Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rún oifigiúil official secrets
" "An bhfuil muintir dhílis na Ríochta imithe le galldachas ar fad?" Is é is bunús le hiontas seo fhear na súile nimhe ná babhta ólacháin a bhí aige ar na mallaibh le ball sinsearach anaithnid (dar ndóigh) den Gharda Sicíní inar sceith an ball mór roinnt rún oifigiúil leis.
ghníomhaireachtaí oifigiúla official bodies
" Tráchtar go tarcaisneach ar ghníomhaireachtaí oifigiúla, mar shampla an Northern Ireland Tourist Board, "a chruthaigh na céadta post dea-íoctha, agus iad uilig ag an Northern Ireland Tourist Board".
fiosrúchán oifigiúil official inquiry
" Bhí fiosrúchán oifigiúil ann faoin tubaiste, ar ndóigh, agus dúirt an Sirriam Kenneth Forbes ina thuairisc nach raibh locht ar bith ar Roger Wild.
thacaíocht oifigiúil official support
" Bheinn sásta dá dtarlódh sé nach raibh daoine, thuaidh agus theas, in amhras faoi nó naimhdeach don Ghaeilge agus ansin go mbeadh go leor de thacaíocht oifigiúil don Ghaeilge go dtiocfadh linn seirbhís iomlán raidió, teilifíse agus idirlín a chur ar fáil.
chomharthaíocht oifigiúil official signage
" Bhí fíon Rioja á ól againn ar feadh na coicíse - níorbh fhios dom go raibh cuid de cheantar Rioja i dTír na mBascach! Rud eile a chuirfeadh náire ar údaráis na tíre seo ná go bhfuil an chomharthaíocht oifigiúil ar fad dátheangach.
cosc oifigiúil official ban
" Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair chuaigh Daily isteach sa chlub éidearfa sin ina bhfuil na cléirigh is sinsearaí sna Stáit Aontaithe nuair a chuir sé cosc oifigiúil ar an ghrúpa leasaitheach Caitliceach sin, Voice of the Faithful (VOTF) ó thailte na heaglaise.
gearán oifigiúil official complaint
" Cé gur thug an CRE tacaíocht d'Éireannaigh i gcásanna áirithe roimh bhinsí breithiúna, níl iontu seo ach cuid bheag den scéal, mar deir an eagraíocht nach mbíonn ach mionlach sásta gearán oifigiúil a dhéanamh faoi dhrochíde agus masla cainte: The response of many people in bad experiences was to leave the job or to keep a low profile.
dheontais oifigiúla official grants
" I rith na 1980í, bhí sí i lár cúrsa de chuid na heagraíochta Glór na nGael nuair a chuir Státrúnaí an Tuaiscirt, Douglas Hurd, cosc ar dheontais oifigiúla a thabhairt don ghrúpa sin.
Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002 The Official Languages (Equality) Bill 2002
" Go ndéanfaí acht den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002.
i bhfad níos foirmiúla agus oifigiúla much more formal and official
" Tá na *pardons *sa Bhriotáin i bhfad níos foirmiúla agus oifigiúla, ach tá an seantionchar págánach ann go fóill.
tuarascála oifigiúla official report
" De réir na tuarascála oifigiúla "A Fresh Start for Gaelic" a tháinig roimh an pharlaimint i nDún Éideann i mí na Bealtaine anuraidh, tá níos lú ná 50,000 Gàidhligeoir sa tír anois, cuid mhaith acu aosta.
gan a n-éide oifigiúil without their official uniform
" Lena chois sin, beidh cead ag na Gardaí dul isteach i dtábhairní gan a n-éide oifigiúil a bheith á caitheamh acu agus fianaise a bhailiú le tábhairneoir a tharraingt os comhair cúirte, agus rachfar ar ais go dtí an seanam dúnta ar an Déardaoin, is é sin 11.
cáipéisí oifigiúla official documents
" Deirtear i gcáipéisí oifigiúla gur socraíodh deireadh a chur leis an chuid is mó den eagraíocht seo ar an 31 Márta 1945.
caighdeán oifigiúil na Gearmáinise the official standardized German
" Sa mBaváir, áfach, tá sí faoi an-bhrú ag caighdeán oifigiúil na Gearmáinise.
teanga oifigiúil official language
" Theip ar na polaiteoirí an beart a dhéanamh nuair a bhí an deis ann teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Eoraip.
urlabhraí oifigiúil na heagraíochta the official spokesperson of the organization
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? D'fhéadfaí a rá gur mise "urlabhraí oifigiúil na heagraíochta".
ón chóras oifigiúil oideachais from the official education system
" Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
Caighdeán Oifigiúil official standard
" Níl Coiste seasta Téarmaíochta againn, níl Caighdeán Oifigiúil ag Gaeil na hAlban, fiú.
oifigiúil official
" Níl Coiste seasta Téarmaíochta againn, níl Caighdeán oifigiúil ag Gaeil na hAlban, fiú.
éarlamh oifigiúil official patron saint
" Níl dabht ar bith faoina shinsir, ach oiread liom féin, agus is é a bheas mar phátrún agus mar éarlamh oifigiúil ar Stát Hibridithe Ilchiníoch Thuaisceart Éireann - agus mé féin fosta, dar ndóigh, mura mbím ar mo sheanléim arís trí lá i ndiaidh mo bháis!" Guíonn Ian Mór an Páiseadóir an Bhéil Nimhe, Ard-Rí SHITE, Nollaig mhór mhaith ar léitheoirí *Beo ar Éigean*.
fógartha go hoifigiúil announced officially
" Cé nach bhfuil sé fógartha go hoifigiúil fós (agus mé ag scríobh an ailt seo), tá deontas mór airgid faighte ag Abú Media ó Bhord Scannán na hÉireann.
teanga oifigiúil na múinteoireachta the official language of instruction
" Teanga na múinteoireachta ======= Sa bhliain 1938, rinneadh teanga oifigiúil na múinteoireachta den Fharóis sna hoileáin ach leanadh ar aghaidh ag teagasc na Danmhairgise sna scoileanna le cur ar chumas daltaí leibhéal maith líofachta a bhaint amach sa teanga sin.
stádas oifigiúil official status
" " Dhíríomar ansin ar an bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
de réir an chláir oifigiúil according to the official register
" Cé nach raibh na húdaráis i Learpholl ullamh do shlua mar seo, ní bhfuair ach dhá dhuine is fiche acu bás le hocras, de réir an chláir oifigiúil.
de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí according to the latest official figures
" Ní nach ionadh mar sin, de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí, go bhfuil 4,176 duine fásta agus 1,405 páiste ina gcónaí ar shráideanna an stáit seo.
go hoifigiúil officially
" 1999 D'oscail Éamon Ó Cuív TD an Halla Nua go hoifigiúil.
teorainn oifigiúil official border
" Níl aon teorainn oifigiúil leagtha síos idir an dá thír go fóill.
fhiosrúchán oifigiúil official inquiry
" Dúirt sé leo go raibh sé sásta fianaise a thabhairt don fhiosrúchán oifigiúil, The Taylor Inquiry, ach níor roghnaíodh é le bheith ina fhinné.
fhiosrúchán oifigiúil official inquiry
" Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
aitheantas oifigiúil official recognition
" Má dhéanann an Pharlaimint Spáinneach i Maidrid dlí den bhille seo agus má bhíonn an bua ag moladh Ibarretxe i reifreann, beidh na saoránaigh ó Thír na mBascach ábalta saoránacht Bhascach chomh maith le saoránacht Spáinneach bheith acu agus beidh aitheantas oifigiúil ag an dá cheann.
stádas oifigiúil ar leith special official status
" Nuair a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla tugadh stádas oifigiúil ar leith do leaganacha Gaeilge na logainmneacha.
cáipéisí oifigiúla stáit official state documents
" Bailíonn an taighdeoir leaganacha stairiúla de na hainmneacha as réimse leathan foinsí scríofa; is iad na cáipéisí oifigiúla stáit agus eaglasta na príomhfhoinsí a is mó a úsáidtear; cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis ón 19ú céad, ionchoisní agus suirbhéanna talún den 16ú - 17ú céad, rollaí éagsúla den 13ú - 14ú céad, anáidí eaglasta ón 15ú céad.
beannacht oifigiúil official blessing
" Ba ghearr ina dhiaidh sin go raibh beannacht oifigiúil CLG ag an scéim agus b'fhadradharcach an cinneadh é mar tá fógairt na Réaltaí Peile agus Iomána gach bliain ar na hócáidí spóirt is mó sa tír.
fógra oifigiúil an official announcement
" Mar sin, is féidir linn bheith ag súil le fógra oifigiúil roimh dheireadh mhí na Bealtaine.
rudaí oifigiúla official things
" Ach sílim gur chóir go mbeadh cistí agus rudaí oifigiúla, rudaí stáit, lonnaithe i lár na cathrach, sa chaoi is gur féidir le gach duine teacht orthu go héasca.
aitheantas oifigiúil official recognition
" Bhailigh siad thart ar Éamonn Ó Caoimhnis a bhí ag insint do chéad míle duine, gan mhicfreafón, an dóigh a bhfuair sé aitheantas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach, agus ag maíomh nach dtabharfadh Meiriceánach ar bith cuairt ar Dingle nó Spiddal nó Gweedore níos mó.
insíodh dúinn go hoifigiúil we were told officially
" Ag tús an tsamhraidh seo insíodh dúinn go hoifigiúil, i bhfoirm an dara tuarascáil ón mBreitheamh Morris, go raibh rud éigin lofa sa Gharda Síochána.
stádas oifigiúil official status
" ” Dúshlán iomlán nua a bheidh anseo don Choimisinéir Teanga, an ganntann aistritheoirí agus daoine oilte le Gaeilge, go háirithe agus toradh dearfach bainte amach ag an bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Eoraip.
chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh to fulfill the provisions of the Official Languages Act 2003
" Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh to fulfill the provisions of the Official Languages Act 2003
" Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
úsáid an leagain oifigiúil use of the official version
"úsáid an leagain oifigiúil riachtanach ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis, i reachtaíocht stáit agus ar chomharthaí bóthair stáit agus comhairle contae.
Acht na dTeangacha Oifigiúla the Official Languages Act
" Murach Acht na dTeangacha Oifigiúla an Aire Éamoin Uí Chuív, laistigh de ghlúin eile ní bheadh aon Ghaeilge fágtha sa státchóras.
cáilíocht oifigiúil official qualification
" Faoi láthair má tá cáilíocht oifigiúil de shaghas éigin ag múinteoir tá cead aige nó aici ábhar ar bith a mhúineadh.
Acht na dTeangacha Oifigiúla the Official Languages Act
" Murach Acht na dTeangacha Oifigiúla an Aire Éamoin Uí Chuív, laistigh de ghlúin eile ní bheadh aon Ghaeilge fágtha sa státchóras.
cáilíocht oifigiúil official qualification
" Faoi láthair má tá cáilíocht oifigiúil de shaghas éigin ag múinteoir tá cead aige nó aici ábhar ar bith a mhúineadh.
seoladh oifigiúil official launch
" Ar an 14 Nollaig seo caite, ag ócáid i Músaem an Chumainn i bPáirc an Chrócaigh, rinne Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael (CLG), Seán Ó Ceallaigh, an seoladh oifigiúil ar chlár teilifíse in ómós don pheileadóir Cormac McAnallen agus ar an tsraith nua de “Laochra Gael” do TG4.
teorainneacha oifigiúla official boundaries
" Cothrom na bliana seo, caoga bliain ó shin, a leagadh síos teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta mar atá faoi láthair.
go n-aithnítear go hoifigiúil that it is recognised officially
" ” Cé nach raibh sa ráiteas sin ach deimhniú ar an mhéid a bhí ar eolas ag madraí an bhaile le fada, bhí tábhacht faoi leith ag baint leis sa mhéid is gur léir go n-aithnítear go hoifigiúil go bhfuil fadhb ansin le sárú.
stádas oifigiúil official status
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ba é ceann de na chéad aidhmeanna a bhí ag Na Gaeil Óga ag an tús ná stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach tríd an fheachtas a d'eagraigh Stádas, rud a tharla.
Acht na dTeangacha Oifigiúla the Official Languages Act
" Dé hAoine, 24 Márta reáchtáilfear dhá sheimineár, ceann do dhaltaí meánscoile agus ceann do státseirbhísigh atá i mbun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.
Acht na dTeangacha Oifigiúla the Official Languages Act
" Dé hAoine, 24 Márta reáchtáilfear dhá sheimineár, ceann do dhaltaí meánscoile agus ceann do státseirbhísigh atá i mbun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.
gearán oifigiúil official complaint
" Fuair mé deimhniú ar an tuairim seo i mí an Mhárta 1988 nuair a fuair mé cead isteach go Gartree, tar éis gearán oifigiúil a dhéanamh leis an Roinn.
cáipéis oifigiúil official document
" “You’ve got to sign this,” a mhínigh sé dom agus bhrúigh sé cáipéis oifigiúil trasna an chuntair chugam.
Acht na dTeangacha Oifigiúla the Official Languages Act
" Munar féidir tabhairt ar an státseirbhís cloí le rud chomh simplí leis na ciorcláin i leith na Gaeilge, an bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil go gcloífidh siad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus lena gcuid dualgas eile i leith na teanga? Nach aisteach fosta nár tháinig an éagóir seo chun solais i bhfad ó shin! Chaithfeá ceist a chur faoi éifeacht na n-eagraíochtaí Gaeilge – Foras na Gaeilge agus a réamhtheachta, Bord na Gaeilge – a bhí, agus atá, in ainm is a bheith ag cur comhairle ar an rialtas faoi chúrsaí teanga.
aitheantas oifigiúil official recognition
" Tuigeann siad gur gá aitheantas oifigiúil mar aonad dlisteanach taobh istigh de CLG a fháil don GPA ar dtús agus ansin is féidir an doras a bhrú ar oscailt de réir a chéile go dtí go nglacfar le prionsabal na híocaíochta i bhfoirm éigin.
Acht na dTeangacha Oifigiúla the Official Languages Act
" Dé hAoine, 24 Márta reáchtáilfear dhá sheimineár, ceann do dhaltaí meánscoile agus ceann do státseirbhísigh atá i mbun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.
cáipéisí oifigiúla official documents
" Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
ráthaíocht oifigiúil official guarantee
" Níl an chéad ná an dara cur chuige tarraingteach do na polaiteoirí, anseo nó thall, agus gan ráthaíocht oifigiúil mar sin, is dócha nach mbeidh sa chaint núicléach seo ach caint gan iarmhairt.
ísleachán oifigiúil official lowly person
" An teoiric a bhí laistiar den bhfeachtas seo acu ná go rabhadar lándáiríre faoi aidhm an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, agus go ndéana Dia trócaire ar aon ísleachán oifigiúil nár thuig chomh dáiríre is a bhíodar! Teoiric mhaith, toradh truamhéalach uirthi.
scor den chosc oifigiúil sin to stop that official ban
" Bhí ar an Roinn scor den chosc oifigiúil sin ach tá an Rialtas buartha faoi bhreith an phobail i gcónaí.
go hoifigiúil officially
" Beidh struchtúr nua Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh á sheoladh againn go hoifigiúil ar an 23 Samhain ag a 6.
a thug aitheantas oifigiúil don treibh Ainu which gave official recognition to the Ainu tribe
" ***** I 1997 ritheadh dlí i bParlaimint na Seapáine a thug aitheantas oifigiúil don treibh Ainu den chéad uair riamh.
go hoifigiúil officially
" Ní lú an méid teilifíse a fheiceann an tÉireannach féin thar Nollaig! An chéad cheann oifigiúil Níor ceiliúradh Lá Altaithe i Meiriceá ar bhonn náisiúnta go hoifigiúil go dtí 1863, nuair a ghair an tUachtarán Lincoln lá altaithe do Dhéardaoin dheireanach mhí na Samhna an bhliain sin.
go speisialta don oscailt oifigiúil specially for the official opening
" Tháinig an banna ceoil Deaf School le chéile arís go speisialta don oscailt oifigiúil ar 25 Bealtaine 2006 agus bhí 2,000 duine i láthair.
fiosrúchán oifigiúil official inquiry
" ” In ainneoin na poiblíochta sna meáin agus an gearán a rinne Maureen, níor tharla rud ar bith - ní raibh fiosrúchán oifigiúil ann, mar shampla.
lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh the turning on of the new Croke Park floodlights
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
tacaíocht oifigiúil stáit official state support
" Deir sé go bhfuil os cionn dhá chéad teanga ar domhan a bhfuil tacaíocht oifigiúil stáit acu agus gur eisceacht í an Ghaeilge sa mhéid is go bhfuil an rialtas ag tacú léi ach gur beag duine atá á labhairt mar sin féin agus gur dócha go bhfuil an bás i ndán di mar theanga phobail.
seilbh oifigiúil official possession
" Thógadar pailis i gcruth triantáin timpeall ar an mbailtín (bhí sé níos tapúla fál trí-rinn a thógáil ná ceann ceithre-rinn), agus ghlacadar seilbh oifigiúil ar an talamh nua seo in ainm a gcomhlachta (an Virginia Company, a bhí ag taiscéalaíocht in ainm Shasana), agus an Rí.
sa phortráid oifigiúil in the official portrait
" D’admhaigh Freud go bhfuil sé tíoránta ó thaobh na slí a scrúdaíonn sé a mhainicín agus é á phéinteáil agus bhí an easpa trócaire seo le feiceáil sa phortráid oifigiúil a rinne sé den Bhanríon Eilís II in 2001.
trácht oifigiúil official mention
" Chaith sé cúig bliana déag ina dhiaidh sin gan aon trácht oifigiúil a bheith déanta air sna taifid chánacha nó fostaíochta.
dhá cheann oifigiúla two offical ones
" Amhrán Náisiúnta na Nua-ShéalainneCé go smaoinítear ar an haka go príomha mar amhrán náisiúnta na tíre seo, tá dhá cheann oifigiúla acu, "God defend New Zealand" agus "God save the Queen".
Acht na dTeangacha Oifigiúla the Official Languages Act
" Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus de bhrí go bhfuil Stádas Oifigiúil Oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach, tá mórdheiseanna nua fostaíochta ar fáil sa Ghaeltacht, ar fud na tíre agus san Eoraip.
an scannán oifigiúil den bhású the official film of his killing
" Craoladh an scannán oifigiúil den bhású ó cheann ceann na cruinne agus foilsíodh pictiúir éadrócaireacha de Saddam agus snaidhm reatha ar a mhuineál.
aitheantas oifigiúil official recognition
" Ceiliúradh lá breithe Learphoill ar an 28 Lúnasa i mbliana mar b’ar ar an dáta sin sa bhliain 1207 a shínigh an Rí John cairt ríoga a thug aitheantas oifigiúil don áit mar bhuirg.
cáipéisí oifigiúla officail documents
" Sin é an tátal atá le baint as cáipéisí oifigiúla de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá i mo sheilbhse.
go gcuirfear cosc oifigiúil that an official ban will be put
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
go hoifigiúil officially
" Aisteach le rá, ach ní raibh a leithéid de náisiún agus “an Astráil” bunaithe go hoifigiúil ag am sin.
iarrthóirí oifigiúla official candidates
" Is é 2008 an bhli ain chinniúnach, ámh, mar is i dtús na bliana seo a roghnóidh na páirtithe a n-iarrthóirí oifigiúla don toghchán, stát i ndiaidh stáit.
deireadh oifigiúil official end
" Cuireadh deireadh oifigiúil le ré John Howard mar phríomh-aire na hAstráile go luath i mí na Nollag anuraidh.
ainm oifigiúil official name
" Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
leagan oifigiúil Gaeilge offical Irish version
" Bhí an feachtas dírithe ar ainm an bhaile a athrú ón leagan oifigiúil Gaeilge – An Daingean – go dtí leagan dátheangach Dingle Daingean Uí Chúis.
de réir an scéil oifigiúil, according to the official story
" Is ar mhaithe le daoine a chosaint ó cheimiceáin dhainséaracha a rinne siad é sin, de réir an scéil oifigiúil, ach níl ach bliain imithe ó rinne an tSín satailít dá cuid féin a bhualadh le diúracán.
go hoifigiúil officially
" Osclaíodh an dara parlaimint is daichead san Astráil go hoifigiúil ar an 12 Feabhra.
gach staitistic oifigiúil every official statistic
" Ach léiríonn gach staitistic oifigiúil a bhaineann leo go bhfuil siad ag maireachtáil faoi mhíbhuntáiste agus i mbochtaineacht.
lainseáil oifigiúil official launch
" I measc phríomhimeachtaí na féile i mbliana beidh lainseáil oifigiúil na Seachtaine i Halla an Chontae, Tamhlacht ar an 6 Márta.
ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, since the Official Languages Act was enacted
" **Oiliúint** Mar chuid den scéim teanga atá forbartha ag eagraíochtaí éagsúla – na comhairlí contae agus na ranna stáit, cuir i gcás – ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, is gá oiliúint ar chur ar fhostaithe de chuid na n-eagraíochtaí rannpháirteacha chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.
neart séalaí oifigiúla a lot of official seals
" Bhí neart séalaí oifigiúla orthu, dála na gcáipéisí ó Shop Direct Group Limited i Manchain.
foclóir oifigiúil amháin one official dictionary
" San aiste “Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology”, pléann Caoilfhionn Nic Pháidín stair fhoclóireacht na Gaeilge agus tábhacht na pleanála corpais, agus míníonn sí an phráinn atá ag baint le foclóir oifigiúil amháin a fhorbairt.
aitheantas oifigiúil official recognition
" I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.
taifead oifigiúil official record
" Níl na plátaí órga nó taifead oifigiúil den “Reformed Egyptian” ar fáil níos mó.
doiciméid oifigiúla offical documents
" 7 milliún in iomlán a d’íoc an CIA le deoraithe Tibéadacha faoi rún, mar a léirigh doiciméid oifigiúla a scaoileadh sa bhliain 1998.
gearán oifigiúil official complaint
" Agus muid ag teacht i dtreo dheireadh an ailt seo, ba mhaith le Balor gearán oifigiúil a dhéanamh le heagarthóir *Beo Ar Éigean!* Ní mó ná sásta atá sé leis an phortráid de atá ar na cártaí poist saor in aisce – na cinn a fhágann an t-eagarthóir ina diaidh gach áit a dtéann sí.
freagra oifigiúil an official answer
" Gheall Rudd, thar ceann an rialtais, go dtabharfar freagra oifigiúil ar gach moladh roimh dheireadh na bliana.
go hoifigiúil officially
" Sa bhliain 2005, vótáil muintir na Fraince agus muintir na hÍsiltíre i gcoinne Bhunreacht an AE, nó an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip mar a thugtar air go hoifigiúil.
Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla official language commissioner
" Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.
Acht na dTeangacha Oifigiúla Official Languages Act
" Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
ar cuairt oifigiúil on offical visit
" Nuair a rinneadh na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe Mheiriceá ar 11 Meán Fómhair 2001, bhí Príomh-Aire na hAstráile ag an am, John Howard, ar cuairt oifigiúil in Washington.
gearán oifigiúil official complaint
" Níl a fhios ag mórán daoine go ndearna Brains Cowen gearán oifigiúil leis an Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta cionn is nár tháinig an Tóirse Oilimpeach chun na hÉireann ar a chamchuairt dhomhanda.
go hoifigiúil officially
" Tá Colm ar tí a chéad albam aonair, *Cúinne an Ghiorria*, a lainseáil go hoifigiúil agus is cinnte gur seoid d’albam atá ann.
mura mbeadh siad páirteach sa phróiseas oifigiúil if they didn't participate in the offical process
" Mhaígh an rialtas freisin gur thuig na teifigh nach mbainfidís tearmann amach mura mbeadh siad páirteach sa phróiseas oifigiúil.