Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
múnlaithe moulded
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
coincleach mould
" Bhí arán a raibh coincleach air ansin agus bhí fás ar na bonnógaí milse fosta.
mhúnla form, mould
" " Fanfaidh eachtra amháin go buan ina chuimhne: an lá a rinne sé iarracht briseadh ón mhúnla agus ón fhoirmle a bhí ann d'aistí agus rud éigin suimiúil agus cruthaitheach a scríobh.
mhúnla mould
" Bíonn saghas cathú ort an rud nua a bhrú isteach sa mhúnla atá foghlamtha agat díreach roimhe sin.
múnla mould
" "Má tá do chois chomh cóir cneasta sin, b'fhéidir gur chóir dúinn múnla a thógáil di agus deilbh naofa a dhéanamh di le fágáil ag an ngrotó atá le taobh theach an phobail.
múnlaí moulds
" Is é an tslí a gcuirtear an pharáid le chéile ná go ndéantar múnlaí de choirp bhó as snáithín gloine agus iad ar lánmhéid (7 dtroithe ar fhad, 4 troithe ar airde agus 2 throigh ar leithead), ansin tugtar cuireadh d'ealaíontóirí, idir aitheanta agus amaitéaracha, as na tíortha éagsúla atá ag glacadh páirte sa pharáid iad a mhaisiú ar a ndóigh féin.
Tosaímid a mhúnlú ár n-ionchas we begin to mould our expectations
" Tosaímid a mhúnlú ár n-ionchas le cuidiú na bhfocal a léimid.
seanmhúnla the old mould
" B'fhéidir gur mian leo go n-imeodh siad, agus nár mhaith leo pilleadh ar an "streachailt armtha" ach tig fearg orthu nuair a tchí siad iompar an PSNI, agus téann achan taobh ar ais go dtí an seanmhúnla - racáin, foréigean, cluiche an mhilleáin.
múnlaithe moulded
" 5 bpunt meáchain ann agus bhí an chéad deilbhín múnlaithe i gcré-umha agus ansin clúdaithe le hór 24 carat.
coincleach ghlas green mould
" Tá síleáil bhoghtach ann, agus tá coincleach ghlas ag fás ar na ballaí.
múnla cast, moulding
" Bhris siad an múnla i ndiaidh a chruthaithe.
a mhúnlú to mould
" Beidh leasuithe bunúsacha le déanamh ar mhodhanna cumarsáide na ngardaí, go háirithe má táimid le fórsa a mhúnlú a mbeidh ar a chumas aige dul i ngleic le fadhbanna nua-aoiseacha.
Gach uige mar a hábhar we are all moulded from a background
" Gach uige mar a hábharRugadh Eoghan Harris i sráidbhaile na Dúglaise gar do chathair Chorcaí sa bhliain 1943.
mhúnla a mould
" Tá an nós tar éis fás sa Fhrainc le roinnt blianta anuas bean a roghnú ón phobal agus a haghaidh a úsáid mar mhúnla chun Marianne a linne a shamhlú.
múnlaithe as miotal moulded from metal
" Chruthaigh sé saothar don Túr Teilifíse Žižkov i bPrág chomh maith dar teideal ‘Tower Babies’ inar thaispeáin sé leanaí, múnlaithe as miotal, ag déanamh a mbealach snámhach suas taobhanna an fhoirgnimh ar a nglúine agus a ar lámha.
mhúnlaigh mé moulded me
" Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
múnla type, mould
" ie go bhfuil gá le múnla ghnó difriúl a chruthú agus a chothú.
múnlaithe moulded
" Tá samplaí dá shaothar le feiceáil in Angel of the North, an figiúr tionsclaíoch ollmhór a amharcann síos ar an A1 ag Gateshead i Sasana agus Another Place - céad figiúr múnlaithe as miotal a amharcann amach ar an fharraige ó thrá Crosby.
mhúnlú to mould
" Bhí sé in ann an cloigeann a oibriú agus an rang go léir a mhúnlú dá thoil féin.
mhúnla mould, model
" Plean oibre cuimsitheach é seo a bheas mar mhúnla do chur chun cinn na Gaeilge sa scór bliain atá le teacht mar aon le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht.
Mhúnlaigh shaped, moulded
" Mhúnlaigh sé sin, ní nach ionadh, aigne an aosa óig.
mhunlú to mould
" ’Sé an Club Peile/Iománaíochta an áisínteacht is tábhachtaí chun féinaitheantas pobail a mhunlú is a chothú.
Múnlú moulding
" Múnlú Théarmaí na Smaointeoireachta Ach ná habair os ard nach é an ‘faisisteachas Ioslamach’ – cibé céard é féin – ach an Síónachas atá ina bhagairt is mó do shíocháin dhomhanda, nó is cinnte go gcuirfear frith-Sheimiteachas i do leith.
mhúnla mould
" Ar ndóigh, is ag trácht ar nuachtáin sa mhúnla traidisiúnta (a fhoilsítear agus a cheannaítear i siopaí) atá mé, óir tá moladh mór tuillte ag an iriseoir Eoghan Ó Néill a choinnigh beatha san fhocal scríofa Gaeilge leis an nuachtán ar líne Nuacht 24.
múnlú cloiche moulding stone
" Cruthaíonn Michelangelo na figiúir sna picitiúir seo mar a bheadh sé ag múnlú cloiche.
seanmhúnla old mould
" Ar an drochuair, tá fianaise acu gur foras thar a bheith lochtach ag barr Chnoc an Anfa agus nach bhfuil an seanmhúnla seicteach briste agus córas úr a bhéarfadh dóchas do gach duine curtha ina áit.
múnla mould
" Ansin, dúirt Camshrón go raibh sé sásta an múnla a bhriseadh agus comhrialtas den ‘deis láir’ a bhunú leis an DL.
múnlaithe moulded
" Dúirt an fealsamh Kierkegaard agus é ag machnamh ar an ábhar seo gurb é is file ann: > Duine míshona, a bhfuil a chroí réabtha ag buairt cheilte, ach a bhfuil a bhéal múnlaithe ar bhealach chomh speisialta sin, nuair a thagann osnaí agus olagóin amach as, go mbíonn binneas ceoil ag baint leo.
múnlú mould
" Chruthaigh sí íomhá di féin i staidéar colainne amháin a rinne sí, mar shampla, ina raibh múnlú anchumtha déanta aici le cuid mhór oscailtí béil agus cruthanna cíche.
mhúnla (same) mould
" Bhí an-éileamh orthu agus thosaigh daoine ag aithris ar John Beag agus ag leanacht an mhúnla chéanna.
mhúnla mould
" Pamela Geller, cuir i gcás, blagadóir as Nua-Eabhrac a bhfuil luí aici le polaitíocht na heite deise ("Atlas Shrugs" is ainm dá blag, in ómos don fhealsúnaí frithchumannach Ayn Rand) agus leis an bhfrith-Ioslamachas (bhunaigh sí grúpa darb ainm *Stop Islamization of America* ar mhúnla na buíne *Stop Islamisation of Europe* sa Danmhairg agus sa Ríocht Aontaithe).
múnlú a mould
" Óg is Aosta ====== Tá 300 figiúir déanta aige cheana féin agus iad ar fad bunaithe ar dhaoine áitiúla a bhí sásta ligint dó múnlú a dhéanamh ar a gcorp.
Ar mhúnla in the mould
" Ar mhúnla na n-ionad i Meiriceá a tógadh na hionaid seo, ar ndóigh.
múnlaí moulds
" Agus cosúil leis an idirlíon baineadh úsáid as na meáin seo ar fad, na meáin chló san áireamh, chun pornagrafaíocht a dhíol is a scaipeadh! Bearnaí á Líonadh ========= Tá roinnt fiontraithe Éireannacha agus seanmhná uaisle na nuachtán ag baint trialach as múnlaí na meán eile cheana féin.
fáisceadh as who was moulded
" Chreid mé ag an am nach bhféadfaí duine ní b’fhearr a fháil leis an nGaeltachta a tharrtháil: polaiteoir a thuig cás na Gaeltachta, a chreid in úsáid na Gaeilge ina shaol pearsanta agus ina shaol poiblí agus duine cumasach a fáisceadh as saol na Gaeilge, a bheadh in ann a chúinne a throid ag bord an Rialtais.
mhúnlaíonn mould
" Is an-suimiúil go deo é an dóigh a ghlacann pobal teanga le focail agus a mhúnlaíonn said na focail sin lena bhfuaimeanna dúchais féin.
briseadh as an mhúnla break out of the mould
" Beidh Sinn Féin agus an DUP mar chomhrialtas do-ionsaithe - an mbeidh an SDLP agus an UUP ann ag leibhéal ar bith fiúntach - ach ó tharla an tuaisceart a bheith comhtháthaithe i ngeilleagair nualiobrálach domhanda, is beag a bheas ar a gcumas briseadh as an mhúnla atá cruthaithe go daingean ag an chaipitleachas ó thosaigh sé, má chreideann tú Karl Polanyi, in 1834.
seanmhúnlaí maslacha old insulting moulds
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
múnlaithe moulded
" D’fhéadfaí a mhaíomh gur shíolraigh a chuid carthanacht dleathach as na tubaistí sin - gur leanbh de chuid na himeagla nó gur táirge den ár í - agus má shíolraigh, an léiríonn a chuid breithiúnais gur rud múnlaithe, deartha fiú an charthanacht sin? Rinne Wilde tagairt do ‘chneácha an ghráidh’ i De Profundis.
ag amharc ar mhúscán gorm watching blue mould
" Ar ndóigh bhí cuid acu chomh leamh le bheith ag amharc ar mhúscán gorm ag fás ar phíosa aráin.
ar mhúnla in the mould/style
" Athchruthú atmasféarach a tógadh sna nóchadai seo d’imigh, ar mhúnla an ‘Rose Theatre’ a chonacthas sa scannán ‘Shakespeare in Love’.
mhúnlú as a riocht moulded out of shape
" Tráth a bhfuil an daonlathas faoi bhrú, an tsochaí á scoilteadh, agus an cultúr a mhúnlú as a riocht ag fórsaí an domhandaithe, ní mór cuimhneamh gur mór an tionchar a imríonn foinse an airgid ar an ábhar a chraoltar nó a chuirtear i gcló.
Múnlaíodh was moulded
" Múnlaíodh a dearcadh polaitiúil i measc na mac léinn ar an eite chlé, san eagraíocht radacach ‘People’s Democracy’ a bhí ag iarraidh, ní hamháin a gcearta síbhialta do Chaitlicigh a bhaint amach, ach ‘Socialist Worker’s Republic’ a chur ar bun chomh maith.
An Múnla the mould
" An Múnla ==== Tá sé faiseanta, ar shála leithéid *‘Priceless’* (2006) - atá sárthaithneamhach, dála an scéil - agus ag cur san áireamh a chéad mór-ruathar ceallalóide *‘Amelie’* (2001) go mbeadh criticí téagartha (ina mbreithiúnas féin, gan amhras) ag fanacht leis an ról gairmshainithe sin di.
idir mhúnla de láimh including a mould of the hand
" Tá seoda go leor ann idir mhúnla de láimh dheas Frederic Chopin, agus na veidhlíní luachmhara a rinne Marcin Groblicz i Kraków thart ar an mbliain 1600.
Múnlaíonn agus treoraíonn na heachtraí óige seo sinn these childhood incidents mould and guide us
" Múnlaíonn agus treoraíonn na heachtraí óige seo sinn amach sa saol, mórán i ngan fhios dúinn féin is dócha, ach tá an-chuid daoine thart orainn sa saol, níos mó ná mar a shamhlaítear, atá gearrtha gonta i dtólamh.
mhúnlú ar bhealach aerach agus éagsúil to (re)mould in a gay and different way
" Níl a fhios go baileach ag Mulligan céard atá i ndán don imeacht amach anseo, ach go bhfuil sé i gceist aige an Ghaeilge agus cultúr an Ghaelachais a mhúnlú ar bhealach aerach agus éagsúil.
an múnla is fearr a d'fheilfeadh the mould which would best suit
" ’Sé an múnla is fearr a d'fheilfeadh, dar liom, ná múnla na féinfhoilsitheoireachta (nó an fhéinordaithe) faoi mar atá in úsáid ag an iris An Gael.
marla moulding clay
" Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.
seanmhúnlaí briste old moulds broken
" Tá na seanmhúnlaí briste agus ag dul in éag, ach gan dada tagtha ina n-ionad.
Múnlú moulding
" Múnlú intinn na glúine aníos inár ndiaidh a tharraing aird Bhreandáin Delap nuair a mheá sé oide na linne seo sa chóras oideachais.
eagras atá ag múnlú bealaí nuála an organization which is moulding novel methods
" Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na sé cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.
faoi mhúnlú d’iompar about the moulding of your behavior
" Sásta faoi mhúnlú d’iompar ceannach earraí ar líne? Tá bealaí againn le thú a chur ag ceannach! Is maith an aire an fhógairt a deir Roseanne Smith thíos faoi thaighde idirlín a rinneadh ar an bpobal.