Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neirbhíseach nervous
" Is bean láidir chainteach í, ach nuair a théann muid go dtí áit ina bhfuil cuid mhór Protastúnach, éiríonn sí ciúin neirbhíseach.
go neirbhíseach nervously
" Cinnte, is duine í a bhfuil an-ádh tar éis a bheith uirthi ina saol, cé go mbeadh drogall uirthi é sin a rá os ard gan a lámh a leagan ar an mbord adhmaid go neirbhíseach! An cheist dheireanach a bhí agam di ná cén chaoi ar theastaigh uaithi go gcuimhneofaí uirthi.
neirbhíseach nervous
" "Sa chuid seo den tír, is drochrud a bheith polaitiúil agus tá daoine neirbhíseach faoin pholaitíocht sa teanga nó san fhilíocht, ach bhí filíocht na Gaeilge i gcónaí polaitiúil - i gcónaí ag plé leis an pholaitíocht, leis an chóras sóisialta, agus bhí ról lárnach ag na seanfhilí i saol an phobail agus iad ag plé le ceisteanna a linne.
neirbhíseach nervous
" Bhí mé neirbhíseach faoi dhul go háit nua, agus bhí mé buartha freisin nach dtuigfí mo chuid Gaeilge, a d'fhoghlaim mé i dtuaisceart na hÉireann.
an-neirbhíseach very nervous
" Bhí mé an-neirbhíseach ar dtús nuair a thosaigh mé ar an obair shealadach arís.
neirbhíseach nervous
" Fiú amháin inniu, is iomaí Éireannach atá ag obair i Meiriceá go himníoch, iad neirbhíseach faoi shúil ghéar na Seirbhísí Inimirce.
go neirbhíseach nervously
" Nuair a bhuail mé le hAnna Heussaff ina teach cónaithe sócúlach ar an Chuarbhóthar Theas ag deireadh na míosa seo caite bhí sí ag fanacht go neirbhíseach leis na chéad chóipeanna dá húrscéal, *Bás Tobann*, a theacht ó na clódóirí.
an-neirbhíseach very nervous
" Ag scríobh dó sa *Financial Times*, dúirt an t-iriseoir Martin Wolf gur chóir dúinn a bheith an-neirbhíseach faoin éiginnteacht pholaitiúil sa Meán-Oirthear.
neirbhíseach agus imníoch nervous and worried
" Ní dóigh liom go bhfuilimse ag déanamh aon dochar don traidisiún, sin é an príomhrud, agus fhad is nach bhfuil aon dochar á dhéanamh agam, táim ana-shásta!” Tá sí breá sásta leis na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar an albam go dtí seo ach an raibh sí neirbhíseach agus imníoch faoin mhéid a déarfadh na criticeoirí? “Ní rabhas riamh neirbhíseach ag léamh léirmheasanna agus mé le Danú, mar tá an oiread sin muiníne agam as an ngrúpa.
ábhairín neirbhíseach a little bit nervous
" Leis an dlúthdhiosca nua, bhíos ábhairín neirbhíseach ach, buíochas le Dia, ní bhfuaras drochléirmheas fós.
neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil nervous about what will be contained in the report
" Is léir go bhfuil Rialtas na Breataine neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil.
neirbhíseach ag gabháil tharstu. A little nervous passing them.
" Beagán neirbhíseach ag gabháil tharstu.
neirbhíseach nervous
" Bíonn stiúrthóirí neirbhíseach ag na hócáidí seo, ach tógáil croí a bhí ann domsa agus chuir sé tús le cineál momentum.
neirbhíseach nervous
" ” An raibh sí neirbhíseach nuair a tháinig (an oíche mhór)(http://youtube.
neirbhíseach. nervous
" Bhí mé chun agallamh a chur ar bhean faoi ábhar goilliúnach agus bhí sí neirbhíseach.
neirbhíseach, nervous
" Bhíos neirbhíseach, óir níor sheinneas aon ní de mo chuid féin d’aon duine mar é riamh roimhe sin.