Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
os cionn an tsáile above the sea
" "Níl ní ar bith is áille ná 'n ghealach os cionn an tsáile, Nó bláth bán na háirne a bíos ag fás ar an droigheann.
os cionn na gceirníní above the records
" "Bhí sé ag rá go raibh an-mheas aige ar na *Toasties *i Londain a bhíodh ag cur na *sound systems *suas agus ag canadh os cionn na gceirníní.
os cionn na sprice above the target
" Scaoileann an JSOW mionbhuamaí amach thart fá 400 troigh os cionn na sprice.
os cionn na súile deise above my right eye
" Tailm! Bhuail mé mé féin os cionn na súile deise.
os cionn dhá thrian over two-thirds
" Bhí na meáin lán cainte le déanaí mar gheall ar spiairí agus brathadóirí - ach an gcreidfeá go bhfuil spiaire pearsanta ag leanúint 80% de dhaonra na hÉireann? Gach cúpla nóiméad bíonn na gutháin shoghluaiste atá ag os cionn dhá thrian de mhuintir na tíre ag craoladh eolais ar an áit ina bhfuil siad.
ar foluain os do chionn flying above you
" " Ní saol furasta é bheith i d'fhile i dteanga mhionlaigh, ach, mar a deir Gearóid fán Ghaeilge, "glaonn sí ort, ní féidir a seachnadh, bíonn sí i gcónaí ar foluain os do chionn.
os cionn na mara above the sea
" An t-aon rud a bhí ag dó na geirbe agam agus mé ar mo bhealach go La Paz ag tús mhí Mheán Fómhair ná an *sorocche *- tinneas a thig ar dhaoine toisc a airde is atá an chathair os cionn na mara agus an easpa ocsaigine atá san aer dá bharr.
os cionn a dheisce above his desk
" Tar éis an tsaoil, is aige féin atá pictiúr den phoblachtánach Pádraic Mac Piarais os cionn a dheisce.
os cionn ceithre scór bliain d'aois over eighty years of age
" Nuair a thug mé cuairt air ina theach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ba dheacair dom a chreidiúint go bhfuil an fear ard, leathan, díreach a d'fháiltigh romham go maith os cionn ceithre scór bliain d'aois.
os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh over the blue-black fjord and town
" Stop mé, agus lig mé mo thaca leis na ráillí, tuirse an domhain orm - ag breathnú amach ar na scamaill scallta a bhí ar crochadh mar a bheadh fuil agus claíomh ann os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh.
os cionn cláir laid out (dead)
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
os cionn a chinn above his head
" Nuair a bhain siad an trá amach, bhí an t-uisce suas go dtí a mbrollach nuair a léim siad as an LCA agus bhí greim dhá lámh ag Jim ar a raidhfil os cionn a chinn, agus piléir ag feadaíl thart lena chluasa.
os cionn na bpríomhbhóithre above the main roads
" Deirtear gur féidir é a thógáil 50 troigh os cionn na bpríomhbhóithre atá ann cheana féin, chun nach gá talamh nua a cheannach.
os cionn na bpríomhbhóithre above the main roads
" Deirtear gur féidir é a thógáil 50 troigh os cionn na bpríomhbhóithre atá ann cheana féin, chun nach gá talamh nua a cheannach.
os cionn na coimhlinte above the conflict
" Tá sé os cionn na coimhlinte agus tá sé de dhualgas oraibh cibé duine nó dream a dhéanann éagóir a thabhairt os comhair na cúirte.
os cionn a bhlagaide above his bald pate
" Bhí tuí gruaige fionn tarraingthe trasna os cionn a bhlagaide air agus gáire go haoibhinn sin ar a bhéal go measfá gur sna flaithis féin a bhí sé.
os cionn na mbladhmanna above the flames
" Ar dhul amach dom ina dhiaidh, chonaic mé go raibh tine lasta aige taobh amuigh, agus feoil an bhéile á gríoscadh aige go mall os cionn na mbladhmanna.
ag bailiú os mo chionn gathering above me
" Lá amháin bhí mé sa sráidbhaile ag baint úsáide as an bhfón – an t-aon cheann sa cheantar – nuair a thosaigh na scamaill bháistí ag bailiú os mo chionn.
os cionn 60 above 60
" Ní bheidh ar dhaoine faoi ocht mbliana déag nó os cionn 60 an scrúdú Béarla a dhéanamh.
os cionn guail ghabha, over charcoals,
" Thaispeáin sí dúinn conas *nshima* a dhéanamh i gceart, os cionn guail ghabha, agus bhronn sí *chitenge* - sciorta traidisiúnta mhná na Saimbia – orainn.
go hard os cionn an tsráidbhaile. high above the village.
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
móramh mór os cionn an chuóta a big majority above the quota
" Más ar an teilifís a chloistear sin, seans gur ar an tríú gloine, nó, déanta na fírinne, ar a gcaid iomlán atáid! Sa chás áirithe seo – comhaireamh na vótaí i ndáilcheantar Dhún Laoghaire – faoi leathuair tar éis a naoi feictear dom go dtoghfar Mary Halpin le móramh mór os cionn an chuóta ar an gcéad chomhaireamh.
agus os a chionn. and above.
" Bhí siad ar díol ar chostas £150 agus os a chionn.
nó os a cionn, or above,
" Ceadaíonn Pulse do bhaill den fhórsa a bhfuil céim chigireachta, nó os a cionn, bainte amach acu fáil a bheith acu ar ríomhphoist sheachtracha.
os cionn cláir. laid out (dead).
" Bhí fear sa scéal a bhuail isteach ar chorp mná finne, sínte lomnocht agus í os cionn cláir.
os cionn na léine goirme, over the blue shirt
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
os cionn an Aigéin Atlantaigh above the Atlantic Ocean
" Nuair a scriosadh eitleán de chuid Air India sa bhliain 1985 ag buama – agus é os cionn an Aigéin Atlantaigh timpeall céad míle ó chósta Chorcaí ar a shlí ó Montréal go Londain – ghlac Ceanada le freagracht an imscrúdaithe ós rud é gur imigh an t-eitleán ó Montréal agus de bhrí gur shaoránaigh de chuid na tíre sin iad cuid mhór de na paisinéirí a bhí ar bord.
féileacán ag ainliú os cionn sióige a butterfly hovering above a fairy
" Cé go bhfuil a shaothar rud beag *twee* – sampla amháin dá ealaín nféileacán ag ainliú os cionn sióige atá ina suí ar bhláth mór is ea sampla amháin den chineál ruda a dhéanann sé – tá an-tóir ar a chuid íomhánna agus tá clú bainte amach aige i measc phobal an dara saol.
os cionn na hÉireann. above Ireland
" Tá a lán rudaí suimiúla agus drámata ag tarlú sa spás os cionn na hÉireann.
os cionn aos dána na tíre, above the literary set of the country,
" Tá Seamus Heaney ann – é ina impire os cionn aos dána na tíre, agus cuireann Ní Dhuibhne síos go beacht ar an mheon bídeach éadmhar sin atá mar chuid d’imeachtaí liteartha na tíre.
os cionn 26,000 toradh. over 26,000 results.
" Rinne mé cuardach ar an nGréasán Domhanda ar an téarma “Sport Psychology” agus fuaireas os cionn 26,000 toradh.
os cionn more than, above
"os cionn 44,000 focal Gaeilge i bhfoclóir inmheánach an fhóin, rud a chabhróidh go mór le daoine teachtaireachtaí Gaeilge a scríobh.
os cionn na bhfocal sin above those words
" Ní gá duit ach do luch a bhogadh agus an pointeoir a chur os cionn na bhfocal sin agus tabharfar a mbrí duit i mBéarla.
os cionn an ghainimh above the sand
" An rud ba mhó cáil sa chathair go dtí na seachtóidí (nuair a thosaigh an cearrbhachas dleathach) ná an *Boardwalk*, cosán adhmaid cois cósta leagtha in airde os cionn an ghainimh idir piaraí siamsaíochta na cathrach agus thar dhoirse na n-óstán agus na *casinos*.
ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce keeping his head above water
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
os cionn boird at the head of a table
" Má tá níos mó ná páiste amháin agat, bíonn cúpla coinne mhór le linn na bliana agus sin tú i do sheasamh os cionn boird, an cáca milis i do ghlac, na coinnle lasta agus tú ar tí “lá breithe sona duit” a chanadh uair amháin nó dhá uair nó níos minice.
os cionn a bhuille on the mark
" Ní hamháin go bhfuil aerfort Chnoc Mhuire os cionn an phortaigh ach tá sé os cionn a bhuille i dtaca le lucht eitilte a tharraingt agus tá aerfoirt bheaga nach é ag cruthú go maith dóibh féin agus don phobal.
os cionn above
" In oifigí úra an Taoisigh os cionn an bheáir Tigh Doheny agus Nesbitt’s a chuir Balor an t-agallamh ar Cheannaire Fhianna Fáil, nó tá Tithe an Rialtais díolta ag Bord Snip Nua le Bord Snip Nua ar phraghas an-íseal mar oifigí don iliomad iar-státseirbhíseach atá fostaithe anois ar tuarastal an-ard ag Bord Snip Nua.
os cionn a buille very capable
" ” Is cinnte go bhfuil an Polannach mná seo os cionn a buille.
os mo chionn above me
" Tá teilifíseán os mo chionn ag taispeáint an bhealaigh teilifíse Fox News.
os cionn more than
" Ceiliúrtar féile an Beaujolais Nouveau ar an tríú Déardaoin i mí na Samhna gach bliain, ní hamháin sa Fhrainc ach in os cionn céad tír ar fud an domhain.
os cionn more than
" Cinnte, tá an ráta os cionn 1% níos airde ná an ráta ab éigean dúinn a íoc le blianta beaga anuas, ach tá an ráta níos ísle ná an ráta 6.
os cionn more than
" ” Foilsíodh leabhar Hessel i mí Dheireadh Fómhair seo caite agus tá os cionn 900,000 cóip de díolta sa Fhrainc agus sa Bheilg go dtí seo.
os cionn more than
" Tá 400 duine fós ar iarraidh agus tá os cionn fiche míle duine gan dídean.
ag leadradh os cionn a meáchain punching above its weight
" Is minic a bhaineann na tráchtairí spóirt, chomh maith le Tadhg an mhargaidh, feidhm as an meafar Béarla, ‘ag leadradh os cionn a meáchain’, le cur síos ar éachtaí lucht an spóirt abhus.
os cionn chothrom na farraige above sea level
" Tógadh ardaitheoir sciála idir an baile atá sé chéad méadar os cionn chothrom na farraige agus Méribel atá míle méadar níos faide thuas, turas ar féidir a dhéanamh taobh istigh de fiche nóiméad.
os cionn above
" Ní bheidh fanta faoi réim fhoghlaim teanga do liog-rianta inchinne an duine atá os cionn 14 bl.
os cionn more than
" D’úsáidfinn na figiúirí a chuirtí ar fáil chuile bhliain chun monatóireacht a dhéanamh ar staid na teanga sna ceantair láidir Ghaeltachta agus chun meabhrú don saol mór nach ann don Ghaeilge mar theanga teaghlaigh nó mar mheán teagaisc bunscoile in os cionn leath de na ceantair oifigiúla Gaeltachta.
an nglúin os a gcionn the generation before them
" Ní bhíonn an ghruaim chéanna orthu faoi chúrsaí agus a bhíonn ar an nglúin os a gcionn.
cheangail sé na lámha os cionn a imleacáin joined his hands over his bellybutton
" Nuair a shín an firín beag an dá chois amach gur cheangail sé na lámha os cionn a imleacáin, ba léir go raibh fonn comhrá air.
corpán an athar os cionn cláir his father’s body is laid out to rest
" Diachair an Athar ====== Ar shroichint Nua-Eabhrac dó, tá corpán an athar os cionn cláir.
scamall amháin ar crochadh os cionn one shadow overhangs
"scamall amháin ar crochadh os cionn Nua-Orléans go fóill, ámh: Speirling Katrina.
ar ard os cionn on a height above
" Tá ceantar na turasóireachta ar ard os cionn abhann an Mhississippi, agus mar sin níor deineadh dochar dó i rith na speirlinge, ach bádh na codanna na cathrach.
díreach in airde os cionn a shúile just above the eye
" Agus bhí deartháir Joe, ina sheasamh ag lorg bus agus fuair sé urchar díreach in airde os cionn a shúile.
os cionn more than
" Labhraíonn os cionn 30 milliún duine an teanga sin, ach chuirfinn geall nár chuala 99% de dhaltaí scoile na tíre seo trácht uirthi mar theanga.
os cionn over
" Caithfidh mé a admháil gur bhuail taom mórtas cine mé nuair a chonaic mé na litreacha ollmhóra ar an Sliabh Dubh os cionn Bhéal Feirste an tseachtain seo caite.
an t-aos óg a bheith os cionn youth must be more than
" Maítear ar shuímh idirlín na meán sóisialta mór uile, *Facebook* san áireamh, go gcaithfidh an t-aos óg a bheith os cionn 13 mbliana d’aois chun teacht ar a gcuid seirbhísí.
os cionn clasaidh above a harbour
" Tá iarsmaí an dísirt ina luí i lag nach mó ná go bhfuil foscadh ann, cóngarach do chósta thoir thuaidh an oileáin os cionn clasaidh .
dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh moving like a Polaris submarine half of the time
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
os cionn an domhain i lamhnán above the earth in a balloon
" Chuaigh Baumgartner suas 24 míle os cionn an domhain i lamhnán agus léim sé amach.
os cionn an dromchla above the surface
" Má shamhlaíonn tú an domhan mar liathróid peile, bhí Baumgartner níos lú na milliméadar os cionn an dromchla.
os cionn more than
" Ag féachaint dom le fuineadh gréine ar Log na Coille agus eile os cionn cheithre scór míle siar uaim thar muir, thuig mé de phlimp gur guta cúnta (ə) atá idir an ‘-ll’ agus an ‘M-‘.
beannaigh dó os do chionn wave up at the sky
" com/Astro_Soichi/status/259329507998179328> Amach leat agus beannaigh dó os do chionn! An Chruinne Phóca ======= Feidhmchláirín eile atá agam le fada, fada ná Pocket Universe déanta ag *Craic Design*.
os cionn above
" Le dífhostaíocht os cionn 8% agus pobal fostaithe na tíre ag fulaingt go heacnamaíoch, b'iontach gur éirigh leis an Uachtarán Obama é féin a chosaint.
os cionn an dá scór over 40yrs
" Duine ar bith os cionn an dá scór más ea, ní cuimhin leo réim na banríona ná urlabhra na ríochta.
iomairí os cionn a chéile on ridges above each other
" An seanchóras garraíodóireachta: iomairí os cionn a chéile mar a bheadh staighre agus claíocha cloch eatarthu.
ocht gcéad troigh os cionn eight hundred foot above
" Aon fhear déag, crochta ocht gcéad troigh os cionn chosáin Manhatten, 1932.
le bheith ag meabhrú os cionn na tine to thinking at the fire
" D’ith siad agus d’ól siad a sáith agus ba ghairid gur shocraigh an dís síos le bheith ag meabhrú os cionn na tine.
os a chionn above him
" Bhí cara Mark R ag dreapadh os a chionn agus leag sé scealp oighir anuas air, de thaisme.
díon a chur os cionn a gcloigne to put a roof over their heads
" Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de.
an díon go hard os mo chionn the roof high above my head
" Ballaí ag síneadh isteach i gcroí na huaimhe, an díon go hard os mo chionn.
bhí os cionn míle i ndiaidh amharc air over a thousand had viewed it
" Tar éis cúpla nóiméad dá chéad fhís a bheith crochta ar an suíomh bhí os cionn míle i ndiaidh amharc air.
ar scaradh gabhail os cionn standing above
" B'fhacthas do roinnt finnéithe go raibh duine éigin ar scaradh gabhail os cionn duine eile a bhí ina luí ar an talamh, agus taispeánann an fhianaise gur buaileadh cloigeann Zimmerman in aghaidh na talún, gur briseadh a shrón, agus go bhfuair sé dhá shúil dhubha.
aimsíodh os cionn scór cloch Oghaim more than fifty ogham stones were found
" Le linn an chéid seo caite, aimsíodh os cionn scór cloch Oghaim sa mBreatain Bheag.
os cionn above
" Ba bheag nár mhaidhm buama eithneach os cionn Goldsboro, North Carolina i mí Eanáir na bliana 1961.
os cionn of more than
" Cuimsithe sa leabhar seo tá focail, stair agus cúlra os cionn ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ina measc amhráin a bhfuil eolas go forleathan orthu (Úna Bhán, Bean Sléibhe ag Caoineadh a Mic, An Bonnán Buí, An Draighneán Donn, fágaim, ach tá seodra a bhí i bhfolach go nuige seo ann chomh maith.
os cionn scór ball eile more than twenty other members
" I láthair na huaire tá os cionn scór ball eile sa chlub chéanna ach cuirtear lena líon gach bliain.
níor fhéach os cionn leath den phobal riamh more than half of the people didn’t view
" De réir an athbhreithnithe, níor fhéach os cionn leath den phobal riamh ar chlár ar TG4.
dea-spéir os a chionn a clear sky above
" Bhí an chosúlacht air go raibh dea-spéir os a chionn, go raibh sé chomh saor ó cháim agus chomh soineanta le naíonán.
ar ardán os ár gcionn on the stage above us
" Ansin, d'iompaigh an láthair go dtí an tSile i 1973 agus an tArm arís ag glacadh seilbhe ar an slua ar ardán os ár gcionn.
os cionn míle cumann cláraithe over a thousand clubs registered
" Tá anois os cionn míle cumann cláraithe leis an eagraíocht in Éirinn agus tuilleadh thar lear.
Is beag duine atá os cionn daichead bliain d’aois few people over forty years of age
" Is beag duine atá os cionn daichead bliain d’aois nach bhfuil íomhánna uafásacha ón Tuaisceart greamaithe i gcúl a intinne.
ag iarraidh a ghabháil os a gcionn trying to go over his head
" "Bhí fhios againn nach raibh muid le tada a fháil ó Roinn na Gaeltachta go brách, mar sin bhí muid ag iarraidh a ghabháil os a gcionn.
mar feartlaoi os a chionn as an epitaph overhead
" Annals of the Irish Harpers) Theastaigh sé in aois 69, sa bhliain 1863 agus cuireadh é i seanreilig Charraig Mhachaire Róis leis an mhéid seo scríofa mar feartlaoi os a chionn: *Here lieth the Body of Patrick Byrne, Harper to H.
os cionn ár gcara over our friend
" N’fheadar arbh í oidhreacht Mhary a chuir leac os cionn ár gcara Brion? Is an-chomhluadar go deo dúinn taibhsí na muintire seo.
os a chionn above him
" Is sliocht as litir atá ann, rud a scríobh duine bocht agus é ag iarraidh breis cearta ar an tiarna a bhí os a chionn; '*Folks say that things are brightening up for the poor.
os cionn cothroime na farraige above see level
" Míle troighe nó mar sin os cionn cothroime na farraige atá roinnt acu.
i bhfad os cionn airde na contúirte well above the danger height level
" Is crainn astu féin iad feasta agus tá siad i bhfad os cionn airde na contúirte ó ainmhithe cheana féin.
os cionn an trian above the third
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
os cionn an chuain above the bay
" Bhí an tUasal Poitín ag fanacht leis os cionn an chuain.
os cionn an uisce above the water
" Bhí sé cloiste aici más fíor nach dóigh go mbáifí bean a bhí ag iompar clainne, a dála féin, ach a cloigeann a choinneáil os cionn an uisce.
os cionn more than
" Leis an 180 breise bheadh os cionn 200 le ardchumas Ghaeilge ag obair sa mBruiséal ag Coimisiún na hEorpa, ag aistriú cáipéisí dlithiúla ón Eoraip go Gaeilge.
os Cionn Aoise Áirithe over a certain age
" Daoine os Cionn Aoise Áirithe ============ Ach níl aon spraoi ag baint le bheith ag ‘fanacht go bhfeicimid’.
sráidbhaile slachtmhar os cionn trá álainn a tidy village above a beautiful strand
" Nuair a shiúlaimid ó Bhunglas go barr Shliabh a Liag (595 méadar in airde) leanaimid ar aghaidh go Málainn Bhig, sráidbhaile slachtmhar os cionn trá álainn - An Trá Bhán.
os cionn leath more than half
" Tuigtear dom go raibh os cionn leath den díolaíocht sin i nGaeltacht Chonamara, as féin.
chur os cionn gach daorchine over all the unfree peoples
" Nuair a chuaigh na Naitsithe le gealtachas den chineál sin, ag iarraidh a reacht chur os cionn gach daorchine nár den fhuil Airianach.
a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn what’s happening in the heavens
" Tá Roseanne Smith ag coinneáil súile ar a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn.