Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
hoideachas fadsaoil lifelong learning
" Cad a dhéanfaimid anois leis na spásanna breise? Bhuel, aithnítear anois an tábhacht a bhaineann le hoideachas fadsaoil, agus an dúshlán anois do na hollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta ná freastal ar mhic léinn eile seachas lucht na hArdteiste.
a laghad deiseanna oideachais so few education opportunities
" An rud is mó a chuir ionadh orm faoi thuarascáil 1926 ná cé chomh beo bocht agus a bhí ceantair faoi leith, agus a laghad deiseanna oideachais a bhí ar fáil.
le cois Ardteastas san Oideachas as well as a Higher Diploma in Education
" Bhain Ó Céidigh céim amach sa Tráchtáil sa Choláiste Ollscoile i nGaillimh, le cois Ardteastas san Oideachas, agus chaith roinnt blianta ag obair mar chuntasóir leis an chomhlacht KPMG.
an Údarás um Ard-Oideachas The Higher Education Authority
" Cuireadh iarratas chuig an Údarás um Ard-Oideachas anuraidh agus arú anuraidh agus fuarthas maoiniú chun na tionscadail go léir a chur ar an bhfód.
an tArdteastas san Oideachas the Higher Diploma in Education
" " Bhain sé an tArdteastas san Oideachas amach i gCorcaigh agus ansin moladh dó MA a dhéanamh, rud a rinne.
oideachas den scoth excellent education
" Cloisim daoine ag rá go minic nach n-ullmhaíonn oideachas na hÉireann daoine i gceart chun rudaí a dhéanamh sa saol ach, mo thaobhsa de, is dóigh liom go bhfuair mé oideachas den scoth.
na húdaráis oideachais áitiúla the local education authorities
" Bhí an scéal ina ábhar nuachta san Albáin, áit ar ghlac 287 páiste scoile as ceithre scoil i dTirana páirt i sraith imeachtaí a d'eagraigh Ionad Chearta Daonna na bPáistí agus na húdaráis oideachais áitiúla.
feachtas oideachais education campaign
" Le tús a chur le réiteach, tá gá le feachtas oideachais ag tosú ar dhá leibhéal, ag an mbun leis na gasúir agus ag an mbarr leis na himreoirí agus le lucht bainistíochta na bhfoirne idirchontae.
Céim sa Cheol-Oideachas a degree in Music Education
" HL: Céim sa Cheol-Oideachas a bhí ann, in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide.
ón chóras oifigiúil oideachais from the official education system
" Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
an tArd-Teastas san Oideachas the Higher Diploma in Education
" Rinne sé an tArd-Teastas san Oideachas i ndiaidh dó an chéim a bhaint amach agus, ina dhiaidh sin arís, MA sa Ghaeilge.
oideachas cuimsitheach gnéasachta comprehensive sexual education
" Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas.
d'oideachas staonta gnéis for sex abstention education
" Os a choinne sin, níl deacracht dá laghad ann airgead a fháil d'oideachas staonta gnéis.
oideachas gnéasachta sexual education
" Úsáidtear na sofhriotail seo - *the birds and the bees* nó *the facts of life *- chomh minic céanna, b'fhéidir, is a úsáidtear na cinn a bhaineann le gnéas féin, rud a léiríonn chomh míshuaimhneach is a bhraitheann daoine faoi oideachas gnéasachta a chur ar dhaoine óga.
oideachas gnéasachta cuimsitheach comprehensive sex education
" Tá Eric Benson, ar comhordaitheoir é ar chláracha HIV i gceantar Lubbock do Roinn Sláinte Texas, orthu siúd a cheapann gur cheart go mbeadh oideachas gnéasachta cuimsitheach sna scoileanna.
easpa oideachais lack of education
" Tá a rian sin le feiceáil fós ó thaobh tithíochta, drochshláinte, easpa oideachais, agus ar bhealaí eile.
an tArd-Teastas san Oideachas the Higher Diploma in Education
" " Tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a dhéanamh, thug Anna cúig mhí ag múineadh i meánscoil ar an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.
bunaithe ar an gcóras oideachais based on the education system
" I bhfocail eile, tá gá le córas bunaithe ar an gcóras oideachais, is é sin áiseanna a bheith i ngach scoil sa tír agus oiliúnóirí/múinteoirí speisialta chun na gasúir a oiliúint i gceart.
i réimse an oideachais in the area of education
" Nuair a rinne Bertie Ahern an t-athrú airí ag deireadh mhí Mheán Fómhair, d'fhág an tAire Noel Dempsey carn amháin fadhbanna ina dhiaidh i réimse an oideachais chun glacadh le carn eile fadhbanna.
in earnáil an oideachais in the education sector
" Chomh maith le drochbhainistíocht, tá croí na faidhbe le fáil san easnamh leanúnach maoinithe in earnáil an oideachais ó thuaidh.
síceolaithe oideachais educational psychologists
" Éist leis seo mar fháinne fí: Go dtí seo, d'éirigh le síceolaithe oideachais fadhbanna síceolaíochta agus riachtanais speisialta daltaí scoile a aithint agus a fháthmheas níos fearr agus níos luaithe.
toghcháin na Comhairle Oideachais the Education Council elections
" “Moladh cairdiúil a bhí ann a cuireadh faoi bhráid chomhordaitheoir na dtuistí i ngach scoil phoiblí chun cur i gcuimhne do na tuismitheoirí dul amach agus vóta a chaitheamh i dtoghcháin na Comhairle Oideachais.
ar bheagán oideachas with little education
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
ar bheagán oideachas with little education
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
faoin chaighdeán oideachais about the standard of education
" Deir sí go bhfuil go leor daoine ag obair sna scoileanna sin “nach bhfuil oilte” agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí in amhras faoin chaighdeán oideachais a bheadh le fáil iontu.
Údarás um Ard-Oideachas Higher Education Authority
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an Acadamh? An leor iad? Tá tacaíocht á fháil againn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta, ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó fhoinsí príobháideacha.
faoi stiúir an Bhoird Oideachais under the control of the Education Board
" Tá an scoil anois faoi stiúir an Bhoird Oideachais.
sa chóras oideachais in the education system
" Go bhfeabhsófaí ó bhonn múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.
sa chóras oideachais in the education system
" Go bhfeabhsófaí ó bhonn múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.
caighdeán an oideachais the standard of education
" Thosaigh lánúin an scoil seo, darb ainm Triumph International, mar theastaigh uathu caighdeán an oideachais sna ceantracha tuaithe a fheabhsú.
institiúid oideachais educational institution
" DdeB: Is mioninstitiúid oideachais ardleibhéil í atá dírithe go príomha ar dhaoine a dteastaíonn uathu staidéar a dhéanamh ar chultúr an Chláir.
mioninstitiúid oideachais a small educational institution
" DdeB: Is mioninstitiúid oideachais ardleibhéil í atá dírithe go príomha ar dhaoine a dteastaíonn uathu staidéar a dhéanamh ar chultúr an Chláir.
Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann the Northern Ireland Department of Education
" Cá huair a bunaíodh CnaG agus cé a bhunaigh é?*** Bhunaigh Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann an eagraíocht sa bhliain 2000 mar chuid den reachtaíocht a tháinig amach as idirbheartaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
sa ghnáthchóras oideachais in the regular education system
" Tuige ar bunaíodh í? Le haitheantas cuí a thabhairt don earnáil a bhí ag obair go deonach go dtí sin agus le stiúir a thabhairt don earnáil agus ionchur a bheith aici sa ghnáthchóras oideachais, idir naíscolaíocht, bhunscolaíocht agus mheánscolaíocht, agus le cinntiú go bhfaigheadh daltaí na gaelscolaíochta na hacmhainní céanna a bhí á bhfáil ag na hearnálacha eile.
má chomhlíonann siad critéir na Roinne Oideachais if they fulfil the criteria of the Department of Education
" Tá foinsí maoinithe ann do na naíscoileanna má chomhlíonann siad critéir na Roinne Oideachais fríd an “Grúpa Comhairleach Réamhscoile” (GCR) agus tá go leor ag an ghrúpa seo ach na scoileanna a bheith aitheanta ag na Seirbhísí Sóisialta, rud a tharlaíonn 99% den am.
oideachas den chéad scoth first-class education
" Is é sprioc fhadtéarmach na Comhairle athbheochan na Gaeilge a spreagadh agus an ghaelscolaíocht a bheith mar dhúshraith na hathbheochana sin, agus í tógtha ar oideachas den chéad scoth.
nach raibh aon ionchur againn i gcúrsaí oideachais riamh who never had an input in matters of education
" Ach is pobal sinn nach raibh aon ionchur againn i gcúrsaí oideachais riamh, nach bhfuil baint rófhada againn leis an earnáil oideachais go fóill agus táthar ag foghlaim achan uile lá.
dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar if the Department of Education decided
" Bheadh sé ina chéim mhór chun tosaigh dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar cheann amháin de na coláistí oiliúna a chur ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge.
i réimse an oideachais, in the area of education
" Is duine é a bhfuil oiread déanta aige thar na blianta, ní hamháin ó thaobh na teanga de, ach i réimse an oideachais, an cheoil agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne.
institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a new institute for adult and continuing education
" ” Ag obair i nDoire Tháinig fás mór ar an Léann Éireannach le linn na mblianta tosaigh sin i gCúil Raithin ach d’fhág Risteard an coláiste i 1974 nuair a d’éirigh leis post a fháil in institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a bunaíodh i gColáiste Magee.
freagrach as teicneolaíocht an oideachais responsible for the technology of education
" “Bhí mise freagrach as teicneolaíocht an oideachais – bhí lárionad acmhainní foghlama curtha ar bun san áit agus iarradh orm amharc ina dhiaidh sin.
t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh education is what concerned them
" An dara glúin, an t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh agus iad ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol.
easpa oideachais lack of education
" Is tuarascáil an-tábhachtach í mar go ndéantar scrúdú inti ar an tionchar atá ag míbhuntáiste sóisialta (ioncam íseal agus easpa oideachais) ar rannpháirtíocht daoine i gcúrsaí spóirt in Éirinn.
tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, the influence of income and education on participation,
" Cé gur fíor go mbíonn níos mó fear ná ban páirteach i gcúrsaí spóirt agus go laghdaíonn imirt le haois, is láidre ná an dá thosc sin (gnéas agus aois) tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, a deirtear sa tuarascáil.
a fhanann sa chóras oideachais níos faide, who stay longer in the education system,
" Daoine a fhanann sa chóras oideachais níos faide, is minic a fhanann siad gníomhach i gcúrsaí spóirt agus imríonn siad níos mó ná spórt amháin de gnáth.
na cáilíochtaí oideachais the educational qualifications
" Ní hiad na cáilíochtaí oideachais atá tábhachtach sa chás seo, ach dá mhéad ama a chaitheann duine sa chóras oideachais is ea is mó seans go leanfaidh sé/sí ar aghaidh ag imirt spóirt ar feadh a shaoil.
dá mhéad ama a chaitheann duine sa chóras oideachais the more time a person spends in the education system
" Ní hiad na cáilíochtaí oideachais atá tábhachtach sa chás seo, ach dá mhéad ama a chaitheann duine sa chóras oideachais is ea is mó seans go leanfaidh sé/sí ar aghaidh ag imirt spóirt ar feadh a shaoil.
beartais eacnamaíocha, sláinte, oideachais, economic, health and educational policies,
" Bheadh siad ag iarraidh beartais eacnamaíocha, sláinte, oideachais, etc.
ar ghéarchéim an oideachais for the crisis in education
" Ag taisteal timpeall ar ghluaisrothar, admhaíonn sé nach bhfuil réiteach ar bith aige ar ghéarchéim an oideachais sa tír, ach amháin gur cheart deireadh a chur le scrúduithe.
go mba chóir duit oideachas maith a fháil that you should get a good education
" Deireadh gach duine leat go mba chóir duit oideachas maith a fháil agus post a bhaint amach ina dhiaidh sin sa bhanc nó mar dhlíodóir, dá dteastódh uait aon airgead a dhéanamh.
oideachas Caitliceach Catholic education
" Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad.
oideachas education
" Measann sé gurb é lucht féachana TG4 ná “daoine a bhfuil oideachas orthu, daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí na tíre agus daoine a bhfuil Gaoluinn acu nó tuiscint ar thábhacht na teanga”.
oideachas dátheangach bilingual education
" Níor airigh siad go bhféadfadh go mbeadh buntáistí ag baint le hacht, dá reachtófaí é, ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de, agus ó thaobh na mbuntáistí a eascraíonn as oideachas dátheangach a bheith bainte amach ag duine, agus go leor eile fosta.
Acht Oideachais Education Act
" Is cosúil nár tugadh an stádas dlíthiúil don churaclam faoin Acht Oideachais (1998) mar gheall ar nár leagadh rialacháin os comhair Thithe an Oireachtais ina thaobh.
ar fhoireann na Roinne Oideachais on the staff of the Department of Education
" ”* Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an fear Dalton Tatton a luaítear thuas.
stair oideachas na hÉireann history of education in Ireland
" Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
oideachas dara leibhéal second level education
" Cuireadh oideachas dara leibhéal ar Kieran ar Choláiste Cholm Cille i nDoire agus bhain sé céim chéad onóracha amach sa Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, education became part of Kieran's remit as well
" Ní ba mhoille agus é ina bhainisteoir, tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, agus le linn dó a bheith tinn, bhí sé i gceannas ar an Rannóg Idirghníomhaíochta agus Foghlama, áit a raibh sé freagrach as na meáin úra, as cúrsaí oideachais agus as cúrsaí Gaeilge agus Albainis Uladh.
thit caighdeán an oideachais the standard of education fell
" Ní hamháin sin ach thit caighdeán an oideachais sna cathracha.
ar son oideachas trí Ghaeilge in favour of education through Irish
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
na Roinne Oideachais. of the Department of Education
" Tháinig an colúnaí seo ar an fhreagra sin trí phóirseáil ghasta a dhéanamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.
faoi bhráid Aire Oideachais an ama, submitted to the minister for education at that time
" Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey.
faoi staid an oideachais ceoil about the state of musical education
" Sílim go léiríonn sraitheanna mar “The X-Factor” an t-uafás faoi chúrsaí ceoil, agus faoi staid an oideachais ceoil ach go háirithe.
is oideachas ceoil ann féin é sin. that is a muscial education in itself
" Má chaitheann tú d’am saor ar fad ag éisteacht le dlúthdhioscaí, is oideachas ceoil ann féin é sin.
caighdeán an oideachais standard of the education
" Braitheann caighdeán an oideachais ar go leor nithe, ach is é is tábhachtaí, i mo thuairimse, ná go mbeidh an éagsúlacht i gceist.
chun mo chuid oideachais a chríochnú. to finish my education
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
lasmuigh den chóras oideachais outside of the educational system
" 78% de dhaonra na Poblachta, nó 72,148 duine, a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais (níl figiúirí inchomórtais ar fáil don Tuaisceart).
i gcóras maoirseoireachta na Roinne Oideachais in the Department of Education's supervising system
" Ní hamháin sin ach is léir fosta gur lúb ar lár i gcóras maoirseoireachta na Roinne Oideachais is cionsiocair leis.
na gnáthrialacha oideachais the regular education rules
" Is den chiall é mar sin go gcuirfí na gnáthrialacha oideachais ar leataobh ina gcás siúd.
clár oideachais faoi chúrsaí shíochána peace education programme
" I ndiaidh di a lán taighde a dhéanamh, chuir Roche clár oideachais faoi chúrsaí shíochána le chéile agus thug sí cuairt ar chaoga scoil timpeall na tíre ag déanamh cainteanna mar gheall ar chúraí núicléacha.
oideachais education
" Nó an bhfuil? Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó iompair nó oideachais a réiteach.
Údarás um Ard-Oideachas Higher Education Authority
" Tá sé mar sprioc ag an Údarás um Ard-Oideachas nós den chineál sin a chothú agus a fhorbairt sa tír seo freisin.
córais oideachais agus craoltóireachta broadcasting and education systems
" Sna córais oideachais agus craoltóireachta is mó a chaitheann an stát airgead ar an teanga agus is minice iadsan agus an caiteachas ar sholáthar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge ar an chlár oibre.
Coláistí Oideachais Colleges of Education
" Ba ar an riachtanas iontrála Gaeilge chuig na Coláistí Oideachais a cuireadh an milleán ar an chlaonadh seo le dornán blianta anuas.
oideachais educational
" Oideoir nó oideachasóir, fiontraí oideachais nó fiontraí foghlama, nó nuálaí sa chóras oideachais.
sruth an oideachais the educational stream
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
oideachas education
" Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do lucht a labhartha.
oideachas education
" Tá cosc ar oideachas creidimh a thabhairt do pháistí sna scoileanna.
t-oideachas education
" ” Ach cén fáth a bhfuil an scéal chomh olc sin in Éirinn an lae inniu agus an t-oideachas, neamhspleáchas is na deiseanna céanna ag na mná is a bhíonn ag na fir? “Is feiniméan cultúrtha é ar shlí amháin.
oideachais of education
" Cé go bhfuil an sprioc chéanna againn - an Ghaeilge a chur chun cinn- níl aon straitéis náisiúnta againn, sa chóras oideachais, cuir i gcás.
oideachais education
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
oideachas education(al)
" Ach léiríonn dearcadh Fhine Gael faoi fhiúntas na Gaeilge sa chóras oideachas cé chomh fada as alt atá an Páirtí sin maidir lena dtuiscint ar an nuálaíocht.
t-oideachas education
" Deir sé gurb é “an t-oideachas an tseirbhís phoiblí is tábhachtaí a d’fhéadfadh Stát a chur ar fáil, chun tacú le tuismitheoirí agus leis an bpobal a dteanga mhionlaithe a chaomhnú”.
Boird Oideachais Education Boards
" Labhair sé faoi na Boird Oideachais atá i gCeanada agus faoin maitheas a d’fhéadfadh a macasamhail a dhéanamh do chaomhnú na Gaeilge.
rannóg oideachais educational sector
" Faigheann muintir labhartha na Gaeilge deis ionadaithe faoi leith a roghnú don Údarás agus deir Bourgeois “má tá a leithéid sin againn (i gcúrsaí geilleagair) cén fáth nach bhfuil an rud céanna ann sa rannóg oideachais atá i bhfad níos tábhachtaí”? Sin é an argóint atá aige bunaithe ar an méid eolais atá aige faoin gcás in Éirinn.
Bord Oideachais an education board
" Oideachas: - Bord Oideachais Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta a bhunú faoi chúram COGG.
chóras oideachais educational system
" Trevor Sargent ón gComhaontas Glas, an t-aon duine a cheistigh an sprioc atá sa Straitéis go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.
córas oideachais educational system
" Ach i mí Dheireadh Fómhair, bhain an Chéad Aire, Peter Robinson, geit as daoine nuair a mhaígh sé gur comhartha sóirt na cinedheighilte é an córas oideachais ó thuaidh agus go raibh córas ar bith a chruthaigh deighilt idir pháistí, "mímhorálta".
gcúrsaí oideachais education
" Chinntigh infheistíochtaí móra i gcúrsaí oideachais gur thosaigh líon na ndaoine nach raibh léamh agus scríobh acu ag laghdú freisin.
chóras oideachais educational system
" Tá go leor díospóireachta déanta le bliain anuas faoin sprioc uaillmhianach sa straitéis go dtiocfadh méadú ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais ó 83,000 go 250,000 fán bhliain 2030.
Oideachais for education
" An Tánaiste agus tAire Oideachais: Éamon Gilmore ======================== Tá teacht i láthair den scoth aige agus gean an phobail saothraithe aige.
eangach sábhála an oideachais the educational safety net
" Seo na daoine a thiteann fríd eangach sábhála an oideachais agus a chríochnaíonn suas le fadhbanna drugaí agus an deoch mheisciúil nó sna paraimíleataigh nó an dá rud.
oideachas education
" Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartas ‘ar son na beatha’ a chur chun cinn.
sláinte agus oideachas health and education
"sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair.
chóras oideachais education system
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
Stiúrthóir Oideachais education director
" Is iad Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúr agus a chomhghleacaí Helen Hegarty, údair na háise seo.
gcóras oideachais education system
" Is ar éigean gur luadh ceist na Gaeltachta le linn an fheachtais toghcháin, cé go bhfuil sí ar an dé deiridh, ach pléadh ceist na Gaeilge éigeantaí sa gcóras oideachais.
costas oideachais education cost
" Le hairgead a fháil chun costas oideachais a íoc, téann roinnt déagóirí isteach sa *Territorial Army* (Arm páirtaimseartha).
tAire Oideachais Minister for Education
" Stair na Scéime: ======= Tom Deirg, an tAire Oideachais ag an am, a mhol an scéim a chur ar bun sa bhliain 1933.
gcóras oideachais education system
" Thairis sin, mholfainn don rialtas machnamh go géar ar chinntí maidir le táillí ollscoile a thabhairt isteach agus ar an méid iomlán atá á bhaint acu ón gcóras oideachais, ó na bunscoileanna ar aghaidh.