Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Náisiún Aontaithe The United Nations
" Tháinig fórsaí na Náisiún Aontaithe faoi cheannas na hAstráile i gcabhair ar na daoine.
Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe the United Nations report criticized
" Íocaíochtaí arda ======= Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe méid na suimeanna airgid atá á n-íoc de bharr cásanna clúmhillte sa stát seo.
Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe The United Nations Security Council
" Tá an tuairim ann freisin go mbaineann an seasamh faoi láthair le hainmniúchán na tíre seo ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
náisiúin nua-aimseartha modern nations
" Ach níl na náisiúin nua-aimseartha ann ach cúpla céad bliain, mar sin níl ciall ar bith le scéal na Clochaoise a inse taobh istigh de theorainneacha náisiúnta, nó scéal na gCeilteach ach oiread.
i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in the United Nations Security Council
" Ní mór dúinn a bheith in ann teacht ar an eolas chun cinntí an Rialtais a scrúdú go mion, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa daonlathas seo a mbíonn muid chomh bródúil as agus muid ag seanmóireacht faoin Iaráic i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
údarás na Náisiún Aontaithe authority of the United Nations
" B'fhéidir gurbh é an rud ba mhó a chuir iontas ar dhaoine ná go raibh formhór na sluaite a bhí ag máirseáil i gcoinne na cogaíochta, cuma an raibh údarás na Náisiún Aontaithe ag baint leis nó nach raibh.
Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt United Nations Conference on Trade and Development
" Mar a léirítear i dtuarascáil 2002 Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt, ceann de na fadhbanna a bhaineann le tráchtáil leictreonach a chothú ná go bhfuil sé deacair airgead a bhailiú ó chustaiméirí chun íoc as na hearraí agus as na seirbhísí atá á soláthar.
rúin na Náisiún Aontaithe the United Nations' motions
" Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach.
Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe the United Security Council
" Íorónta go leor, rinneadh iarracht taipéis a léirigh macasamhail "Guernica", saothar cumhachtach Pablo Picasso, a chur i bhfolach in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar na mallaibh nuair a bhí toscaire an Tí Bháin, Colin Powell, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic.
gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe United Nations Security Council
" Níor tugadh aon suntas do na tuairimí ó na céadta dlíodóir san Astráil agus i gcéin a bhfuil taithí acu ar dhlí idirnáisiúnta a dúirt a mhalairt ar fad - go mbeadh an t-ionsaí mídhleathach mura mbeadh vóta i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (NA) ag tacú leis.
toscairí idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe international delegates of the UN
" Shuigh 350 dalta as scoileanna éagsúla sa Nua-Eabhrac sna cathaoireacha a bhíonn in úsáid ag toscairí idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe chun an scéal a phlé.
an náisiún is raimhre the fattest nation
" Cé gurb é Meiriceá "an náisiún is raimhre ar domhan" go fóill, tá na coinníollacha céanna is cúis le Meiriceánaigh a bheith chomh ramhar sin ag teacht chun cinn in Éirinn sa ré seo tar éis an Tíogair Cheiltigh.
i náisiún inimirceach in a nation of immigrants
" Rinne sé tagairt don mhéid a bhí le rá ag Ted Kennedy le déanaí, nuair a cuireadh in iúl dó go raibh an Poblachtánach Arnold Schwarzenegger díreach tofa mar ghobharnóir ar Chalifornia: "Léiríonn toghadh Arnold go bhfuil muid ag maireachtáil go cinnte i náisiún inimirceach.
na Náisiúin Aontaithe the United Nations
" Dúirt rialtas nua na Spáinne go dtabharfar a gcuid saighdiúirí siúd abhaile i mí Iúil mura bhfuil na Náisiúin Aontaithe i gceannas.
náisiún oileáin island nation
" “Is náisiún oileáin muid agus tá baint ag a lán teaghlach leis an fharraige, go speisialta i gcás phobail an chósta.
breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe United Nations observers
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
leas an náisiúin the good of the nation
" Ach téann sé dian orthu go léir an t-idirdhealú a dhéanamh idir leas an náisiúin, leas an rialtais agus leas an pháirtí, gan trácht ar leas pearsanta an cheannaire féinig.
ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad that stand for the United Nations
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
dála an náisiúin féin like the nation itself
" Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.
i bhfás agus i bhforbairt an náisiúin Éireannaigh in the growth and development of the Irish nation
" Bhí caint nach dtarlaíonn go minic ar eachtraí staire a raibh baint acu le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus b’fhéidir gur fhoghlaim cuid d’aos óg na tíre beagán faoina stair agus faoi ról CLG i bhfás agus i bhforbairt an náisiúin Éireannaigh le céad fiche éigin bliain anuas.
thar na Náisiúin Aontaithe past the United Nations
" Níl cead agat rothaíocht thar na Náisiúin Aontaithe ar an rian rothar a thuilleadh, ach is féidir leat sráideanna na cathrach a úsáid.
chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú. to found an independent federated nation
" Cuireadh feachtas ar bun le cur ina luí ar dhaoine sna coilíneachtaí éagsúla gur ghá dóibh teacht le chéile chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú.
i gComórtas na Sé Náisiún. in the Six Nations
" Bheinn ag súil go mbuafaidh na hÉireannaigh agus iad ag imirt i gcoinne na nIodálach, agus b’fhéidir i gcoinne na hAlban, i gComórtas na Sé Náisiún.
tá ag éirí linn mar náisiún, we are succeeding as a nation
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
aird an náisiúin attention of the nation
" Ar an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá go raibh aird an náisiúin dírithe ar an gcéad seisiún i dTeach na nIonadaithe.
na Náisiúin Aontaithe the United Nations
" Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), *rapporteur* leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
Náisiúin Aontaithe United Nations
" “*The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!”* dar le Boutros Boutros-Ghali, a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ag an am.
dílis dá náisiún loyal to its nation
" Tá gach pobal Eorpach dílis dá náisiún agus dá stát féin.
ar chisteoir na Náisiún Aontaithe é who was the UN's treasurer
" Nuair nach raibh ann ach fear óg ocht mbliana déag d’aois, cuireadh Strong in aithne do Noah Monod, ar chisteoir na Náisiún Aontaithe é, agus fuair sé a chéad phost leis an eagras sin.
údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe. authorised by the United Nations
" Chomh maith le sin, bhí an freasúra, Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, glan in aghaidh an ionraidh de bharr nach raibh sé údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe.
Prótacal na Náisiún Aontaithe Protocal of the United Nations
" Ghlac an Astráil le 12,000 teifeach gach bliain sa tréimhse sin; rinne siad amhlaidh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
Náisiúin Aontaithe United Nations
" Sa bhliain 1990, mar shampla, ceapadh í mar stiúrthóir ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin sa Ghinéiv – an chéad bhean riamh ar tugadh an onóir sin di – agus tá obair déanta aici leis na Náisiúin Aontaithe chun feasacht a chruthú i leith iarmhairtí na tubaiste in Searnóbail.
Chomórtas Sé Náisiúin The Six Nations Cup
" Bhain na cailíní an cheathrú áit sa ‘Chomórtas Sé Náisiúin’ amach anuraidh.
Náisiún Aontaithe UN
" Cuireadh an t-oileán ar liosta Oidhreacht Dhomhanda na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1997 “*on the basis of its outstanding natural universal values*”.
Náisiúin Aontaithe UN
" Bhí dúnghaois ag a pháirtí in éadan úráiniam a onnmhairiú chuig aon tír eile nár ghlac leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach de chuid na Náisiúin Aontaithe.
Náisiún Aontaithe UN
" Bhí sé ina bhall de mhóriarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.
Náisiún Aontaithe UN
" Dúirt Hans Köchler, breathnóir na Náisiún Aontaithe le linn na trialach, gur “spectacular miscarriage of justice” a bhí ann.
Náisiún Aontaithe UN
" B’éigean do Chomhairle Shlándála de chuid na Náisiún Aontaithe misean tacaíochta a chur chun an oileáin.
Náisiún Aontaithe UN
" html ) Ina aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar an 24ú Meán Fómhair, mhaígh Benjamin Netanyahu go raibh ’an tsibhialtacht in aghaidh an bharbarachais’ sa choimhlint idir Iosrael agus an Iaráin.
Náisiún Aontaithe UN
" Dar le saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, is féidir go dtagann dlí Arizona salach ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chaitheamh dhaonnachtúil atá mar bhunchlocha chonarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine.
Náisiúin Aontaithe UN
" Cuireann sé na prionsabail seo i gcomhthéacs a chúram úr mar Thoscaire na Náisiúin Aontaithe san Mheánoirthear.
Náisiúin Aontaithe UN
" Faomhadh a misean ar bhonn dépháirteach de bharr go raibh beannacht na Náisiúin Aontaithe air.
Náisiún Aontaithe UN
" Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
Náisiún Aontaithe UN
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
staid an náisiúin the state of the nation
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
Náisiúin Aontaithe UN
" ** CL: Bhí m’áthar ag obair do na Náisiúin Aontaithe, don Fhoras Bia agus Talmhaíochta.
Náisiúin Aontaithe UN
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
Náisiún Aontaithe UN
" Glacann an Astráil idir 12-14,000 dídeanaí gach bliain i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe, agus tagann sa bhreis ar 150,000 duine chun na tíre ar inimirce in aghaidh na bliana.
meán na náisiún tionsclaithe the industrial nations' average
" 2 faoin gcéad den olltáirgeacht intíre, i gcomórtas le meán na náisiún tionsclaithe ar a dtugtar na tíortha G8, atá ag 80 faoin gcéad dá n-olltáirgeacht intíre.
faoin ár bhféiniúlacht mar náisiún a fhorbairt about developing our identity as a nation
" Tugann an folús sin deis dúinn smaointe nua faoin ár bhféiniúlacht mar náisiún a fhorbairt.
Náisiún Aontaithe UN
" Bhí an t-iar-Uachtarán, iar-Choimisinéir um Chearta Daonna de chuid na Náisiún Aontaithe, in Ard Mhacha ar cuireadh ón *Centre for Cross Border Studies* le caint dar teideal *‘Memory, from loaded word to moral imperative’* a thabhairt.
Náisiúin Aonthaithe UN
" Mar thaca leis na Náisiúin Aonthaithe a chuadar ann.
Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe the General Assembly of the UN
" Ghlac Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna le stádas taidhleoireachta a thabhairt don Phalaistín, céim ab ionann is breith stáit, sna tailte a bhí fanta fós acu fán bhliain 1967.
hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe General Secretary of the UN
" ’ I measc na ndaoine eile a mealladh le haithris a dhéanamh ar *Gangnam Style*, bhi Príomh-Aire na Breataine, David Camshrón, Boris Johnson, Ard-Mhéara Londain, Madonna – banríon an phopcheoil í féin chomh maith le hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Ban Ki-Moon a dúirt go raibh an t-amhrán chomh bríomhar sin go dtiocfadh leis an domhan a spreagadh chun síochána.
na Náisiún Aontaithe of the UN
" Ba é seo ceann des na leabhair ba thábhachtaí dar scríobhadh mar gheall ar ionracas agus mhacántacht na Náisiún Aontaithe ón am ar cruthaíodh an eagraíocht sin i San Francisco tar éis an Dara Chogaidh Domhanda.
gur bhagair na Náisiún Aontaithe that the UN threatened
" ”* Ba léir do Chruise O’Brien gur bhagair na Náisiún Aontaithe go n-úsáidfí foréigean in Katanga dá mba ghá chun deireadh a chur leis an éirí amach ann agus chun ionracas fisiciúil Phoblacht an Chongó a athbhunú.
muintir an Chéid Náisiúin First Nation People
" Níor thóg sé i bhfad ar na Dúchasaigh, a chuimsíonn muintir an Chéid Náisiúin, na hIonúitigh agus na Métis (nó Galldúchasaigh), a gcuid míshástachta a léiriú agus bunaíodh “*Idle No More*” dá bharr.
Náisiún Aontaithe UN
" Is cosúil gur mhaith a thuig sí in imeacht ama nach dtiocfadh léi féin, ná le dream ardghradaim dá gcumasaí de chuid na Náisiún Aontaithe, cor a chur in iompar lucht idirnáisiúnta na tráchtála.
go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe particularly within the UN
" Iarrachtaí Idirnáisiúnta chun Cúrsaí Imirce is Forbartha a Chomhordú ======================= Mar thoradh ar iarrachtaí ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe, eagraíodh an chéad Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA i 2006 d’fhonn gnéithe ilchineálacha den imirce is an fhorbairt a chíoradh.
níor náisiún go stair without a history a nation doesn’t exist
" B’shin í an tuiscint chomhaimseartha Eorpach; níor náisiún go stair, is níor stair go stair scríofa.
Náisiúin Aontaithe UN
" Go tapa, fiú, agus beag beann ar na Náisiúin Aontaithe! Thosaigh Meiriceá ag lorg comhghuaillithe láithreach a thabharfadh tacaíocht d'fheachtas buamála ar rialtas an tSiria, díreach mar a rinne ECAT sa tSeirbia i 1999.
Náisiún Aontaithe UN
" Dearcadh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe ============================ I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach in Aibreán scrúdaíodh bainistiú teorainneacha seachtracha an AE agus an aird a thugtar ar chearta daonna inimirceach mar chuid den bhainistiú seo.
Náisiún Aontaithe UN
" I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach níos luaithe i mbliana, cáineadh an borradh a bhí tagtha faoin gcoinneáil mar uirlis i mbainistiú na hinimirce san Aontas Eorpach cé nach bhfuil aon fhianaise go ndéanann an choinneáil a n-uchtach a bhaint de na daoine a dteastaíonn uathu triall ar an Eoraip.
stíl bhratacha na náisiúin the national flags style
" Tá líne dhaite de bhróga agus t-léinte don samhradh á thairg ag Seán Ó Corráin i stíl bhratacha na náisiúin a bheas páirteach sa chomórtas sacair a thiteann amach gach ceithre bhliain.
faoi choimirce na Náisiún Aontaithe under the auspices of the United Nations
" Áit a mbíodh iomrá le misin na saighdiúirí Ceanadacha faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, tá sé ag dul i gcion ar phobal Cheanada de réir a chéile go bhfuil athrú suntasach ar ról a airm, a scríobhann Pádraig Ó Siadhail i Halifax na hAlban Nua.
le heagrais mar na Náisiúin Aontaithe with organisations such as the UN
" Is comhshaolaí mór le rá é Maurice Strong a bhfuil na blianta fada caite aige ag obair ar bhonn comhairliúcháin le heagrais mar na Náisiúin Aontaithe.
Náisiúin Aontaithe UN
" Tá Alan Desmond den bharúil go mb’fhéidir go bhfeicfimid roinnt na córach i réimsí na himirce faoi dheireadh má éiríonn le cruinniú áirithe sna Náisiúin Aontaithe an mhí seo chugainn (DF).