Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áiseanna nua-aimseartha modern facilities
" Áiseanna agus lóistín ======= Chomh maith leis na seanáiteanna, tá áiseanna nua-aimseartha ar fáil san oileán freisin.
náisiúin nua-aimseartha modern nations
" Ach níl na náisiúin nua-aimseartha ann ach cúpla céad bliain, mar sin níl ciall ar bith le scéal na Clochaoise a inse taobh istigh de theorainneacha náisiúnta, nó scéal na gCeilteach ach oiread.
iomáint nua-aimseartha modern hurling
" Ní féidir ráiteas dá leithéid a chruthú go stairiúil, dar ndóigh, ach san iomáint nua-aimseartha, ó thosaigh Craobh na gClub tríocha bliain ó shin, níl dabht ach gurb iad is fearr.
íomhá nua-aimseartha modern image
"íomhá nua-aimseartha ag TG4 agus tá mórán daoine ar fud na tíre nach raibh aon teagmháil acu leis an Ghaeilge roimhe seo ag breathnú air ar bhonn rialta.
leagan nua-aimseartha modern version
" Is leagan nua-aimseartha é seo d'úsáid cailce agus páipéir chun an scríbhneoireacht atá greanta i gclocha (i reilig, mar shampla) a dhéanamh níos soiléire.
timpeallacht nua-aimseartha modern surroundings/environment
" In amanna bhraith mé go rabhas ar an seit de scannán éigin, bhí an oiread sin den timpeallacht nua-aimseartha feicthe agam cheana ar an scáileán sa bhaile in Éirinn.
an dtaighde teangeolaíochta is nua-aimseartha the most modern linguistic research
" Tá sé sin ar fad ar siúl ag Caitríona, agus tá sé bunaithe ar an dtaighde teangeolaíochta is nua-aimseartha.
cistin nua-aimseartha modern kitchen
" cistin nua-aimseartha ======= Le déanaí, léirigh Microsoft cistin nua-aimseartha a léigh na clibeanna ar earraí éagsúla bia agus a thug comhairle do dhaoine ar conas cócaireacht a dhéanamh leo.
nua-aimseartha modern
" com)) le cumadh an cheoil nua-aimseartha Ghaeilge a chur chun cinn.
nua-aimseartha modern
" Faoi láthair tá taispeántas grúpa le feiceáil thart timpeall ar an Bhreatain Mhór dar teideal "Presence" ina ndéanann ealaíontóirí nua-aimseartha cur síos ar Pháis Chríost.
dearadh ríomhairí nua-aimseartha the design of modern computers
" Cé go n-éiríonn le roinnt eolaithe an bhéim ina dtaighde a athrú chun dul in oiriúint don dream atá ag cur airgid ar fáil, tá sé an-deacair ag réalteolaithe aon cheangal díreach a léiriú idir a gcuid oibre agus dearadh ríomhairí nua-aimseartha, mar shampla.
bruachbhailte nua-aimseartha modern suburbs
" An tseanchathair ======= Tá seanchathair mhór i bPrág, agus bruachbhailte nua-aimseartha thart uirthi.
nua-aimseartha modern
" Ach, tar éis 20 bliain d'obair dhian agus coigilt airgid, osclaíodh páirc bhreá nua-aimseartha, móide ardán, carrchlós fairsing, seirbhísí chéad chabhrach agus do chathaoireacha rotha agus áiseanna cruinnithe, thiar i Ros Muc.
fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha the philosophy of the founders of the modern Olympic Games
" Dar ndóigh, ní hiad na boinn is tábhachtaí ná an bua ach páirt a ghlacadh, do dhícheall a dhéanamh agus iomaíocht go cróga agus go féaráilte, de réir fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha.
an ealaín nua-aimseartha modern art
" B'fhéidir nach saothair iad an pictiúr déanta as cac den Mhaighdean Mhuire le Chris Ofili (1998), cuid braillíní salaithe Tracey Emin (1999), agus cré-earraí pornagrafacha Grayson Perry (2003) a thabharfá mar bhronntanas do do mháthair, ach tá éirithe leo mar sin féin ní hamháin conspóid a chothú ach aird an phobail a tharraingt ar Dhuais Turner agus ar an ealaín nua-aimseartha sa Bhreatain chomh maith.
i gcoinne na healaíne nua-aimseartha against modern art
" Ach tá an dream atá ag cáineadh Dhuais Turner le fada, leithéidí the Stuckists, grúpa atá i gcoinne na healaíne nua-aimseartha, go fóill ag caitheamh anuas ar an Duais.
nua-aimseartha modern
" "Bhí mé ag cuidiú le Daidí na Nollag i rith na seachtaine!" Is é an fear atá i gceist ná Ray Yeates, stiúrthóir Ionad Ealaíon an Axis, an t-ionad nua-aimseartha atá lonnaithe i gcroílár Bhaile Munna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath.
ealaíontóirí nua-aimseartha modern artists
" In ómós do chomhphobal nua-mhéadaithe na hEorpa, beidh saothar ealaíontóirí nua-aimseartha ó na ballstáit nua le feiceáil sa taispeántas *Enlargement!* Gach mí beidh tír nua le feiceáil, ag tosú i mí Eanáir leis na healaíontóirí Keilti Tiitsar agus Kirsti Papp ón Eastóin, agus ag críochnú i mí na Samhna agus na Nollag le healaíontóirí Éireannacha.
nua-aimseartha modern
" Cuireann an dearadh, an meascán seo den Éirinn thraidisiúnta agus nua-aimseartha, go mór le hatmaisféar an chaife.
go bhféadfaidís rudaí nua-aimseartha a dhéanamh that they could do modern things
" B’in an fhís a bhí ag Ó Móráin agus a leithéidí: go gcuirfí in iúl d’Éireannaigh go bhféadfaidís rudaí nua-aimseartha a dhéanamh.
nua-aimseartha modern
" Cuireann an dearadh, an meascán seo den Éirinn thraidisiúnta agus nua-aimseartha, go mór le hatmaisféar an chaife.
nua-aimseartha modern
" Cuireann an dearadh, an meascán seo den Éirinn thraidisiúnta agus nua-aimseartha, go mór le hatmaisféar an chaife.
teicneolaíocht nua-aimseartha modern technology
" Sin athrú! An t-idirlíon ======= Taobh amuigh den teilifis, den fhíseán agus den ghuthán póca, is í an ghné den teicneolaíocht nua-aimseartha is suimiúla agus is dul-chun-chinniúla, más ceadmhach a leithéid a rá, ná an t-idirlíon.
nua-aimseartha modern
" Cuireann an dearadh, an meascán seo den Éirinn thraidisiúnta agus nua-aimseartha, go mór le hatmaisféar an chaife.
nua-aimseartha modern
" Cuireann an dearadh, an meascán seo den Éirinn thraidisiúnta agus nua-aimseartha, go mór le hatmaisféar an chaife.
shochaí nua-aimseartha modern society
" “Ba é an dearcadh a bhí aigesean ná gur gá an bhéim a chur ar shochaí nua-aimseartha a chruthú ina bhfuil an bhéim ar chearta daonna agus chan ar Bhíoblaí agus téacsanna ársa mar níor scríobhadh lenár linn féin iad , agus d’aontóinn leis sin.
acmhainní nua-aimseartha modern resources
" Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
nós nua-aimseartha modern habit
" An samplaí de chruthaitheacht ealaíonta na n-ainmhithe seo a leithéid nó, murab ea, cad é an míniú atá orthu? An Seansaol ======= Maidir le nós imeachta an chait, mar shampla, tá fianaise ann nach nós nua-aimseartha é seo agus go raibh meas ag muintir na sean-Éigipte ar na hiarrachtaí ealaíonta a dhéanadh a gcuid cat féin.
córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth an excellent modern public transport system
" Agus an rud atá ag gabháil a tharlú go sciobtha sa tír seo ná go dtiocfaidh daoine ar an tuiscint go bhfuil deireadh le ré na gcarranna agus go gcaithfidh muid córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth a chur ar fáil do chuile shaoránach in Éirinn, bíodh sé i mBaile Átha Cliath, i gClár Chlainne Mhuiris, i nGaillimh nó pé áit.
blas nua-aimseartha modern flavour
" Mar mhalairt air sin, b’fhéidir, is breá na dlúthdhioscaí atá eisithe ag daoine mar Chormac Breathnach nó Michael McGoldrick, fear a tógadh i Sasana - bíonn blas nua-aimseartha ar a chuid ceoil agus bíonn meascán neamhghnách uirlisí ag tabhairt tionlacain dó freisin.
ar bhealaí nua-aimseartha in modern ways
" Muna mbainfear triail as gníomhaíochtaí úrnua agus muna mbíonn na móreagraíochtaí ag díriú ar chur chun na Gaeilge ar bhealaí nua-aimseartha, ní bheith fuinneamh ná forbairtí i saol na Gaeilge arbh fhiú trácht orthu.
foirgneamh nua-aimseartha a modern building
" Bhuail mé le Seán Ó Coileáin ina oifig i Roinn na Gaeilge, atá suite in Áras Uí Raithille, foirgneamh nua-aimseartha in aice le Leabharlann Boole ar champas na hollscoile.
an fearas cogaíochta ba nua-aimseartha the most modern weaponry
" Ról é fosta a dheimhnigh nach mbeadh ar Rialtas Cheanada airgead rómhór a chaitheamh ar chúrsaí cosanta chun an fearas cogaíochta ba nua-aimseartha, ba chostasaí agus ba mharfaí a cheannach.
litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch a modern stimulating pioneering literature
" Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.
teicneolaíocht nua-aimseartha modern technology
" Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, tá barr feabhais curtha ar chúrsaí cumarsáide agus oideachais; ach de réir mar atá an líon daoine atá ag baint úsáide as an teicneolaíocht nua-aimseartha ag méadú, is amhlaidh go bhfuil fadhbanna á gcruthú agus baol úr curtha os ár gcomhair.
aerlínéar nua-aimseartha a modern airliner
" Agus deireadh 2006 ag druidim linn, seo ceist shuimiúil: ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, cén chuma a bheidh ar eitleáin i gceann fiche nó tríocha bliain? Ar dtús, caithfimid a rá nach mbeidh cuma ródhifriúil ar roinnt mhaith acu! Bíonn saolré timpeall 25 nó 30 bliain ag aerlínéar nua-aimseartha mar an Airbus A320 nó Boeing 737 - tar éis na tréimhse sin éiríonn an chothabháil róchostasach.
ceant ealaín Impriseanaíoch agus Nua-Aimseartha an auction of Impressionist and Modern art
" Is é *Vue de Paris aux environs de Montmartre *an pictiúr atá i gceist agus díoladh ar €900,000 é ag ceant ealaín Impriseanaíoch agus Nua-Aimseartha a reáchtáil Sothebys i Londain an mhí seo caite.
an-nua-aimseartha ar fad. extremely modern.
" Tá na hionaid fíona an-éagsúil óna macasamhail san Eoraip sa chaoi is go bhfuil siad an-nua-aimseartha ar fad.
neamhghnách agus nua-aimseartha unusual and modern
" Tá teach neamhghnách agus nua-aimseartha aici a dhear an t-ailtire Gokay Deveci.
nua-aimseartha agus meicnithe. modern and mechanised.
" I lár an 19ú haois, theip ar thionscail Chromba de bhrí go raibh na monarchana i ndeisceart na hAlban nua-aimseartha agus meicnithe.
ceap mór oifigí nua-aimseartha a big modern office block
"ceap mór oifigí nua-aimseartha ag Rialtas na hAlban ansin.
Ionad Ceoil Nua-Aimseartha na hÉireann The Contemporary Music Centre
" Tá tionscadal nuálach ar siúl ag Ionad Ceoil Nua-Aimseartha na hÉireann i mBaile Átha Cliath faoi láthair a bhfuil sé mar aidhm aige lipéad / láithreán íoslódála a bhunú don saincheol in Éirinn.
don ealaín nua-aimseartha for modern art
" D’oscail sé Dánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín, a bhí ar an chéad dánlann phoiblí don ealaín nua-aimseartha ar domhan, b’fhéidir, i 1908.
foirgneamh nua-aimseartha modern building
" **Cinneadh suntasach** “Tá cinneadh déanta anois ag Coiste Gnó an Chonartha an ceannáras ar Shráid Fhearchair a dhíol, láthair nua a aimsiú agus foirgneamh nua-aimseartha a thógáil,” a deir sé.
nua-aimseartha modern
" Bhí cúrsaí ceoil an-tábhachtach don stáisiún riamh agus tá stiúideo nua-aimseartha acu ina gceanncheathrú ar Chearnóg Mhuirfean.
nua-aimseartha modern
" Scéal a bhfuil an t-uafás agus an daonnacht taobh le taobh ann agus a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha.
saol nua-aimseartha modern world
" Sa Fhrainc, áit a raibh neart ‘teangacha ceantair’, cuireadh béim ar an bhFraincis mar theanga oifigiúil náisiúnta, agus feiceadh ar an Occitanais, an Bhascais agus ar an mBriotáinis mar chanúintí gan mhaith nach n-oirfeadh don saol nua-aimseartha.
tsochaí nua-aimseartha iarchoilíneach modern postcolonial society
" Mar a dúirt Foucault uair amháin agus é ag tagairt do chúrsaí cumhachta sa tsochaí nua-aimseartha iarchoilíneach seo: Chaque société a son régime de vérité, sa ‘politique générale’ de la vérité: c’est-à-dire, les types de discours qu’elle accueille et fait fonctionner comme vrais (Tá a réimeas féin den fhírinne ag gach sochaí ar leith, a cuid ‘polaitíochta ginearálta’ den fhírinne – is é sin, na cineálacha allagar a nglactar leo agus a chuirtear i bhfeidhm mar fhírinne…)
dleathach nua-aimseartha legal and modern
" Fuair sé deis shainiúil a chomhphobal féin a athdhearadh de réir phrionsabal dleathach nua-aimseartha, agus tá fonn air an soiscéal sin a scaipeadh.
nua-aimseartha modern
" Ach, faraor, bhíos i gcathair chomh mór le Luimneach, áit lán den saol nua-aimseartha.
ndomhan nua-aimseartha seo na Síne this modern China
" I ndomhan nua-aimseartha seo na Síne tá tú ábalta dul ar obair in áiteanna eile ach bíonn sé an-chasta do chearta sibhialta a bhaint amach ina n-iomláine.
nua-aimseartha modern
" Bhí fís ag tiomáint an fheachtais le stáisiún teilifíse a fháil: shíleamar go mbeadh tionchar thar na bearta ag stáisiún teilifise nua-aimseartha ar iompar teanga daoine óga, sa Ghaeltacht ach go háirithe.
iarnród nua-aimseartha a modern railway
" Ach in ionad na milliuin a úsáid chun iarnród nua-aimseartha (cosúil leis an cheann sa Fhrainc) a thógáil, mar shampla, chuir siad an t-airgead amú chun ceithre mhilliún a choinneáil ar an dól.
ardán do shaothar nua-aimseartha a platform to modern works
" Bunaíodh an Biennale i 1895 le deis a thabhairt do thíortha an domhain sárthaispéantas a chruthú bunaithe ar na healaíona maisiúla agus inniu tugann an Biennale ardán do shaothar nua-aimseartha a chuimsíonn achan chineál bhlais agus dearcaidh.
Chuireadar snas nua-aimseartha they showed in a new light
" Chuireadar snas nua-aimseartha mar shampla ar sheanscéalta na nGréigeach - chromadar fé Medea i 2009 le medEia ar an urlár b’uachtaraí i Halla an Chontae.
dearcadh an-nua-aimseartha agus forfhásach a very modern and progressive view
" Toisc gur tógadh le Gaeilge i mBleá Cliath mé agus go raibh dearcadh an-nua-aimseartha agus forfhásach ag mo mháthair ó thaobh na Gaeilge de - ní hamháin gur thóg sí le Gaeilge muid, ach do mhínigh sí tábhacht na Gaeilge dúinn ó thús.
nua-aimseartha modern
" Tá sampla curtha chun tosaigh acu seo gur féidir comh-oibriú a bheith idir luachanna cultúrtha seanaimseartha agus nua-aimseartha le beocht agus brí a athmhúscailt sa chultúr.
Comórtas dírithe ar ealaín nua-aimseartha choincheapúil a competition aimed at modern conceptual art
" Comórtas dírithe ar ealaín nua-aimseartha choincheapúil atá sa Turner Prize, agus tá sé oscailte d’ealaíontóirí Briotanacha faoi 50 bliain d’aois agus saothar bunúil ar siúl acu.
nua-aimseartha modern
" Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
fhoirgneamh nua-aimseartha modern building
" Saothraíonn pingin pingin eile, deirtear, agus bhog an iarsmalann ó dheas chuig an fhoirgneamh nua-aimseartha Urbis i lár na cathrach sin.
nua-aimseartha modern
" Bhí dul chun cinn na grianghrafadóireachta ag pointe an-luath faoi seo agus ní raibh teacht fós ar fhormhór na dteicnící nua-aimseartha atá in úsáid sa lá atá inniu ann – go mór mór na teicnící sin a bhaineann leis an ngrianghrafadóireacht dhaite.
nua-aimseartha modern
" Nuair a mhaslaíonn Captain Jackson iarrachtaí an Chigire Reid “seomra báis” nua-aimseartha cosúil le seomraí John Hopkins i mBaltimore a mhaisiú dó i Whitechapel, cuireann an cigire ceist ar an máinlia amhrasach: “*Should we not aspire so high you and I?*” Míshásamh Thuas Staighre ========== Dúnmharaítear póilín óg le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil a rinne iarracht pictiúirí d’inneall loingseoireachta nua a ghoid ón innealtóir.
faoin tsochaí nua-aimseartha about modern society
" Níl a fhios an éireoidh leis an gcairt nó an gcaithfí i leathaobh é, ach is cinnte gur ardaigh sé ceist spéisiúil faoi chultúr agus faoin tsochaí nua-aimseartha ina bhfuil Québec.
ealaín nua-aimseartha na hEorpa modern E. art
" Iniúchadh a bhí sa taispeántas sin ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha ceannródaíocha a thaistil chun na Fraince agus níos faide ó bhaile le staidéar a dhéanamh ar ealaín nua-aimseartha na hEorpa ag tús na haoise seo caite.
na modhanna is nua-aimseartha the most modern methods
" Cad ba chúis le himeacht Jellet agus Hone chun na Fraince ar mhaithe le heolas níos fairsinge a lorg ar na modhanna is nua-aimseartha i réimse na péintéireachta – agus ar mhaithe leis an eolas sin a thabhairt ar ais leo agus é a dháileadh ar a gcomhghleacaithe i ndomhan beag ealaíne Éire a linne? Tá freagra sách simplí ar an gceist sin.
nua-aimseartha modern
" Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh.