Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamhchiontacha innocent
" Ag bualadh daoine neamhchiontacha agus ag cumadh ráiteas agus fianaise bréige b'fhéidir? Míshuaimhneach ======= Tá a lán Moslamach a rá go mothaíonn siad míshuaimhneach ag dul amach ag siopadóireacht agus mar sin de.
neamhchiontach not guilty
" I Samhain 1999 fuarthas Hugh Byrne neamhchiontach.
neamhchiontach not guilty
" Tá sé ag pleadáil neamhchiontach.
fuarthas neamhchiontach iad they were found not guilty
" Níos mó ná leath acu siúd a ciontaíodh sna trialacha seo, fuarthas neamhchiontach iad nuair a rinneadar athchomharc.
neamhchiontach not guilty
" B'éigean do ghaolta na marbh ionchúiseamh príobháideach a thogáil in aghaidh na bpóilíní ach fuarthas an Ceannfort Bernard Murray neamhchiontach agus ní raibh an giúiré ábalta breith a thabhairt i gcás an Cheannfoirt David Duckenfield.
neamhchiontach not guilty
" Ar deireadh, thaobhaigh an giúré leis an bheirt fhear agus fuarthas neamhchiontach iad as an dúnmharú.
neamhchiontach innocent
" Agus, má tá na Críostaithe coimeádacha seo chomh meáite sin ar an bheatha a chosaint, ar chostas ar bith, cén fáth mar sin a bhfuil an tromlach acu i bhfábhar cearta úinéireachta gunnaí? Agus, má tá an bheatha dhaonna chomh luachmhar sin, cén fáth a bhfuil lucht leanúna Bush – a rinne iarracht chomh mór sin Terri Schiavo a choinneáil beo – tar éis tacú le cogadh agus le hionradh inar maraíodh na mílte Iarácach neamhchiontach? Léiríonn seasamh seo na gCríostaithe coimeádacha i Meiriceá an mearbhall atá ar chuid acu maidir le ceisteanna a bhaineann leis an cheart chun marthana agus an fhimínteacht a bhaineann le cuid eile acu.
neamhchiontach innocent
" Ach bhain an tAire McDowell mí-úsáid as a phost agus thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo - go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
neamhchiontach innocent
" Go deimhin, thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo – go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
daoine neamhchiontacha innocent people
" ” An fiú an braon fola in Éirinn nó in áit ar bith eile, má chiallaíonn an abairt sin go ligeann tú do bhrathadóirí daoine neamhchiontacha a mharú? Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.
neamhchiontach innocent
" Go dtí seo, bhí polasaí oifigiúil amháin ag Meiriceá: pé rud a rinne tú, nó pé cúis a cuireadh i do leith, gheofá dlíodóir agus chaithfí go daonnachtúil leat ar an mbonn go raibh tú neamhchiontach go dtí go dtabharfadh breitheamh cinneadh i do leith.
neamhchiontach innocent, not guilty
" Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh sé neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.
neamhchiontach innocent
" Nach aisteach nár thug na tuairiscí nuachta le fios go raibh na sluaite ag ceiliúradh mar chreid siad go raibh al Megrahi neamhchiontach? (Cuimhnigh an gliondar a chuir fuascailt Seisear Birmingham agus Ceathrar Guildford as príosúin na Breataine ar mhuintir na hÉireann blianta ó shin.
neamhchiontach innocent
" Más féidir Troy Davis a chur chun báis ar fhocal beirt choirpeach, cad chuige nárbh fhéidir le dream ar bith fianaise bhréagach a thabhairt i dtaobh dhúnmharuithe agus agairt an bháis a tharraingt ar dhuine neamhchiontach? Agus seo ar aigne acu, rinne Amnesty International, An Pápa Benedict XVI, an t-iar-Uachtarán Jimmy Carter, an tArdeaspag Desmond Tutu, agus go leor eile, iarrachtaí idirghabháil a dhéanamh thar ceann Davis.
neamhchiontach innocent
" Chaith cuid acu t-léinte leis an mana, ‘Tá an diongó neamhchiontach’ orthu.
neamhchiontach innocent
" Fear ab ea é Fuller a d’fhan dílis dá fhréamhacha Éireannacha i gcónaí agus chreid sé go daingean go raibh Murphy neamhchiontach.
neamhchiontach no guilty
" Thug sé gadaí agus bréagadóir air agus níorbh aon ionadh é nuair a fuarthas Stokes neamhchiontach.
a léirigh go raibh na fir neamhchiontach which showed that the men were innocent
" Níos measa fós, sceith Ian Cunliffe, iarfheidhmeannach i Roinn an Phríomh-Aire in Canberra, an rún go raibh faisnéis ag seirbhís rúnda na hAstráile a léirigh go raibh na fir neamhchiontach, ach gur coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint.
Neamhchiontach not guilty
" Ar an 13ú Iúil tháinig an coiste ar ais leis an mbreithiúnas: Neamhchiontach.
Neamhchiontach innocent
" Nach sílfeá go dtuigfeadh An Slua Muirí go dtiocfadh le <ainm ag an eagarthóir> cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara carthanach comhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
céatadán neamhchiontach a percentage of innocent people
" Maraítear céatadán neamhchiontach chomh maith leis an dream ciontach i rith an ama.