Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar mhuin na muice on the pig's back
" Bheadh Bertie Ahern ar mhuin na muice dá bhfaigheadh siad isteach arís leis an Pháirtí Daonlathach agus b'fhéidir le cuidiú na dTeachtaí Dála neamhspléacha.
suan na muice bradaí sly, ominous silence
" "Ní raibh an tAire mí-aireach ach leath ag éisteacht liom, é i suan na muice bradaí agus é ag diúl blonag gé trína shéanas.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Faoi láthair tá an phraiseach ar fud na mias agus na dlíodóirí ar mhuin na muice.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Éist, a Bhaloir, tabharfaidh mise aire duit: póg na beatha agus croí isteach mór agus beidh tú ar mhuin na muice.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Dhá bhliain nó trí bliana ó shin, bhí Airbus ar mhuin na muice; anois, tar éis tréimhse drochshuaiteachta, tá sé ag iarraidh gan titim ón spéir.
muin na muice the pig's back
"muin na muice i mbaol a bhriste agus tá an trá fholamh beagnach lán fán tráth seo le daoine a fágadh air le blianta beaga anuas.
ar mhuin na muice go geilleagrach, on the pig's back economically,
" Agus, leis an tír ar mhuin na muice go geilleagrach, níor iarradh ar an ngnáth-Mheiriceánach go fóill íobairt ar bith a dhéanamh ar son an chogaidh.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Measann muid fós gur áit í atá an-oiriúnach mar áit le teaghlach a thógáil – agus tá an tseanlánúin seo ar mhuin na muice agus ár saol ar féarach á chaitheamh againn in Canberra! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
ar muin na muice on top of the world
" Bhí mé ar muin na muice.
mBéal Átha na Muice Swinford
" "B'as Coillte Mach do mo mháthair ach ainneoin go raibh m'athair ag obair i Rinn Mhic Giolla Rua mar innealtóir sibhialta, i mBéal Átha na Muice a tháinig mé féin ar an saol," arsa an tAire liom ina hoifig i dTeach Rathgael i mBeannchar, Contae an Dúín.
Claí na Muice Duibhe the Black Pigs Dyke
" ’* Bullaí ghirsí, mar deir ár gcairde thar Claí na Muice Duibhe ó thuaidh.
bheadh muid ar muin na muice we’d be in clover
" Anois dá mbeadh feidhmchláirín a fhaigheann réidh leis na scamaill bheadh muid ar muin na muice! Ach i ndáiríre is fiú go mór eolas a bhailiú roimh do oíche mhór réaltóg ó fheidhmchláirín nó ó shuíomh réamhfhaisnéis na haimsire nó b’fhéidir gur ag cur amú do chuid ama a bheas tú.
ag screadaíl ar nós muice squealing like a pig
" Nuair a phléasc leis an bhuachalla a bhí amach romham agus nuair a hiompaíodh den talamh é ag screadaíl ar nós muice, sheas mé in aice leis mar nach dtiocfadh liom a iompar, thiontaigh thart ag caoineadh i dtreo an stócaigh a bhí dár lámhach.
bheinn ar mhuin na muice I’d be hunky dory
" Dá mbuafainnse an Lotto bheinn ar mhuin na muice, cosúil le Roy Keane.