Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ollbhua landslide victory
" Ní háibhéil é le rá gur bhain an t-Uasal Rudd ollbhua amach.
ollbhua landslide
" Bhain an freasúra ollbhua amach sna holltoghcháin sin, agus dá bhrí sin, mhaígh Kerr gur aontaigh vótálaithe na hAstráile lena chinneadh.
go mbeadh sé ina ollbhua ag na sceimhlitheoirí that it would be a huge victory for the terrorists
" Mhaígh Howard go mbeadh sé ina ollbhua ag na sceimhlitheoirí dá dtabharfaí abhaile na trúpaí comhraic Astrálacha “sula raibh an jab curtha i gcrích acu”.
ollbhua walkover
" Níor bhuaigh na Tóraithe ach 165 suíochan in aghaidh an 418 a bhuaigh an Lucht Oibre sa chéad ollbhua inar bhain Blair an chumhacht amach.
ollbhua a landslide win
" (Eagrán 148 , mí Lúnasa 2013) Ní minic a bhíonn athrú rialtais abhus, ach nuair a tharlaíonn a leithéid bíonn ollbhua, nó tagann sé ina mhaidhm, ag an bhfreasúra de ghnáth, agus mar sin a thit sé amach an iarraidh seo.