Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhúnmharaíonn who murders
" Tá sé coitianta go maith, go stairiúil agus sa lá atá inniu ann, go ngearrtar pionós báis ar dhuine dubh a dhúnmharaíonn duine geal, ach is annamh a ghearrtar an pionós céanna ar dhuine geal a mharaíonn duine dubh.
an dúnmharú murder
" Ar an chéad amharc, déarfadh duine gur pionós ceart agus oiriúnach é an pionós báis i gcás coireanna an-fhoréigneacha agus gráiniúla - an dúnmharú, cuir i gcás.
na dúnmharaithe ab uafásaí the most horrific murders
" Bhí saoradh luath na bpríosúnach - daoine a bhí ciontach as na dúnmharaithe ab uafásaí sa choimhlint ó thuaidh - ar cheann de na comhréitigh ba dheacra ag daoine glacadh leis.
dúnmharaithe murdered
" D'eisigh an IRA ráiteas ag gabháil leithscéil leis na teaghlaigh agus ag admháil go raibh suas le deichniúr dúnmharaithe acu agus curtha go rúnda in áiteanna éagsúla sa tír.
dúnmharaithe murders
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
dúnmharuithe murders
" Cad é an rud é *hit list*? Píosa páipéir a bhfuil "hit list " scríofa air agus pleananna scríofa maidir le pleanáil dúnmharuithe, nó díreach liosta ainmneacha? Na péas féin a dúirt gur "low level intelligence" a bhí sa liosta a fuarthas.
dúnmharú murder
" Is léir go raibh an RUC, gardaí na síochána, páirteach i ndúnmharú ní fios cá mhéad duine.
dhúnmharú murder
" Ach idir an dá linn scríobh an Breitheamh MacPhearson a thuarascáil faoi dhúnmharú Steven Lawrence, an déagóir dubh as Londain, agus thug sé "institutionalised racism" ar an dearcadh a bhí ag póilíní i gcásanna mar sin.
dhúmhmharú Caitliceach óg the murder of young Catholics
" Ba dheas an rud é dá mbeadh an dua céanna á chur acu orthu féin ag fiosrú dhúmhmharú Caitliceach óg le tamall anuas.
i ndúnmharú an díoltóra beithíoch in the murder of the cattle dealer
" Go dtí seo tá Binse Fiosraithe Morris tar éis fianaise a chloisint go raibh gardaí i nDún na nGall páirteach i ndúnmharú an díoltóra beithíoch Richie Barron.
sraith eile dúnmharuithe another series of murders
" Mar sin féin, tuigtear do *Beo! *go bhfuil an Breitheamh Barron, agus é ag scrúdú dhrochobair fhórsaí rúnda Arm na Breataine sa stát seo, tar éis sraith eile dúnmharuithe seachas buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974, a fhiosrú.
gur dúnmharaíodh duine de na baill that one of the members was murdered
" Bhí brón ar mo rang Gaeilge i Learpholl an mhí seo caite, agus ar gach duine eile sa Chlub Éireannach ina bhfuil sé suite, nuair a chuala muid gur dúnmharaíodh duine de na baill.
ciontach i ndúnmharú guilty of murder
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
dúnmharú murder
" Ach má thagann siad féin ar an tuairim go bhfuil Éire ag cabhrú leis na comhghuaillithe i ndúnmharú mhuintir na hIaráice, d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór dá bharr.
olldúnmharú mass murder
" "Is scéal é atá uafásach amach is amach, faoi chéasadh, olldúnmharú agus gabháil talún," a dúirt an t-údar agus gníomhaíoch comhshaoil George Monbiot i mBaile Átha Cliath le gairid.
dhúnmharú murder
" D'imigh sé go dtí an Astráil i 1971 agus chuaigh sé go Goa i 1974, an bhliain a théaltaigh an Tiarna Lucan as Sasana tar éis dhúnmharú a bhuime agus ionsaí fíochmhar ar a bhean chéile.
i gcás dúnmharaithe in a murder case
" Níl cúirt ar bith sa tír nach nglacfadh leis gan cheist mar leithscéal i gcás dúnmharaithe, gan trácht ar dhea-rúin a bhriseadh.
mhéadaigh líon na ndúnmharaithe sa stát the number of murders in the state increased
" Ag an am céanna, mhéadaigh líon na ndúnmharaithe sa stát.
dhúnmharú murder
" Chas mé ar Charlie Lennon (nach maireann) in 2000 nuair a bhí Hector Ó hEochagáin ó TG4 ag déanamh clár faisnéise faoi John Lennon, cothrom 20 bliain óna dhúnmharú i Nua Eabhrac.
dúnmharfóirí murders
" Is léir go bhfuil imní ar na sceimhlitheoirí agus na dúnmharfóirí sin, Bush, Blair agus Howard.
Triantán na nDúnmharuithe the Murder Triangle
" D'oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil.
ciontach as dúnmharú guilty of murder
" Fuarthas ciontach as dúnmharú iad, ach níor chuir sin bac ar bith orthu pilleadh chuig a reisimint i ndiaidh dóibh trí bliana a chaitheamh sa phríosún.
a dúnmharaíodh who was murdered
" Ba é an Garda Fallon an dara Garda a dúnmharaíodh agus é ar diúté ó bunaíodh an Stát.
dunmharfóirí murders
" Creideann Finian Fallon, mac de chuid an Gharda Fallon, gurbh é rialtas Jack Lynch, nó daoine a bhí bainteach leis ag an am, ba chúis le dunmharfóirí a athar imeacht saor.
cúig dhúnmharú a scrúdú to study five murders
" Mar chuid den phróiseas síochána, ag na cainteanna i bPáirc Weston i 2001 d'fhógair an dá rialtas go raibh siad chun iarraidh ar an mBreitheamh Peter Cory ó Cheanada cúig dhúnmharú a scrúdú le feiceáil an raibh fianaise ann go raibh claonpháirteachais ar siúl ag na fórsaí slándála.
dhúnmharuithe murders
" Ní hionann sin is a rá go bhfuil an ruaig curtha ar an fhoréigean ó shráideanna an tuaiscirt ach níl muid ag léamh fá dhúnmharuithe agus fá phléascáin ar bhonn laethúil mar a bhíodh.
triail dúnmharaithe murder trial
" Léiríonn an saothar, a rinneadh a scannánú i Kabul in 2002, triail dúnmharaithe sa Chúirt Uachtarach.
fonn dúnmharaithe a desire to murder
" Mise an duine is mífhoighdí ar domhan, nach féidir léi aghaidh a thabhairt ar shluaite Shráid Ghrafton gan fonn dúnmharaithe teacht uirthi.
dúnmharú fir the murder of a man
" B’fhéidir gur ar chomóradh 100 bliain bhunú an pháirtí a bhí ceannairí Shinn Féin ag súil le bheith ag caint i mbliana ach, ina ionad sin, ó thús 2005 táid ag séanadh líomhaintí go bhfuil gluaiseacht na poblachta freagrach as robáil bainc, sciúradh airgid agus dúnmharú fir i mBéal Feirste.
dúnmharú an iar-chomhairleora contae the murder of the former county councillor
" Táthar den tuairim gur cosaint cheannasaíocht an Gharda Síochána is cúis leis an Aire diúltú tuarascáil na nGardaí maidir le dúnmharú an iar-chomhairleora contae Eddie Fullerton a fhoilsiú.
nuair a dúnmharaíodh é when he was murdered
" Comhairleoir contae de chuid Sinn Féin i nDún na nGall a bhí in Eddie Fullerton nuair a dúnmharaíodh é i 1991 i mBaile Bhun Cranncha.
dúnmharaithe murdered
" *Sula mbeadh an bhliain istigh bheadh triúr Caitliceach, nach raibh aon bhaint acu leis an IRA, John Scullion, Peter Ward agus Matilda Gould, dúnmharaithe acu.
i ndúnmharú coirpigh aitheanta in the murder of a known criminal
" Chuir *The Star *tús leis an chéasadh faoin cheannlíne *“Lotto Dolores Family Link to Gang War”* agus d’fhoilsigh siad sonraí faoin bhaint a bhí ag nia léi i ndúnmharú coirpigh aitheanta i Luimneach.
a dúnmharaíodh who was murdered
" Ach ar an chéad lá de mhí Iúil, maraíodh Jameson Lockhart, an chéad duine a dúnmharaíodh ó bhí imreas marfach idir an dá ghrúpa bliain ó shin.
ciontach as corradh le 13 dúnmharú guilty of over 13 murders
" Deir an tráchtaire Newton Emerson go bhfuil tuarascáil á foilsiú ag Ombudsman na bPóilíní i mbliana a mhaíonn go bhfuil ball den Mount Vernon UVF ciontach as corradh le 13 dúnmharú ach go bhfuil sé á chosaint ag Brainse Speisialta an PSNI mar gur brathadóir é.
dúnmharú murder
" Chaith Gotti sé bliana sa phríosún as Jimmy McBratney a mharú, ach deir roinnt daoine gur mharaigh sé é chun a cháil mar choirpeach a chothú, agus gur seo an dúnmharú a chuir tús le blianta de dhoirteadh fola a chinntigh sa deireadh gur bhain sé ceannasaíocht amach sa domhan faoi choim.
dúnmharuithe murders
" Is é jab s’againne ná monatóireacht a dhéanamh ar chroílár na cumhachta, go háirithe nuair a théann siad chun cogaidh, go háirithe nuair a mharaíonn siad daoine, go háirithe nuair a insíonn siad bréaga fá na dúnmharuithe sin.
dhúnmharfóirí murders
" Dúradh i gcónaí faoi na Trioblóidí ó thuaidh go raibh an milleán céanna orthu siúd a thug lámh chúnta do dhúnmharfóirí agus a bhí ar an té a scaoil na piléir.
de bharr dúnmharuithe nó coireanna airm because of murders or arms offences
" Is mar gheall ar dhrugaí a cuireadh a bhformhór sin chun báis agus de bharr dúnmharuithe nó coireanna airm an chuid eile.
fiosrú dúnmharaithe murder investigation
" Ach an oiread le fiosrú dúnmharaithe bíonn tábhacht faoi leith ag baint leis an chéad cheithre huaire fichead in aon racán polaitiúil.
dúnmharú murder
" Cé nár éirigh leo an SDLP a chloí go hiomlán i dtoghcháin Westminster, ní léir go ndearna dúnmharú Robert McCartney nó robáil Bhanc an Tuaiscirt an oiread damáiste dóibh is a bhíothas ag tuar go ndéanfadh.
dúnmharú déagóir dubh eile the murder of another black teenager
" uk)), mhol Tuarascáil Lawrence i 1998, a foilsíodh tar éis dúnmharú déagóir dubh eile i Londain, Stephen Lawrence, gur chóir go mbeadh líne ghutháin éigeandála neamhspleách ann le cuidiú agus tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh an chiaptha agus na n-ionsaithe ciníocha.
dúnmharuithe murders
" Ní hamháin nach ndearnadar go minic aon iarracht le dúnmharuithe a raibh réamheolas acu fúthu a stopadh, ach níl aon amhras ar an Uasal Brown ach oiread ach go raibh Brainse Speisialta an RUC páirteach freisin iad féin i go leor dúnmharuithe.
30 dúnmharú 30 murders
" Tá Brian McConnell, ball eile de FAIR, gaolta le Robert McConnell, fear a bhfuil os cionn 30 dúnmharú curtha síos dó, buamáil Bhaile Átha Cliath ina measc.
dúnmharuithe murders
" Ní hamháin nach ndearnadar go minic aon iarracht le dúnmharuithe a raibh réamheolas acu fúthu a stopadh, ach níl aon amhras ar an Uasal Brown ach oiread ach go raibh Brainse Speisialta an RUC páirteach freisin iad féin i go leor dúnmharuithe.
a dhúnmharú to murder
" Gearradh trí théarma príosúin saoil ar Ronnie McCartney i gCúirt Chorónach Winchester i mí na Bealtaine 1976 as iarracht a dhéanamh triúr póilíní a dhúnmharú i Southampton.
agus dúnmharú á fhiosrú when a murder is being investigated
" Mar a déarfadh aon bhleachtaire maith, tá dhá cheist a chuirtear agus dúnmharú á fhiosrú, cé aige a raibh an ceannfháth agus cad is féidir a léamh ón fhianaise.
dúnmharú san áireamh including murder
" Moll mór cáipéisí ======= Tháinig an dá ghrúpa ar mholl mór cáipéisí a chruthaigh go raibh eolas cruinn ag údaráis na Breataine fá choiriúlacht – dúnmharú san áireamh – a raibh reisimint dá arm páirteach inti.
fá dhúnmharú Robert McCartney about the murder of Robert McCartney
" Tá ceist na *Disappeared *sna ceannlínte arís; tá déistin go fóill ar dhaoine fá dhúnmharú Robert McCartney, agus níor imigh ceist robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá a fhios agat! Ach tá iarrachtaí amaideacha á ndéanamh ag a naimhde dochar a dhéanamh do Shinn Féin.
a dúnmharaíodh go gránna who were horribly murdered
" B’amhlaidh a rinne na meáin chumarsáide, cuir i gcás, sa raic a tharraing an t-amhrán “Suffer Little Children” a scríobhadh faoin gcúigear páistí a dúnmharaíodh go gránna i Manchain sna seascaidí.
iarracht ar mharú attempted murder
" Níor ghlac an breitheamh leis gur iarracht ar mharú a bhí i gceist ach mórdhíobháil choirp agus d’iarr sé tuairiscí síceolaíochta Haddock sula bhfógródh sé an téarma príosúnachta.
chun féachaint ar thriail dúnmharaithe. to watch a murder trial.
" "Thug an rang cuairt archúirt chun féachaint ar thriail dúnmharaithe.
an uirlis dúnmharaithe the murder weapon
" Taispeánadh an uirlis dúnmharaithe don chúirt, miodóg fhuilteach a bhí i mála plaisteach.
dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit murders being committed by agents of the State
" Luaigh sé teip d’aon turas taifid a choinneáil, díobháil cuntasachta, coinneáil siar faisnéise agus fianaise, síos fríd an réimse iomlán, dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit san áireamh.
dúnmharú murder
" Ciontaíodh an cúigear acu as dúnmharú Kieran Keane, ar cheannasaí droinge coiriúla é, ag tús na bliana 2005 agus gearradh príosúnacht saoil mar phianbhreith orthu.
ar shonraí na trialach agus an dúnmharaithe seo, on the trial and murder details,
" Is cinnte go mbeadh cuimhne cheomhar ag roinnt daoine ar shonraí na trialach agus an dúnmharaithe seo, ach is beag duine a mbeadh cuimhne aige ar mhionsonraí na trialach.
láthair an dúnmharaithe the site of the murder
" Tá droch-chlú ar láthair an dúnmharaithe i Cherry Lane mar bhall dubh timpiste ó shin i leith.
na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa the Jews who were murdered in the camp
" I mbeairic eile tá cás miotail ina bhfuil na mílte bróg ar leis na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa iad.
den chos ar bolg agus den dúnmharú of the oppression and murder
" Dar leisean gur siombail í bratach Iosrael den chos ar bolg agus den dúnmharú atá ar siúl faoi láthair, iompar a shamhlódh roinnt daoine leis an íde a d’imigh ar na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda.
dúnmharú murder
" An tseachtain a fuair Rhys bás, ciontaíodh ceathrar ón Croxteth Crew as dúnmharú Liam Smith - iarchara dá chuid, Liam Duffy, ina measc.
an dúnmharú the murder
" Ach ba é ab iontaí faoin eachtra ná gur cháin Gerry Adams agus Martin McGuinness an dúnmharú agus gur iarr siad ar dhaoine cuidiú a thabhairt don PSNI agus iad ag fiosrú na coire.
a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú who I reported on their murder
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
dúnmharú murder
" D’fhág dúnmharú Paul Quinn smál ar an dul chun cinn ó thuaidh fosta.
ar dhúnmharaithe, on murders,
" Sin é, *rap-*cheol a dhéanann ceiliúradh ar striapachas agus ar éigniú, ar dhrugaí, ar dhronga sráide, ar dhúnmharaithe, ar dhroch-chaint agus ar fhuath do na póilíní.
a bhfuil amhráin iontacha á ndúnmharú acu. who are murdering wonderful songs
" Smaoiním air seo i gcónaí agus mé ag breathnú ar “X-Factor”, ag éisteacht le daoine óga a bhfuil amhráin iontacha á ndúnmharú acu.
fhuadaigh agus dhúnmharaigh kidnapped and murdered
" D’fhuadaigh agus dhúnmharaigh antoiscigh Phalaistíneacha aon duine déag ó fhoireann Iosrael le linn na gcluichí a bhí ar siúl in München sa bhliain 1972.
dhúnmharú murder
" Bhí Zhvania i gcoinne phríobháidiú phríomhphíblíne gháis na tíre, agus síltear gurbh é seo ba chúis lena dhúnmharú.
dhúnmharú murder
" Tá a athair sa phríosún i ngeall ar fhear a dhúnmharú agus ghoill agus goilleann sé sin go mór ar an Súilleabhánach.
dúnmharaíodh were murdered
" I Ruanda, bhí sé de chúram ar Ging 40,000 duine a dúnmharaíodh le linn an chinedhíothaithe ansin i 1994 a adhlacadh.
dúnmharaithe murdered
" I seomra 100 a bhí Sid Vicious agus a chailín Nancy Spungeon nuair, ar maidin an t-aonú lá déag de Dheireadh Fómhair 1978, a fuarthas Spungeon dúnmharaithe ar urlár an tseomra fholctha.
ndúnmharú murder
" Ciontaíodh Josef Fritzl an mhí seo caite, innealtóir as Amstetten na hOstaire, in éigniú, ciorrú coil, daoirse, agus i ndúnmharú.
dúnmharú bheirt murder of two
" Tá na scríbhneoirí graffiti i mbun aerasóil mar thoradh ar an cháineadh láidir a rinne Martin McGuinness ar na “micreaghrúpaí”, béarlagair Shinn Féin ar na heasaontóirí poblachtánacha atá freagrach as dúnmharú bheirt saighdiúirí Bhriotanacha i mbaile Aontroma agus as dúnmharú póilín i gCraigavon, Contae Ard Mhacha.
chan dúnmharú not murder
" "Gníomhartha cogaíochta", chan dúnmharú a bhí sa dá, bhuel, dúnmharú, dar le Richard.
dhúnmharaíonn murders
" Cé acu is measa mar pheacach - an té a dhúnmharaíonn chun a bheatha féin a choiméad, nó an té a dhúnmharaíonn ar aon chúis eile? Faoi stiúir shiúrálta an léiritheora Tomas Alfredson, cruthaítear domhan nach mbíonn aon rud riamh ann mar a shamhlaítear dúinn ar dtús é.
dúnmharú murder
" Bhíodh scéal grinn ag dul thart ag tús na dTrioblóidí, tráth a raibh leisce ar an RUC “dúnmharú seicteach” a chur síos ar dhúnmharaithe Caitliceach ag paraimíleataigh dílseachta.
dhúnmharú murder
" Chruinnigh na céadta Uígireach ar Chearnóg na nDaoine ar an lá sin, i lár Urumqi, chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhúnmharú beirt Uígireach i réigiún Guangdong san oirdheisceart.
ndúnmharú murder
" Gabhadh Saro-Wiwa féin in éineacht le grúpa dá chomhthírigh i 1994 is cuireadh ina leith go raibh lámh acu i ndúnmharú ceathrar taoiseach Ogoni a bhí in iomaíocht le Saro-Wiwa maidir le ceannaireacht an phobail.
dúnmharú murder
" Gabhadh Jean-Pierre Treiber, iarmhaor foraoise, sa bhliain 2004 agus cuireadh dúnmharú bheirt bhan óga ina leith.
dúnmharaíodh were murdered
" Ón gcéasadh a rinneadh ar dhaoine aonair a raibh an deachtóir in amhras orthu, go dtí an t-ionsaí gáis nimhe a rinneadh ar phobal Coirdíneach Halabja i 1988 inar dúnmharaíodh suas le 5000 duine ar an toirt, gan trácht ar an máchail a fágadh ar na mílte sna blianta i ndiaidh an ionsaithe.
dúnmharaíodh was murdered
" Ba chun donais a chuaigh cúrsaí i 1998 nuair a dúnmharaíodh an t-amhránaí clúiteach Lounès Matoub.
ndúnmharú murdered
" Tá siad á ndíshealbhú, á n-éigniú agus á ndúnmharú.
dúnmharú murder
" Ba é dúnmharú an scannánaí agus an chriticeora Theo van Gogh ag fear óg Maracach sa bhliain 2004 íosphointe tubaisteach an aighnis go dtí seo, ach inniu féin, ní féidir leat nuachtán a oscailt gan tuairiscí a léamh faoin teannas idir Mhuslamaigh agus an chuid eile den tsochaí.
dúnmharaíodh was murdered
" com ar an dráma puipéad seafóideach a láithrigh an cumann faoi dícheannadh Daniel Pearl, iriseoir Giúdach ó Mheiriceá a dúnmharaíodh sa Phacastáin i 2002.
dúnmharaithe murder
" Sceon, fuadar agus fiosrú dúnmharaithe.
dhúnmharaigh murdered
" Agus nuair a dhúnmharaigh cománlaigh Iosraelacha Furkan Dogan, saoránach naoi mbliana déag d’aois de chuid SAM, ar chabhlachán Gaza, shínigh sí litir d’Uachtarán Obama ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint arís.
dhúnmharaíonn gan taise murder in cold blood
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
dúnmharú mo gharmhac my grandson’s murder
" Nach aici atá na línte breátha scripte – *‘We got to do something about ‘J’’* – cód do ‘caithfidh tú dúnmharú mo gharmhac a eagrú dom’.
dúnmharaíodh was murdered
" Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le *‘What’s Another Year’;* inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.
dúnmharaíodh was murdered
" Rosa Luxemburg ========= Rinneadh an píosa, a bhain an duais, den chéad uair do dhánlann i mBerlin a bhí in aice leis an chanáil inar dúnmharaíodh an réabhlóideach Rosa Luxemburg i 1919 mar gheall ar a tuairimí polaitíochta.
dúnmharaithe féin murder itself
" Níl cúirt ar bith sa tír nach nglacfadh leis mar leithscéal i gcás dúnmharaithe féin, gan trácht ar leithscéal le dea-rúin a bhriseadh.
dúnmharú uafásach the terrible murder
" Is é Ervine ceannaire úr an *Progressive Unionist Party* (PUP), páirtí polaitíochta a bhfuil léargas aige ar smaointeoireacht an UVF (an bhfuil cuimhne agaibh ar an bhéarlagair amaideach sin?) Toghadh Ervine mar cheannaire ar an pháirtí i ndiaidh géarchéime a d'fháisc as dúnmharú uafásach Bobby Moffet ar Bhóthar na Seanchille i mí Bealtaine anuraidh.
dúnmharuithe murders
" Theith comhpháirtí Khodorkovsky sa choireacht, Leonid Nevzlin, go hIosrael sula bhfuarthas ciontach in absentia é as ordú dúnmharuithe polaiteoirí agus lucht gnó a chuir isteach ar phleananna leathnaithe Yukos.
éigníodh agus a maraíodh were raped and murdered
" "Bhí mé ag féile i Los Angeles an uair seo agus chonaic mé scannán dar teideal Roses in December, a d’inis scéal triúr bean rialta agus cailín tuata, Jean Donovan, a éigníodh agus a maraíodh in El Salvador.
maraíodh a pháirtí his partner was murdered
" Ar an drochuair, idir an dá linn, maraíodh a pháirtí agus feallmharaíodh é féin tamall ina dhiaidh sin.
dúnmharuithe murders
" "Muise," arsa bean tí béalscaoilte na bialainne a rabhamar ag ithe ann, agus í ag caint linn faoin chathair, "is deas an áit í go deimhin más féidir leat neamhaird a dhéanamh de na dúnmharuithe!" Ábhar machnaimh go cinnte agus muid ag siúl ar ais go dtí an t-óstán sa dorchadas.
dúnmharú murder
" Nuair a thug Rodford iarracht leasuithe a chur i bhfeidhm chuir sé olc ar na heochróirí agus maítear gur chuir siad féin mionsonraithe an gobharnóra i gcillín McConville, a bhfuil dúnmharú an Chonstábla Steven Carroll curtha ina leith.
dhúnmharfóirí murders
" Fir Óga Scoite ====== Fir óga, ciúine a bhí sa bheirt dhúnmharfóirí, fir a mhair ina ndomhan féin, scoite amach ón ngnáthshaol.
go fiú dúnmharú even murder
" Bíonn féimheacht, caillteanas an tí, foréigean teaghlaigh, meabhairghalar, féinmharú agus go fiú dúnmharú i measc na bhfadhbanna sóisialta a eascraíonn as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca sna hinnill.
dúnmharú murder
" Arís, níor cúisíodh póilín ar bith mar gheall ar an dúnmharú seo.
dúnmharú murder
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.