Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go gcloífí a mhuintir his people would be defeated
" Nuair a chonaic rí Éireannach é, bhuail taom bróin é agus dúirt sé gur tuar a bhí ann go raibh na Sasanaigh ag teacht agus go gcloífí a mhuintir.
Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge And it will serve Irish speakers right
" Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge má fhágtar gan ghuth iad, nó is fúthu féin stop a chur leis an síorchoilleadh.
a muintir her people
" " Ceann de na cúiseanna, dar léi, a raibh atmaisféar chomh maith i gCorcaigh ná go rabhthas tar éis tús a chur leis an saoroideachas an bhliain roimhe sin, rud a thug deis do dhaoine nach bhfuair a muintir riamh oideachas tríú leibhéal céim a bhaint amach.
d'fhulaing muintir na háite the locals suffered
" Fuair naonúr páistí bás ansin i measc na ndaoine eile agus d'fhulaing muintir na háite mar a d'fhulaing muidne," a dúirt Colin liom.
dá mhuintir his people
" "Is beag duine a bheadh i gceantar a mbeadh Gaeilge ó dhúchas aige, gurb as an ceantar dá mhuintir, go raibh ceol aige, go raibh léamh an cheoil aige agus gur ealaíontóir cruthaitheach a bhí ann ó thaobh na hamhránaíochta de.
a mhuintir his people
" " Bochtanas ======= Nuair a rugadh Ó Céidigh sa Spidéal i gConamara daichead is a cúig bliain ó shin, ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag a mhuintir ná ag bunadh na háite.
muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint to protect the people and sovereignty of Ireland
" Más amhlaidh go bhfuil an fhianaise i dtuarascáil Barron chomh láidir agus atáthar ag tuar, beidh dualgas morálta agus dleathúil ar an rialtas muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint agus fiosrúchán ceart a chur ar bun, macasamhail fhiosrúchán Saville.
a mhuintire of his people
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
díothófar mhuintir Phapua Thiar the people of Papua West will be wiped out
" Dúirt sé leis an Aire: "Caithfidh an pobal idirnáisiúnta cur in aghaidh fhlaitheas na hIndinéise, nó díothófar mhuintir Phapua Thiar ina dtír féin taobh istigh de chúig bliana is fiche.
a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo that the locals are used to/familiar with
" Nach dtiocfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás an iolair mhara? Nach é sin an sórt ruda atá na turásóirí ag iarraidh a fheiceáil? Aer úr gan truailliú - a leithéid sin, agus rudaí simplí bunúsacha eile, a mheallann na turasóirí, rudaí a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo ach atá tarraingteach do strainséirí, atá ainchleachta leo.
is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach the Kennedys themselves often hid their roots
" Ar ndóigh, is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach.
is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo it is the Irish people who would suffer the most as a result of this
" Agus, ainneoin dhearcadh an phobail i leith an cheathrú eastát, i mo thuairmse is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo.
Mo ghraidhin iad muintir na Gaillimhe the poor people of Galway
" Mo ghraidhin iad muintir na Gaillimhe, na créatúir.
a mhuintir his parents
" Is as Gort an Choirce ó dhúchas é, áit a raibh gnólacht, Óstán Mhic Pháidín, a reáchtáil ag a mhuintir ar feadh na mblianta fada.
muintir Jill Jill's people
" Ba léir nach raibh cleachtadh ag muintir Jill ar theaghlaigh mhóra na hÉireann.
muintir na háite the locals
" Thaithnigh an áit agus muintir na háite go mór liom.
tá an ghráin acu ar mhuintir na Sile the hate the people of Chile
" Tá an chailliúint seo mar ghoin i meon na mBolavach go dtí an lá atá inniu ann agus tá an ghráin acu ar mhuintir na Sile.
nach bhfuil ar a dtoil ag muintir na Baváire that the people of Bavaria can't speak fluently
" Tar éis an tsaoil, is teanga choimhthíoch fós é an Béarla nach bhfuil ar a dtoil ag muintir na Baváire.
an mhuintir thiar the people of the west
" " mar a deir an mhuintir thiar, agus an ceart acu ar ndóigh.
mhuintir Lionnáin the Lennon family
" Tá an teach athchóirithe i stíl na 1950í agus mothaím cineál brónach ann, mar gur tharla neart rudaí brónacha do mhuintir Lionnáin.
tá na fíricí á gceilt ar mhuintir na hÉireann the facts are being hid from the people of Ireland
" Ní hamháin sin ach tá na fíricí á gceilt ar mhuintir na hÉireann agus níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide.
muintir na n-ainmneacha aisteacha éagoiteanna iasachta those with strange, uncommon foreign names
" Leis an fheachtas reifrinn atá ar siúl acu tá siad ag iarraidh an Bunreacht a leasú chun muintir na n-ainmneacha aisteacha éagoiteanna iasachta a choinneáil amach as an tír.
mhuintir na cruinne the people of the world
" Cé a dúirt nach raibh fios a ghnaithe ag Seoirse Óg Mac Sceiche? Tá Balor ag súil go gcuirfidh eagarthóir *Beo Ar Éigean*, Éamonn Ó Doornail, an t-agallamh seo síos ina iomláine agus nach bhfágfaidh sé píosa ar bith ar lár a mbeadh impleachtaí aige do thodhchaí agus do shonas mhuintir na cruinne, mar a rinne an liúdramán leis na hagallaimh a chuir Balor ar Dhia cúpla bliain ó shin agus ar an Diabhal tamall ina dhiaidh sin.
Is macasamhail mhuintir Kennedy iad they're the Kennedy type
" Is macasamhail mhuintir Kennedy iad, amuigh ansin ag tarraingt raic an diabhail, ag pléascadh na háite, ag dó na hambasáide go talamh agus a leithéidí sin.
stair a muintire her family's history
" I 1994, foilsíodh leabhar le Helen Demidenko, iníon le tiománaí tacsaí as an Úcráin a bhain le stair a muintire faoi réimeas Stalin san Úcráin i lár an chéid seo caite.
idir mhuintir na háite agus chuairteoirí both locals and visitors
" Déistin ======= Chuir an damáiste déistin ar a lán daoine, idir mhuintir na háite agus chuairteoirí, agus ní raibh iontas orm litir a léamh sa *Donegal Democrat *fá dtaobh de ar an 12 Lúnasa faoin teideal "Please Remove Glencolmcille Monstrosity".
chun freastal ar mhuintir na háite to cater for the local people
" Táimid anseo chun freastal ar mhuintir na háite agus a gcuid riachtanas, ach is féidir leosan páirt a ghlacadh sna himeachtaí chomh maith.
mhuintir na habhann the river people
" Tá cónaí ar "mhuintir na habhann" ar bruach na Yangste leis na céadta bliain anuas.
do mhuintir your people
" Is áit í go bhfuil aithne ag daoine ar do mhuintir - cé hí do mháthair agus cé hé d'athair.
bunús mhuintir Thaobh an Bhogaidh most of the people on the Bogside (Derry)
" Muinín agus cumhacht ======= Bhuail Gerry Adams le Hugh Orde, Príomh-Chonstábla an PSNI, ar an 29 Samhain agus chuir bunús mhuintir Thaobh an Bhogaidh ar cuireadh agallamh orthu fáilte roimhe seo.
ó mhuintir Bhaile Munna from the people of Ballymun
" " Tá sé an-bhródúil as an méid atá bainte amach aige san ionad, ach cuireann sé béim ar fheabhas a fhoirne agus ar an spreagadh atá faighte acu ó mhuintir Bhaile Munna chomh maith.
a muintir their family
" "De bhrí nach mbeidh siad ábalta postanna a fháil nó na cinn atá acu a choinneáil, nó dul abhaile ar cuairt chuig a muintir, sílim go bhfeicfidh muid níos mó agus níos mó daoine ag filleadh ar Éirinn.
thoil mhuintir Ghiobráltar the will of the people of Gibraltar
" Tá an Spáinn ag éileamh go dtabharfaí an Charraig ar ais agus tá an Bhreatain ag maíomh nach bhfuil siad sásta dul i gcoinne thoil mhuintir Ghiobráltar.
Muintir Thoraí the people of Tory Island
de shliocht mhuintir na tuaithe of country background
" Is de shliocht mhuintir na tuaithe, is é sin muintir na hÉireann uile, céatadán ard, b'fhéidir chomh hard le 80% in áiteanna, de bhaill CLG san ardchathair.
idir Dhuibhlinnigh dhúchasacha agus mhuintir na tuaithe both native Dubliners and country people
" Tá tréaniarrachtaí déanta agus á ndéanamh ag fir agus mná cróga, idir Dhuibhlinnigh dhúchasacha agus mhuintir na tuaithe, chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn iontu.
Muintir s’agamsa my people
" Muintir s’agamsa, bí bheadh muid polaitiúil ar an dóigh sin ar chor ar bith.
go marófaí a muintir that their people would be killed
" Is cosúil gurb é an chosaint a bheas acu go ndearnadh bagairt go marófaí a muintir mura mbeidís sásta na drugaí a iompar.
muintir Ghallchóir the Gallagher family
" Cuir ainmneacha Sheenagh McMahon, muintir Ghallchóir as Baile Suingean agus muintir Dhuibhir as Ard an Rátha leis an liosta sin agus tá patrún soiléir le feiceáil.
thar ceann do mhuintire féin on behalf of your own people
" Is gradam pearsanta é agus cúis ónóra a bheith páirteach ann thar ceann do mhuintire féin.
muintir Ghallchóir the Gallagher family
" Cuir ainmneacha Sheenagh McMahon, muintir Ghallchóir as Baile Suingean agus muintir Dhuibhir as Ard an Rátha leis an liosta sin agus tá patrún soiléir le feiceáil.
thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire the noise of bombs and the crying of their people
" Ar an drochuair, tá cluasa cuid mhór aontachtach bodhar mar gheall ar thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire le linn 35 bliain na dtrioblóidí.
muintir na Gailíse the Galicians
" “Tá muintir na Gailíse ag dul an bealach céanna,” ar sé.
a fuaireas óm mhuintir féin that I got from my own people
" AÓF: Cá bhfuair tú na hamhráin atá agat agus cé hiad na daoine a raibh tionchar acu ar do chuid amhránaíochta? MÓS: Na hamhráin Ghaoluinne a fuaireas óm mhuintir féin, ón dá thaobh, agus ó amhránaithe breátha eile a bhí ag maireachtaint mórthimpeall orm i gCorca Dhuibhne, Dia leo.
muintir Sheáin Bhuí the English
" Thriail muintir Sheáin Bhuí an dá chultúr a chur fé chois ach níor éirigh leo! Ag dul i neart atáimid! AÓF: Céard iad na hamhráin a phioc tú suas le linn duit a bheith san Astráil? MÓS: “Banks of the Condomine”, “Morton baby”, “Andy's gone with cattle” agus mar sin de.
muintir Chinnéide the Kennedy family
" B’fhéidir, dá mbeadh an deis sin aige, go bhféadfadh Clooney fiafraí de JFK cén fáth a raibh McCarthy ar dhuine de na cairde ab fhearr a bhí ag muintir Chinnéide sna caogaidí.
ba bheag nár uchtaigh muintir an tí mé sa deireadh the people of the house nearly adopted me in the end
" Chaith mé tamall ag obair i bpub ansin agus ba bheag nár uchtaigh muintir an tí mé sa deireadh!” Nuair a d’fhág sí Oileán Chléire tháinig sí ar ais go Baile Átha Cliath agus ghlac sí post le AIB.
muintir mo chéile my husband's people
" Chomh maith leis sin chaomhnaigh muintir Uí Shé, muintir mo chéile, na maisiúcháin Nollag éagsúla agus seanachártaí Nollag sa tseanathig atá dhá chéad bliain d’aois agus chomh tirim le snaois.
chaomhnaigh muintir Uí Shé an seanathig the Ó Sé family preserved the old house
" MNíB: Fé mar a dúrt, chaomhnaigh muintir Uí Shé an seanathig mar ní raibh aon mhuirear ar James O’Shea, Lios na Graí agus ní raibh éinne ag rá leis *Marley* a chur ar an urlár ná *beauty board *a chur ar na fallaí ná “caith amach an seanachlog san”, “caith uait na lampaí íle”, “tabhair an *sacred heart lamp* don lucht siúil”.
ach a rinne muintir na háite a atógáil go foighdeach but which was patiently rebuilt by the locals
" Chonaiceamar an áit a ndearnadh an chéad ionsaí gáis; Wyteschagte, an baile ina raibh Hitler lonnaithe le linn an chogaidh; baile Ypres, a scriosadh go hiomlán ach a rinne muintir na háite a atógáil go foighdeach thar tréimhse daichead bliain.
muintir na sean-Éigipte the ancient Egyptians
" An samplaí de chruthaitheacht ealaíonta na n-ainmhithe seo a leithéid nó, murab ea, cad é an míniú atá orthu? An Seansaol ======= Maidir le nós imeachta an chait, mar shampla, tá fianaise ann nach nós nua-aimseartha é seo agus go raibh meas ag muintir na sean-Éigipte ar na hiarrachtaí ealaíonta a dhéanadh a gcuid cat féin.
do mhuintir féin your own people
" AÓF: An raibh ceol ag do mhuintir féin, nó cé a chuaigh i bhfeidhm ort nuair a bhí tú i do ghasúr? CÓD: Níor sheinn mo thuismitheoirí, ach mhúin mo Mham an-chuid amhrán dúinn, ar scoil (múinteoirí bunscoile ab ea iad beirt) agus sa bhaile.
teanga a mhuintire the language of his people
" Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte *yuppies* i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar? Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada.
a muintir their people
" Is minic a fheictear daoine óga as tíortha eile istigh i gcaifí i mBaile Átha Cliath, agus i gcathracha agus bailte eile nach é, agus cuma an uaignis orthu, iad, bí cinnte de, ag smaoineamh ar a muintir i bhfad uathu agus iad ag brath ar an chárta fóin le hiad a choinneáil i dteagmháil leis an bhaile.
a mhuintir his parents
" ” Ar chuir a mhuintir brú air ag an am post a fháil? “Ní raibh mórán brú orm.
ar son a muintire féin for their own people
" I gcás an triúir sin, mothaíonn tú go bhfuil siad ag spreagadh an chuid eile den fhoireann a míle dícheall a dhéanamh i gcónaí agus go bhfuil siad ag imirt sacair ar son a muintire féin, seachas don tuarastal ollmhór a fhaigheann imreoirí sacair sa lá atá inniu ann.
rud a chuir an-iontas ar mo mhuintir which really surprised my parents
" Níor chuir mé isteach ar aon chúrsaí coláiste ar chor ar bith, rud a chuir an-iontas ar mo mhuintir! Cheap mé gur cur amú ama a bheadh ann an oiread sin ama a infheistiú i rud éicint nuair nach raibh a fhios agam an raibh tú ag iarraidh é a dhéanamh.
mhuintir do chomhbharúla people of the same opinion
" Go n-eirí leat, a Chaoimhín Myarse, san áit ina mbeidh tú i measc mhuintir do chomhbharúla.
i measc a mhuintire féin among its own people
" Mar a deir an tOirmhinneach Kennaway, caithfidh an tOrd é féin a athrú ó bhun go barr agus pilleadh ar na prionsabail ar a bunaíodh é 111 ó shin más mian leis dul chun cinn a dhéanamh - i measc a mhuintire féin.
muintir a dúiche féin the people of her own area
" Nuair a bhuail mé léi i mBaile Átha Cliath le gairid chun labhairt léi faoina halbam nua, *Daybreak: Fáinne an lae*, rinne sí tagairt go minic le linn ár gcomhrá don bhaile agus don dáimh a bhraitheann sí le muintir a dúiche féin.
fém mhuintir about my people
" Ní fuirist a bheith gonta ar uairibh! Ba é Diarmuid Breathnach, scoláire uasal ceart, a scríobh an cur síos fúm féin agus fém mhuintir.
tromlach na muintire a majority of the people
" Go háirithe nuair a bhí tromlach na muintire i mbaol titim isteach i gcaochán dall a n-aimhleasa náisiúnta! Ní raibh aon dabht riamh ann, dar le Dev, ach gur fearr a thuig sé leas an phobail ná mar a thuigeadar féin é.
sealúchas a muintire her people's possessions
" I ndiaidh an chogaidh a chuir Maria Altmann agus a gaolta tús leis an fheachtas chun sealúchas a muintire a fháil ar ais agus is léargas é ar a mbuanseasmhacht agus ar a gcreideamh an dóigh ar éirigh leo na pictiúir a fháil ar ais ó Rialtas na hOstaire.
tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann my parents/people were always well looked after there
" Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Agus cén fáth an oiread sin spéise agat sna hospidéil? EO’B: Tá spéis agam in Ospidéal an Aonaigh toisc gurb é m’ospidéal áitiúil é agus tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann uair ar bith go raibh orainn dul ann.
fá dtaobh de mhuintir Uí Néill about the O'Neills
" Gobshiites gach aon uile dhuine dá shinsear, bíodh a fhios agat; Gobshiites cruthanta! Ná creid na seanscéalta a chuala tú ar scoil fá dtaobh de mhuintir Uí Néill agus Lámh Dhearg Abú agus Cogadh na Naoi mBliana agus an cac sin ar fad.
Ní bheadh an acmhainn sin ag mo mhuintir. my people wouldn't be able to afford that
"Ní bheadh an acmhainn sin ag mo mhuintir.
dá muintir of their people
" Maíonn Aodán Mac Póilín, stiúrthóir Iontaobhas Ultach, go bhfuil buntáiste le fáil ag aontachtaithe má chuireann siad béim ar an nasc leis an tír as ar tháinig go leor dá muintir.
le muintir na tíre a choinneáil faoi smacht to keep the locals under control
" Thóg de Courcy roinnt mhaith caisleán le muintir na tíre a choinneáil faoi smacht.
a chur in luí ar mhuintir na háite to convince the locals
" Ba dheacair a chur in luí ar mhuintir na háite uaireanta go raibh mé díreach ag taisteal sa tír agus nach raibh mé ag déanamh aon obair d’Eagraíocht Neamhrialtasach éigin.
níos iontaí fós de bharr a muintire. even more wonderful still because of its people.
" Is tír iontach í agus tá sí níos iontaí fós de bharr a muintire.
muintir na hirise the people of the magazine
" Bhí muintir na hirise ag guí go mbainfeadh foireann Mheiriceá Corn Ryder agus go mbeadh dea-spin ar an Tíogar agus é ag dul abhaile, ach beag an baol.
muintir Ghána agus na Saimbia, the people of Gana and Zambia,
" Cheap mé nach mbeadh éinne chomh cairdiúil le muintir Ghána agus na Saimbia, ach sháraigh muintir na Maláive iad.
muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann the poor long-suffering people of Ireland
" Agus beidh muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann ar tí Máirtín Míleata a naomhú as siocair go mbeidh sé i ndiaidh an Saorstát a aisceadh agus a ghlanadh agus a sciomradh saor ó choirpigh.
beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis. the people of the countryside will suffer greatly.
" Is cinnte go mbeidh toradh fiúntach ar chur i bhfeidhm na ndlíthe maidir leis an tiomáint agus an t-ól ach beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis.
is mian liom aithne a chur ar a muintir, I want to get to know its people,
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
Tá faitíos orthu faoi theanga ghéar a muintire. They're afraid of their people's sharp tongues.
" Tá faitíos orthu faoi theanga ghéar a muintire.
muintir na hÉireann i gcoitinne Irish people in general
" ***An bhfuil fáil ag muintir na hÉireann i gcoitinne ar na healaíona nó an bhfuil an chuid is mó de na gníomhaíochtaí ag tarlú i mBaile****** Átha Cliath?*** Tá saol an-ghníomhach ealaíon i mBaile Átha Cliath.
crá mhuintir na Sé Chontae. bothering the people of the Six Counties.
" Tá 63% de gheilleagar an tuaiscirt bunaithe ar an earnáil phoiblí i gcomparáid le 43% sa “chuid eile den Ríocht Aontaithe”; de réir *Bare Necessities*, tuairisc a d’fhoilsigh an Economic and Social Research Centre i Sasana, tá corradh le 500,000 duine ó thuaidh ag maireachtáil faoi “líne na bochtaineachta” agus tá lear mór fadhbanna eile ag crá mhuintir na Sé Chontae.
ag díol earraí le muintir na háite. selling goods to the locals.
" Thaistealaíodh teaghlach s’aici suas síos na gleannta i gcarbhán le linn an tsamhraidh, ag díol earraí le muintir na háite.
mo chomh-mhuintir. my fellow people.
" Is breá liom mo thír, mo theanga, mo dhúchas, mo chultúr agus mo chomh-mhuintir.
le fadhbanna a mhuintire. with the problems of its people.
" Níl am á chur amú níos mó ar shíorchainteanna ar dhíchoimisiúnú, ar spíodóireacht, ar choiriúlacht, agus tá Tionól Thuaisceart Éireann anois ag dul i ngleic – a oiread agus is féidir le rialtas ar cosúla le comhairle contae é – le fadhbanna a mhuintire.
muintir na Nua-Shéalainne the people of New Zealand
" Úsáidtear an tsiombail sin chun idirdhealú a dhéanamh idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile.
muintir na ngleannta the people of the glens
" Seo ceann de na háiteanna ar cuireadh muintir na ngleannta nuair a glanadh amach as a mbailte iad sa 19ú haois, ar mhaithe le na caoirigh.
muintir Laighean uilig all the people of Leinster
" “Féile a tharraing muintir Laighean uilig le chéile chun ceiliúrtha, chun ealaíne, chun ceoil, chun craice, chun craicinn, chun cóisire, chun comhluadair.
mheas muintir na háite the locals thought
" Dála daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan agus sheilg siad na héin mhaorga seo.
a mhuintir his people
" Chreid sé – agus a ábhar sin aige, is cosúil – go raibh eagla ar a mhuintir roimhe.
níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú the people of the countryside used not show appreciation
" Ag an am sin níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú don mhionlach sin a chuaigh i mbun léinn.
chaith a muintir liom their people treated me
" Bhí mé an-ghar do na hÉireannaigh ar chuir mé aithne orthu sa Pholainn agus chaith a muintir liom mar dhuine den teaghlach.
muintir Melbourne the people of Melbourne
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus ó thaobh lucht leanúna de, caithfear a rá go bhfuil muintir Melbourne i bhfad chun tosaigh ar áit ar bith eile sa tír.
á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair being sought by the people of Gaoth Dobhair
" Bhí suim faoi leith aige sa ghaelscolaíocht agus rinne sé abhcóideacht éifeachtach ar a son nuair ba ghá, mar shampla, nuair a dúnadh bunscoileanna i Rann na Feirste agus i nDún Chaoin, nuair a bhí scolaíocht dara leibhéal á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair agus ag muintir Ros Dumhach agus, arís eile, nuair a bhí muintir Bhaile Munna ag iarraidh gaelscoil a bhunú.
a mhuintir ar an dá thaobh. his people on both sides.
" Cé gur rugadh é i mBaile Átha Cliath, ba de bhunadh Aontroma agus an Dúin a mhuintir ar an dá thaobh.
muintir na háite the locals
" Nuair a bhí Wakefield ag scríobh a leabhair sa bhliain 1880, dúirt muintir na háite leis go raibh sí feicthe acu.
muintir na Gaeltachta the people of the Gaeltacht
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
i bhfad óna muintir is óna ngaolta, far from their people and their relatives,
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad. they are the story of our people and they belong to all of us.
" Ní dóigh liom gur chóir do dhaoine a bheith cúthaileach maidir le hamhráin a fhoghlaim - scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad.
luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú. the extermination of the people of this ghetto began.
" Agus Giúdaigh á dtabhairt go dtí an chathair ó chearnaí eile den Eoraip cuireadh geiteo ar bun i mí an Mhárta 1941 chun iad a choinneáil agus in earrach na bliana dár gcionn luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú.
gurbh fhearr le muintir na tíre that the people of the country would prefer
" Ach nuair a thaispeáin go leor pobalbhreitheanna eile gurbh fhearr le muintir na tíre Kevin Rudd ná John Howard mar phríomh-aire, chuathas i mbun ionsaithe pearsanta ar cheannaire nua an fhreasúra.
go mbeidh drogall ar mhuintir na tíre that the people of the country will be reluctant
" Measann daoine áirithe go mbeidh drogall ar mhuintir na tíre an oiread sin cumhachta a thabhairt do pháirtí amháin.
gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, that he enjoyed creating intimacy with the people of Belfast
" Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna.
i gcroí agus aigne mhuintir na tíre. in the hearts of minds of the people of the country
" Ar 8 Feabhra na bliana sin, scríobh sé alt a tharraing clampar sna meáin chumarsáide agus i gcroí agus aigne mhuintir na tíre.