Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oilte trained
" Tá fadhb mhór ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ag Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) de bharr go bhfuil ganntanas múinteoirí oilte ann do na bunscoileanna.
stiúrthóirí oilte trained directors
" Caithfear airgead a chaitheamh ar struchtúr leathan naíonraí le háiseanna maithe agus stiúrthóirí oilte ar phá tarraingteach.
oilte trained
" Struchtúr níos éifeachtaí a bheith bunaithe agus foireann bhreise a bheith earcaithe agus oilte chun an riaráiste oibre a ghlanadh agus chun tionscadail nua a phleanáil agus a chur sa siúl.
ceardaithe oilte skilled craftspeople
" Bhí an uirlis féin ligthe i ndearmad ach chuaigh Derek chun na hUngáire - tír a raibh cáil ar a lucht déanta duilcaiméirí - áit a bhfuair sé ceardaithe oilte a bhí ábalta leagan comhaimseartha den tiompán a chruthú.
oilte trained
" ) Caithfidh an tacaíocht seo a theacht ó na pobail féin, bíodh sé i bhfoirm painéal de dhaoine atá oilte sa réimse cumarsáide agus caidrimh, a bheadh ar fáil do dhaoine, idir óg agus shean, agus iad in ísle brí.
an-oilte very skilled
" "Tá na comhairleoirí sa státseirbhís an-oilte agus an-dúthrachtach i gcónaí agus ba cheart gur go hannamh a lorgófaí comhairle ó shaineolaithe ón taobh amuigh.
oilte skilled
" An rud a chuireann iontas uirthi ná chomh hoilte is atá go leor dá cuid scoláirí.
oilte skilled
" Tá deacracht ann daoine oilte a fháil agus tógann sé tamall fada oiliúint a chur ar dhaoine.
oilte trained, qualified
" Deir sí go bhfuil go leor daoine ag obair sna scoileanna sin “nach bhfuil oilte” agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí in amhras faoin chaighdeán oideachais a bheadh le fáil iontu.
oilte trained
" Teastaíonn súil oilte uaidh leis an mhaith agus an t-olc a idirdhealú óna chéile agus mura bhfuil an tsúil sin aige, ní cuidiú ar bith dó an teicneolaíocht.
oilte trained
" Teastaíonn súil oilte uaidh leis an mhaith agus an t-olc a idirdhealú óna chéile agus mura bhfuil an tsúil sin aige, ní cuidiú ar bith dó an teicneolaíocht.
oilte trained
" Daoine a bhfuil céim acu agus daoine fásta a léiríonn oilteacht i nGaeilge agus i mBéarla a ligtear isteach ar an gcúrsa a sheasann 24 seachtain.
oilte trained
" ” Dúshlán iomlán nua a bheidh anseo don Choimisinéir Teanga, an ganntann aistritheoirí agus daoine oilte le Gaeilge, go háirithe agus toradh dearfach bainte amach ag an bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Eoraip.
oilte trained
" Daoine a bhfuil céim acu agus daoine fásta a léiríonn oilteacht i nGaeilge agus i mBéarla a ligtear isteach ar an gcúrsa a sheasann 24 seachtain.
oilte trained
" Bhí an bheirt againn sa rang comhrá sa daonscoil i Victoria, agus bhí muintir na daonscoile lántoilteanach tacú linn.
oilte skilled
" Bhí sé aitheanta mar ealaíontóir oilte *chiaroscuro *agus rinne sé a shaibhreas as portráidí.
oilte skilled
" CÓD: Is fear fliúite é Johnny a sheinneann an veidhlín níos minicí ná an fhliúit, sárcheoltóir é atá oilte i mórán saghsanna eile ceoil, ar nós an cheoil chlasaicigh (múineann sé an fhliúit chlasaiceach) agus snagcheoil, ach ar mo chuma féin, tá a chroí i gceol Shliabh Luachra.
oilte trained
" Agus iad oilte, chuaigh siad go háiteacha i gcéin is i gcóngar le mainistreacha nua a bhunú.
oilte trained
" Agus iad oilte, chuaigh siad go háiteacha i gcéin is i gcóngar le mainistreacha nua a bhunú.
oilte trained
" Agus iad oilte, chuaigh siad go háiteacha i gcéin is i gcóngar le mainistreacha nua a bhunú.
daoine oilte, cumasacha trained, capable people
" Tá seirbhís riachtanach á soláthar againn atá ar ardchaighdeán agus daoine oilte, cumasacha bainteach léi.
oilte trained
" Is ar éigean atá Roinn na Cosanta Náisiúnta in ann go leor earcach a fhostú le háit na saighdiúirí oilte atá ag éirí as an arm in aghaidh na bliana a thógáil.
múinteoirí oilte trained teachers
" Tá an dá ábhar seo dlúthcheangailte lena chéile i gcúpla slí ach go háirithe ó thaobh an ghá atá ann le múinteoirí oilte a bhfuil Gaeilge líofa acu.
triúr fear oilte, éirimiúil agus spéisiúil, three educated, intelligent and interesting men,
" Chaith mé cúpla oíche in Chipata, in aice le teorainn na Maláive, agus b'ansin a chas mé le triúr fear oilte, éirimiúil agus spéisiúil, Marcus, Michael agus Morgan.
deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach well-spoken, educated, intelligent and mannerly
" Ní shéanann siad go bhfuil ocras agus fulaingt agus SEIF i gceist, ach tá siad an-bhródúil as na dea-rudaí a bhaineann leis an tír: an tslí a bhfuil am ag daoine dá chéile, an dúlra, chomh deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach atá go leor de na daoine.
poist oilte skilled jobs
" Bogearraí a dhearann an comhlacht seo agus arís is poist oilte atá i gceist.
oilte agus díograiseach trained and enthusiastic
" Agus tá lucht oibre oilte agus díograiseach ar fáil san Ind agus tíortha eile san Áis ar chostas cuid mhaith níos lú ná mar atá anseo in Éirinn.
iomasach ná oilte. intuitive than trained.
" Tá sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh duine iomasach ná oilte.
gasta agus oilte, fast and skillful,
" Ach bhí sé ag imirt in aghaidh daoine fásta faoin am sin agus, cé go raibh sé gasta agus oilte, bhí siadsan a bhfad ní ba láidre ná é.
oilte educated
" I ndiaidh cúirtéireachta fada, phós sé Lydia Fraser, bean óg oilte a raibh a tuismitheoirí míshásta leis an chleamhnas.
níos oilte more skilled
" Is minic lucht blagadóireachta níos oilte ina réimse saineolais féin ná na hiriseoirí a bhíonn ag plé leis ó am go chéile.
oilte trained
" Mar shampla, dar le hIrial, ba é an dúshlán ba mhó a bhí riamh acu ná “daoine maithe oilte a raibh Gaoluinn acu agus a bhí sásta cur fúthu sa Rinn a fháil.
Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo if Fianna Fáil don't know the ropes at this stage
" Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo – i ndiaidh dóibh a bheith i mbun rialtais le fada – níl mórán dóchais i ndán dóibh.
léiritheoir an-oilte a very skilled producer
" Ba é Lance a mhol gur chóir dom dul chun cainte le seanchara linn – léiritheoir an-oilte darb ainm dó Shea Fitzgerald.
Ceoltóirí oilte skilled musicians
" Ceoltóirí oilte agus daoine áille atá iontu – daoine a thug a gcuid ama dom ar bheagán airgid, nó saor in aisce.
oilte iontu araon skilled in both of them
" Ní hamhlaidh é i gcás Ní Dhuibhne; is fearr léi saothar a chumadh as an úr sa dá theanga oifigiúla agus tá aitheantas saothraithe aici mar údar atá oilte iontu araon.
oilte skillful
" Nuair a bhí muid ag imirt sacair le chéile ar an trá ansin thug mé faoi deara go raibh Seán an-ghasta agus oilte.
oilte i bhfeidhmeanna saighdiúirí speisialta, trained in special soldiers' functions
" Bíonn na buíonta seo oilte i bhfeidhmeanna saighdiúirí speisialta, agus i bhfírinne, is beag difríocht a bheadh idir iad agus fórsaí speisialta an airm.
cinneadh oilte informed decision
" Cé gur cabhair éigin é leabhrán an Choimisiúin Reifrinn, ní féidir a rá go bhfuil sé soiléir go leor le sinn “a chur ar an eolas chun cinneadh oilte a dhéanamh”, mar a mhaíonn an Coimisiún féin ar chlúdach tosaigh an leabhráin.
an-oilte highly skilled
" ” Is beirt cheoltóirí an-oilte iad an bheirt bhall eile atá le Cathy in Unwanted.
is oilte most able
" Tá Anthony Dod Mantle (Slumdog Millionaire, Last King of Scotland) ar an gceamaradóir is oilte agus is áille ar domhan, agus ní féidir ach géilleadh go bhfuil an tsraith seo, in ainneoin a réalaíochta, chomh healaíonta le haon sraith oscailte a fheicfear ó aon fhoinse i mbliana.
oilte trained, educated
" Is beag Afra-Pharaguach óg a bhfuil meánscolaíocht aige agus is beag forbairt a dhéanfaidh an pobal gan daoine oilte.
oilte trained
" Tá sé níos éasca agus níos saoire é a thógáil san Astráil, áit a bhfuil oibrithe oilte ar fáil freisin.
ró-oilte too experienced
" Tá sé i bhfad Éireann ró-oilte mar ealaíontóir chun cleas tuatach, garbh mar sin a fhéachaint orainn.
an-oilte very skilled
" Tá an t-imreoir idirchontae an-oilte ar gach bealach agus in ann é féin a chosaint go maith, ach ní fíor sin ag gach grád den chluiche.
oilte polished, trained
" Guth foirfe údarásach a thug an Ciarraíoch oilte seo an doras chugainn isteach ón gcéad lá.
oilte trained
" Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Níl aon duine níos oilte ná é insa dlíAch déanann sé dearmad anois is arísGo bhfuil níos mó sa saol seo ná Diddle O Dea.
oilte trained
" Is cosúil gur fear dóighiúil, dea-bhéasach oilte a bhí ann a spreag mothúchain chomh domhain sin i Michelangelo gur scríobh sé litreacha agus dánta chuige chomh maith le cúig cinn de na pictiúir is fearr a rinne sé riamh ina shaol.
oilte skilled
" Tá muintir óg na hÉireann saoithiúil, oilte, uaillmhianach agus ábalta.
oilte trained
" Caithfidh sé /sí a bheith oilte, snasta, líofa, fileata, socair agus bíonn a bhformhór mór acu amhlaidh.
oilte trained, skilled
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
cheardaí oilte a trained craftsperson
" Creidim gur i láthair cheardaí oilte sa mbroinn atáimid, tagtha slán aibí ar an saol.
oilte trained
" Ba bhainisteoir i monarcha éadaí i Srí Lanca í agus bhí sí oilte mar láithreoir teilifíse ach thréig sí a tír dhúchais ar son poist mar fheighlí linbh le teaghlach in Éirinn a raibh páiste dhá bhliain d’aois acu.
a oilte how skilled
" Ba phribhléid dom a bheith ag breathnú ar imreoirí chomh maith le Fabregas, le Nasri, le Tevez, le Arshavin, le Silva ag léiriú a oilte is atá siad os comhair mo dhá shúil.
amhránaí oilte a trained singer
"amhránaí oilte í Philipsz, rud a chuireann tocht ina glór agus a dhéanann a cur i láthair leochailleach, macánta agus simplí.
oilte trained
" Dúradh linn gur toghadh an múinteoir as mná óga na treibhe, ach níor luadh rud ar bith faoin mbean seo a bheith oilte ar an múinteoireacht.
oilte trained
" Socraíonn sé cur isteach ar Chomórtas Eolaí Óg na Bliana ach ní fada go bhfaigheann sé amach gur leacht ar leith atá déanta aige! Is ansin a thosaíonn an spórt! Eachtra spleodrach eile ó pheann oilte Liam Mhic Uistín.
lámh oilte láidir strong trained hand
" Bíonn tionchar ar an aigne ag baint lena mhodh péintéireacta saonta agus cuireann sé in iúl go láidir na mothúcháin agus an gaol atá aige lena cheantar dúchais tríd na dathanna láidre a úsáideann sé chomh maith leis an lámh oilte láidir atá aige ar an scuab.
aos óg oilte a young trained population
" Muna mbíonn daoine óga sásta in Éirinn agus leis na deiseanna atá acu sa tír, crapfaidh siad leo agus cén sórt tíre a fágfar gan aos óg oilte chun oibre? Deirtear go ‘maireann croí éadrom i bhfad’.
an-oilte very skilled
" Tá Villeneuve an-oilte mar cheardaí scannáin.
imirce Protastúnach oilte the Protestant brain drain
" Chuir muid cúrsaí oiliúna faoin dlí ar fáil do Phrotastúnaigh amháin; chuaigh muid go hollscoileanna in Albain le daoine a mhealladh ar ais (tá imirce Protastúnach oilte go hAlbain aitheanta le fada) ach nuair a thuigeamar go raibh bealaí ann chun feabhas a chur ar rudaí, cuireadh cosc ar aon earcaíocht.
an-oilte ar very skilled
" Bhí meascán daoine de gach aois ag dul timpeall, cuid acu an-oilte ar an sciáil agus an chuid eile fós ag dul i dtaithí uirthi.
níos oilte more prepared
" Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann níos oilte i láimseáil saol an leatroim ná go leor dá gcomharsana.
ganntanas oibrithe oilte a lack of trained workers
" Dúirt sé go bhfuil ganntanas oibrithe oilte ag cur isteach ar fhorbairt i réimsí áirithe an gheilleagair agus go bhfuil an scéim SMP bunaithe ar urraíocht na bhfostóirí, ar riachtanais na tuaithe agus ar ghairmeacha ardluacha.
chomh ghéarchúiseach oilte as sharp and skilled
" Ní minic a chruthaítear scoláire chomh ghéarchúiseach oilte le Gearóid Ó Crualaoich.
stuama, oilte, deisbhéalach prudent, skilled, well spoken
" Níl siad sásta nach bhfuil sé ar bhonn uile-Éireann, ach dar linne, má táimid le freastal ar na pobail as a dtagaimid agus seasamh ar son a gcearta siúd, caithfimid ár gcás a chur chun cinn i bhfoirm ionadaithe poiblí atá stuama, oilte, deisbhéalach, atá in ann taighde a dhéanamh agus cás a throid ar na ceisteanna ar fad atá tábhachtach don phobal.
gcócaire oilte skilled chef
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
oilte skilled
" An mbeidh iománaithe óga, oilte Chorcaí rómhear agus rólúfar d’iománaithe Átha Cliath, nó an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe ag fir na hardchathrach le roinnt blianta anuas leo leis na Corcaigh a chloí? Agus céard faoi Luimneach agus an Clár? Garchomharsana is ea iad dar ndóigh, agus is cinnte go mbeidh coimhlint an-ghéar eatarthu.
ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte one of the most stylish and skilled players
" Is breá an rud é An Cábhán a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh arís agus tá súil agam go mbeidh cluiche maith ag Martin Ó Duinn in aghaidh Chiarraí mar go bhfuil sé ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte atá feicthe agamsa i mbliana.
nuair a théann saoránaigh oilte thar lear from a brain drain
" Aithníonn sé go gcuireann imircigh le forbairt na dtíortha saibhre is gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis nuair a théann saoránaigh oilte thar lear.
Iarracht oilte a scholarly effort
" Iarracht oilte ab ea an staidéar seo cur chuige na scoláirí litríochta Meiriceánacha mór le rá cosúil le Cleanth Brooks a dhaingniú i scoláireacht na hÉireann.
géarchúis an scríbhneora oilte the trained writer’s sharp intellect
" Muna bhféadfaí éalú ón namhaid, ar a laghad d’fhéadfaí é a chur fé scrúdú agus úsáid á bhaint as géarchúis an scríbhneora oilte.
níos oilte more trained
" An dream leochaileach a d’imigh, tiocfaidh roinnt mhaith acu ar ais tá súil againn, níos oilte, amach anseo, ach an deis a bheith acu chuige sin.
an-oilte very well trained/educated
" Na hinimircigh a bhain Éire amach, tá an-éagsúlacht teangacha acu agus cuid acu, is dream an-oilte iad.
imirce daoine oilte brain drain
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
bheidhlíní oilte clasacacha of proficient classical violins
" Claochlú an tSaoir ina Dhaor ========== I Nua-Eabhrach réamhchogaidh na bliana 1841 tá cónaí ar Solomon Northup – saorfhear de chuid an chine ghoirm, saor adhmaid snasta, bheidhlíní oilte clasacacha.
a bhí oilte go maith who were well skilled
" Agus nárbh iadsan an bheirt a bhí oilte go maith i ndíol na mbréagshaothair ealaíne dóibh siúd ar lagchoinsias agus ar farasbarr airgid.
bhain sé úsáid éirimiúil oilte as he skilfully and intelligently used
" Chuige sin, bhain sé úsáid éirimiúil oilte as taighde idirnáisiúnta ina leabhar.
oilte agus neamhoilte trained and untrained
" Idir aos agus óg, baineann agus fireann, oilte agus neamhoilte, bíonn ríméad orthu nuair a fheiceann siad gasúr óg agus béiceann siad 'bebek, bebek’ 'páiste, páiste' agus tú ag teacht ina dtreo.
ceal dlí-aistritheoirí oilte due to the lack of trained legal translators
" Bíonn deacracht ag an stát, cloí leis an dualgas bunreachtúil sin ceal dlí-aistritheoirí oilte.
níos oilte better trained
" De bharr na n-athruithe ar fad le blianta beaga anuas, is beag duine nach nglacfadh leis go bhfuil lucht spóirt, peileadóirí agus iománaithe san áireamh, níos aclaí, níos láidre, níos sciobtha, níos mó agus b’fhéidir níos oilte ná mar a bhí a macasamhla rompu.
údar cruthaitheach oilte, a skilled creative writer,
" Tá aitheantas bainte amach ag Éilís Ní Dhuibhne mar údar cruthaitheach oilte, is cuma cé acu ag scríobh i mBéarla nó i nGaeilge atá sí.
oibrithe oilte skilled workers
" An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
mar bhall den bhuíon aitheanta oilte as a member of the well known group of skilled (musicians)
" Labhair Mícheál Ó hAodha le ridire mná, Niamh Dunne, a shiúlann bóithre mhór-ranna an domhain mar bhall den bhuíon aitheanta oilte Beoga.