Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a scaoilfí saor ó na hotharlanna who would be released from the hospitals
" Fáinne fí a bheadh ann sa mhéid is go mbeadh ar othair, a scaoilfí saor ó na hotharlanna tar éis dóibh dul faoin scian, pilleadh ar a gcuid leapacha nuair a thógfaí faoi deara go raibh MRSA tolgtha acu.
hualach airgid na n-otharlann the hospitals' financial burden
" Chuirfí le hualach airgid na n-otharlann dá bharr, dar leis an Ollamh Cormican.
ar thralaí otharlainne on a hospital trolley
" Ní raibh muid riamh tinn nó níor chaith muid riamh oíche ar thralaí otharlainne.
scuainí otharlainne hospital queues
" **C** An Tánaiste agus an tAire Sláinte, Mary Harney: Calmacht léirithe aici lena cinneadh dul i mbun na Roinne Sláinte ach maireann na seandeacrachtaí céanna i dtaca le scuainí otharlainne agus easnaimh i seirbhísí máinliachta ar bhonn logánta.
otharlann hospital
" Deir an t-easaontóir Síneach, Harry Wu, a chónaíonn i Washington DC, go bhfuil an bheatha ‘iontach saor’ sa tSín agus go bhfuil sé furasta corp marbháin a fháil as an charcair nó as an otharlann agus iad a úsáid mar ‘earraí’.
otharlann hospital
" Fear as iarthar domhain agus fearg an tsaoil láimhe air le linn ionsaí Iosrael ar Ghaza, é ag caint ar a bhfaca sé d’uafás taobh istigh den otharlann ar a chúl.
otharlann hospital
" Gortaíodh Damien Fleming go dona agus tá sé san otharlann go fóill ag am a scríofa seo.
otharlann hospital
" San otharlann tar éis na timpiste, deir sé, idir codladh is dúiseacht, ‘*Lily, I’m so sorry*’.
otharlann hospital
" Caitheann sí mí fá réim cheimice san otharlann tar éis na sochraide, go dtí go dtógann a teirpeoir chéile fána sciathán féin mar othar í.
otharlann hospital
" ” Faraor, nuair a bhain siad otharlann An Gearasdain (Fort William) amach bhí sé marbh.
otharlann hospital
" Cuireadh mé féin agus an rothar san otharcharr agus tugadh chuig an otharlann muid.
otharlann hospital(s)
" Cé go bhfuil roinnt otharlann poiblí sa tír, is le comhlachtaí príobháideacha a bhformhór, agus taobh amuigh de chásanna éigeandála mar thimpistí bóthair, tá sé de cheart acu othar ar bith a dhiúltú más maith leo.
otharlann hospital
" Ó Chaisleán go hIarsmalann Ba charchair é an caisleán le linn na Réabhlóide agus baineadh feidhm as mar otharlann ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin.
otharlann hospital
" Ach seo 1989 - tá falla Bheirlín is an DDR féin tar éis titim fad a bhí sí gan aithne gan urlabhra san otharlann.
otharlann hospital
" Gortaíodh go dona é agus b’éigean dó tréimhse fhada a chaitheamh in otharlann san Astráil.
otharlann hospital
" Beart a fhágann an lia san otharlann.
otharlanna hospitals
" Nuair a éiríonn na daoine seo an-tinn ámh, ar ndóigh, bíonn dualgas ar otharlanna na tíre iad a thógáil isteach, agus is é an cáiníocóir a íocas astu.
otharlann hospital
" Gan cead taistil, is minic nach féidir dul go dtí an otharlann ná freastal ar scoil.
otharlann hospital(s)
" Nílim cinnte céad fán gcéad go bhfuil rochtain ag foireann ár gcuid otharlann ar ríomhaire gan chaint ar r-phost ar ghléas soghluaiste! Maith dom mar sin go bhfuil m’alt rud beag scaipthe an mhí seo.
otharlann hospital
" Chomh maith leis sin, d’fhéadfaidís an otharlann a sheachaint nuair ab fhearr freastal air.
otharlanna hospitals
" Ach chuir an Lucht Oibre lena bhfocal – d’athnuaigh siad an bonneagar poiblí – scoileanna agus otharlanna ach go háirithe.
otharlann hospital
" D'ionsaigh na póilíní léirsiú mór i lár na cathrach agus d’fhág 180 taismeach san otharlann ina dhiaidh.
otharlainne hospital
" Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir sé dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’ iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainne — bréag a chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille.
lucht otharlainne hospital people
" Deir Mary Bhaile Átha Cliath Thiar go bhfuil a sáith aici de chúrsaí sláinte agus lucht otharlainne agus daoine míshásta agus míbhuíoch; agus go bhfuil sí ag dréim go mór le dul amach *“to paint the town red!”* Aos Fásta Dóp agus Bainte Móin ================ Ach, an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir? Tá daoine sa Dáil anois nach ligfí a leithéid thar an gheata isteach le mo linn.
otharlann hospital
" Tá an tUasal Lennon ag teacht chuige féin in otharlann, agus deir urlabhraí na hotharlainne go bhfuil súil acu go mbeidh sé amuigh in am don chéad ionsaí seicteach eile.
otharlann hospital
" ”* Thug sí le fios gur cuireadh a cliant in otharlann meabhairghalair 30 uaire agus go raibh a fhios sin ag na póilíní.
otharlann hospital
" Chomh maith leis sin tosaíodh ar scagthástáil linbh don FC in otharlann Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo.
otharlann hospital
" Mar sin is ina haonarán a mhair sí i Tel Aviv agus in Iarúsailéim, isteach is amach san otharlann, i bhfad ó na crainn olóige, i bhfad ó thonnta Mhuir na Gailíle, go dtí gur tháinig an bás sa deireadh.
otharlann hospital
" 100,000 duine a bhí i lathair agus bhí gach rud suaimhneach go dtí gur ionsaigh na póilíní iad agus d’fhág 180 taismeach san otharlann ina dhiaidh.
liosta feithimh san otharlann hospital waiting list
" Míshásamh ===== Roimh na ciréibeacha, scríobh altra as an cheantar seo litir chuig an nuachtán áitiuil, chun aird a tharraingt ar an fhíric gur ghearr sí féin agus a comhoibrí an liosta feithimh san otharlann, is é sin, bhain siad a sprioc amach, ach ní bhfaighidh siad aon ardú tuarastail i mbliana agus tá siad ag cailleadh poist, ach na baincéirí, a rinne meancóga móra agus dochar as cuimse don gheilleagar, le gearradh siar sna seirbhisí poiblí dá bharr, tá siad ag fáil bónas mór, mar is ghnách.
otharlainne hospital
" Le tarrtháil a dhéanamh ar uachaisí fabhtacha airgeadais, tá cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine go nglanfadh an pobal ar fad, ní hamháin an earnáil phoiblí - múinteoirí, altraí, oibrithe eile otharlainne - go nglanfadh siad seo fiacha na mbancanna i gcur chuige atá bunaithe ar gheilleagair neamartach, dar liom.
hotharlanna hospitals
" Cloistear chuile lá faoi na tuarastail thar cuimse atá á bhfáil ag na daoine ar bharr an státchórais: na stáitseirbhísí is airde, na polaiteoirí, na breithimh, na comhairleoirí leighis sna hotharlanna, lucht ceannais na n-eagraíochtaí stáit, na habhcóidí a bhí agus atá ag obair ar na binsí fiosraithe éagsúla.
Otharlann hospital
" D'oibrigh sí in Otharlann Walton agus sin an fáth go raibh cuimhne mhaith ag daoine sa cheantar uirthi - chabhraigh sí lena lán páistí a thabhairt ar an saol sa phobal sin.
otharlann hospital
" Cén seórt sochaí atá forbartha againn, nuair gur féidir le seirbhísí sláinte na tíre seo cúigear ban, atá ag mothú faoi bhrú agus atá i néal an dorchadais, a bhogadh ó ghnáthsheomra oscailte in otharlann isteach i seomra eile atá faoi ghlas, agus iad brúite isteach i gcomhluadar ban eile? Níl spás fágtha idir na leapacha agus tá orthu uilig leithreas agus cithfholcadh amháin a roinnt.
Otharlann an Choim the Coombe Hospital
" **SÓC:Cá háit ar tógadh tú John agus cá ndeachaigh tú tar éis duit an scoil a fhágáil?** JG: Rugadh mé in Otharlann an Choim i mBaile Átha Cliath agus tógadh in Inse Chór mé.
lonnófaí otharlann hospital would be sited
" Is sampla maith é an raic atá ar siúl faoi cá háit a lonnófaí otharlann mhór nua na leanaí.
otharlann hospital
" Níor úsáid an BBC íomhá amháin ón leabhar, íomhá as otharlann mhíleata a chuireann cóir leighis ar Stephen nuair a gortaíodh é le linn catha.
san otharlann i ngan fhios dóibh in the hospital without their knowledge
" Déantar staidéar ar na braistintí scoiteacha a mhothaíonn an bheirt acu agus iad ag dul i ngleic lena gcailliúint chomh maith leis an scéala gur coinníodh baill coirp a n-iníne, Teresa, san otharlann i ngan fhios dóibh.
hotharlann hospital
" Mhair an stailc ocrais ar feadh 19 lá go dtí gur bogadh as carcair Kachanivskiego go hotharlann i gcathair Kharkiv í, ionann is 12 km ar shiúl.
chuig an otharlann ar a shleamhnán to the hospital on his sledge
" ’ B’éigean do Shanta Balor bocht a thabhairt chuig an otharlann ar a shleamhnán.
seal ag obair in otharlann a while working in a hospital
" Nuair a chaith Mac Amhlaigh seal ag obair in otharlann, rinne sé cur síos ar imeagla na n-imirceach Éireannach agus iad ag plé le dochtúirí is altraí.
dul chun na hotharlainne going to hospital
" Briseadh isteach i gComhairle Lios na gCearrbhach agus tugadh drochíde béil do chomhairleoirí Caitliceacha, cuireadh moill ar dhaoine dul chun na hotharlainne agus chaill gnólachtaí, idir bheag agus mhor, na milliúin punt mar gheall ar an agóidíocht.
Otharlann hospital
" Dúshlán Bhealach na Glaise =========== **SMM: Céard é féin a Stiofáin, an Challenge the Green Way seo?** SÓDonnchú: Beidh mé á dhéanamh an 23 Márta, an Bealach Glas seo, le hairgead a bhailiú d’ionad fiobróis sisteach in Otharlann Chaisleán an Bharraigh.
nach speisialtóir amháin Caitliceach san otharlann there’s not just one C. specialist in the hospital
" Cé shamhlódh go mbeadh Caitliceach choíche ina Ard-Aighne ó thuaidh? Nó go mbeadh Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an tuaiscirt ina Ghaeilgeoir Caitliceach - agus ina phíobaire cumasach uilleann chomh maith! Tá aithne agam ar dhochtúir a dúirt liom nach speisialtóir amháin Caitliceach san otharlann a mbíodh sé ag obair inti.
Tógadh an otharlann áitiúil do dhaonra the local hospital was built for a population
" Tógadh an otharlann áitiúil do dhaonra cúig mhíle duine, sna 1980í, ach caithfidh an áit freastal ar chéad míle duine sa lá inniu.
go dtí an otharlann to the hospital
" I ndiaidh do Mhubenga titim i bhfanntais tugadh as an eitleán go dtí an otharlann é ach faoin am sin bhí sé marbh.
ag doras otharlainne at a hospital entrance
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
dódh otharlann a hospital was burned
" Ghlac sé páirt i scliúchas sa bhaile fearainn, an Bealach, i 1815 inar dódh otharlann a raibh arm na Breataine ag baint feidhme as mar bheairic shealadach.
san otharlann in the hospital
" An rud is iontaí, duine amháin acu, i ndiaidh an ionsaí a raibh sé féin freagrach as, bhí sé ar ais sa bheairic leis an scairt gutháin éigeandála a fhail! Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh! Ag seoladh an leabhair, bhris Ann Cadwallader síos agus í ag caint ar bhean a bhí chomh briste sin nuair a fuair sí amach gur scaoileadh a fear chéile gurbh éigean í a cheangal síos ar thocht san otharlann.
otharlanna éagsúla various hospitals
" B’éigean do Hitchens suí os comhair teilefíse in otharlanna éagsúla an fhaid is a tomadh leacht nimhiúil ina fhéitheacha, leacht a thug “chemo-brain” dó an lá dár gcionn.
chun na hotharlainne to the hospital
" Lá i ndiaidh lae, ón am ar thosaigh an cás, bíonn otharcharranna ag teacht le daoine a thabhairt chun na hotharlainne.
feidhm na n-otharlann the effience of the hospitals
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
Otharlann hospital
" Caithim seal gach cuairt i dteannta a dtaisí siúd freisin - ainniseoirí ón Parramatta Lunatic Asylum, ó Mhonarcha na mBan, ó Otharlann an Erysipelas, ón ‘Invalid Establishment’.
ag fanacht anois le glaoch ón otharlann waiting for a call from the hospital
" Ta sé ag fanacht anois le glaoch ón otharlann le go rachaidh sé faoi scian agus cromán nua saorga a fháil dó féin.
na n-otharlann ar fad all of the hospitals
" Fágadh an Stát ag bainistiú na scoileanna agus na n-otharlann ar fad.
Otharlann na nGiúdach of the Jewish hospitals
" Tacaíonn tromlach an phobail leis an gcairt ar fud an chúige, ach tháinig dreamanna mionlaigh – uachtarán Otharlann na nGiúdach, Dr.
otharlanna hospitals
" “Tá lear mór daoine óga as Éirinn i scoileanna, otharlanna agus i hallaí baile na Breataine.
hotharlanna hospitals
" Thugas faoi deara le gairid, go raibh Éamonn Gilmore agus Pat Rabbitte ag caint sna meáin roimh an toghcháin faoin bhfaoiseamh cánach a thabharfaidís do ‘middle Ireland’, ag am nach bhfuil a dhóthain cánach á bhailiú isteach le seirbhísí ceart leighis a sholáthar sna hotharlanna.