Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á nochtadh féin showing themselves
" Char maith do bhabhdáin ar bith a bheith á nochtadh féin anocht.
a nochtadh unveil
" Tá nia na Kings ina bhall d'ár gcraobh anseo i Learpholl sa lá atá inniu ann, agus beidh sé i láthair nuair a dhéanfaidh muid an leacht cuimhneacháin a nochtadh an bhliain seo chugainn.
á nochtadh féin exposing himself
" Tá cartúin pholaitiúla curtha i gcló a thaispeánann "Father O'Malley", é á nochtadh féin dá phobal, é ar crith agus cuma fhiáin ina chuid súl, agus ceann eile a thaispeánann sagart sa tóir ar chléirigh altóra, díreach mar a bheadh fostóir drúisiúil ag rith i ndiaidh a rúnaí dhathúil.
ag nochtadh leachta unveiling a monument
" Beidh muid ag nochtadh leachta ar a trí a chlog ar an 29 Meitheamh i bhFrongoch sa Bhreatain Bheag, áit a raibh 1,800 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.
a nochtadh to reveal
" Ach bhí córas dian cinsireachta i bhfeidhm, a chuir cosc ar dhaoine na réaltachtaí míthaitneamhacha i saol na hIaráine a nochtadh.
á nochtadh being revealed
" " Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.
a nochtadh ina n-iomláine dúinn to reveal them in their entirety to us
" Tá an dlí á cur ag Éirinn ar an mBreatain faoi Choinbhinsiún OSPAR toisc nach bhfuil rialtas na Breataine sásta dhá thuarascáil speisialta faoin monarcha MOX ag Sellafield a nochtadh ina n-iomláine dúinn.
a nochtadh which were revealed
" Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002.
a nochtadh to unveil
" Bhí suim mhór ag muintir na háite sa scéal, go mór mór na hÉireannaigh agus na sóisialaithe, agus bhí mé féin ar an pharáid a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun leacht cuimhneacháin a nochtadh.
á nochtadh go neamhbhalbh being expressed forthrightly
" Ba iad an dís seo a scríobh "A Cold House", agus den chéad uair in iarthar Bhéal Feirste, b'fhéidir, beidh smaointe inmheánacha bhall den RUC á nochtadh go neamhbhalbh os comhair lucht féachana a bheidh chóir a bheith céad faoin chéad náisiúnach.
a nochtadh to reveal
" Bhí beagáinín eagla uirthi a tuairimí polaitiúla agus scéal a fir céile a nochtadh don phríomhoide, an Dr.
a nochtadh to reveal
" Nach deas an píosa oibre é! Ag an bpointe seo ní mór dom mo leas féin sa scéal seo a nochtadh.
ag nochtadh leacht cuimneacháin unveiling a memorial
" Tá Pádraig Ó Siadhail ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair agus beidh sé ag nochtadh leacht cuimneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus an réabhlóidí seo i Learpholl in 1881, mar ócáid eile san fhéile in 2004.
á nochtadh féin showing itself
" " Tá torthaí a saothar anois á nochtadh féin do Bhríd, Eileen agus Pierce.
ár dtuairim féin a nochtadh to express our own opinion
" Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar "Sportscall"!) "Fadhbanna" Manchester United ======= Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt faoi chaibidil acu.
nochtadh leachta the unveiling of a memorial
" uk)) Ócáid Éireannach/Bhreatnach a bhí i nochtadh leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (*Beo!, *eagrán 14), áit a raibh 1,863 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.
chun an fhírinne a nochtadh to reveal the truth
" In ainneoin na ndeacrachtaí agus na mblianta atá imithe, tá an HJC ag leanúint ar aghaidh leis an fheachtas chun an fhírinne a nochtadh faoi Hillsborough agus ceart a fháil do na híospartaigh, idir bheo agus mharbh.
tuairimí a nochtadh to offer opinions
" I gcás na Gaeilge, mar sin, is é aidhm thionscadal na Gluaise Pobail ná an téarmaíocht seo a roinnt le pobal na Gaeilge agus meán a sholáthar chun gur féidir leis an gcomhluadar sin tuairimí a nochtadh ar an téarmaíocht agus ar a húsáid.
a nochtadh to reveal
" Is é atá ar siúl aige a chuid tuairimí féin a nochtadh, a scrúdú, a spíonadh, a thaiscéaladh, a mhíniú.
a nochtadh to reveal
" D'úsáid ealaíontóirí mar Jackson Pollock an phéintéireacht mar uirlis chun a dtocht a ligean faoi chúrsaí an tsaoil; bhí siad beag beann ar ord ná ar eagar - níor theastaigh uathu ach an rud a bhí istigh ina gcroí a nochtadh.
a nochtadh to reveal
" Go dtí seo tá úsáid freisin á baint as dlíthe clúmhillte na Breataine agus as an Acht Oifigiúil Rúndachta le foireann Stephens a chosc ó gach a bhfuil ar eolas acu faoin bhfear seo agus gníomhartha barbartha eile an FRU a nochtadh go poiblí.
do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach to reveal your emotions privately
" AÓF: Dhá n-iarrfainn ort aon chúis amháin a lua a mhíníonn cén fáth go dtaitníonn amhráin leat, céard a déarfá? CÓCC: Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí ina bhfuil tú in ann do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach ar shlí amháin agus go poiblí ar shlí eile, agus maolaíonn sin an phian.
tuairimí a nochtadh to voice opinions
" Cé go mbeadh deacracht ag an Uachtarán reatha Máire Mhic Ghiolla Íosa tuairimí a nochtadh ar cheisteanna áirithe, níl aon dabht ach go mbeadh an díospóireacht a spreagfadh leithéidí Michael D.
ag nochtadh leacht cuimhneacháin unveiling a memorial
" Beidh an tOllamh Pádraig Ó Siadhail ó Ollscoil Mhuire Naofa, Alba Nua, Ceanada, ag nochtadh leacht cuimhneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus réabhlóidí Piaras Béaslaí i 1881.
a nochtadh to reveal
" Déanfaidh an saothar seo na hathruithe a tharlóidh sa chathair i rith 2005 a nochtadh agus beidh sé le feiceáil i lár na cathrach.
nochtadh a fhiacha the revealing of its debts
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
Nochtadh scéal ní ba mheasa fós an even worse story was revealed
" Nochtadh scéal ní ba mheasa fós ag deireadh na míosa seo caite nuair a rinne an clár “Primetime” ar RTÉ na coinníollacha a fhiosrú i dteach altranais Leas Cross i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
nochtadh go leor eolais nua a lot of new information was revealed
" Gort nár treabhadh mórán cheana ab ea seo agus, dá réir, nochtadh go leor eolais nua agus chualathas scéalta faoi na coimhlintí éagsúla ó dhaoine nár labhair amach go poiblí cheana.
a nochtadh to reveal
" Ba é an bunús a bhí leis an tsnaidhm seo ná gur glacadh leis i gcónaí go raibh an t-iriseoir ag déanamh a dhícheall an fhírinne a nochtadh.
a nochtadh to reveal
" Fiú i ndiaidh blianta fada, níl daoine mar Clooney – ar breá leo a rá go bhfuil siad toilteanach rúin dhorcha Mheiriceá a nochtadh – sásta a n-aird a dhíriú ar fhíricí áirithe faoi Mheiriceá na nÉireannach a dhéanann daoine míshuaimhneach.
chun a dtuairimí a nochtadh to express their opinions
" Tá na nuachtáin lán leis na scéalta seo agus cláracha raidió te bruite leo - daoine ag glaoch isteach chun a dtuairimí a nochtadh, go mórmhór i dtaobh an Uasail Uí Chatháin.
a nochtadh to reveal
" AÓF: Cé a smaoinigh air agus cén aidhm a bhí leis? SMP: Smaoinigh mé féin air i dtosach agus na príomhaidhmeanna a bhí agam ag an am ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil Shéamuis Mhic Aonghusa agus oidhreacht chultúrtha Fhine Gall a nochtadh.
a nochtadh to make known
" Is áis de do chuid féin go pearsanta atá i mblag chun do chuid tuairimí a nochtadh agus is tusa a fhoilsíonn na príomhiontrálacha ar fad – ní gá go mbeadh siad ar fad ar an ábhar céanna fiú amháin.
a nochtadh to make known
" Is áis de do chuid féin go pearsanta atá i mblag chun do chuid tuairimí a nochtadh agus is tusa a fhoilsíonn na príomhiontrálacha ar fad – ní gá go mbeadh siad ar fad ar an ábhar céanna fiú amháin.
a nochtadh to reveal
" Dá mba rud é go bhfuair sé bás de bharr taom croí, seachtain sular chinn mangairí faisnéise na Corónach gur oir sé dóibh an fear bocht seo a nochtadh mar spiaire dá gcuid féin, luífeadh sé inniu faoi ghradam i bplásóg na laochra poblachtánacha i Reilig Bhaile an Mhuilinn.
a gcuid smaointe a nochtadh to make their thoughts known
" Cineál *pot pourri* den teanga a bhíonn acu! Ós rud é gur daoine fásta iad na mic léinn uilig, bíonn siad i gcónaí ag iarraidh a gcuid smaointe a nochtadh mar a dhéanann siad sa Bhéarla, ar bhealach casta agus oilte.
a nochtadh to reveal
" Is dócha go bhfuil sé beagáinín mífhoighneach na laethanta seo de bharr eachtraí polaitiúla eile: chuir sé coimisiún ar bun chun na riachtanais fuinnimh a bheidh ann amach anseo a mheas, ach níor fhan sé lena dtuarascáil chun a thuairim féin, i bhfabhar an tionscail núicléach, a nochtadh.
ag nochtadh appearing
" Shamhlaigh mé iad, gorm agus liath, ag nochtadh ar feadh soicind agus ag sleamhnú go ciúin ar ais isteach sa choill.
ag nochtadh na ngnéithe sin di revealing those aspects of it
" Tá cuid mhaith dua caite aige ag moladh agus ag cosaint thír a bhreithe, agus ag nochtadh na ngnéithe sin di nach maith leis freisin.
gan na líomhaintí a cuireadh ina n-aghaidh a nochtadh without revealing the allegations against them
" D’fhéadfaí iad a dhaoradh chun báis, fiú, gan na líomhaintí a cuireadh ina n-aghaidh a nochtadh.
ag nochtadh na fírinne revealing the truth
" Má bhaineann sé an duais, deir sé go mbainfidh sé úsáid as an airgead chun leanúint lena chuid oibre ag nochtadh na fírinne faoi chláracha Theilifís na Réaltachta.
nochtadh na fíordhathanna saibhre the rich true colours were revealed
" Nuair a glanadh an pictiúr sular cuireadh ar ceant é, nochtadh na fíordhathanna saibhre a d’úsáid Rembrandt an chéad lá riamh.
a dtuairimí a nochtadh to give their opinions
" Bhí imeacht ar siúl i mBaile Átha Cliath le gairid a thug deis do na páirtithe polaitíochta a dtuairimí a nochtadh ar ábhair éagsúla sna réimsí pobal, pleanáil teanga, polasaithe agus oideachas.
agus a thuairimí a nochtadh dúinn. and to give us his opinions.
" Ní raibh Dónal ábalta teacht isteach sa stiúideo le cabhrú leis an meascadh ach bhí sé sásta éisteacht leis an taifeadadh garbh agus a thuairimí a nochtadh dúinn.
go dtí gur nochtadh until it was uncovered
" Mhaígh sé go raibh PhD aige san fhisic agus fuair sé post ag obair leis an British Atomic Energy Authority ar feadh cúpla bliain go dtí gur nochtadh gur cáilíocht bhréagach a bhí inti.
á nochtadh being expressed
" Costas ard maireachtálaTá barúlacha éagsúla á nochtadh ar cad atá taobh thiar den chinneadh anseo i dtuaisceart na hÉireann.
á nochtadh being uncovered
" Tá líomhaintí úra faoi dhrochiompar na ngardaí i dTír Chonaill fós á nochtadh ag Binse Fiosraithe Morris.
a mbarúil a nochtadh to give their opinion
" Is éard is *weblog* nó blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann.
nochtadh an chuid eile den bhaile the rest of the town was uncoved
" Cuireadh tús le tochailt seandálaíochta an bhliain ina dhiaidh sin, agus nochtadh an chuid eile den bhaile a bhí i ndiaidh a bheith clúdaithe faoin talamh ar feadh níos mó ná caoga bliain.
Nochtadh sa suirbhé it was uncovered in the survey
" Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
a nochtadh to unveil
" Ach thig linn an leac a nochtadh níos déanaí sa bhliain, más gá.
gur nochtadh na laigí ina cuid damhsa lena linn. that the weaknesses in her dancing was revealed during it.
" Suimiúil, gan dabht, damhsa a fheiceáil sula mbíonn an rud a spreag é le cloisteáil, ach bhí an chuid seo rófhada i mo bharúilse, agus shíl mé gur nochtadh na laigí ina cuid damhsa lena linn.
rinne sí í féin a nochtadh she revealed herself
" Bhí cuid mhaith de iontach cróga – rinne sí í féin a nochtadh ar bhealach nach mbeadh mórán daoine ar a suaimhneas a dhéanamh.
an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh to uncover the truth which the eye doesn't see
" Ba é an dúshlán a bhí aige ná an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh.
nuair a nochtadh when it was revealed
" B’éigean do Bernhard eirí as a cheapachán mar uachtarán ar CFD sa bhliain 1976 nuair a nochtadh le linn éisteachta de chuid Sheanad na Stát Aontaithe gur iarr sé $1 milliún ar Lockheed ina chúiteamh sin go dtabharfaí conradh don chomhlacht aerárthaigh throdaíochta a dhíol leis an Ollainn.
nochtadh revealing
" ” Proinsias Mac AonghusaAgus pearsantacht chomh cumhachtach sin ag Harris agus tuairimí diongbháilte á nochtadh aige go neamhbhalbh, ní ionadh go bhfuil éirithe idir é agus daoine éagsúla le linn a shaoil agus ar na daoine ar thit Harris amach leo i rith na mblianta, bhí an Gaeilgeoir oirirc, Proinsias Mac Aonghusa.
nochtadh to expose, display
" Thuig sé an tábhacht a bhain le fís a nochtadh agus le daoine a spreagadh.
nochtadh dó before him
" Bhí a leathshúil ar oscailt go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtadh dó nuair a bhí a shúil druidte: Éire mar a bheidh i gcionn cúig bliana! Éire i samhradh na bliana 2014! Míle bliain i ndiaidh Chath Chluain Tairbh beidh Éire faoi ionsaí arís, más fíor d’fhís Bhaloir.
nochtadh to show
" Dearann Angelopoulos oll-léaráid chun suaithí móra na linne sin ar na Gréagaigh a díbríodh as Odessa na Rúise ag Arm na Sóibheide i 1919 a nochtadh, pobal a shocraigh faoi dheireadh ar an móinéar taoidmhear ar imeall Salonika - ‘*Weeping Meadow’* an teidil.
nochtadh to make known
" Is fiú go mór do dhaoine a gcuid tuairimí a nochtadh faoi, mar ag deireadh an lae, sinne atá ag íoc as, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
nochtadh made known
" com/watch?v=GElt7F9lzag) Ní thig linn duine ar bith i Roinn na Gaeltachta a lua mar fhoinse lena bhfuil le nochtadh anseo againn, ach go bhfuil an duine anaithnid seo ina fhear, go bhfuil sé ard, go gcaitheann sé spéaclaí, gur Dub atá ann, cé go dtacaíonn sé le Contae na Gaillimhe, agus gur aire atá ann.
nochtadh were made known
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2010 dó.
nochtadh display, show
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
nochtadh revealing
" An Díolúine Úd BD: Chuir an Teachta Hayes tús arís leis an chaint maidir le Gaeilge éigeantach don Ardteist tar éis do Nuacht TG4 a nochtadh go mbíonn ionann is beirt as gach triúr a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge san Ardteist de bharr fadhbanna foghlama, ar nós díléamha (nó disléicse), ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach san Ardteist.
nochtadh display
" Agus cad a tharlóidh má iarrtar doiciméid ar dhuine a ritheann amach chuig an siopa ar thóir aráin nó go dtí an scoil chun na leanaí a thabhairt abhaile agus na doiciméid fágtha sa teach? Turas go dtí stáisiún na bpóilíní le go ndearbhófar stádas an inimircigh? Fadhb eile a bhaineann leis an reachtaíocht ná go dtabharfaidh sé ar dhaoine an chuid is measa dá nádúr a nochtadh.
nochtadh to make known
" Tugann siad cead agus saoirse dúinn uile tuairimí agus teoiricí a nochtadh ina dtaobh agus, mar sin, olc, maith nó díchéillí, tugaim anseo mo chuidse teoiricí i dtaobh na cruacheiste casta, tromchúisí faoi cad é traidisiún i gcomhthéacs chluichí na nGael.
nochtadh expose
" com, a bhfuil clú agus cáil air mar an suíomh Gréasáin is fearr leis an bhfírinne faoi fhinscéalta uirbeacha a nochtadh, nach bhfuil siad iontaofa a fhad is a bhaineann an scéal le ról na nIosraelach sna hionsaithe ar 9/11.
nochtadh make known
" Bíonn seans ag eagraíochtaí neamhrialtais a dtuairimí féin faoi thuairisc an stáit a nochtadh chuig an gCoiste, leis, agus i ndiaidh scrúdú na dtuairiscí, eisíonn an Coiste conclúidí agus moltaí a dhíríonn aird ar bhuanna is ar theipeanna an stáit chonarthaigh maidir le cur i bhfeidhm an Chonartha.
nochtadh to show
" Nuair a thángthas go buaicphointe an scéil, chuir McGee a chuid canbhás uilig le chéile le pictiúr iomlán nua a nochtadh – rud a chuir idir iontas agus ghliondar ar an lucht féachana.
ag nochtadh illuminating
" Is breá le polaiteoirí a bheith ag maíomh go bhfuil siad ag nochtadh tuairímí nua-aimseartha nuair a bhíd ag plé ábhar ar leith.
le nochtadh to come forth
" Tá dalladh eolais le nochtadh go fóill as na gníomhais talún in Óstaí an Rí go deimhin, chomh maith leis na lámhscríbhinní ginealais in Acadamh Ríoga Éireann, ach ní bhfuair an obair sin a líon ceart scoláire go sea.
nochtadh to divulge
" Más brúghrúpa neamhbhrábúis thú, ní gá duit foinse d'airgid a nochtadh.
Nochtadh na Fírinne unveiling the truth
" Nochtadh na Fírinne ========== Tá a chruthúntas sin le feiceáil ins an eolas nach bhfuil ach 1.
nochtadh shown
" An gceapann Obama agus Clinton go gcuirfidh an bhreab seo ina luí ar Netanyahu deireadh a chur leis an bhforghabháil agus glacadh le stát Pailistíneach inmharthana? Nach bhfaca siad an fhístéip a nochtadh ar theilifís Iosraelach i mí Iúil i mbliana? I ngan fhios do Netanyahu, rinneadh físeán den chomhrá a bhí aige le háitritheoirí Giúdacha ar an mBruach Thiar i 2001.
nochtadh it was revealed
" Baineadh geit astu arís nuair a nochtadh le gairid go raibh caipiteal breise de dhíth ar Bhanc Aontas Éireann.
nochtadh were revealed
" Nuair a foilsíodh tuairisc John Marshall ar an gcuairt, áfach, nochtadh cairde Meiricéanacha na Fraince mar ghníomhairí thír eachtrannach shotalach, agus bualadh páirtí Thomas Jefferson go dona sa toghchán i 1798.
le nochtadh to reveal
" Shíl mé go mbeadh an t-uafás cainte ag daoine eile agus go mbeadh tuairimí go leor agam féin le nochtadh.
é á nochtadh féin he explaining himself
" ” “Gabh mo leithscéal, a Thaoisigh,” a dúirt Balor i nglór a bhí lán d’umhlaíocht agus d’uirísle, agus é á nochtadh féin don Taoiseach úr.
Nochtadh unveiled
" Nochtadh saothar ealaíne nua i Learpholl ar 2ú Feabhra 2011: An Cleas Mór Airgid 2011' an t-ainm atá air.
chun an leacht a nochtadh to unveil the plaque
" Bhí mé féin ar an mórshiúl a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun an leacht a nochtadh agus i 2003 scríobh mé faoin dúiche nua tithíochta a bhí ainmnithe i gcuimhne ar Robert Noonan.
nochtadh to lay bare
" Dúirt Rivera faoi shaothar a mhná gur sampla gan comórtas é d’ealaíontóir a stróic oscailte a brollach agus a croí lena cuid fíormhothúcháin a nochtadh.
Nochtadh baring
" Nochtadh na Smachtíní ========= Níor shiúil muid rófhada, áfach, sular chuir líne cipe póiliní stad linn.
nochtadh na fírinne disclosing the truth
" De bharr sin, bíonn na nuachtáin lán le scéalta faoi ‘pheileadóir mór le rá’ nó ‘polaiteoir aitheanta’ nó ‘siamsóir cáiliúil’ nó ‘aisteoir iomráiteach’ atá ag cur gobáin ar nochtadh na fírinne.
Nochtadh ainm an pheileadóra úd that players name was made known
" Nochtadh ainm an pheileadóra úd ó shin faoi phribhléid na Parlaiminte – Ryan Giggs – cé go raibh sé seo ar eolas ag an saol fódhlach a bhuíochas don twitterati.
nochtadh were shown
" Ach más leathan iad na bearnaí a nochtadh dom, chuir Dylan cruth nua ar sheanghiúirléidí m’óige freisin….
dá nochtadh féin flashing themselves
" Tá buíonta brú agus scaiftí tacaíochta agus dreamanna de gach saghas dá nochtadh féin – má thuigeann sibh an rud atá i gceist agam, a léitheoirí dílse – agus iad ag iarraidh aird an phobail a tharraingt orthu féin agus ar a gcuid iarrthóirí.
patrún á nochtadh a pattern becoming clear
" Bhí pictiúir eile ar na ballaí, iad chomh gránna lena chéile, dubh agus liath agus bagrach, iad ag teacht salach ar mhúrphictiúir eile a léirigh mórtas cine na bProtastúnach - an Titanic, George Best, cath an Somme (tá patrún á nochtadh anseo).
nochtadh making known
" Go gairid tar éis do Berners-Lee an bunsmaoineamh a nochtadh, cuireadh gréasán bunúsach i bhfeidhm.
an tuairim a nochtadh the opinion which appeared
" “Míchuíbheasach” an tuairim a nochtadh sna nuachtáin ag an am, rud go deimhin a spreag suim sa phobal ann.
fiacla á nochtadh baring of teeth
" Tháinig deireadh faoi dheireadh le fiacla á nochtadh agus cloigne dá gcroitheadh, le doirne san aer, le cos ar bolg, le béiceacha agus screadanna agus scréacha.
nochtadh used to bare
" Agus is beag duine a chailltí leis an bhfuacht nuair a nochtadh an sioc agus an sneachta a gcuid fiacla aimsir na Nollag.
nochtadh rúin na bliana the year’s secrets were revealed
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2012 dó.
a chroí do nochtadh to reveal his heart
" ’* D’fhéadfadh Tóibín scríobh agus labhairt fiú leis an ndaonnacht sin nuair a thugadh sé cead dó féin a chroí do nochtadh, rud a rinne sna leathanaigh sin ina dhírbheathaisnéis, Smile and Be a Villain, nuair a dhéanann cur síos ar ghrá a athar do rósanna Bhaile an Theampaill, nó a ghrá féin do Nua-Eabhrac, *‘(where) Die Lorelei still warbles her siren song down these steel and concrete canyons’.
nochtadh dealbh ina urraim a statue was erected in his honour
" Sa réimeas nua i ndiaidh 1989 tugadh an onóir is coitianta a thabhairt do ghníomhartha dá shaghas: tá sráid i bPrág (siúd is gur cearnóg atá i gceist sa chás seo) ainmnithe ina dhiaidh agus nochtadh dealbh ina urraim.
iad a nochtadh to let them be known
" Nó má tá, níl siad sásta iad a nochtadh.
a gcuid tuairimí a nochtadh gan srian to let their opinions be known
" Toisc nár cuireadh i bhfeidhm é go hoifigiúil, thug an Bunreacht cead dos na breithimh go léir a gcuid tuairimí a nochtadh gan srian.
nochtadh dealbh a statue was unveiled
" Bhí Gearmánaigh páirteach in atógáil na hardeaglaise agus i mbliana (2012) nochtadh dealbh i ndilchuimhne na nGearmánach a fuair bás le linn an Dara Cogadh Domhanda ag an suíomh a scrios an Luftwaffe ar an 14 Samhain 1940.
go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe particularly after the unveiling of the statue
" Ach seachas sin, ní raibh rian nó lorg ón fhear mór sa chathair, rud a chuir díomá orm, go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe de Jim Larkin a rinne Oisín Kelly i 1976 os comhair Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus na focail seo air: ‘Níl i gcuma uasal na n-uaisle ach sinne a bheith ar ár nglúine.
gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh without showing a cliché, a stereotype, or a bias
" ”* Bíonn leisce ar an údar an fhaill a ligean thairis gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh faoi lucht labhartha na teanga.
Nochtadh tuairim an opinion was expressed
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.