Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mar ba ghnách as normal
" Ba é comhairle an rialtais an lá a rinneadh an marú go raibh seirbhísí do thurasóirí mar ba ghnách i mBali.
ag freastal ar a gcúraimí laethúla going about their normal routine
" Is mian leo go leanfadh bunadh na cathrach orthu ag freastal ar a gcúraimí laethúla, agus teastaíonn uathu go leanfadh turasóirí orthu ag teacht chun na cathrach.
gnáthpháipéarachas the normal paperwork
" Ar an gcéad dul síos tá feirmeoirí thíos leis go mór - tá deacrachtaí acu beostoc a bhogadh agus a dhíol toisc an gnáthpháipéarachas a bhaineann lena mbeithígh a bheith gafa sa Roinn, gan trácht ar na deontais atá reoite istigh ann - ach tá cúis imní ann don phobal i gcoitinne.
i mbréagriocht gnáthreachta disguised as normal
" Gardaí i mbréagriocht gnáthreachta (má thuigeann sibh mé) a bheas sna brathadóirí seo.
an gnáthráta pá the normal pay rate
" Cleas bradach é sin mar ní hamháin go ndéanfar sclábhaithe de dhaoine dífhostaithe ach cuirfear an-bhrú ar oibrithe rialta a bhfuil an gnáthráta pá acu cur suas le huaireanta oibre níos faide agus pá níos ísle.
soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe providing the normal maintenance services
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le IFC? Laigí: Is gnó turasóireachta é cuid dár ngnó, agus fé mar is eol do gach aoinne, tá costaisí áirithe ag baint le taisteal go hoileán agus le soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe.
soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe providing the normal maintenance services
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le IFC? Laigí: Is gnó turasóireachta é cuid dár ngnó, agus fé mar is eol do gach aoinne, tá costaisí áirithe ag baint le taisteal go hoileán agus le soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe.
na gnáthchleachtais oibre the normal work practices
" Is é an pictiúr atá againn do ghardaí Dhún na nGall ón chéad mhír de Bhinse Fiosraithe Morris ná go raibh siad á n-iompar féin mar a bheadh buachaillí bó ann, beag beann ar na gnáthchleachtais oibre a mbeifeá ag súil leo ó fhórsa póilíneachta.
na gnáthchleachtais oibre the normal work practices
" Is é an pictiúr atá againn do ghardaí Dhún na nGall ón chéad mhír de Bhinse Fiosraithe Morris ná go raibh siad á n-iompar féin mar a bheadh buachaillí bó ann, beag beann ar na gnáthchleachtais oibre a mbeifeá ag súil leo ó fhórsa póilíneachta.
an ghnáthshuim the normal interest
" In agallamh a bhí mar chuid de thionscadal staire béil mar gheall ar Lyndon Johnson, bhí an méid seo le rá ag O’Brien faoin theaghlach agus a chúlra Éireannach: “Is dóigh liom gur gnáthdhuine mé a bhfuil an ghnáthshuim aige sa teaghlach agus ina thír agus sna rudaí a dúradh gur cheart duit creidiúint iontu.
mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí as a normal language of work in companies
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?***Tá sé mar fhís agam go mbeidh dea-chaighdeán Gaeilge agus dea-thoil i leith na teanga ag gach páiste a théann tríd an gcóras oideachais; go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn rialta ag na húdaráis; go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí agus go mbeidh méadú mór ar líon agus ar ról na meán Gaeilge.
ag gnáthairde, at normal height,
" Ag eitilt mar seo, ní chaitear ach roinnt bheag den fhuinneamh – agus breosla – a bhíonn ag teastáil ag gnáthairde, agus is féidir lasta i bhfad níos mó a iompar.
inghlactha agus normálta, acceptable and normal,
" An fhadhb ná go bhfuil siad ag tabhairt le fios go bhfuil an t-alcól inghlactha agus normálta, fiú i measc imreoirí spóirt.
ó ghnáthchleachtais an lae from the normal routines of the day
" Bhíodar ansin mar shos ó ghnáthchleachtais an lae - rud ar bith a ghiorródh an t-am idir maidin agus faoithin.
mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí. as activities that are normal amonst people in general in society.
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
ar ghnáthluas seisiúin. at the normal session speed.
" Seinntear chuile phíosa go mall, ar luas atá feiliúnach don bhfoghlaimeoir agus ansin seinntear arís iad ar ghnáthluas seisiúin.
sa chuid is mó de ghnáthshiopaí na tíre. in most of the normal shops in the country
" Níor bhain *Lá Nua* amach an sprioc 8,000 cóip laethúil a chuir siad rompu ina bPlean Gnó i 2003 agus is deacair teacht ar an nuachtán sa chuid is mó de ghnáthshiopaí na tíre.
gnáthshaol normálta an ordinary normal life
" “Cloisim scéalta daoine eile maidir lena n-óige agus a leithéid agus bím ag rá liom féin go raibh gnáthshaol normálta againne, saol a bhí an-deas.
gnáthshaol réadúil normal realistic life
" Meastar freisin nach dtuigeann muid gnáthshaol réadúil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den chathair seo atá faoi phribhléid, dar leo.
gnáthuaireanta oifige normal working hours
" ”An gcuireann sé isteach ar a fear céile nach bhfuil gnáthphost a bhfuil gnáthuaireanta oifige i gceist leis ag a bhean?“Pósadh muid agus mé aon bhliain is fiche d’aois.
ghnáth-theanga normal language
" Níl aon cheo sa stráitéis chun dul i ngleic leis an ngéirchéim teanga atá sna ceantracha Gaeltachta sin ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid? Caithfear airgead amú ag réiteach pleananna teanga ar chostas mór do cheantracha oifigiúla Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge imithe sa gcill iontu, mar ghnáth-theanga labhartha, le glúin nó dhó.
gnáthuirlisí normal tools
" Dar le Gopnik, is eolaí beag é gach leanbh a bhaineann úsáid as gnáthuirlisí na heolaíochta: tástáil agus breathnú.
dual normal
" Agus mar is dual don iar-iomanaí contae seo as Cill Chainnigh, tá an diongbháilteacht go smior ann.
gnáththeanga normal language
" Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga cumarsáide sa tír seo.
ghnáththoghchán normal election
" Ach níor ghnáththoghchán an ceann deireannach in aon chor.
ón ngnáthshaol from normal life
" Fir Óga Scoite ====== Fir óga, ciúine a bhí sa bheirt dhúnmharfóirí, fir a mhair ina ndomhan féin, scoite amach ón ngnáthshaol.
gur gnách le that it’s normal
" Dúradh liom gur gnách le lucht ceannach éisc praghas na sairdíní a ardú sa tseachtain roimh an bhféile, agus gur lú an marú a rinneadh orthu i gcaitheamh mhí an Mheithimh i mbliana ná mar a dhéantar go hiondúil.
ghnáthdhaoine normal people
" Ní hamháin gur féidir linn cuardach a dhéanamh chun eolas oifigiúil a fháil ar cheantar ar leith ach is féidir linn eolas a fháil ónár líonraí sóisialta féin agus ó ghnáthdhaoine a thug aghaidh ar na háiteanna céanna.
Is dual do na daoine seo it’s normal for these people
" Is dual do na daoine seo a laghad teagmhála is féidir a bheith acu le húdaráis an Stáit.
mar ba ghnáth le as was the normal practice of
" Tá an pictiúr seo suntasach sa mhéid is go mbaineann sé leis an saol taobh amuigh in áit a bheith ina phictiúr genre ná ina phortráid mar ba ghnáth le Vermeer a dhéanamh; cur síos greannmhar ar an saol laethúil tí atá ann.
ag filleadh ar an saol gnáith returning to normal life
" Roinnt seachtaíní i ndiaidh na tubaiste, tá an ceantar ag filleadh ar an saol gnáith arís, ach go deimhin ní dhéanfar dearmad go luath i Nua-Eabhrac ná Nua-Gheirsí ar "Oíche na Gaoithe Móire".
as éisteacht an ghnáthúsáideora for listening as a normal user
" An rud is amaidí faoi seo ar ndóigh, is iad mo leitheidse, iad siúd lena ndóthain airgid/ spéise/ moráltachta cultúir is mó spéis do na fogróirí! Ach mar a thuigimse freisin é, íocann Spotify trí oiread d’úinéireacht chearta an cheoil nuair a éisteann úsáideoir Premium leis, thar mar a íocann siad as éisteacht an ghnáthúsáideora.
gnáth-theanga chumarsáide normal means of communication
" Bhí sí mar gnáth-theanga chumarsáide ag óg is aosta, sa gceantar fairsing ó dhroichead an Spidéil siar a fhad le Carna.
dtuigfeadh an gnáthdhuine the normal person would understand
" Ba chóir go dtuigfeadh an gnáthdhuine cuid mhaith de smaointe na heite clé, agus ba chóir go n-aontódh cuid mhaith den phobal leis na tosaíochta atá ag páirtithe na heite clé.
faoi ghnáthgheilleagar about the normal economy
" Ba chuma le Thatcher faoi ghnáthgheilleagar, chreid sise i dteoiricí an eacnamaí Mheiriceánaigh Milton Friedman agus na hairgeadaithe.
Ní gnáthdhomhan é seo this isn’t a normal world
" Bí ag faire amach! Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin.
ach gnáthchoimheasar just a normal tackle
" Is léir go dtarlaíonn an gortú seo chomh gasta agus den chuid is mó den am nach bhfuil ann ach gnáthchoimheasar mar a tharla le Colm Cooper.
ar do ghnáthluas at your normal speed
" Áitimh i gCoinne Spritz ========== ● Tá fianaise ann nach ionann an tuiscint nuair a léann tú ar do ghnáthluas is nuair a léann tú faoi ardluas.
mar gnáthchleachtas as a normal practice
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
Is gnáthrud é sin that’s normal