Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líon íseal seo daoine this small number of people
" Cothaíonn an líon íseal seo daoine deacrachtaí maidir le cúrsaí sochtheangeolaíochta agus iompar teanga.
líon the number
"líon na nGaelscoileanna agus líon na ndaltaí sna scoileanna sin ag méadú gach bliain; ar an taobh eile den scéal, áfach, bheadh sé deacair teacht ar bhunscoil Ghaeltachta arb í an Ghaeilge teanga chumarsáide fhormhór na bpáistí sa chlós imeartha.
líon mór eachtrannach a large number of foreigners
" Caithfear an cheist a chur: céard atá i ndán do Bhaile Átha Cliath amach anseo? Gan amhras, má ghlactar le líon mór eachtrannach sa tír beidh trioblóid againn sa todhchaí.
an líon is mó the greatest number
" Ó thaobh na náisiúnaithe de, beidh sin ag brath ar cé a bheas ábalta - i measc rudaí eile - an líon is mó athruithe san RUC a bhaint amach.
líon the number
" Níl na gealltanais a tugadh dóibh á gcomhlíonadh.
ag dul i líonmhaireacht increasing in number
" Tá ócáidí mar An tOireachtas, an club Sult agus deirí seachtaine Dhaltaí na Gaeilge ag dul i líonmhaireacht agus deiseanna ag daoine cineálacha éagsúla saoire a bheith acu sa Ghaeltacht.
dornán beag daoine a small number of people
" Is minic le deich mbliana anuas a bhí mé i láthair ag dráma Gaeilge agus gan ach dornán beag daoine sa lucht éisteachta.
líon the number
" Ba mhaith liom go mbeadh líon na ndaltaí atá ag freastal ar na scoileanna méadaithe go sonrach.
méid millteanach ceoltóirí a great number of musicians
" Mheall Gaillimh í, mar tá méid millteanach ceoltóirí ansin, an chuid is mó acu as áiteanna eile ó dhúchas.
an líon bó the number of cows
" Aon tagairt do thionscail bhain sé leis an gceilp, an iascaireacht, sníomh agus fíodóireacht, lásadóireacht agus an líon bó a bhí ag aon teaghlach.
ina sluaite móra in big numbers
" Tháinig daoine den lucht oibre anseo ina sluaite móra sa naoú haois déag mar go raibh na mílte post le fáil sna muilte lín, sna dugaí agus sna longlanna.
an líon céanna amhrán the same number of songs
" Is é an t-albam is mó dá cuid go dtí seo a raibh éileamh air ná *A Stór is a Stóirín* de bharr réimse chomh leathan sin amhrán a bheith le fáil air, ocht n-amhrán déag do pháistí agus an líon céanna amhrán do dhaoine fásta.
an draoi glórtha daonna the great number of human voices
" Nuair a fhágann an foghlaimeoir an pobal sin, áfach, le cur faoi in áit nach bhfuil daoine a thuilleadh, caithfidh sé brath ansin ar an draoi glórtha daonna ar an idirlíon.
dá laghad sinn even though we are small in number
" Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
lear mór daoine a great number of people
" Tá sé óg agus fuinniúil, dóighiúil (dar leis na mná, seachas liomsa!) agus faiseanta, agus éiríonn leis lear mór daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge gan a bheith ag brú na teanga orthu nó a bheith ag seanmóireacht mar gheall uirthi.
slám mór a great number
" Tá bagairt eile ann sa mhéid is go bhféadfadh conraitheoir tógála teacht isteach sa gceantar agus slám mór tithe a thógáil agus go mbeadh an Béarla i réim.
uimhirchláracha registration numbers
" Bhí grúpa puball ansin, thart ar roinnt gluaisteán a raibh uimhirchláracha as Tuaisceart Éireann acu.
den líon iomlán of the total number
" Is eachtrannaigh iad formhór na striapach atá ag obair ar an tsráid na laethanta seo - idir 25,000 - 40,000 den líon iomlán, de réir meastachán airithe; is fearr le go leor de na striapacha Iodálacha a gcuid custaiméirí a aimsiú i slí eile.
traidhfil scéalta beaga a small number of little stories
" "Tuairim is ar dhá bhliain ó shin d'iarr Raidió na Gaeltachta orm traidhfil scéalta beaga a chur le chéile le cur amach ar an aer.
scata maith daoine a good number of people
"scata maith daoine sa gceantar ag coinneáil orthu ag iascaireacht i gcónaí, ach tá tuilleadh forbartha ag teastáil ar an obair sin.
an líon Astrálach the number of Australians
" Fógraíodh lá bróin san Astráil seachtain dár gcionn de bharr an líon Astrálach a maraíodh agus a goineadh.
an líon paisinéirí the number of passengers
" Mhéadaigh muide faoi dhó an líon paisinéirí a bhí ag dul idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath agus chuir muid an-aithne ar na daoine áitiúla a bhí ag taisteal linn.
an líon mór cairde the great number of friends
" Bíonn a lán comhluadair acu, idir na turasóirí agus an líon mór cairde atá acu sa cheantar, gan trácht ar an dá chat, Pollo agus Chico.
líon na ndaltaí the number of pupils
" Tá coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
líon lucht féachana the number of viewers
" ' Má chuirtear líon lucht féachana an Domhnaigh agus líon an Luain le chéile, d'fhéach tuairim is 140,000 duine ar an gclár a craoladh faoin Airgintín cúpla seachtain ó shin.
líon mór daoine a large number of people
" Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002.
ar iliomad cúiseanna for a great number of reasons
" Bíonn sé an-deacair iad a mhealladh chuig ranganna agus imeachtaí ar iliomad cúiseanna.
líon number
" Tig leat na costaisí díreacha a mheas, nó cuid acu, trí bhreathnú ar líon na mbinsí fiosrúcháin a cuireadh ar bun ó aimsir Hamilton i leith.
líon number
" Má tharlaíonn sé i mBaile Átha Cliath is cinnte go dtarlóidh sé i nDoire Cholm Cille, cathair eile atá ag dul ó neart go neart ó thaobh íomhá na Gaeilge de agus líon na gcainteoirí a úsáideann an teanga go laethúil.
líon na n-oibrithe the number of workers
" Rinneadh athstruchtúrú ar an eagraíocht agus tá líon na n-oibrithe agus réimse na seirbhísí Gaeilge i ndiaidh fás ó shin.
líon foirne numbers of staff
" I rith an bliana seo caite, bhí sé le feiceáil gur tháinig méadú mór ar thionscadail, líon foirne agus imeachtaí an Ghaelárais.
dornán beag a small number
" Nár éirigh linne, dornán beag Éireannach, an ceann is fearr a fháil ar cheann de na tíortha impiriúla ba chumhachtaí ar domhan ag tús na haoise seo caite? Gan ach cúpla céad seanghunna agus armlón beag inár seilbh againn? Nár éirigh le muintir Vítneam barbarthacht Mheiriceá a chloí in ainneoin gur scriosadh an tír le hairm cheimiceacha agus gur maraíodh na céadta míle sibhialtach? Thug mé féin suntas do thuairisc amháin a tháinig chugainn ó theorainn na hIordáine leis an Iaráic.
lear mór a great number
" Tá éagsúlacht iontach áiseanna le fáil ar an idirlíon, idir Raidió na Gaeltachta, *Beo! *ar ndóighe, agus lear mór eile suíomh eolais agus caidrimh.
líon number
" I ndiaidh cúpla lá troda bhí líon mór de ghnáthmhuintir na tíre sin marbh agus bhí saighdiúirí de chuid na Breataine agus Mheiriceá tar éis a chéile a mharú trí thimpiste.
uimhirphlátaí number plates
" * Gluais • Glossary sprioctarget ní túisce anseo thúno sooner are you here iontach slachtmharvery tidy beathalife mórphearsa ficsingreat fictional character dílleachtaorphan sa tsraithin the series uaighgrave an oiread is siolla amháin dá shaotharnot even a syllable of his work oilithreachtpilgrimage clúiteachrenowned a mhaíomhto boast iarsmalannmuseum tairgtear camchuairteannatours are offered bantreoraífemale guide díomhaoinidle ag blaiseadh den saolgetting a taste of the life troscánfurniture sprúillí mionsonraíochaminor fragments col ceathrachacousins ní chónaíodh Montgomery féin ann riamhMontgomery himself never used to live in it adhlacthaburied i do chomhchuairteoiríin your fellow-visitors iad a rangúto categorise them SeapánaighJapanese díograiseachenthusiastic searmanasceremony a fhiafraí deto ask dúilliking luachannavalues chomh patuar intias apathetic towards her smidword, syllable carrchlóscarpark mionsamhailminiature éalúescape proinntitherestaurants camchuairt oidhreachtaheritage tour baiste asnamed after a cuid pearsanher characters bunchlochfoundation-stone straitéis mhargaíochtamarketing strategy uimhirphlátaínumber plates gléastadressed príomhsheómain show Oileánaighisland-people mórtasach asproud of dúchasachnative mangairísellers ollúna mórluachachaself-important professors tionscalindustry débhríochambiguous bréan den ealaín ar fadsick of the whole carry-on tuairiscítearit is reported frith-Anneanti-Anne Is stáitsíodh an t-ilsiamsa AnnekensteinAnd the variety show Annekenstein was staged fonóidmockery d'íomhá fholláin Anneof Anne's clean image casadhtwist is barrúlafunniest cúiseamhaccusation leispiachaslesbianism (chuir sí(she nuair a d'áitighwhen she argued comhdháilconference leispiachas folaithehidden lesbianism cairdeasfriendship cumann leispiach nár cuireadh i gcríchunfulfilled lesbian love oirirceminent flúirse tagairtílots of references homa-anghráchhomo-erotic traidisiúnaithetraditionalists ábhar a stoitheadhto take material comhthéacscontext náireachshameful scannalachscandalous nach bhfuil bun nó barr leiswhich has no basis i dtólamhalways treoraí ar leitha separate guide na sluaite leispiachathe crowds of lesbians díoltas DéGod's revenge mallaithedamned go mear ocrachquickly and hungrily páirc mhór siamsaíochtaa big amusement park tithe itheacháineating houses tuirlingtto alight ar an drochuairunfortunately níl tásc nó tuairisc arthere is no sign of ag foghlúplundering ag creachlooting fáilteachwelcoming go gealgháireachcheerfully le teann diabhlaíochtaout of devilment sé glúinesix generations dubh le turasóirípacked with tourists cárgrimace níos féile ó thaobh síntiúis láimhe demore generous when it comes to tips oineachhonour freastalaíwaitress babhla seabhdairbowl of chowder ciseán bonnóg is craicéira basket of scones and crackers féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainneto see if the fish are taking the bait in the pool of milk diúilicínímussels breallachclam portáncrab gliomachlobster trosccod róshrónachtoo nosey meascthamixed glasraívegetables diúgann tú an t-anraithyou drain the soup an braonán blasta deiridhthe last tasty droplet
líon number
" Tá duais €600 ag gabháil le chuile cheann acu! I gcás na píbe uilleann tá turas freisin chuig Féile Lorient! Ach i gcás chomórtas an veidhlín i mbliana níl ach trí iarratas ann! Níl ach trí iarratas ann do chomórtas na cláirsí! Tá an phíob uilleann agus ceol beirte thar barr agus beidh an-tráthnóna ceoil ann! Tá an caighdeán ann ceart go leor, ach níl an líon.
líon na mball the number of members
" Cé go raibh an rialtas breá sásta líon na mball ar an Choimisiún a bheith dhá oiread líon na mball ar Choimisiún Thuaisceart Éireann, más fíor do Phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin An Dr.
uimhreacha aitheantais identity numbers
" ) Go bunúsach, deir an CPSU nach bhfuil an chigireacht chuí ar siúl ar bheithígh sna contaetha sin faoi láthair, mar gheall nach bhfuil na tréidlianna in ann teacht ar an eolas faoi chártaí agus uimhreacha aitheantais na mbeithíoch atá coinnithe ar chóras ríomhaireachta na Roinne.
na sluaite great numbers
" Ní fhacthas comhoibriú den chineál céanna idir tuath agus cathair ó bhí an fómhar i mbaol bliain nó dhó tar éis an dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig na sluaite amach as na bailte móra chun cabhrú leis na feirmeoirí.
líon na n-aeróg the number of aerials
" Braitheann cruinneas an chórais seo ar líon na n-aeróg atá sa cheantar - dá bhrí sin, bíonn sé i bhfad níos cruinne i gceantracha uirbeacha ina bhfuil a lán ceall ná amuigh faoin dtuath.
líon number
" An líon síniú is airde ariamh a bailíodh le chéile ar aon ábhar amháin, le cabhair an idirlín, ar ndóigh.
leis an méid sin daoine a mhealladh to attract that number of people
" Ní theastaíonn uathu glacadh le níos mó ná 20 duine in aon rang, ach bíonn a lán oibre ag teastáil leis an méid sin daoine a mhealladh fiú.
uimhir shuaitheantais badge number
" " Mar gheall air seo, deir Finucane agus iad siúd atá ag tacú leis ina ráiteas misin gur mhaith leo na nithe seo a leanas a fheiceáil: "ainmneacha, mar aon le rang, uimhir shuaitheantais and aonad, liostáilte de réir na haibítre agus de réir roinne.
iliomad great number
" Níor imríodh ach trí chluiche mhóra iomána go dtí seo (mí an Mheithimh) i bPáirc an Chrócaigh - Craobh na gClub Lá Fhéile Pádraig, cluiche ceannais na Sraithe idir Tiobrad Árann agus Cill Chainnigh agus Áth Cliath v Uíbh Fhailí i mbabhtaí cáilithe an Chraobhchomórtais (cuir é sin i gcomparáid leis an iliomad cluichí peile a cuireadh ar siúl ann).
líon iomlán na mbeithíoch the total number of animals
" Titfidh líon iomlán na mbeithíoch agus líon na bhfeirmeoirí, agus, lena chois sin, maolófar ar chumhacht na n-eagraíochtaí feirmeoireachta féin.
líon number
" Cad é chomh scanraitheach is atá sin? Tá líon na n-ionsaithe den chineál seo ag méadú an t-am ar fad ó thuaidh.
líon na gcustaiméirí the number of customers
" Tá an dlí céanna tar éis neart trioblóide agus conspóide a chothú i Meiriceá, go háirithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil go leor úinéirí beár, óstán agus bialann ag maíomh go bhfuil líon na gcustaiméirí agus an brabús atá á dhéanamh acu tite go mór ó cuireadh tús leis an chosc ansin.
slua mór léitheoirí a great number of readers
" Ní haon ionadh gur thug cuid dá chairde "Barra Buí" air! Thug sé na blianta i mbun a cholúin "Macallaí" san *Irish Echo*, ceann de na páipéir mhóra Ghael-Mheiriceánacha, agus bhí slua mór léitheoirí ag an gcolún céanna.
ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna laughing at the great number of taboos
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
Líon number
" Seasca? Seachtó? Ochtó? Líon éigin mar sin.
dornán beag a small number
" "Nuair a bhí mise ag toiseacht amach 30 éigin bliain ó shin, ní raibh ach dornán beag píobairí i mBéal Feirste - Robbie Hannon, "Middle" Francie McPeake a theagasc na píobaí dom féin, agus duine nó beirt eile.
líon number
" Nuair a chuireann tú san áireamh an líon mór fear a chaill an rannóg an lá sin, d'fhéadfadh Cole gan amhras cinneadh a dhéanamh gan post a thógáil san FDNY.
an líon daoine gan dídean the number of homeless people
" Ach is é an fhírinne go mbeidh ar an rialtas i bhfad níos mó ná ionaid a oscailt má táid le srian a chur leis an líon daoine gan dídean, líon atá ag méadú in aghaidh an lae sa stát seo.
an ilomad ábhar eile a great number of other subjects
" Beidh go leor ball den pháirtí ag dul chun tosaigh sa toghchán agus iad in éadan géilleadh ar bith ar cheisteanna an RIR, Patton, agus an ilomad ábhar eile, agus tá an DUP an-tógtha i ndiaidh na mbuanna a bhí acu in Olltoghchán Westminster in 2001.
líon number
" "Tá BBC Thuaisceart Éireann ar tí doiciméad a fhoilsiú a mhíneoidh a mholtaí maidir le cur le líon na gcláracha Gaeilge a bheas le feiceáil ar an BBC.
fíorbheagán iriseoirí a small number of journalists
" Chinntigh dlíthe leabhail an stáit seo nach raibh ann ach fíorbheagán iriseoirí arbh fhiú dóibh fíoririseoireacht fhiosraitheach a chleachtadh.
laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh a decrease in the number of casualties and dead
" Beifear ag guí chomh maith go dtiocfaidh laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh ar gach taobh, agus go n-éireoidh le náisiúin atá ag fulaingt tús a chur le hatógáil.
mhéadaigh líon na ndúnmharaithe sa stát the number of murders in the state increased
" Ag an am céanna, mhéadaigh líon na ndúnmharaithe sa stát.
i líon na ndaoine in the number of people
" Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh.
líon number
" Níl ach 36 acu sa tír faoi láthair, ach tá an líon ag fás de réir a chéile.
líon na saothar ealaíne the number of works of art
" Is ag an am seo a tháinig méadú ollmhór ar líon na saothar ealaíne a léirigh an gnáthshaol laethúil: mná ag dul don obair tí, fuadar na sráide, radharcanna gáirsiúla tábhairne ina raibh fír agus mná ag radaireacht le chéile, staidéir neamhbheo agus tírdhreacha.
líon number
" Cé gur beag an líon mac léinn atá ag foghlaim na Gaeilge i gcomórtas le teangacha eile, tá an t-éileamh agus méid na ranganna ag fás de réir a chéile.
ina sluaite iomadúla céadacha in vast numbers
" Dar leis an bheirt acu - é féin agus an glór - go dtiocfaidh muintir na hÉireann amach ina sluaite iomadúla céadacha le vóta a chaitheamh ar a shon.
dorn mór a large number
" Ar an gcéad dul síos, tá dorn mór grúpaí a sheinneann ceol Gaelach sa chathair agus ar fud na tíre.
uimhir thagartha faoi leith separate reference number
" Is buntáiste mór é do mhiondíoltóirí uimhir thagartha faoi leith a bheith ag gach earra mar is féidir leo é a leanúint tríd an slabhra soláthair ón monarcha go dtí an teach.
an méid corn agus craobh the number of trophies and championships
" Mar is eol do chách, is dóigh, tá bainisteoir ar United (nach bhfuil chomh haontaithe sin faoi láthair, de réir mar a thuigim) agus tá sé molta go hard mar bhainisteoir i ngeall ar an méid corn agus craobh atá buaite ag an gclub úd faoina stiúir le beagnach 20 bliain anuas.
líon number
" Cá raibh an caoineadh is an t-olagón? Is ar éigean go raibh trácht ar bith i meáin na hAstráile ná i bhformhór mheáin an domhain ar an líon a bhí á marú gach lá.
líon na gcustaiméirí the number of customers
" Tá fógraí acu i bh*Foinse* gach seachtain faoi láthair agus tá líon na gcustaiméirí ag fás an t-am ar fad.
líon na ndaltaí bunscoile the number of primary school pupils
" De bharr an fheachtais sin, táthar ag cur go mór le líon na ndaltaí bunscoile a bhfuil rochtain acu ar leabhair Ghaeilge le súil is go gcuirfear síol na léitheoireachta Gaeilge ina saol, síol a fhásfaidh de réir mar a fhorbraíonn siad mar dhaoine.
liosta uimhreacha na bhfolínte the list of extension numbers
" Chomh maith leis sin, bhí liosta uimhreacha na bhfolínte mí-eagraithe ar fad.
líon na ngairmeacha the number of vocations
" Deirtear go bhfuil laghdú tagtha i líon na ngairmeacha, agus tá dochar mór déanta do mhuinín daoine as an Eaglais.
an líon tithe the number of houses
" Oireann sé go breá freisin do lucht tógála teorainn a bheith leis an líon tithe a thógtar.
líon mór a great number
" Ciallaíonn sin go bhfuil Gaeilge líofa ag líon mór den óige sa cheantar.
lear mór a big number
" Beidh lear mór de mhórcheoltóirí Dhún na nGall ag teacht le chéile in iardheisceart an chontae an deireadh seachtaine seo chugainn le fómós a thabhairt agus meas a léiriú ar chlann Uí Chóilín as Gleann na nGleannta.
líon iomlán básanna total number of deaths
" Faigheann níos mó ná 13,000 duine bás mar gheall ar chaitheamh tobac ansin gach bliain - sin 25% den líon iomlán básanna.
líon na mac léinn iarchéime the number of post-graduate students
" Tá an tAire Éadóchais, Noelle Ó Díomásaigh, ag iarraidh comhchoibhneas a chruthú idir feabhas naíonraí áirithe agus líon na mac léinn iarchéime a fhaigheann céad onóracha sa chéim dochtúireachta.
uimhir aitheantais phearsanta Personal Identification Number
" Nuair a bheidh na cártaí nua seo in úsáid chun earraí a cheannach i siopaí, beidh ar dhaoine gléas beag a úsáid chun a n-uimhir aitheantais phearsanta a ionchur in áit admháil a shíniú.
an líon céanna vótaí the same number of votes
" Ar ndóigh, pearsantachtaí láidre iad an bheirt seo agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an bhfaighidh a gcomharbaí, Allister agus Martin Morgan ón SDLP, an líon céanna vótaí (192,762 a bhí ag Paisley agus 190,731 ag Hume) an iarraidh seo.
an líon feidhmchlár ríomhaireachta the number of computer applications
" Cur chuige comhoibríoch ======= Tá an cur chuige comhoibríoch atá ag an gcomhluadar foinse oscailte tar éis cur go mór leis an líon feidhmchlár ríomhaireachta atá in ann déileáil leis an nGaeilge - mar shampla, tá forbairt déanta ar litreoir Gaeilge don chóras saor in aisce OpenOffice.
líon dochreidte dealbh an incredible number of statues
"líon dochreidte dealbh thart ar bhallaí agus ar dhíonta na cathrach - naoimh, déithe clasaiceacha, maighdeana mara, sclábhaithe fiú.
líon number
" Tá poblachtánaigh agus iarshaighdiúirí iad féin ar aon intinn go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná seo.
líon na mball the number of members
" An Eite Dheas Chráifeach agus an Páirtí Poblachtach ======= De réir *Theocracy Watch*, tá an Eite Dheas Chráifeach níos láidre ná mar a bhí riamh; tá éirithe leo líon na mball atá acu sa Pháirtí Poblachtach a mhéadú, agus tá tromlach ag an pháirtí sin anois in dhá Theach na Comhdhála agus uachtarán coimeádach curtha acu sa Teach Bán.
líon na n-ionsaithe ciníocha ag méadú the number of racist attacks increasing
" "Ach ansin chonaic mé líon na n-ionsaithe ciníocha ag méadú, go háirithe i ndiaidh 11 Meán Fómhair.
líon na vótaí the number of votes
" Mar sin, caithfidh tú féachaint air mar sin, agus ní ar líon na vótaí ná ar bhuachan suíochán.
líon number
" Idir bhás Amharclann de hÍde, an titim i líon na ndaoine atá ag freastal ar dhrámaí Gaeilge agus na seanchoimhlintí i measc na ngrúpaí a bhfuil baint acu leis an drámaíocht, is minic le blianta beaga anuas a chualathas drochthuar á dhéanamh don drámaíocht Ghaeilge.
líon mór príosúnach a large number of prisoners
" Bhí líon mór príosúnach (b'as Éirinn a bhformhór) i mbeairic in iarthar Sydney a chinn ar éalú, máirseáil ar Sydney, longa a ghabháil agus filleadh ar Éirinn.
líon mór daoine a great number of people
" Ní thuigim cén fáth a dtéann líon mór daoine ó thuaisceart na hÉireann thar sáile i rith an tsamhraidh, go dtí áiteanna mar an Spáinn atá iontach te ag an am sin den bhliain.
líon na n-úsáideoirí the number of users
" Beidh Dempsey freagrach as méadú líon na n-úsáideoirí a bhaineann leas as leathanbhanda, agus go háirithe línte digiteacha rannpháirtí.
líon number
" Ar an idirlíon den chuid is mó a rinne mé an taighde, agus ní bhfuair mé ach cúpla freagra ar ais.
a líon its number
" Bunaíodh tascfhórsa le gairid a bhfuil sé mar aidhm aige deireadh a chur leis an mbuaf chána san Astráil nó a líon a laghdú go mór - ar a laghad 90%.
go hiliomad láithreacha to a large number of sites
" Nach deas teolaí é sin mar shocrú! Tá sé le fógairt go luath ag Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maol Dhia, go bhfuil comórtais an Oireachtais le dílárú go hiliomad láithreacha ar fud na tíre.
líon beag comhlachtaí a small number of companies
" Ar nós an tionscail físe, tá líon beag comhlachtaí ag maireachtáil ar choimisiúin a fhaigheann siad ó eagraíochtaí éagsúla.
líon na seisiún traenála the number of training sessions
" Laghdódh sin go mór ar líon na seisiún traenála agus ar líon na gcluichí ag na himreoirí ab fhearr agus bheadh seans níos mó ann go leanfaidís ar aghaidh ag imirt níos faide.
den líon iomlán básanna of the total number of deaths
" Cén sórt saoirse é sin? Faigheann níos mó ná 13,000 duine bás mar gheall ar chaitheamh tobac in Albain gach bliain - sin 25% den líon iomlán básanna - agus ní raibh iontas orm, mar sin, nuair a vótáil an Pharlaimint i nDún Éideann le cosc a chur ar an tobac i mí na Samhna.
lear mór gníomhaíochtaí a great number of activities
" Bíonn lear mór gníomhaíochtaí i gceist, idir rásaíocht, dhamhsa, aclaíocht, lúthchleasaíocht agus spraoi, agus baintear úsáid as an gceol agus as rannta beaga chun na páistí a spreagadh.
i líon na nÉireannach in the number of Irish people
" Ach le cois na gceisteanna faoi na cúiseanna go bhfuil sé seo ag tarlú, tá ceisteanna deacra eile le freagairt, mar shampla: Cad go díreach is féidir a dhéanamh faoin titim seo i líon na nÉireannach i Nua-Eabhrac? Tá roinnt daoine, atá go mór i gcoinne inimircigh mhídhleathacha ar bith bheith sa chathair, ag cur ceiste ar cheart *rud ar bith *a dhéanamh faoin laghdú seo i líon na nÉireannach.
fhigiúirí cruinne accurate numbers
" Ar ndóigh, tá sé dodhéanta teacht ar fhigiúirí cruinne.
líon na mball the number of members
" D'admhaigh Guerrera go bhfuil laghdú beag tagtha ar líon na mball ina eagraíocht féin le roinnt blianta anuas.
an líon daoine the number of people
" Tháinig méadú ar an líon daoine ar cuireadh cóir leighis orthu de bharr iad bheith tugtha don chóicín ó 86 i 1998 go 155 in 2002, agus mhéadaigh an líon daoine a raibh fadhb acu leis an eacstais ó 835 i 1998 go 1,615 in 2002.
líon na bhfeall a dhéanfar the number of fouls that will be made
" Scríobhas i bhfábhar an athraithe seo cheana agus beidh sé suimiúil a thionchar a fheiceáil maidir le líon na bhfeall a dhéanfar agus líon na gcártaí buí a bhronnfaidh na réiteoirí.