Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Cluichí Oilimpeacha the Olympic Games
" Is léir gur chuidigh na Cluichí Oilimpeacha sa mbliain sin.
an tógálaí meáchan Oilimpeach the Olympic weightlifter
" " Is sampla maith í an tógálaí meáchan Oilimpeach Cheryl Haworth de dhuine atá aclaí agus ramhar.
Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí The Special Olympics World Games
" Ach, muna raibh sin olc go leor, níos déanaí sa bhliain tharla a leithéid arís, an uair seo ag mórócáid oscailte Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí bPáirc an Chrócaigh.
lúthchleasaí Oilimpeach Olympic athlete
" Cé gur lúthchleasaí Oilimpeach agus pheileadóir uile-Éireann é Éamonn Mac Gearailt, is beag aird a tugadh air nó ar a chuid gaiscí le 45 bliain anuas.
bonn Oilimpeach an Olympic medal
" Dá mbeadh an deis acu traenáil cheart a fháil, i Meiriceá cuir i gcás, cá bhfios nach ngnóthódh duine éigin de mhuintir Bhreathnach bonn Oilimpeach.
na Cluichí Oilimpeacha the Olympic Games
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha the philosophy of the founders of the modern Olympic Games
" Dar ndóigh, ní hiad na boinn is tábhachtaí ná an bua ach páirt a ghlacadh, do dhícheall a dhéanamh agus iomaíocht go cróga agus go féaráilte, de réir fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha.
craobh Oilimpeach an Olympic title
" Ar eagla na míthuisceana, nílim ag moladh dul síos an bóthar áirithe sin ach aontaím leo sin a deir go bhfuil íomhá románsuil an spóirt millte de bharr úsáid drugaí agus de bharr amhrais i leith gach lúthchleasaí, geall leis, a bhuann craobh Oilimpeach.
Cluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta World Special Olympics Games
" Ní hamháin sin, bhí Cluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 ann (casadh “God Save the Queen”, de réir mar a thuigim), agus babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, Muhammad Ali i gcoinne All Lewis, i 1974.
Cluichí Oilimpeacha Olympic Games
" Is é an t-éacht nó mórghníomh spóirt is faide siar i mo chuimhne-se ná an t-am a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn óir sa rás 1,500 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne sa bhliain 1956.
fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha philosophy of the founders of the Olympic Games
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta International Olympic Committee
" Níl a fhios ag mórán daoine go ndearna Brains Cowen gearán oifigiúil leis an Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta cionn is nár tháinig an Tóirse Oilimpeach chun na hÉireann ar a chamchuairt dhomhanda.
a na gCluichí Oilimpeacha the same as the Olympic Games
" Agus dála na gCluichí Oilimpeacha, tháinig siad ó chian is ó chóngar agus bhí go leor teangacha á labhairt ina measc.
nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú that they wouldn't be able to realise the Olympic vision
" É sin ar fad ráite, d’fhéadfaí cur i leith cuid mhór tíortha eile – tíortha saibhre de chuid an Domhain Fhorbartha ina measc – nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú.
lúthchleasaithe Oilimpeacha Olympic athlets
" Tá trua agam do na lúthchleasaithe Oilimpeacha a d’fhill ar an tír seo ón tSín ag deireadh mhí Lúnasa mar níltear ag tabhairt airde ar bith orthu níos mó.
Chomhairle Oilimpeach Olympic Committee
" ArdmheasBhí ardmheas ag Balor ar dhornálaí Bhéal Feirste, Paddy Barnes, a dúirt leis na húdaráis dornálaíochta agus leis an Chomhairle Oilimpeach go dtiocfadh leo a mbonn cré-umha a shá cibé áit ar mhaith leo, nach raibh sé de dhíobháil air féin.
uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, president of the Olympic Committe of Australia
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 2003 Special Olympics World Games
" Labhair Ciara Nic Gabhann leis faoin ealaín, faoin pholaitíocht agus faoin obair atá déanta aige do Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003, a bheas ar siúl an mhí seo.
ba mhinic an chonspóid sna sála ag na Cluichí Oilimpeacha the Olympic Games have often been dogged by controversy
" Ach ní hé gur rud úr nua é sin – ba mhinic an chonspóid sna sála ag na Cluichí Oilimpeacha le céad bliain anuas, mar a mhíníonn Breandán Delap.