor ag dul thuas ansin i monarcha Carrolls i nDún Dealgan agus níor ghá é a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath taobh istigh de chorp duine, agus ansin é a chacáil amach arís sula gcuirfí suas srón inteacht é.
na monarchana the factories
" B'as tuaisceart Éireann go leor de phobal na cathrach agus bhí na monarchana breac le hÉireannaigh de gach saghas.
monarcha don phróiseáil seithí a factory for processing skins
" Tagann Gusaí Gaimbín – “an tógálaí mór le rá” – chuig Lios na gCat agus cead pleanála á lorg aige chun casino, ionad dramhaíola agus monarcha don phróiseáil seithí a thógáil.
monarcha gluaisteán a car factory
" Tá IKEA mar a bheadh monarcha gluaisteán sa Chóiré ann, tá clóin Ross O'Kelly Carroll agus a chlann (dá mbeadh sé pósta) ar ruathair threallchogaíochta ar ionaid thráchtála an tuaiscirt, ag tabhairt leo tolgleapacha Sualannacha, artola as an Mheánoirthear, agus a oiread óil is a líonfadh an Life.
monarchana factories
" Bheadh sin sách dona dá gcuirfidís na héisc i dtír anseo, le go bhféadfaí iad a phróiseáil sna monarchana atá díomhaoin cheal éisc.
monarcha a factory
" Fuadach feidhmeannaigh Agus a chúis acu! D’fhuadaigh oibrithe i monarcha de chuid Sony, gar do Dax in iardheisceart na Fraince, an príomhfheidhmeannach atá acu nuair a fógraíodh go ndúnfaí an mhonarcha i mí Aibreáin.
monarchana factories
" “Ach cad é a tharla trí lá sular tháinig deireadh leis an choimhlint agus fios ag gach duine go raibh sé ar tí críochnú agus rún de chuid na Náisiún Aontaithe glactha?“Bhog na hollscairtirí isteach go Gaza agus leag siad gnónna, stórais agus monarchana CHAIRDE Iosrael! “Le linn na n-ionsaithe aeir, cad é na spriocanna a bhí acu? Bhuail siad an Roinn Airgeadais, bhuail siad an Roinn Ghnóthaí Eachtracha, scrios siad compound an Uachtaráin.
monarchana na hEorpa European factories
" Is cosúil go dtágann cuid mhaith den dramhaíl - dramhaíl núicleach san áireamh - as ospidéil agus as monarchana na hEorpa.
monarcha factory
" Deir sé liom freisin gur oibrigh sé i monarcha próiseála bainne gur éirigh sé as cúíg bhliain ó shoin agus anois go bhfuil sé ag obair i bpáirc charabháin.
monarcha factory
" Chuir sé monarcha agus tionscal an domhain i gcuimhne dom, iarainn, stroighin, soilse neón, nithe crua, nithe neamhphearsanta.
monarchana factories
" Ar ndóigh, bhain cuid mhór de na hamhráin leis an saol sóisialta ar nós amhráin faoin dífhostaíocht, faoi na bóithre agus faoi na monarchana agus mar sin de.
monarcha factory
" Fuaireas jab an chéad lá istigh i monarcha agus thugas timpeall le ceithre mhí ansan.
monarcha factory
" Ba bhainisteoir i monarcha éadaí i Srí Lanca í agus bhí sí oilte mar láithreoir teilifíse ach thréig sí a tír dhúchais ar son poist mar fheighlí linbh le teaghlach in Éirinn a raibh páiste dhá bhliain d’aois acu.
monarchan factory
" Is iad na hoibrithe láimhe, na hoibrithe sa tionscal tógála, abraimis, nó na hoibrithe monarchan, a bheidh thíos leis má chuirtear na leasuithe i bhfeidhm.
oibrithe monarchan factory workers
" Ní imrítí na cluichí maidin Sathairn mar go mbíodh go leor oibrithe monarchan ag obair maidin Sathairn, mar go raibh seachtain oibre cúig lá go leith i bhfeidhm go dtí deireadh na seascadaí.
monarcha stáin a tin factory
" ) Fuair Lula post in aois a sheacht mbliana déag i monarcha stáin, áit ar chaill sé lúidín a láimhe clé i dtimpiste oibre.
mhonarchana díshalannaithe desalination plants
" Trí mhonarchana díshalannaithe atá á dtógáil ag muintir an oileáin agus rithfear iad ar an leictreachas in-athnuaite céanna.
monarcha factory
" Bhí sé an-deacair freastal ar chúrsaí oideachais - bhí mé féin ag obair mar chléireach agus roimhe sin i monarcha sarar imigh mé go dtí an Ollscoil.
mhonarcha factory
" Bhí mé féin agus baill eile de Chomhairle na gCeardchumann in Acton taobh amuigh den mhonarcha Grunwick chun tacaíocht a thabhairt do na mná a bhí ar stailc ansin.
monarchana factories
" Tá na monarchana éisc dúnta agus tá na báid iascaigh ceangailte suas.
urlár na monarchan the factory floor
" Siad san na hÁisigh a oibríonn i siopaí allais éadaí na gcúlsráideanna, is a chodlaíonn sa mhullach ar a chéile ar urlár na monarchan.
mhonarcha factory
" Dúradh sa chúirt gur mhonarcha buamaí de chuid an IRA a bhí sa teach.
mhonarcha eitleáin airplane factory
" Bhog m'athair féin, Joe go Walton i Mí Feabhra 1941 nuair a fuair sé post sa mhonarcha eitleáin Napiers.
monarchana factories
" Obair sna monarchana a bhí ag tarraingt daoine ar na bailte, ach bhí an obair sin dian, contúirteach, agus bhí na huaireanta fada.
ina monarchan in its factory
" Go deimhin, bhí tú féin i mbun agallaimh dod’ phost úr an lá inar fógraíodh go mbeadh 220 post breise á gcur ar fáil ag an chomhlacht chógaisíochta Bioniche ina monarchan in Indreabhán i gConamara! Cinnte, bhí ról imeallach ag an Údarás i gcruthú na bpostanna seo ach is é an IDA a bheas á maoiniú.
monarchana factories
" Bíodh sin mar atá, ní thig a shéanadh gur choinnigh na monarchana beocht sna ceantair sin, trína chinntiú nach raibh ar bhunadh na háite dul ar imirce.
monarcha a factory
" D’éirigh go maith leis agus sul i bhfad bhí monarcha agus roinnt feirmeacha ollmhóra aige.
i monarcha chontúirteach in a dangerous factory
" Má bhí gean agus grá ag daoine dá gcuid páistí, ba bheag an mhaith iad dá mbeadh ar an pháiste obair go dian seachtó uair sa tseachtain i monarcha chontúirteach, siúl ar scoil costarnocht, nó maireachtáil ar an ghannchuid.
cuid dá monarchana some of their factories
" Ísliú Costais go Bundún =========== Tháinig coinníollacha oibre i monarchana atá sna tíortha bochta chun cinn sna nóchaidí nuair a cuireadh i leith Nike go raibh cuid dá monarchana ina monarchana dúshaothair.
ina monarchana dúshaothair sweatshop factories
" Ísliú Costais go Bundún =========== Tháinig coinníollacha oibre i monarchana atá sna tíortha bochta chun cinn sna nóchaidí nuair a cuireadh i leith Nike go raibh cuid dá monarchana ina monarchana dúshaothair.
chun folúntais a líonadh i monarchana to fill vacancies in factories
" Tar éis an dara cogadh domhanda chaith comhlachtaí Meiriceánacha dúthracht le hearcú oibrithe ó Phórtó Ríce chun folúntais a líonadh i monarchana san Oirthuaisceart.
Postanna monarchan factory jobs
" Postanna monarchan a bhí ina lán de na postanna roimhe sin a chruthaigh Gaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta ar ball.
bhainisteoir ar mhonarcha ceimiceán manager of a chemical plant
" Ba bhainisteoir ar mhonarcha ceimiceán é in Éirinn ar feadh scaithimh agus d’oibrigh sé mar fhear scripte i Hollywood lena chois sin.
ina mhonarchana i dtíortha éagsúla in their factories in various countries
" Nuair a d’fhógair Holden go mbeadh deireadh lena tháirgeadh san Astráil, cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe sa tír seo, costas ard saothair ach go háirithe i gcomórtas le costas saothair ina mhonarchana i dtíortha éagsúla san Áis.
monarchana factories
" Nuair a osclaíodh monarchana Holden i dtíortha san Áis, fearacht na Cóiré Theas, na Téalainne agus na hIndinéise, ní raibh an Astráil in ann dul in iomaíocht leo agus cailleadh an margadh idirnáisiúnta dá thoradh sin.
Mhonarcha na mBan the women’s factory
" Caithim seal gach cuairt i dteannta a dtaisí siúd freisin - ainniseoirí ón Parramatta Lunatic Asylum, ó Mhonarcha na mBan, ó Otharlann an Erysipelas, ón ‘Invalid Establishment’.
monarchana cairr car factories
" Níos déanaí arís, le teacht an ghluaisteáin, bhogadar go háiteanna mar Detroit chun postanna a thógáil sna monarchana cairr.
monarcha mhór amháin one large factory
" Bhí an ceantar cosúil le monarcha mhór amháin ag tógáil clainne le hollmhairiú thar sáile.
tré monarchana a éileamh by demanding factories
" An bhféadfadh duine ar bith agaibh gan a bheith bródúil as muintir a tháinig chomh fada seo chun cinn le scór bliain anuas? Muintir a chuir deireadh le goirteannas as súil na ndeorachtaí, tré monarchana a éileamh agus a fháil.
monarcha factory
" Míníonn Liz Curtis cén fáth nach raibh sí róthógtha leis an obair shealadach a rinne sí in oifig i mBéal Feirste agus i monarcha a bhí suite ar thaobh sléibhe, ar imeall na cathrach.