Pota Focal Intergaelic
nor | norm | born | corn | dorn
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! I couldn't make head nor tail of this language
" Agus, lena chois sin, bhí an réamhfhocal “do” le fáil sa leabhar leis an aimsir chaite i gcónaí, ach ní raibh sé sin in Buntús Cainte! Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! Nuair a bhí mé críochnaithe le mo chuid scolaíochta in Harvard, thóg mé sos ón fhoghlaim agus bhí mé gníomhach mar cheoltóir ar feadh ocht mbliana.
Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! I couldn't make head nor tail of this language
" Agus, lena chois sin, bhí an réamhfhocal “do” le fáil sa leabhar leis an aimsir chaite i gcónaí, ach ní raibh sé sin in Buntús Cainte! Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! Nuair a bhí mé críochnaithe le mo chuid scolaíochta in Harvard, thóg mé sos ón fhoghlaim agus bhí mé gníomhach mar cheoltóir ar feadh ocht mbliana.
bac ná maolú halt nor hindrance
" Is beag duine nár thuig go raibh foirgníocht tráchtála i dtrioblóid faoin am sin, ach bac ná maolú níor chuir an rialtóir ar na hiasachtaí mire seo.
bun nó barr head nor tail
" Bhí achan rún agam a mhíniú daoibh an dóigh a oibríonn sé – d’fhoscail mé lámhleabhar na mac léinn le taighde a dhéanamh air fiú – ach cha raibh mé ábalta bun nó barr a dhéanamh de.
scáth ná faitíos neither fear nor timidity
" Bíonn a hintinn féin aici faoi cheisteanna móra an tsaoil agus ní bhíonn scáth ná faitíos uirthi labhairt amach.
ord ná eagar make nor shape
" Grád: C+ Mary Harney (Aire Sláinte): Gan ord ná eagar ar an chóras sláinte le dornán blianta anuas (nó Angola mar a bhaist an Taoiseach ar an Roinn fadó.
gíog ná míog a pip nor a squeak
" Mar sin féin, ar éigean gur chualathas gíog ná míog as na meáin.
ná a dhath cosúil leis nor anything like it
" Cé gur éirigh liom bail a chur ar mo shaol agus d’éirigh mé i bhfad ní ba tháirgiúla, ní sin le rá go bhfuil claochlú foirfe déanta agam, ná a dhath cosúil leis.
nor
" Ach is í mo bharúil féin, nach dtig le ríomhleabhar áit an ghthleabhair a ghlacadh go sásúil.
cruth ná tadhall shape nor feel
" Ní bheidh cruth ná tadhall ná boladh i gceist, agus caillfear, dar liom féin, nasc éigin, ar deacair cur síos air, idir an t-ealaíontóir agus an léitheoir.
ná ár dtreorú nor leading us
" Níl ár gcuid mothúchán á láimhseáil ná ár dtreorú le ceol aige ach oiread.
ná geall leis nor likely
" Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Emberá in iarthuaisceart na Colóime chomh maith le 22,000 díobh trasna na teorann i bPanama agus níorbh é ionradh na bliana seo caite an chéad uair ar chuimil an mí-ádh leis an bpobal seo, ná geall leis.
stró ná trealamh effort nor equipment
" Ligeann an péire acu don úsáideoir podchraoladh a chruthú gan mórán stró ná trealamh.
chum ná a cheap thought up nor invented
" Mar sin, tugann Kiarostami dúshlán na ngnás eagarthóireachta agus inste scannáin atá ina bhíobla sa ghairm againn ó aimsir Eisenstein agus ‘Sraith na gCéimeanna Odessa’ anall - bíodh is nárbh Eisenstein amháin a chum ná a cheap na bun-choischéimeanna graiméara scannáin sin.
ná go deimhin nor even
" Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd.
soir ná siar left nor right
" Tháinig sé anuas an staighre ag léamh an leabhair gan breathnú soir ná siar, ar aon taobh, ach é ag breathnú ar an leabhar, ach bhí tobar, nó foinse, go díreach roimhe ag bun an staighre sin.
ná ceiliúrtha nor of celebration
" Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
riail nó dlí rule nor law
" Leoga measann cuid mhór nach bhfuil riail nó dlí ar na hoifigigh.
ná a fhuaimniú nor to sound them
" Tarlaíonn seo ar an ábhar nach bhfuil dhá fhuaim éagsúla sa tSeapáinis do R agus L agus is doiligh mar sin, don chainteoir Seapánaise an dá fhuaim a chluinstean, a dhealú lena chéile ná a fhuaimniú.
ná suim nor interest
" Na daoine atá ag cur na n-íocaíochtaí chun cinn ná daoine nach bhfuil uathu ach spriocanna gearrthréimhseacha a bhaint amach, gan tuiscint acu ar ná suim acu i rialacha nó rialacháin na heagraíochta.
ná a n-iompraíonn sé nor it’s innate quality
" Ní bhraitear ainm áite ná a n-iompraíonn sé, mura dtuigtear é ar dtús.
ná cothrom nor fair
" * Níl aon chosc ar ainmniú na mná a bhí páirteach sna caidrimh sheachphósta, áfach, rud nach bhfuil sásúil ná cothrom.
ná scríofa nor written
" Go príomha, caithfear a fhiafraí an féidir aon ní a choinneáil faoi choim in aois seo an idirlín? Óir is fearann fiáin, aindleathach é an an cibearspás nach n-aithníonn aon teorainn fhísiúil, chluaise ná scríofa.
staid ná stádas state nor status
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
ná sláintiúil nor healthy
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
ná ag déanamh mórtais nor bragging
" Níl mé ag iarraidh a bheith ag maíomh ná ag déanamh mórtais, ach d’éirigh liom an chéad duais a bhaint faoi dhó mar sheanchaí faoi chúig bliana is fiche d’aois agus tá sé d’onóir agus de phribhléid agam i mbliana agus tá mé ag tnúth go mór leis a bheith i gCill Airne amárach le oscailt oifigiúil an Oireachtais a dhéanamh.
Níor tairgeadh greim le hithe ná braon le hól there was no offer of a bite to eat nor a drop to drink
" Laoch an Bhéil Fhliuch agus an Bhéil Thirim ==================== Níor tairgeadh greim le hithe ná braon le hól do Laoch na Litríochta, ach fágadh ansin ina shuí é mar a bheadh mála prátaí ann.
fál ná sconsa hedge nor fence
" Bóthar spéire, bóthar lúbach, bóthar crochta, bóthar gan mharc, comhartha ná líne air, bóthar gan chlaí, fál ná sconsa idir é agus gleann carrach na síoraíochta thíos fúinn.
Níl cónaí ná áitreabh ann there’s neither abode nor habitation there
" Níl cónaí ná áitreabh ann, ach seanchosáin a chleacht na Breatnaigh ar feadh na gcianta, brácaí lucht siúil, agus nead na bhfiach.
síocháin ná socracht peace nor settlement
" Mhaígh siad nach mbeadh síocháin ná socracht pholaitiúil sna Balcáin go mbeadh deireadh curtha le réimeas Slobodan Milosevic.
ná tréithe pearsanta ar bith nor any personal traits
" Deir Paul Richard ón Washington Post go bhfuil níos mó i gceist in An Scread ná scigaithris áfach, agus deir sé go seasann an neach sa phictiúr, atá gan cheannaghaidh, gan ghnéas ná tréithe pearsanta ar bith, mar shamhail don chine daonna- *‘One size fits all’* agus nach portráid ar shaol inmhéanach Munch amháin atá ann ach pictiúr dínn féin chomh maith.
ná an ré istoíche nor the moon by night
" Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae, ná an ré istoíche.
ná suí fúthu nor sitting down
" Cé go raibh leithead mór iontu, agus airde dá réir, agus an chuma orthu go raibh siad ar a laghad seachtó bliain d’aois, bhí an-aclaíocht iontu, agus ní raibh stró ar bith orthu éirí den urlár ná suí fúthu arís agus arís eile.
na margaí ach chomh beag nor the markets either
" Ba cheart a lua nach ionann an Ghailís agus Spáinn na gréine, ná Spáinn na n-óstán chois cladaigh, ná Spáinn na mangairí is na margaí ach chomh beag.
nach múintear an tuiscint ná an meas seo this understanding nor appreciation is not taught
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
mhairtíreach ná aingeal martyr nor angel
" Agus mé á rá sin, ní haon mhairtíreach ná aingeal mise, ach is dóigh go gcaithfidh tú creidiúint i rud éicint.
Níl ceann nó tóin leis there’s no make nor shape to
" Níl ceann nó tóin leis na hargóintí seo i ndáiríre.
i bhfaileanna ná i bhfearainn in the paddocks and nor in the farms
" Is gnách go mbaineann an radharc seo, lán síleála de chosa muice, siar as an té nach bhfuil a leithéid feicthe aige cheana! Ainmhí nach dtugtar a chuid dó i bhfaileanna ná i bhfearainn na tíre seo is ea an eilifint.
chomh teasaí ná chomh contúirteach as heated nor as dangerous
" "Le deireadh na trioblóidí sa Tuaisceart, is féidir linn an t-ábhar a chíoradh ar mhodh nach bhfuil chomh teasaí ná chomh contúirteach," a dúirt sí linn.
a bhun ná a bharr its origin nor its high point
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
Suan ná séan peace nor joy
" Is tú mo bhanlaoch, mo Ghile Mear Is tu mo Shaesairín, Gile Mear Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.
ná scata eile nor many more
" Murach deis an fhéinfhoilsithe a bheith agam, ní bheadh Tchouhov, Sapkota ná scata eile againn sa Ghaeilge.
cruinneas ná mionscagadh accuracy nor minute study
" Ní chóir cruinneas ná mionscagadh a iarraidh le linn ceiliúrtha, agus más ea, is iomaí bearna a fheictear i lár ceiliúradh Chrotty freisin.
ach ná caillimis oineach nó gnaoi daoine but let’s not lose our sense of honour nor peoples’ respect
" Déanfaimid ár ndícheall ach ná caillimis oineach nó gnaoi daoine.
tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh verify nor censure such abstract forecasts
" Ba léir do Nietzsche gur chur i gcéill an cineál sin obair staire toisc ná féidir na tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh.
ná a éirimiúlacht polaitiúil nor his political aptitude
" Faraor do Mitt Romney, is cosúil gur roghnaíodh é, ní de bharr a bhuanna oráidíochta ná a éirimiúlacht polaitiúil, ach de bharr gurbh é an t-iarrthóir ab fhearr as baicle iarrthóirí antoisceacha, ina measc Newt Gingrich, a thug ionsaithe fíochmhara faoi Romney sular ceansaíodh é, agus Rick Santorum, Caitliceach a sheasann go láidir in aghaidh aerachais agus frithghiniúna.
ná a fear céile ríoga nor her royal hubby
" Agus is léir nach raibh Kate féin, ná a fear céile ríoga, róshásta go raibh brollach s’aicise ar taispeáint ar an idirlíon le go ndéanfadh daoine googleáil air.
ná lena sliocht éalú ón scáth sin nor their offspring in escaping from that shadow
" ”* An Bhrionglóid Seirce ========= Ní éireodh riamh le muintir na Gearmáine ná lena sliocht éalú ón scáth sin dar le máthair Hugo.
fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin a man I had never seen before nor since
" Bhí fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin ag fanacht liom ar an chosán abhus nuair a leag mé síos an guthán.
fuascailt na sclábhaithe daite nor the emancipation of the slaves
" Níorbh í aontacht bhunreachtúil Mheiriceá ná fuascailt na sclábhaithe daite ná duais na huachtarántachta féin príomhaidhm Abraham Lincoln ina shaol.
raibh sé ceart ná cóir it wasn’t right nor proper
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
ná ag an choiste chúirte nor had the jury
" Fir Ghaeltachta ab ea iad uilig ach ní raibh focal Gaeilge ag an bhreitheamh ná ag an choiste chúirte a bhí i mbun na trialach i mBaile Átha Cliath.
ná le mo cheird nor is my trade
" “Ní bhaineann rún na faoistine liomsa ná le mo cheird,” a dúirt Santa, agus é ag míniú do Bhalor go raibh cead aige na litreacha a scríobh daoine chuig Santa a léamh.
ní raibh rian nó lorg there was no trace nor sign
" Ach seachas sin, ní raibh rian nó lorg ón fhear mór sa chathair, rud a chuir díomá orm, go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe de Jim Larkin a rinne Oisín Kelly i 1976 os comhair Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus na focail seo air: ‘Níl i gcuma uasal na n-uaisle ach sinne a bheith ar ár nglúine.
ná urlabhra na ríochta nor the language of the kingdom
" Duine ar bith os cionn an dá scór más ea, ní cuimhin leo réim na banríona ná urlabhra na ríochta.
ná ar an nglúin nár ait leo na síóga nor the generation which accepted the existence of fairies
" Ní chuirfeadh an ceann seo aon iontas ar mo Mhameo Margaret O Callaghan, nee Crowley, Na Fearnáin, Contae Chorcaí, ná ar an nglúin nár ait leo na síóga.
ná cruthú air nor proved
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
ná ar dhearcadh an duine nor about one’s view
" Ní leideadh iontaofa creidimh an duine ar chúlra an duine ná ar dhearcadh an duine, bíodh gur samhlaíodh creidimh éagsúla le héagsúlacht féiniúlachta, ó thuaidh agus ó dheas, ó leagadh síos teorainn an dá stát.
gan foréigean agus achrann without violence nor conflict
" Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo, a dúradh, d’fhéadfaí gach fadhb a réiteach gan foréigean agus achrann.
ní leas an phobail agus an athmhuintearais a bheadh ann it wouldn’t benefit the people nor reconciliation
" Dá ngéillfí don éileamh atá déanta ag Sinn Féin, reifreann eile a reáchtáil faoin gceist go luath, ní leas an phobail agus an athmhuintearais a bheadh ann ach a mhalairt, im’ thuairimse.
ná guth polaitíochta nor a political voice
" Ach tá soghontacht faoi leith ag baint le hinimircigh ós rud é nach bhfuil an vóta ná guth polaitíochta ag a bhformhór.
ná a thaispeáin dó conas nor showed him how
" 223 M4 i lámha Adam Lanza, gunnadóir Sandy High, ná a thaispeáin dó conas raidhfil amais dá leithéid a chur i bhfearas.
ná fiú oiread is uinge den ór nor even an ounce of the gold
" ** Benedictus: Ach níor liom féin ruainne ar bith den éadach sin, ná fiú oiread is uinge den ór.
nach naomh ná saoi gan locht éinne againn none of us are perfect nor saintly
" Is scothchóras daonlathais é, ach tá a fhios ag cách nach n-oibreodh sé áit ar bith ar an tsaol mar nach naomh ná saoi gan locht éinne againn.
ná ar a bheith i do sheanadóir nor about being a senator
" Is dóigh liom nach raibh mórán eolais a’m ar Sheanad Éireann ná ar a bheith i do sheanadóir roimhe seo ach go raibh fhios a’m roinnt daoine a chuaigh romham, Nioclás Ó Conchobhair agus Pól Ó Foighil mar a déarfá, agus níor thuig i ndáiríre cén bunús a bhí acub ó thaobh a bheith ag ceapadh reachtaíochta agus mar sin de, ach tá tuiscint i bhfad níos fearr a’m anois ar an ról poiblí.
aon radharc ná faoiseamh sight nor respite
" Ní raibh aon radharc ná faoiseamh ag an bharr ná ar an tsiúlóid fhada trasna droim an chnoic – thuas seal agus thuas seal eile.
an toradh ceart ar na cóid iompair the proper results nor the codes of behaviour
" Ach is cosúil nach raibh an toradh ceart ar na cóid iompair a chuir na corparáidí móra i bhfeidhm de réir a chéile ó na nóchaidí.
ar shábháilteacht nó ar oiliúint in safety nor training
" Luach na Scaireanna ========== Bíonn brú millteanach ar chostais fosta, rud a fhágann nach mbíonn ach brabús beag ar fáil do na monarcha réigiúnacha, agus mar sin ní bhíonn ar a gcumas infheistiú a dhéanamh ar shábháilteacht nó ar oiliúint.
níl sé ceart ná cóir it’s not fair nor just
" Cluinim cuid agaibh ag rá: “Nach mbíonn siad ar a gcuid laethanta saoire i rith na bliana uilig?” Ach níl sin fíor, agus níl sé ceart ná cóir a leithéid a chur ina leith.
Ní aithneoidh mise uaimse tír ná trá ann I won’t miss tide nor land
" Ní aithneoidh mise uaimse tír ná trá ann Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann i Meiriceá.
ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais nor bringing to light its internal fault lines
" Ní maith leis laigeachtaí an Bhunreachta a aithint ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais.
ná fiú an bealach nor even the way
" Ní raibh plean ná fiú an bealach go dtí an staidiam oibrithe amach roimh ré ag an léirsiú a chonaic mise, rud a d’fhág gur fhás bearnaí móra sa mhórshiúl.
nó go deimhin bóithre nor indeed, roads
" Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna ná mar atá cuaillí aibhléise, nó go deimhin bóithre.
inniúil i léamh ná i scríobh na Gaeilge (are un)able to read nor write in Irish
" 'Sé an chúis is mó atá le seo ná nach bhfuil formhór na n-iriseoirí agus na staraithe a bhíonn ag scrúdú na gcáipéisí inniúil i léamh ná i scríobh na Gaeilge.
ná an tírdhreach nor the landscape
" Na Srutháin Inmheánacha a Mheas ============== Más ea, ní dhéanfadh an Cadhnach toil Dé, ná an tírdhreach ná an fómhar bliantúil a adhradh ina chuid cumadóireachta féin.
ná na fiacla céanna nor the same powers / teeth
" Ní bheifeá ag súil go mbeadh an réimse iniúchtha ná na fiacla céanna ag athbhreithniú is a bheadh ag fiosrúchán iomlán.
ná cuimhne ina dhiaidh nor a memory afterwords
" Ní bheidh tuairim dá laghad acu faoi céard a bhí ar siúl, ná cuimhne ina dhiaidh! Gníomhú na Fraince ======== Cuireadh an tuarascáil ‘Against Hyper-Sexualisation: A New Fight for Equality’ le chéile sa Fhrainc anuraidh, a bhuí sin den seanadóir Chantal Jouanno.
nó chomh spéisiúil nor (in) as interesting (a way)
" Fiú más daoine aeracha oscailte iad cuid dár scríbhneoirí Gaeilge is mó le rá, ní thagann an dá chultúr sin le chéile chomh sofheicthe nó chomh spéisiúil is a bhíonn le feiceáil ag iarrachtaí Dhónal Mulligan lena oíche bhreá Ghaylach iorónta *Poorhouse*, a bhíonn ar siúl go bliantúil sa teach tábhairne aerach, *Panti Bar*, i mBaile Átha Cliath.
ná an tacaíocht nor the support
" Níorbh fhada go raibh seilbh glactha acu ar chumainn an pháirtí úd ar fud Mheiriceá, agus ar an mbunsraith sin bhíodar in ann bata agus bóthar a thabhairt do sheanbhaill an pháirtí, nach raibh an fuinneamh ná an tacaíocht acu an ghluaiseacht nua seo a stopadh.
dáta nó teideal date nor title
" Níl dáta nó teideal ag dul leis na pictiúir agus mar gheall ar an easpa eolais seo, mar aon leis an chur i láthair drámatúil, tá tréith chóir a bheith bíobalta ag baint leis an saothar.
ná i leasú riaracháin nor in administrative reform
" Cé gur mhaslaigh sí na státseirbhísigh go léir i gcoitinne, ba bheag an tsuim a bhí aici i structúirí riaracháin ná i leasú riaracháin.
ní le siúl ná deifir not for travel nor for fast movement
" Déisigh na Breataine Bige =========== An tríú seachtain de mhí Lúnasa bíonn geallta dá gcuid féin acu i gCill Chiaráin, rud ar scigmhagadh é ar ndóigh, mar is ar mhaithe le codladh mín a dhéanamh ar an uisce a tógadh na báidíní beaga seo an chéad uair agus ní le siúl ná deifir.
ciall mhórálta ná gheilleagrach moral nor economic sense
" Is mar gheall air seo a dhéanann Stáit dlíthe is beartais i réimse na hinimirce nach bhfuil ciall mhórálta ná gheilleagrach ag baint leo uaireanta.
ná troscán nor furniture
" Ní raibh áis ar bith acu sa scoil: ní raibh fuinnneoga ná troscán sna seomraí ranga, gan trácht ar phostaeir, ar ríomhairí ná ar chláir bhána idirghníomhacha.
ná clann mo chlainne nor my grandchildren
" Baineann siad go dlúth liom, tá m’anam iontu, agus murach na pictiúir sin ní bheinn beo, ní bheadh mo leanaí féin beo ná clann mo chlainne ach an oiread.
ná fuaradh ach oiread nor took a breather either
" Ina ainneoin sin ní dhearna sé aon stad – ná fuaradh ach oiread – ina chuid cainte gur chaith sé cúig bhomhaite is fiche ag caint faoi mhórán de na daoine a bhí cruinnithe os a chomhair sa halla, agus ag caint faoi féin agus faoina chuid gaiscí polaitiúla.
abairt ná nath ná fiú focal ar bith a sentence nor phrase nor even a word at all
" Chaith sé deich mbomaite ag moladh Jimmy *When He Was Winning Matches Mc Guinness*; luaigh sé a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug sé íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, ach… abairt ná nath ná fiú focal ar bith ní dúirt sé faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin.
nó ag coiste na cúirte nor had the jury
" Seo ceann de reachtanna na Géarleanúna atá fós i bhfeidhm agus mar gheall ar an dlí seo a cuireadh Maolra Seoighe chun báis mar ní raibh Béarla ar bith aige agus ní raibh Gaeilge ar bith ar an Bhreitheamh nó ag coiste na cúirte ina thriail.
níl sé greannmhar ná sláintiúil it’s neither funny nor healthy
" Taitníonn an chócaireacht go mór liom agus taitníonn an bia liom dá reir! Is breá liom a bheith ag turgnamh le cineálacha nua bia agus tá i bhfad an iomarca leabhair cócaireachta sa bhaile agam – dar fia! - níl sé greannmhar ná sláintiúil.
ná d’aon leagan insamhlaithe eile nor of any other imaginable version
" Níl trácht in aon fhoinse, daoránach ná eile, ar aon Brian Byrne, ná d’aon leagan insamhlaithe eile den tsloinne sin.
ná aon bhreithiúnas dleathach nor any legal judgement
" Ní nach ionadh má tá ‘*Neligan Ballyseedy*’, mar a thugtar air, ina thaibhse an chnádáin ag mórán fós i Mín Liatroma Thuaidh, in Oileán Chiarraí, san Fhaiche Dhubh, i Radharc na Coille, ar an tSeanbhaile Cill Flainn; in Inis Mór Lios Tuathail, ar an Spá i dTrá Lí; in Inis Eoghanáin Chorcaí agus i gCnoc Uí Choileáin Luimnigh – bailte fearainn an ochtair a sladaíodh gan oiread agus scáth cúirte, ná triail, ná aon bhreithiúnas dleathach déanta orthu ar thaobh an bhóthair ag Baile Ua Síoda, taca an ama seo bliana, 1923.
ná cainneann as an Bhreatain Bheag nor leeks from Wales
" Tar éis an tsaoil, ní bhronnfar feochadán as Albain, ná rós as Sasana ná cainneann as an Bhreatain Bheag ar Uachtarán Mheiriceá i Washington i gcaitheamh na mblianta.
nó tuar céard a tharlóidh nor foretell what can happen
" Is é sin go dtarlóidh an líon sin forbairtí teicneolaíochta, idir ríomhaireachta agus bithleighis, nach féidir tuiscint nó tuar céard a tharlóidh don chine daonna ina dhiaidh.
nó an dul chun cinn atá déanta nor is the progress made
" Ní beag iad na buanna seo, nó an dul chun cinn atá déanta.
ná rochtain fóin go héasca nor an easy access to a phone
" Is minic cuma neamhchas ar na seomraí a bhfanann rannpháirtithe an tearmainn scríbhneoireachta iontu, cuma na déine, gan teacht ar theilifís ná rochtain fóin go héasca iontu, iad gan cheangal idirlín, go bhfóire Dia agus Chrome orainn.
ná gránna nor disagreeable
" Ní raibh sé grod ná gránna le duine ar bith, ariamh, go bhfios dom, agus is túisce an gáire chun a bhéil ná a dhath eile.
níl aon mhustar ná éirí in airde ann he has no swagger nor haughtiness
" Ní chuireann daoine mórán suime ann, óir níl sé feistithe ró-iontach anois is níl aon mhustar ná éirí in airde ann.
ná baol air nor near it, not likely
" Cé go maíonn líon beag dearthóirí slachtaíochta gur ealaíontóirí iad, ní hiad an tromlach iad, ná baol air.
ná na siopaí gnéis nor the sex shops
" Ní thuigeann daoine mar sin tábhacht na n-oifigí poist ná na siopaí gnéis ach oiread! An dara rud a dhéanfaidh mé ná deontas a chur ar fáil do dhuine ar bith a bhaineann móin – mo mhóin féin san áireamh, nó beidh mise róghnóthach san Eoraip le móin a bhaint sa bhaile an bhliain seo chugainn.
ná fiú i nor even in
" Bhuel, ós rud é nach dtuigim an focal bonker nó fiú bonkáil, agus nach bhfuil ceachtar den dá fhocal san fhoclóir úr, ná fiú i bhfoclóir an Duinnínigh, ní thig liom mórán a rá faoin raic atá ar siúl idir an t-iar-Uachtarán agus na heaspaig, seachas go bhfuil baint aige le clúidíní salacha agus cac, mún agus buinneach.