Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cruinniú nirt growing in strength
" Tá an cogadh ann leis, tá deireadh le sos cogaidh an UDA/UFF, tá easaontóirí poblachtánacha ag cruinniú nirt, tá coimhlint dhian idir Ombudswoman na bPóilíní agus an Phríomh-Chonstábla, agus tá tuirse ar achan duine.
ag bailiú nirt gathering strength
" Is léir go bhfuil feachtas de Róiste féin ag bailiú nirt go tapa.
i bhfad an iomarca nirt excessive force
" Baineadh úsáid as an chleas céanna seo, is é sin ag cur stop leis an trácht, le linn agóidí frithchogaidh a bhí ar siúl i San Francisco le déanaí fosta; gabhadh na mílte mar gheall orthu agus cuireadh i leith na bpóilíní gur úsáid siad i bhfad an iomarca nirt.
ag bailiú nirt gathering strength
" Thosaigh an scéal seo ag bailiú nirt trí bliana ó shin, ag Cruinniú Mullaigh na Mílaoise a d'eagraigh na Náisiúin Aontaithe.
ag cailleadh nirt losing strength
" Gach lá da dtéid thart, is léir go bhfuil "an t-aontachas sibhialta" ag cailleadh nirt.
ag bailiú nirt gathering strength
" I mbliana, áfach, tá dlús curtha leis an bhfeachtas mar gheall ar ghluaiseacht na síochána, gluaiseacht atá ag bailiú nirt in aghaidh an lae in ainneoin neamhshuim na mórmheán cumarsáide thall.
mar thaispeántas nirt as a show of strength
" "* Chuir Richard White, tiarna talún áitiúil, eolas faoin chabhlach chuig an Ghinearál Dalrymple agus Arm Shasana i gCathair Chorcaí agus d'eagraigh sé cúpla céad mílíste áitiúil mar thaispeántas nirt ar an trá.
ag cruinniú nirt gathering strength
" Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge! Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
ag cothú nirt istigh iontu féin. maintaining strength inside themselves.
" D’fhan siad ciúin, ag cothú nirt istigh iontu féin.
ag bailiú nirt gathering strength
" Thosaigh an feachtas ag bailiú nirt nuair a léirigh pobalbhreitheanna go raibh an tUasal Rudd ag dul i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hAstráile.
má bhíonn do dhóthain nirt agat if you are strong enough
" Ach d’fhoghlaim mé nach mbíonn sé riachtanach post a bheith agat i rith an tsamhraidh má bhíonn do dhóthain nirt agat chun tú féin a choinneáil amach ón tolg.
ag bailiú nirt getting stronger
" Thosaigh an feachtas ina aghaidh ag bailiú nirt de bharr thorthaí na foirne i gComórtas na Sé Náisiún.
ag bailiú nirt growing stronger
" É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil an príomhghrúpa atá i mbun feachtais ar son na poblachta, Australian Republican Movement (ARM), ag bailiú nirt faoi láthair.
nirt of strength
" An tAiséirí Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta.
léiriú nirt a show of strength
" I mí Aibreáin, maíodh gur thug baill den PSNI cead a gcinn do scaifte dílseoirí san ionsaí inar maraíodh Kevin McDaid i gCuil Raithin; i mí Iúil, lig an PSNI do 200 dílseoir siúl thart i gceantar Protastúnach i nDoire i léiriú nirt.
cruinniú nirt gathering strength
" An Seanscéal Ach tá na heasaontóirí ar ais agus iad ag cruinniú nirt, is cosúil.
ag bailiú nirt gaining strength
" Bíodh is go bhfuil an feachtas i bhfabhar phósadh comhghnéis ag bailiú nirt i bPáirtí an Lucht Oibre, níltear ag súil go mbeidh an tacú cuí ann ag an gcomhdháil náisiúnta i mbliana le dúnghaois i bhfabhar an pósadh comhghnéis a ghlacadh.
ag cailleadh nirt loosing strength
" Ach ní raibh mórán ag tarlú sa saol poiblí, agus diaidh ar ndiaidh, thosaigh an teanga ag cailleadh nirt.
ag bailiú nirt gaining strength
" leis an bpolaitíocht ag bailiú nirt ó thoghchán go toghchán, go dtí gur toghadh é an chéad uair don Dáil sa bhliain 1981 le 6,226 vóta.
ag bailiú nirt gaining momentum
" Ag an am ar thosaigh sí in Ollscoil na Banríona, ag déanamh staidéir ar an Léinn Ceilteach, bhí Gluaiseacht na gCeart Sibhialta ag bailiú nirt.
Is gné nirt é an greann humour is an aspect of strength
" Is gné nirt é an greann, tá súil agam, agus ní dócha gur chóir peaca na cladhaireachta a líomhain i gcoinne an Éireannaigh sa chás seo.
taispeántas nirt a léirigh siad they exhibited a show of strength
" Chonaic muid a mhacasamhail le Nelson McCausland agus le Nigel Dodds an tseachtain seo caite ag tabhairt tacaíochta do lucht bhriste an dlí, agus don taispeántas nirt a léirigh siad.
ag malartú nirt léi swapping strength with it
" Bhailigh stoirm mhór fhuar i dtuaisceart an Atlantaigh agus thosaigh Spéirling Sandy, a bhí ag bogadh ó thuaidh ina treo, ag malartú nirt léi.
sleamhnán lonn-nirt a power-point slide
" Chroch Seosamh Mac Donncha sleamhnán lonn-nirt a raibh an méid seo a leanas air: Má thógann tú do pháiste le Gaeilge sa Ghaeltacht, tá tú ag tabhairt míbhuntáiste dó/di sa saol, mar ní bheidh sé/sí: 1.
nár ghoill an easpa nirt the loss of power (in his legs) didn’t bother him
" Ba léir nár ghoill an easpa nirt sna cosa air, dubh, bán ná riabhach.
ag bailiú nirt gaining strength
" com/tracks/123675191&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Tá an feachtas le pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach san Astráil ag bailiú nirt le tamall anuas.
ag bailiú nirt getting stronger
" Tá feachtais éagsúla i gcoinne an Uachtaráin Bush agus na gcorparáidí móra ag bailiú nirt sna Stáit Aontaithe, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.