Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
niamhrach shining
" Déan dearmad d'áilleacht thránna geala Mhuir Chairib agus samhlaigh tú féin ag siúl ar ghaineamh niamhrach dubh faoi theas na gréine, cúr bán na farraige dorcha gorm do do mhuirniú go séimh, na carraigeacha in aice láimhe, plandaí agus bláthanna glasa, corcarghorma agus buí ag fás orthu.
niamhrach shining, glowing
" Uaireanta, bíonn sé deacair súil a choiméad ar an teorainn, go háirithe faoi ghrian niamhrach na Méanmhara ag an am seo den bhliain, ach ní gearánta dom.
niamhracha bright
" Is minic ag an am seo den bhliain, agus muid traochta i ndiaidh rírá na Nollag, go mbíonn sé go deas éalú ó dhuairceas an gheimhridh agus briseadh beag a thógáil i gceann de mhórchathracha niamhracha na hEorpa.
a niamhraigh mo dhán who made resplendent my poem
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha … Gluais • Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d’fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
niamhrach resplendent
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
niamhrach radiant
" I mbrollach an scannáin feictear an bheirt acu, i ndubh agus bán niamhrach rómánsúil, ins an lonnú lionsa is moille dá bhfaca tú riamh, i mbun suirí réalaíoch ar urlár an tí.
niamhracha sparkling
" Ba mhór an mhaise ar Halla an Bhaile an crann Nollag maorga agus na soilse niamhracha taobh amuigh, ach ba dheise fós an taobh istigh leis an staighre marmair agus na coinnleoirí craobhacha agus na pictiúir a bhí ar crochadh ar na ballaí.
niamhrach bright
" Agus nuair a rinneadh amhlaidh, tháinig táin le chéile nach bhfacthas riamh a leithéid cruinnithe ar mhachairí méithe Mhaigh Eo, iad in arm agus in éide, idir chlaíomh agus each, a gcuid léinte gorma féin ag bogadh go bog sa leoithne mar bhúnna muc na coille craobhaí, a gcuid baithisí agus a gcuid súl tais ag glioscarnaigh faoi sholas niamhrach ghrian an tsamhraidh.
niamhrach shinning
" Tá feasóg agus gruaig chatach niamhrach ar an dealbh agus súile déanta as eabhar agus adharc dhubh atá ábalta bogadh ina chloigeann! Níl an dealbh seo cruthaithe ar bhonn réalaíoch ach cuireann sé in iúl tréithe tarchéimnitheacha an naoimh.
solas niamhrach resplendent light
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
chloigeann niamhrach an Taoisigh the T.’s shinning head
" Agus gheal an lá thart ar chloigeann niamhrach an Taoisigh.
raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar there was a mysterious, shinning, celestial appearance
" Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.