Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht muirthéachta revolutionaries
" Céard is fiú teacht chuig ollscoileanna ar nós Rennes 2, Toulouse-Le Mirail nó Bordeaux 3, nuair nach féidir a bheith cinnte go ligfear isteach i seomra ranga thú? Ach amháin, mar a tharla roimhe in aimsir Tone agus Mitchell, go bhfillfidh na mic léinn seo ar Éirinn ina lucht muirthéachta! Féach freisin:http://www.
Arm Muirthéachta Dé Lord's Resistance Army
" Tá eagla a gcraiceann á cur ar mhuintir Uganda le corradh is scór bliain anuas ag Arm Muirthéachta Dé a bhfuil sé mar aidhm aige stát a bhunú a fheidhmeoidh de réir na nDeich nAithne.
Mhuirthéacht Revolution
" D’fhan na Seacaibítigh i St Germain go dtí 1793, cúig bliana roimh Mhuirthéacht na Fraince.
muirthéacht revolution
" Groovy man, I dig it!Samhlaigh mar sin go raibh tú ar thóir an dúshlán is mó agus tú ag iarraidh muirthéacht theicneolaíochta a thosnú.
mhuirthéacht revolution
" Aithnítear anois in ollscoileanna san iarthar go bhfuil an mhuirthéacht seo faoi lán tseoil agus in áit cur ina haghaidh, is fearr glacadh léi agus comhoibriú leis na Sínigh.
spiorad muirthéachta revolutionary spirit
" Tá tráchtairí polaitíochta ann a mhaíonn gur mhúch Lula spiorad muirthéachta na cosmuintire le liúntais teaghlaigh, arduithe íosphá agus líon teoranta d’infheistíochtaí feiceálacha.
Frainc na Muirthéachta revolutionary France
" ”* Ag an am sin, bhí go leor Meiricéanach báúil le Frainc na Muirthéachta, agus bhí imní ar Washington go dtarraingeodh an “taobhú paiseanta” seo an tír nua isteach i gcogadh tubaisteach i gcoinne na Sasanach.
muirthéacht revolution
" ” **Balor: “Ach, a Thaoisigh, beidh muirthéacht ann.
i mbéal muirthéachta facing a revolution
" Le hachrann i gcathracha eile mar Hull, bhí imni ar an rialtas go raibh an tír i mbéal muirthéachta.
muirthéachtaí datha the colour revolutions
" D’ainneoin cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.
muirthéacht a revolution
" Is í an Libia an tír leis an mbonneagar idirlín is leochailí de na tíortha ina raibh muirthéacht go dtí seo, agus gan amhras is míbhuntáiste é sin don lucht freasúra, atá anois i ndeabhaidh lainne le réimeas Gaddafi.
muirthéachtaí revolutions
" Mar sin, seo í lán lúcháire go ndearna sí difear mór do shaol daoine agus í spreagtha ag ceann de na muirthéachtaí ba radacaí dá raibh riamh ann, dar léi, ach ba bheag radacachas a bhí le sonrú in Éirinn na linne sin.
muirthéachtaí revolutions
" Is beag duine nach gcreideann go mbeidh Iosrael thíos leis na muirthéachtaí atá ag réabadh an Mhéanoirthir ó thús na bliana seo — in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurb iad lucht Iosrael is mó atá ag tacú le heasaontóirí an taoibh sin domhain le roinnt blianta anuas.
muirthéachtaí síochánta peaceful revolutions
" ”* Ach maidir leis an réabadh agus an marú a tharraing na muirthéachtaí síochánta anuas ar mhuintir an Mhéanoirthir i mbliana, ní miste breathnú níos doimhne ar alt a scríobh Lewis i 1992 dar teideal *“Rethinking the Middle East.
muirthéachtaí revolutions
" Cé go gcreideann go leor daoine gur tháinig na muirthéachtaí sa taobh sin domhain aniar aduaidh ar na Stáit Aontaithe, ba léir óna chuid cainte gur ócáid cheiliúrtha a bhí ann.
i mbéal muirthéachta facing a rebellion
" Le hachrann i gcathracha eile mar Hull, bhí imni ar an rialtas go raibh an tír i mbéal muirthéachta.
Mhúscail Muirthéacht na Fraince the French Revolution awakened
" ) Mhúscail Muirthéacht na Fraince mothúcháin éagsúla i samhlaíocht Foucault; meas ar an gcosmhuintir a tháinig aniar aduaidh ar Versailles i riocht jacquerie brúidiúil ach a chuir snas uasal orthu féin roimis dhúnmharú an rí, meas ar an fhuinneamh intleachtúil a gineadh, ach blaistear eagla agus amhras freisin.
mhuirthéacht revolution
" Bladar Tóna ====== Tá Feargus Finnicky Finlay agus a iar-shaoiste Ruairí Ropach Ó Cuinn, chomh maith le Gerrymander Adams agus Ming the Merciful Flanagan ar a mbealach go Féile na bhFéasóg in Cuba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato – nó lena thaibhse, b’fhéidir – cibé acu a bheas thart ag an am, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don mhuirthéacht atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó nuair a bhí siad uilig fós in ann bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é mar bhladar.
Muirthéacht cheart a real revolution
" Muirthéacht cheart a bhí ann, do mhná go háirithe agus don tionscal éadaí leis nuair a rinneadh an chéad inneall níocháin uathoibritheach.
An Mhuirthéacht Veilbhite the Velvet Revolution
" An Mhuirthéacht Veilbhite ============ Fuair Václav Havel, an chéad uachtarán ar an tSeicslóvaic tar éis thurnamh ré an Chumannachais i 1989, bás i mí na Nollag seo d'imigh tharainn 2011.
drong muirthéachta revolutionary group
" Feachtas mór í seo a seoladh ar an idirlíon ag an eagraíocht charthanachta *‘Invisible Children’* i gcoinne Joseph Kony, ceannaire an LRA, drong muirthéachta i Uganda.
Muirthéacht Ár Linne the revolution of our era
" Muirthéacht Ár Linne ======== Rianaíonn Carr stair na meán ó chéad theacht an leabhair, trí fhionnachtain an chló agus ar aghaidh go dtí ré an eolais, (más eolas, nó sonraí) (Caibidlí 4-5).
nach n-eascródh muirthéacht Mharxach as Marxist revolution wouldn’t erupt out of
" Ba léir on tús nach n-eascródh muirthéacht Mharxach as an éagruth a bhuail na geilleagair Iartharacha, agus is maith nár eascair nó níor cuireadh aon fhealsúnacht chun cinn a chuirfeadh rath ar dhaoine.
ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise back to the Green Revolution like a shot
" Dá ngríosófaí sluaite frith-Warfalla an oirthir, nó Aos Imazigh an iarthair ina gcoinne roimhe seo, bheadh sé róluath agus thiocfadh leis an Warfalla astu féin an tír a thabhairt ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise.
thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír high time for us to have a revolution
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
mhuirthéacht teicneolaíochta technological revolution
" Níor tharla aon ‘mhuirthéacht teicneolaíochta’ ann, faoi mar a tharla san India, agus níor mheall an tír an déantúsaíocht idirnáisiúnta faoi mar a rinne an tSín.
na muirthéachta díreach curtha díobh acu just recovered from the revolution
" Na Lóchrainn Draíochta ============= Ní hionadh ar bith é go raibh na Francaigh tógtha leis an fantasmagorie ag an tréimhse sin mar bhí ré an ghilitín agus na muirthéachta díreach curtha díobh acu agus atmaisféar dorcha gruama fós san aer.
boladh fola na muirthéachta fós the smell of revolutionary blood still
" Sa bhliain, 1797, agus boladh fola na muirthéachta fós san aer, d’eagraigh Robertson taispeántas mór ag an Pavillon de l'Echiquier i bPáras.
ina muirthéacht shíochánta as a peaceful revolution
" Is cuimhin liom féin an faoiseamh a fuarthas nuair a chríochnaigh géarchéim na bliana 2004 sa Úcráin ina muirthéacht shíochánta.
Tugadh an mhuirthéacht fhlannbhuí air it was called the orange revolution
" Tugadh an mhuirthéacht fhlannbhuí air as siocair na bratacha oráiste nó flannbhuí a chroch na daoine le linn na mórshiúlta.
Muirthéacht revolution
" I ndiaidh Muirthéacht 1776 d'éirigh na stáit ó thuaidh as sclábhaíocht ar fad, ach cuireadh go mór leis ó dheas, áit ar leathnaigh sclábhaíocht amach i gcríocha nua Alabama agus Mississippi.
gnóthaí muirthéachta revolutionary matters
" Bhí Tony Birtill ag machnamh ar an mbaint atá ag an ealaíon le gnóthaí muirthéachta, gaol a bhí feiceálach i Learpholl céad bliain ó shin.
bean na muirthéachta teanga the woman behind the language revolution
" Chuaigh Robert McMillen chun caint le bean na muirthéachta teanga ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine.
Ná fan leis an mhuirthéacht Ghaeilge don’t wait for the language revolution
" Ná fan leis an mhuirthéacht Ghaeilge a chairde.