Pota Focal Intergaelic
ón | aon | con | don | eon
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar camchuairt on tour
" Iomaíocht ======= Caitheann Altan tréimhsí fada ar camchuairt thar lear, go háirithe i Meiriceá.
ar a theitheadh on the run
" Fhad is bhí sé ar a theitheadh, thóg an t-arm an Bóthar Míleata i gContae Chill Mhantáin (atá fós ann) mar iarracht ar throdairí an chontae a chur faoi smacht.
ar iasacht on loan
" Is léir anois go bhfuil a lán feisirí ag cailleadh trua do na feirmeoirí, go mór mhór nuair a chloiseann siad faoi 'leaba agus bricfeasta' (an leasainm a thugtar ar an chalaois a tharlaíonn nuair a thugann feirmeoirí caoirigh ar iasacht d'fheirmeoirí eile chun iad a chur i bhfolach ar chigirí) nó faoi fheirmeoirí a bheith ag thabhairt an ghalair do na caoirigh atá acu d'aon turas chun cúiteamh a fháil.
ag brath ar depending on
" I gCumbria, cuir i gcás, áit a bhfuil an Lake District, tá 60,000 post ag brath ar an turasóireacht.
ag cur béime ar placing emphasis on
" Gan amhras, bhí freagairt an rialtais i Londain an-lag ag tús na géarchéime, i gcomparáid le rialtas na hÉireann, ach níl an chúis deacair a thuiscint nuair a amharcann tú siar ar bheartas an Campaign for the Countryside: ag cur béime ar fhiach sionnach mar shampla, in ionad na ndeacrachtaí atá ag feirmeoirí beaga.
ar bhuntáistí an dátheangachais on the advantages of bilingualism
" Tá cur síos sa bhileog ar bhuntáistí an dátheangachais agus ar Comhluadar.
dul i bhfeidhm make an impact on
" Easpa ama le dul i bhfeidhm ar an dtimpeallacht déarfainn an míbhuntáiste is mó i measc tuismitheoirí.
as a stuaim féin on their own initiative
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
ag brath rómhór ar fhostaithe depending too much on employees
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
ar a dtuarastal amháin on their salary alone
" Tarlaíonn sé seo go rialta, áfach, agus deir na Cúbaigh nach bhfuil an dara rogha acu mar nach féidir leo a bheith beo ar a dtuarastal amháin ($10 Meiriceánach sa mhí ar an mheán).
a chuaigh i bhfeidhm orm which made an impression on me
" Ba iad na daoine ansin níos mó ná rud ar bith eile a chuaigh i bhfeidhm orm, cé go bhfuil sé go hálainn mar áit fosta.
san airdeall ar an ghalar on the alert against the disease
" Faoi láthair, tá tréidlianna na Roinne Talmhaíochta san airdeall ar an ghalar ag an teorainn, ag aerfoirt agus ag calafoirt, agus tá cosc ar iompórtáil ainmhithe agus táirgí ainmhithe.
ar an idirlíon on the Internet
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
ar a bunaíodh an stát on which the state was founded
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
screamh deposit on surface, coating
" Faoi screamh na mblianta a bhíonn fíordhúchas na hÉireann i gcóngar is i gcéin.
ar bannaí on bail
" Cén bhaint atá ag seo le cúrsaí? Is é an pointe ar mhaith liom aird a tharraingt air ná gur cuireadh Simpson i gcarcair díreach i ndiaidh dhúnmharú Simpson Brown agus Goldman agus nár ligeadh amach ar bannaí é ag am ar bith le linn na trialach.
ar bhonn rialta on a regular basis
" Ní fios go cruinn cé mhéad duine atá ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ar bhonn rialta, ach ní dócha go mbeadh sé míchruinn a mhaíomh go bhfuil níos lú ná 30,000 duine as an 80,000 de dhaonra an limistéir oifigiúil ag úsáid na teanga go laethúil.
gan díriú without focusing on
" Bhí baint mhór ag cúrsaí airgid le meath na Gaeilge agus, faraor géar, ní féidir í a láidriú mar theanga phobail sa Ghaeltacht gan díriú ar cheist seo an airgid.
laistoir on the east side
" Fobhailte eile na leithinise iad Abha na Scáil agus Lios Póil laistoir; Caisleán an Ghriaire agus An Clochán lastuaidh; Ceann Trá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Mhuiríoch agus An Fheothanach laistiar.
lastuaidh on the north side
" Fobhailte eile na leithinise iad Abha na Scáil agus Lios Póil laistoir; Caisleán an Ghriaire agus An Clochán lastuaidh; Ceann Trá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Mhuiríoch agus An Fheothanach laistiar.
laistiar on the west side
" Corca Dhuibhne an cheoil, na rann is na n-amhrán! Tá Gaelainn le clos ar bhéalaibh daoine ar fud na leithinise, go mór mhór laistiar den Daingean.
ar pár on paper
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
dul i bhfeidhm ort make an impression on you
" Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.
fonn drabhláis in the mood to go on the tear
" * Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall.
croith suas thú féin hurry up, get a move on
" "A Shíle, croith suas thú féin," arsa Dónall, "tá muid ag fáil bháis leis an tart abhus anseo.
ar bhonn coinníollach on a conditional basis
" , £35,000 breise) don bhliain sin ar bhonn coinníollach.
ag díriú ar concentrating on
" Tá Gaillimh le Gaeilge ag díriú ar lucht gnó na cathrach den chuid is mó.
ag dul i bhfeidhm making an impression on
" Tá an páipéar ag déanamh cúpla punta agus ag dul i bhfeidhm ar an phobal.
ar bannaí on bail
" Chuir a dhlíodóir achomharc faoi bhráid na cúirte ar an toirt agus ligeadh Morrison amach ar bannaí $50,000.
bob a bhualadh ort to play a trick on you
" Má fhaigheann tú teachtaireacht mar gheall ar víreas is fiú i gcónaí a bheith amhrasach - seans go bhfuil duine éigin ag iarraidh bob a bhualadh ort.
aontaithe faoi chomhchaighdeán agreed on a common standard
" Chomh maith leis sin, dealraíonn sé go mbeidh na déantóirí agus na soláthraithe seirbhíse aontaithe faoi chomhchaighdeán.
fonn drabhláis in the mood to go on the tear
" Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall.
croith suas thú féin hurry up, get a move on
" "A Shíle, croith suas thú féin," arsa Dónall, "tá muid ag fáil bháis leis an tart abhus anseo.
dírithe ar focused on
" Bhí sé ina chogadh dearg sa cheantar agus bhí aird na tíre dírithe ar Bhoston ar feadh tamaill.
ar an mbonn on the basis
" Séanadh deontas ar chumann áitiúil amháin (atá bríomhar agus forásach) ar an mbonn go raibh a gclár oibre bunaithe an iomarca ar ranganna.
ag breith ar having an effect on
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.
ag teacht aniar uirthi repeating on her
" Ionnach go raibh an cider ag teacht aniar uirthi anois cé nach raibh cuma air gur chuir sé amach ná isteach ar aon duine eile.
ag breith ar having an effect on
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.
ag teacht aniar uirthi repeating on her
" Ionnach go raibh an cider ag teacht aniar uirthi anois cé nach raibh cuma air gur chuir sé amach ná isteach ar aon duine eile.
in uachtar on top
" Is é an toradh atá air sin ná go bhfuil seanscoilt an 20ú haois idir poblachtánaigh agus náisiúnaithe athmhúscailte, ach le difear mór amháin: is iad na poblachtánaigh atá in uachtar ó thaobh thacaíocht an phobail de.
ar a dteitheadh on the run
" Chaith Ned, a dheartháir Dan agus beirt chomrádaí leo dhá bhliain ar a dteitheadh de bharr eachtra inar maraíodh triúr póilíní.
le haird a tharraingt to focus attention on
" Sheas Bernadette mar iarrthóir i dtoghchán Eorpach na bliana 1979 le haird a tharraingt ar na cimí a bhí ar an phluid sna Blocanna H.
ar an phluid on the blanket
" Sheas Bernadette mar iarrthóir i dtoghchán Eorpach na bliana 1979 le haird a tharraingt ar na cimí a bhí ar an phluid sna Blocanna H.
ar bhonn rialta on a regular basis
" Dá bharr sin, caitheann buachaillí a bhfuil an-suim agus dúil mhór acu san iomáint níos mó ama ag imirt peile toisc nach gcuirtear an deis ar fáil dóibh ar bhonn rialta an iomáint a imirt.
Níl greim ort. there isn't a bit on you
ar an toirt on the spot, immediately
" Leis sin, thosaigh an fear a bhí ar chúl an tseastáin arís, chuaigh grabhróg lena hanáil agus ann ach nár tachtadh í ar an toirt.
ar aon cheo on anything
" Is dóigh mura bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir an tAigéan Indiach agus an tAigéan Ciúin nach díol iontais é nach mbeadh ar a gcumas plé ró-stuama a dhéanamh ar aon cheo beagán níos casta.
bronnta ar bestowed on
" Go dtí seo tá an gradam seo bronnta ar: Micheál Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin (1993), Áine Bn.
ar an láthair on-site
" Is fiú conradh a fháil a mhaireann ar feadh tuairim is trí bliana, le seirbhís "ar an láthair" chun nach gá an ríomhaire a sheoladh ar ais chuig an monarcha.
síorchomparáid comparision on a continuous basis
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go bhfaigheadh lucht a labhartha a gceart ón stát; go dtarraingeodh lucht a labhartha le chéile; go gcaomhnófaí a cuid fuinnimh; nach ndéanfaí síorchomparáid idir í agus an Béarla; go mairfeadh sí beo sna ceantair Ghaeltachta; go scríobhfaí í le spleodar.
ar taispeáint on show
" Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu le clic nó dhó luiche.
réitíonn daoine le chéile people get on with each other
" Caithfidh mé a rá gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go réitíonn daoine le chéile.
ag brath ar depending on
" Bíonn comhairle, tacaíocht agus cúnamh leanúnach á gcur ar fáil do phobail ar fud na tíre, ag brath ar an bplean oibre a leagann siad amach chun leasa an phobail sin ó thaobh cur chun cinn labhairt na Gaeilge, an chultúir Ghaelaigh agus na hoidhreachta áitiúla.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Riarthóir/eagarthóir amháin a bhí i mbun na hoibre ar bhonn páirtaimseartha.
ar thairseach na réabhlóide idirlín on the threshold of the Internet revolution
" Bhíomar ar thairseach na réabhlóide idirlín díreach agus Gaeltext á sheoladh ag Aertel agus bhí "saineolaithe" ann a cheap go mb'fhéidir go raibh deireadh le ré an teilithéacs le teacht ré nua na gcipirspásairí! Ach a mhalairt a tharla.
ag caitheamh drochmheasa casting aspersions on
" Le tríocha bliain anuas tá an leagan den stair atá á chur chun cinn ag na hathbhreithniúchóirí ag caitheamh drochmheasa ar ghaiscígh 1916.
as seo amach from now on
" Is léir ón chuidiú a fuair muid ó na Breatnaigh i gceantar Frongoch go bhfuil níos mó féinmhuiníne ag muintir na tíre sin anois agus, gan amhras, beidh níos mó comhoibrithe idir na hÉireannaigh agus na Breatnaigh as seo amach.
ar a sheachnadh on the run
" "Chonacthas é ar na mallaibh i dTigh Mhac i gCarna, áit a bhfuil sé ar a sheachnadh le tamall.
Bunphá caolmhaireachtála basic pay they could barely survive on
" Bunphá caolmhaireachtála á fháil ag a gcuid oibrithe agus gan sochair fhostaí ná eile acu.
ar na pingneacha on the pennies
" Go dtí go gcuirfear cúrsaí maoinithe i gceart i nDomhnach Broc, beidh súil ghéar le coinneáil ar na pingneacha i gCasla.
ar chrios iompair na staire sin on that conveyor belt of history
" Ach ag tús na míosa seo chuir tromlach de bhaill Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) a muinín i David Trimble ar chrios iompair na staire sin ar a dtugtar Comhairle Aontachtach Uladh.
a chaitheamh i dtraipisí to discard, throw on the scrapheap
" Le déanaí, cheannaigh an stáisiún luach £12,000 de threalamh ríomhaireachta ach níl sé i gceist acu an seantrealamh a chaitheamh i dtraipisí.
ar camchuairt on tour
" Faoi láthair tá aos óg an pharóiste i mbun cleachtaidh do gheamaireacht na Nollag agus beidh Aisling Ghéar agus compántais eile drámaíochta ag teacht ar camchuairt go luath.
ar leic an dorais againn on our doorstep
" Ní thiocfaí sibh a fhágáil gan chomhluadar lá Nollag agus sibh ar leic an dorais againn, anois an dtiocfaí?" Ní raibh cónaí ar Dervla agus Daire sa tsráid seo ach le cúpla mí anois agus cé go raibh aithne shúl acu ar go leor de na comharsana ní raibh cuma ar aon duine go raibh faill cainte aige.
ar líne on-line
" San am a chuaigh thart, bhí sé iontach costasach a dhul ar líne.
siopa ar líne on-line shop
" Córas bainistíochta ======= Tá réiteach faighte againne ar fhadhb an chostais idirlín, a bhuíochas do e-Siopadóir - córas bainistíochta ábhair a ndearna muid forbairt air agus a úsáideann muid le siopa ar líne a chruthú d'ár gcustaiméirí.
ar an ionsaí on the attack
" Laistigh de dhá nóiméad eile bhí dhá chúl aimsithe ag na *Dubs*! Ar ais le Cill Chainnigh ar an ionsaí chun cúl agus cúilín a aimsiú agus an scór ná 3-14 in aghaidh 2-12.
ar an meán on average
" Tá rátaí báis ó ghalair ar nós ailse níos airde in Éirinn ná mar atá ar an meán san Aontas Eorpach.
ar an drabhlás on the tear
" Caitheann an compántas an Luan ag taisteal de ghnáth, rud a fhágann go mbíonn deis acu dul amach oíche Dhomhnaigh ar an drabhlás.
réitíonn siad go maith le chéile they get on well with each other
" Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
ar a sheachnadh on the run
" Tá Hosanna Bin Ó Loideáin fós ar a sheachnadh in Iorras Aithneach, é féin agus Johnny Mháirtín Learaí agus Josie Sheáin Jeaic ag caitheamh siar piontaí achan oíche agus ag cur mearbhaill ar spiairí an CIA thiar le leagan úr d'amhrán cáiliúil na hAfganastáine: "Níl Mo Theaichín i mo Phluaisín".
Caith ort Get dressed quickly, throw your clothes on
" Caith ort agus rachaidh muid isteach chun an bhaile mhóir.
Bullaí fir Good man, in the sense 'Good on you'
" "Bullaí fir," arsa Máire, "ní smaointeoinn féin air sin go deo.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Bheadh Bertie Ahern ar mhuin na muice dá bhfaigheadh siad isteach arís leis an Pháirtí Daonlathach agus b'fhéidir le cuidiú na dTeachtaí Dála neamhspléacha.
cúl a thabhairt leis an drámaíocht to turn his back on drama
" Ní raibh sé in ann cúl a thabhairt leis an drámaíocht, áfach, mar go raibh sé go smior ann.
Cora Chaitlín Newmarket-on-Fergus
" Bhí sé ina chónaí amuigh faoin tuath, in aice le hEastát Dromoland, Cora Chaitlín, agus théadh sé ar shiúlóid timpeall an eastáit gach lá mar a bheadh an tiarna na háite ann.
a dhíríonn ar which concentrate on
" Tá féilte ann, a deir sé (Seachtain na Gaeilge ina measc), a dhíríonn ar nithe traidisiúnta; bíonn ceol traidisiúnta i gceist, sean-nós, comórtaisí, etc.
i dtaobh le depending on
" An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán for publication on the site
" ie* gach rud a d'éiligh Aogán, ach tá lúcháir orainn a rá go bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí de chuid an Choiste Téarmaíochta curtha ar fáil ag an nGúm le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán.
D'aon turas on purpose
" D'aon turas níor thug mé cuairt ar Thóstal na Gaeilge i nGaillimh go dtí go déanach oíche Dé hAoine, nuair a bhíos cinnte go mbeadh a gcuid ráite ag an bpainéal polaiteoirí a bhí á róstadh ag lucht an tóstail.
Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí Let us not put all the blame on the politicians
" Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí.
agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon may you last and work on the net
" Gura fada buan seasmhach sibh agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon seo go ceann píosa maith eile de bhlianta.
Níl ribe féin ort anois you haven't a hair left on your head
" Níl ribe féin ort anois," arsa Féilim agus é ag amharc ar Fhiachra a raibh gach ribe ar a cheann gearrtha isteach go dtí an dúid aige.
crochta as hanging on to him
" Bhí bean inteacht i gcónaí crochta as.
ar an tríú seilf anuas on the third shelf from the top
" "Cuir na dioscaí ar an tríú seilf anuas, an ceann a bhfuil na dioscaí eile air, agus cuir an MP3 ar an tseilf is faide suas, sa bhosca dearg sin," arsa Fiachra.
luaigh mé air I mentioned on it
" Mé féin a rinne an póstear a dhearadh don ócáid agus luaigh mé air go mbeadh an léamh dátheangach, rud a raibh mé ag súil leis.
i mullach a chéile on top of one another
" "Bhíos ana-phríobháideach ionam féin agus níor thaitin sé liom a bheith i scoil le nócha éigin dalta eile agus b'fhéidir daichead bean rialta, agus sinn go léir i mullach a chéile, agus ag teacht salach ar a chéile.
ar bhur bhfaichill on your guard
" Inseoidh mé scéal beag daoibh faoin ríomhphost le sibh a chur ar bhur bhfaichill.
sa chéad chás de on the one hand
" Tá mearbhall orthu de bharr go bhfuil, sa chéad chás de, an Rialtas, an Eaglais Chaitliceach agus go leor eile i bhfábhar an daingniú dlí a chur i bhfeidhm (mar gheall ar léamh na cúirte ar chás X) ach, os a choinne sin, go bhfuil páirtithe an fhreasúra ina aghaidh, chomh maith le grúpaí dlí agus ar a laghad beirt de na heaspaig Chaitliceacha, nach bhfuil sásta go bhfuil an moladh daingean go leor.
os a choinne sin on the other hand
" Tá mearbhall orthu de bharr go bhfuil, sa chéad chás de, an Rialtas, an Eaglais Chaitliceach agus go leor eile i bhfábhar an daingniú dlí a chur i bhfeidhm (mar gheall ar léamh na cúirte ar chás X) ach, os a choinne sin, go bhfuil páirtithe an fhreasúra ina aghaidh, chomh maith le grúpaí dlí agus ar a laghad beirt de na heaspaig Chaitliceacha, nach bhfuil sásta go bhfuil an moladh daingean go leor.
le cur fúthu ar tír mór to settle on the mainland
" Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na n-oileán eile le cur fúthu ar tír mór.
ar an dé deiridh on its last legs
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an seanchóras oideachais trí mheán na Gaeilge ar an dé deiridh ag an am.
ar bhonn deonach on a voluntary basis
" Tá sé tábhachtach a aithint chomh maith go bhfuil daoine ag plé leis an ngaelscolaíocht ar bhonn deonach den chuid is mó agus go bhfuil dílseacht dhochreidte ag an-chuid daoine don eagraíocht agus don ghluaiseacht, cé nach bhfaigheann siad pingin as.
ar a dtriail on trial
" Ní hiad an cangarú agus an t-éamú iad féin atá ar a dtriail.
Ar fhleasc a dhroma on the flat of his back
" Ar fhleasc a dhroma a bhí fear na súile nimhe, é buailte amach ar fad le halltacht, le hiontas agus le huafás go raibh Údarás na Galltachta chomh hamaideach agus chomh doscaí agus gur cheap siad Leamh Ó Cuinneagáin mar Chathaoirleach.
ar bhonn deonach on a voluntary basis
" Tar éis an chúrsa dhá bhliain seo bíonn an seans acu leanúint ar aghaidh léi sa chúigiú bliain (céim cúig bliana atá anseo) ar bhonn deonach, rud a nglactar leis go minic.
ar conradh on contract
" Cén obair a dhéanann Breacadh anois agus cé mhéad duine atá fostaithe aige? Níl fostaithe go lánaimseartha ar an tionscadal ach mé féin, mar Chomhordnóir, ach tá go leor oibre á cur amach againn de réir a chéile ar conradh - chuig teangeolaithe, aistritheoirí, oideachasóirí agus scríbhneoirí.
astu féin on their own
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Láidreachtaí na heagraíochta ná go bhfuil tacaíocht mhaith agus maoiniú measartha faighte ón tús aici ón Roinn Oideachais, agus go bhfuil Oifigigh Aosoideachais na gcontaetha éagsúla Gaeltachta ag obair as lámh a chéile sa tionscadal, seachas a bheith ag obair astu féin, gan tacaíocht nó aitheantas.
díriú ar concentrate on
" Thosaigh cairdeas fada eatarthu a spreag muintir Uí Chionnaith le díriú ar chúrsaí ealaíne.
ar an choinníoll on the condition
" I 1979, bhunaigh sé cartlann ollmhór scannán agus thug deis do stáisiúin teilifíse teidil a fháil ar cíos ar an choinníoll go gcraolfadh siad fógraí a cheannódh siad trí fhochuideachta dá chuid, Publitalia.