Pota Focal Intergaelic
óir | aoir | coir | doir | foir
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a d'oirfeadh that would be suitable
" Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh Fianna Fáil a bheith i gcumhacht go ceann tamaill fhada le cúnamh an Lucht Oibre nó pé dream eile a d'oirfeadh ag an am.
d'oir sé go mór dom it really suited me
" Céim Ghaeilge agus Fhraincise atá á déanamh agam sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, mar sin d'oir sé go mór dom dul chuig coláiste ina bhféadfainn feabhas a chur ar mo chuid Fraincise gan ligean do mo chuid Gaeilge dul i ndearmad.
is a oireann sé dom as it suits me
" Beidh mé siúlach scéalach an fhad is a oireann sé dom.
d'oir DCU di DCU suited her
" " Mar sin, d'oir DCU di ón tús, agus oireann fós di, de réir cosúlachta.
a oireann do na rannpháirtithe seo which suit these participants
" Tá solúbthacht in ár gcur chuige maidir le freastal ar rannpháirtithe ár gcláracha agus ár gcúrsaí, is é sin, tá cúrsaí á dtairiscint againn ag amanna agus le hábhar a oireann do na rannpháirtithe seo.
Oireann cinn áirithe dom some suit me
" Oireann cinn áirithe dom agus tá cinn eile ann nach n-oireann dom.
gur oir an saol acadúil di that the academic life suited her
" " Agus mé ag caint le déanaí le hAngela i gcaife i Ranalach, an ceantar ina bhfuil sí tar éis cónaí don chuid is mó dá saol fásta, is léir dom ón méid a deir sí gur thaitin a laethanta scoile léi agus gur oir an saol acadúil di ón gcéad lá.
oireann sé go maith it suits
" Chum Donnacha Costello, a sheinneann ceol leictreonach, an ceol dúinn, agus oireann sé go maith don scéal.
d’oir sé sin dom that suited me
" Tá mé go huile is go hiomlán ar mo shuaimhneas san áit seo, san oifig seo (i gCSTTÉ) agus bhí freisin nuair a bhí mé ag obair do TG4 i mBéal Feirste mar nach raibh ann ach mé féin sa tuaisceart agus d’oir sé sin dom.
ag pé am a oireann duit at whatever time suits you
" Tugtar “podchraoladh” (nó *podcasting*) ar an saghas seo comhad fuaime, agus go bunúsach is saghas cláracha raidió iad ar féidir éisteacht leo ag pé am a oireann duit.
nach n-oireann focla dóibh that words don't suit
" Tá fáinne eochrach an tseomra fós agam, meabhrú laethúil ó shin dom ar na huafáis a chonaiceamar, uafáis nach n-oireann focla dóibh.
ag pé am a oireann duit at whatever time suits you
" Tugtar “podchraoladh” (nó *podcasting*) ar an saghas seo comhad fuaime, agus go bunúsach is saghas cláracha raidió iad ar féidir éisteacht leo ag pé am a oireann duit.
gur oir sé dóibh that it suited them
" Dá mba rud é go bhfuair sé bás de bharr taom croí, seachtain sular chinn mangairí faisnéise na Corónach gur oir sé dóibh an fear bocht seo a nochtadh mar spiaire dá gcuid féin, luífeadh sé inniu faoi ghradam i bplásóg na laochra poblachtánacha i Reilig Bhaile an Mhuilinn.
nuair a oireann sé dóibh when it suits them
" Ach thar aon rud eile is é an tuairim i measc an phobail nach bhfuil aon leisce ar urlabhraithe na heaglaise bréag a insint nuair a oireann sé dóibh agus seo an príomhchúis, dar liom, go bhfuil go leor daoine ann nach bhfuil ag diúltú amach is amach do theoiricí The Da Vinci Code.
an oirfeadh mo chuidse ceoil if my music would suit
" Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann *hell*, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo.
ní oireann sé dom. it doesn't suit me.
" Uaireanta taitníonn leagan faoi leith go mór liom, ach nuair a dhéanaim iarracht é a chanadh ní oireann sé dom.
oireann sé it suits
" Seo scéal grinn a chuala mé i mBancác, cathair a bhfuil droch-cháil uirthi maidir le plódú tráchta, ach oireann sé go maith do Bhaile Átha Cliath freisin.
ná nach n-oireann siad go hiomlán they don't suit entirely
" Ach is é an fhadhb a bhaineann leo siúd uilig, ámh, ná nach n-oireann siad go hiomlán do chosmhuintir an pháirtí.
ní oireann sé sin that doesn't suit
" Ar ndóigh, ní oireann sé sin don Aontas Eorpach toisc gur mhaith leis a bheith neamhspleách ó na Stáit Aontaithe.
ní oireann na tréithe sin don ghnó those traits don't suit business
" Ach ní oireann na tréithe sin don ghnó go minic.
d'oir sé domh it suited me
" Tháinig na póilíní orainn agus go tobann d'oir sé domh nár thuig siad mo chuid Fraincise! Tá mé ag déanamh go bhfuil ádh an tosaitheora iontach tábhachtach agus tú ag imirt Boules nó bhí mé iontach maith aige, agus bímse *cat* go maith ag cluichí liathróide go hiondúil! Tá sé tábhachtach dul amach le dath na gréine a fháil más Aixois thú, mar sin, agus bomaite saor agam i rith an lae, d'éalaínn amach doras cúil an stiúideo damhsa agus “ghlacainn grian” mar a deir muintir na háite.
d'oirfeadh would suit
" I gcomhthuiscint a chéile Liam Ó Maonlaí a d'oscail an taispeántas le scéal faoin gcaoi a rinne sé ceangal le Marcelo agus iad thíos i dtigh mór ag iarraidh grianghraf a fháil a d'oirfeadh do chlúdach albam úr Liam.
oireann siad they suit, fit in
" Beidh Nuacht, Léirmheasanna, Féilte, Céad Oícheantaí, seáp sé nó seachrán ‘Ar an Seit’ ó am go chéile, de réir mar a oireann siad don gcolún.
mar a oireann as needed
" Beidh Nuacht, Léirmheasanna, Féilte, Céad Oícheantaí, seáp sé nó seachrán ‘Ar an Seit’ ó am go chéile, de réir mar a oireann siad don gcolún.
oirfinn would I (be) suited
" “Ní raibh mé cinnte ar dtús an gcuirfinn isteach air, ní raibh a fhios agam an oirfinn don saghas sin ruda.
oireann suit, fits in with
" “Tá páirtí agam a thugann an-tacaíocht go deo dom agus oireann a chuid uaireanta oibre do na huaireanta oibre atá agam féin.
oireann suits, fits
" Tá an struchtúr níos scaoilte ná mar a bhí in ‘American Beauty’, agus oireann an neamhfhoirmeáltacht sin don saghas seo ruda.
hOir-Ghearmáine East Germany
" Is díograiseoir d’apparacik i sean-státchóras na hOir-Ghearmáine, an DDR í.
Oireann suits, fits
" Oireann sé go maith go bhfuil sé ag cur sneachta agus an t-alt seo á scríobh agam.
ní oireann doesn’t suit
" Mar sin, ní oireann bealaí scéalaíochta Kiarostami do leithéid, abair, ‘Fás agus Titim Impireacht na Róimhe’ cuirim i gcás.
oireann di suits her
" Seo Binoche sa pháirt is fearr a oireann di le fada.
nach n-oirfeadh wouldn’t suit
" Sa Fhrainc, áit a raibh neart ‘teangacha ceantair’, cuireadh béim ar an bhFraincis mar theanga oifigiúil náisiúnta, agus feiceadh ar an Occitanais, an Bhascais agus ar an mBriotáinis mar chanúintí gan mhaith nach n-oirfeadh don saol nua-aimseartha.
Oireann suits
" Oireann an dá ghnáthóg dóibh araon.
a oireann which suits
" Ní hé go bhfuilim aineolach ach bailím mo chuid nuachta sa bhealach ar leith a oireann domsa.
bonn oir a gold medal
" (Ghnóthaigh feachtas leigheas coisctheach na Sandanistas bonn oir ón WHO chomh maith).
oireann duit suits you
" Ach dar liom, tá tú i bhfad níos fearr tabhairt faoi dhea-mhian ag am a oireann duit in ionad am nuair atá brú seachtrach ort é a dhéanamh.
nach n-oireann doesn’t suit
" Níl aon cheist gur gá le hathbhreathnú ar dhlithe cóipchirt atá de dhíth mar nach n-oireann dlí analógach don ré dhigiteach; dlí a scríobhadh in am an leabhair, na téipe agus an cheirnín.
n-oireann ceist seo this matter suits
" Fiafraíonn duine éigin dá chara, “Focail chomh mín chomh cneasta leó cionnus thárlóchadh go mbeadh cealg ionntu?” Cé nár ghlac naimhdeas eitneach Corkery greim dhaingean ar intleacht Niall Tóibín riamh, ní foláir nó go n-oireann ceist seo Corkery leis.
d’oir go maith suited well
" Agus ar ndóigh, ba é an Béarla príomhtheanga na tíre, rud a d’oir go maith do na comhlachtaí Meiriceánacha san am.
Ní oirfeadh a leithéid such wouldn’t suit
" Ní oirfeadh a leithéid do mhuintir na tíre seo a mhaíonn go hurrúsach gur gné shainiúil lárnach dá sochaí í cothrom na Féinne, nó a fair go mar a thugann siad air.
níor oir sé ar fad do it didn’t entirely suit
" Luaitear an tréith chéanna go minic le hoiread na bhfear óg Spáinneach nach bhfágann an baile choíche, fiú agus lámh agus focal idir cailín bocht éigin agus iad! Ar shlí eile, níor oir sé ar fad do roinnt cathróirí anseo in A Coruña gur ar an gceathrú Satharn den mhí a tharla ceiliúradh San Juan na bliana seo.
a d’oirfeadh go maith which would well suit
" D’aimsigh Séamus teach dísirt cois locha tamall beag as Toronto a d’oirfeadh go maith dá leithéid agus thugadar faoi.
n-oirfeadh would suit
" Níl, ar ndóigh, fiúntas ar bith leis an áis *iOS* faoi sholas na gréine! B’fhéidir go n-oirfeadh Audible.
níor oir sé dom it didn’t suit me
" Cá huair ar thoisigh tú ar sin?** Ray Mac Mánais: Chas mé le Liam Ó Cuinneagáin ag Oireachtas Ghleann Cholm Cille in ’89 agus thug sé cuireadh domh dul ag teagasc ann, cúpla uair, agus níor oir sé dom.
go n-oireann sé dóibh that it suits them
" Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo.
D’oir a stíl agus a chur chuige do his style and approach suited
" D’oir a stíl agus a chur chuige do na hócáidí móra, é láidir, cróga, fearúil, teanntásach, dochloíte nach mór.
Ní oireann doesn’t suit
" Ní oireann an leabhar seo don léitheoir atá ag lorg litríocht traidisiúnta.
Oireann an meán teilifíseach dá chur chuige televison as a medium suits his style
" Oireann an meán teilifíseach dá chur chuige freisin toisc go mbaineann comhrá teilifíseach leis an sonra geal nó an ‘luminous detail’ mar a bhí ag Ezra Pound.
D’oir sé dom it suited me
" D’oir sé dom chomh maith a bheith aige baile mar bhí craobhacha le buachtaint agus bhíos sásta mo shaol a thabhairt don gcaid.
D’oir suited
" D’oir argóintí Allers cruth gruama cinniúnach na hÉireann dar le de Fréine: “Tá dhá phríomhábhar spreagtha sa duine, ‘mian na cumhachta’ agus ‘mian an chuideachtanais’ (ar cuspóir di duine a oiriúnt i gcomhair saoil mar bhall de phobal sóisialta.