Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taobh amuigh dá ndúthaigh féin outside their own area
" Chomh maith le deis a thabhairt do dhaoine amhráin sa stíl dhúchasach a fhoghlaim, cuireann an fhéile ardán ar fáil d'amhránaithe nach gcloistear ach go hannamh taobh amuigh dá ndúthaigh féin, ardán atá neamhspleách ar aon chineál comórtais.
áis chraoltóireachta seachtraí outside broadcasting unit
" Tá gearradh siar le déanamh ar an méid uaireanta gur féidir áis chraoltóireachta seachtraí an stáisiúin, An Ródaí, a úsáid, agus deirtear freisin, cé nach bhfuil deireadh le cur le haon phost buan go fóill, go bhfuil fostaíocht saoroibrithe agus fostaithe páirtaimseartha go mór i mbaol.
ó chomhlachtaí lasmuigh dá dtír féin from companies outside their own country
" Tá tomhaltóirí tar éis dul i dtaithí cheana féin ar earraí a cheannach ar an idirlíon ó chomhlachtaí lasmuigh dá dtír féin.
lasmuigh den stát outside the state
" Muna gceadaíonn an CLG dóibh Páirc an Chrócaigh a úsáid beidh orthu a gcuid cluichí a imirt ó bhaile, lasmuigh den stát.
lasmuigh d'uaireanta scoile outside school hours
" Sílim go raibh mé timpeall deich mbliana ag an am agus, ag an aois sin, ba iad ranganna sean-nóis Mháire Phíotair an t-aon áit a bhféadfá a dhul le bualadh le cairde lasmuigh d'uaireanta scoile.
a shúile sáite i ngile na cathrach amuigh his eyes staring at the whiteness of the city outside
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
ón bhaile isteach from the outside
" Moladh é as an mhisneach a léirigh sé thar na blianta; é ag cur i gcoinne *yuppies *ón bhaile isteach a bhí ag déanamh treaspáis ar a chuid talún ar a mbealach go Beann Gulbain.
taobh amuigh den Ollainn outside Holland
" Deirtear go raibh níos mó muilte gaoithe anseo i gceantar amháin ná in áit ar bith eile taobh amuigh den Ollainn.
d'éalaigh amach arís escaped outside again
" Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d'éalaigh amach arís.
lasmuigh den ollscoil outside university
" Ó am go chéile casann muid amhrán nó dhó chun spórt a bheith againn! ENíG: An mbíonn deis agat féin an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den ollscoil? SNíR: Le déanaí tá cúpla duine a bhfuil Gaeilge líofa acu tar éis bogadh go Milwaukee.
ag damhsa ar an gcosán lasmuigh dancing on the pavement outside
" Oíche álainn in Amharclann Bewleys ar Shráid Grafton i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus an ghrian ag damhsa ar an gcosán lasmuigh.
tacú ón taobh amuigh le rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil to support a minority Fianna Fáil government from the outside
" Corrlach Paddy Power: 7/2 FF (ag fáil tacaíochta ó Shinn Féin agus Teachtaí neamhspleácha dá bpór féin) Is ar éigean go mbeadh Sinn Féin sásta tacú ón taobh amuigh le rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil.
lasmuigh di, outside of it,
" Tá seans go bhfuil cuid den fhírinne sa mhéid sin ach is fearr an toradh a bheadh ann dá mbeadh ár gcuid scoileanna lán-Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ag feidhmiú mar is ceart.
sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. in the arts outside Dublin.
" Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
ar na ráillí lasmuigh on the rails outside
" Chuir a rothar faoi ghlas ar na ráillí lasmuigh agus suas leis an staighre chuig doras tosaigh an tí.
taobh amuigh den Aithin í féin outside of Athens itself
" Sa lá atá inniu ann, tá níos mó cainteoirí Gréigise in Melbourne ná aon chathair eile ar domhan, taobh amuigh den Aithin í féin agus Thessaloniki.
oighear na spéirlinge lasmuigh. the ice of the strife outside.
" Bhíodh pictiúir dhraíochta an *laterna* aige mar sciath in éadan oighear na spéirlinge lasmuigh.
lasmuigh den sraithchomórtas. outside the league.
" De ghnáth, tosaíonn na foirne mór le rá le cluiche éasca nó dhó, in aghaidh foirne lasmuigh den sraithchomórtas.
ón taobh amuigh from the outside
" “Is as an Bog (Taobh an Bhogaigh) mé, agus shíl muid go raibh daoine ag teacht isteach ón taobh amuigh agus ag baint úsáide as an Tuaisceart mar chineál goldfish bowl.
áiseanna craolta sheachtraigh outside broadcast facilities
" Chomh maith leis sin, baineann cliaint mhóra eile úsáid as a n-áiseanna craolta sheachtraigh - Channel 4, BBC, Eurosport, S4C agus fiú NBC, ar stáisiún ollmhór Meiriceánach é.
taobh amuigh. outside.
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.
ag fanacht lasmuigh waiting outside
" Ní bheidh seisean ag fanacht lasmuigh de shiopa ceirníní agus é sa tóir ar albam nua de chuid banna éigin, mar a rinne mise i gcás na Horslips.
lasmuigh de outside of
" Bhuaileas léi lasmuigh den Centra atá suite trasna an bhóthair ón oifig.
gur duine ón taobh amuigh mé that I am a person from the outside
" Cuireann sé soir mé go minic nuair a bhíonn daoine ag rá fúmsa gur *Yank *mé nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; gur duine ón taobh amuigh mé atá ag déanamh tráchtaireachta ar a bhfuil ag titim amach sa tír.
le freastal ar chomaitéirí as baile isteach. to cater for commuters from the outside.
" Ba léir go dtiocfadh claochlú as cuimse ar an chothromaíocht idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla sa Ghaeltacht dá dtógfaí lear mór eastát tithíochta le freastal ar chomaitéirí as baile isteach.
ó chomaitéirí as baile isteach. from commuters from outside.
" D’éirigh leis go pointe stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga ó chomaitéirí as baile isteach.
lasmuigh den chóras oideachais outside of the educational system
" 78% de dhaonra na Poblachta, nó 72,148 duine, a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais (níl figiúirí inchomórtais ar fáil don Tuaisceart).
taobh amuigh de mhionbhusanna outside minibuses
" Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain.
ní bheifeá cinnte an raibh sé ina lá nó ina oíche amuigh. you wouldn't be sure if it was day or night outside
" Níl fuinneog ar bith ar urlár an *casino*, agus ós rud é go mbíonn an chuid is mó de na siopaí agus na bialanna ar oscailt 24 uair sa lá, ní bheifeá cinnte an raibh sé ina lá nó ina oíche amuigh.
chualathas trup mór taobh amuigh a big din was heard outside
" Ar bhuille a trí, chualathas trup mór taobh amuigh agus isteach thar an tairseach le Maidhc Dainín Ó Sé agus Micheál Ó Mórdha chun an Tóirse Oilimpeach a bhreith leo ar an chéad chuid eile dá chamchuairt.
lasmuigh outside of
" Ach tá Sinn Féin agus an DUP i ndeabhaidh lena chéile faoi rudaí nach bhfuil suim ag daoine lasmuigh den aos polaitíochta iontu.
craoladh seachtrach outside broadcast
" Ba éacht suntasach dúinne é sin mar nach ndearnadh craoladh seachtrach ó bhí Rónán Ó Dubhthaigh ina bhainisteoir ar an tseirbhís sna blianta tosaigh.
lasmuigh den chóras outside of the (party) system
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
lasmuigh den ollscoil outside of the university
" Luaigh tú i do chuid cainte le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge go mbaineann an ghné shóisialta le forbairt na hollscolaíochta lasmuigh den ollscoil féin agus gur dea-shampla den ghné sin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
lasmuigh outside
" Grád: C - Mary Hanafin (An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh): Titim mhór tagtha ar a seasamh laistigh agus lasmuigh den Rialtas.
lasmuigh de outside of
" Ní spéis leis aon ní lasmuigh den fiche míle inar tógadh é, inar beathaíodh é, ina gcothaítear é.
lasmuigh outside of
" Ní léir go hiomlán fós an tionchar a bheadh ag feidhmiú mholtaí na tuarascála ar shaol na craoltóireachta Gaeilge, ceann de na gnéithe is mó costas maidir le tacaíocht an stáit don teanga, lasmuigh den chóras oideachais.
lasmuigh outside
" In airde leis ar an mbord, osclaíonn fuinneog ach titeann dá bhás sa tsneachta lasmuigh.
lasmuigh outside
" Amach linn mar sin sa ghairdín inár mbeirt Ríordánach ar chúl an Tí agus tagaimid faoi dheireadh ar áit chiúin ar chéimeanna stroighne lasmuigh den tslí Dála.
lasmuigh outside, abroad
" Tá comhlachtaí ag ullmhú tairiscintí don tionscnamh seo anois, ach níl cinnteacht ann a bhfuil taighde déanta ag aon cheann de na hiarrthóirí ar an chinéal nuachtáin, go díreach, a theastaíonn ó léitheoirí Ghaeilge in Éirinn agus lasmuigh.
lasmuigh den outside of the
" pdf) ) Teastaíonn ó rialtas na Céinia stop a chur leis an dochar atá á dhéanamh don Fhoraois trí na háitritheoirí go léir a athlonnú in áiteanna eile lasmuigh den Fhoraois.
lasmuigh outside
" An cheist faoi cheist na Gaeilge a fhágann gach ceist eile faoi cheist na Gaeilge in áit na leathphingine: Cén saghas teanga atáimid ag iarraidh a thabhairt slán? Rinne an tUas Ó Broin anailís chomparáideach ar an nGaeilge mar atá sí á labhairt sa Ghaeltacht agus mar atá sí á labhairt lasmuigh di.
faoi na réalta sleeping outside
" Bhíodh sé ar nós Oireachtas na nGael a tharlaíodh go luath sna seachtóidí: dream óg ag campáil nó ag codladh ar urlár éigin, ar chúl cairr, nó faoi na réalta dá dtiocfadh sé chuige sin, gan mórán airde ar chluichí peile, ach a lán airde ar chailíní Gaelacha.
lasmuigh de outside of
" Níos déanaí tríd an leacht aimníneach, ina bhfuil sé ag snámh, cloiseann sé fothram lasmuigh de chorp a máthar, ach, níl na fuaimeanna soiléir (mar a chloiseann muidne fuaimeanna) - samhlaigh comhrá a éisteacht trí adhairt.
lasmuigh outside
" Nach iad go deimhin an drong óigfhear síceapatach scaipthe céanna atá ina scáil dhubh ar shráideanna shuaracha Luimnigh agus Bhleá Cliath againn féin le blianta beaga anuas? Ach tá an mháthairphearsa seo ar scála lasmuigh fiú amháin den mhínádúrthacht choiteann – ise an ais ar a chasann an t-olc breoite uile.
lasmuigh outside
" “Próiseas fada a bhí ann ach ag a dheireadh, beidh straitéis láidir againn agus Rialtas atá lándáiríre faoin deis stairiúil seo a thapú chun a chinntiú go mbeidh rath ar an teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di amach anseo.
lasmuigh outside
" **“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.
Taobh amuigh outside
" Taobh amuigh de na bailte móra, áfach, is áit álainn í Penn ar Bed, le neart leithinsí agus oileán beag.
ón iasacht from abroad, outside
" Ní móide go mbeadh náisiún neamhspleách ar bith sásta glacadh lena leithéid de chomhairle ón iasacht agus í in éadan an Bhunreachta.
lasmuigh outside
" Tá go leor díospóireachta déanta le bliain anuas faoin sprioc uaillmhianach sa straitéis go dtiocfadh méadú ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais ó 83,000 go 250,000 fán bhliain 2030.
slua amuigh crowd outside
" Ba iad an dáréag a bhí gan steamar céille, dar leis an slua amuigh, an dream beag sin a d'fhan faoi iamh is nár sheas amach riamh faoin mbáisteach.
lasmuigh outside of
" Is é mo mheas go dtabharfadh sé sin sprioc dos na déagóirí, an t-aos óg, an teanga a chleachtadh lasmuigh den scoil.
lasmuigh outside
" Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.
nó lasmuigh or outside
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
lasmuigh outside
" Anuas ar sin, is léir go bhfuil na meáin úra ag feidhmiú lasmuigh den chomhthéacs eitice agus dlíthiúil atá leagtha síos do na meáin sheanbhunaithe le fada.
dream lasmuigh a group outside
" Is mór ag lucht cinsil gach dreama a bheith in ann an mhéar a shíneadh le dream lasmuigh dá dtreibh.
lasmuigh den bhaile outside of the home
" An raibh do mháthair ar an ollscoil nó an raibh sí siúd ag obair lasmuigh den bhaile?** RUíÓ: Máire de Bhaldraithe an t-ainm a bhí uirthi.
as a líon out of his net, outside of his brief
" Deir an tAire Oideachas, Ruairí Quinn, go bhfuil 80% den bhuiséad seo ‘as a líon’ (mar a deir an Béarla) cionn is go bhfuil sé cosanta ag Aontas Pháirc an Chrócaigh.
ag bagairt lasmuigh threatening outside
" An treascairt laistigh ina híomhá scáthánach den treascairt apacailipseach ag bagairt lasmuigh.
seachtracha outside
" Tá fórsaí seachtracha, frithamaitéaracha ag feidhmiú agus tá siad cumhachtach.
lasmuigh outside
" Is ann do 'tor Breoghain' i gcónaí, faoin ainm 'La Torre de Hércules' (luaitear an túr le laochra lasmuigh den traidisiún Ceilteach leis!) ach mo léan Breoghan (nó go deimhin Hércules) féin, ní dhéanfadh a shlí isteach ann faoi láthair mura rachfadh sé le hairm is le comhrac.
lasmuigh outside
" Is féidir a rá, is dócha, go n-aontaíonn daoine go bhfuil líon na gcainteoiri laethúla Gaeilge (lasmuigh den chóras oideachais), a sonraíodh i dtorthaí an daonáirimh, ag teacht leis an mhéid a bheadh daoine ag meas.
allamuigh outside, extraneous
" ) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.
lasmuigh de outside of
" In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh nó dhó a ramhrú i gcónaí.
laistigh agus lasmuigh inside and outside
" Tíortha an Iarthair ====== Rinne an tAE agus Stáit Aontaithe Mheirceá araon, chomh maith le roinnt grupaí cearta laistigh agus lasmuigh den Úcráin, cáineadh fíorláidir ar an triail agus ar an gcinneadh cúirte seacht mbliana ar an leaba chláir a ghearradh ar Tymoshenko anuraidh.
léirsiú lasmuigh den teach cúirte a demonstration outside the courthouse
" Bhí léirsiú lasmuigh den teach cúirte le linn an chéad ionchoisne cróinéara an bhliain dár gcionn, le hagóideoirí áirithe sa ghráscar ag tabhairt íde na muc is na madraí do na Chamberlains agus iad ar a mbealach isteach.
nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh researchers will not turn outside
" Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.
tharla pléasc taobh amuigh an explosion happened outside
" Bhíomar ag ithe dinnéir agus an teach iomlán ag díoscán mar sheanbhád i mbaol a bháite faoi na réablacha gaoithe nuair a tharla pléasc taobh amuigh den teach a las gach rud timpeall orainn ar feadh leathmheandair.
ag déanamh scime dúinn we worried about outside
" Is lucht campála muid, agus ba bheag faitís a bhí orainn i dtaobh solais agus fuinnimh, ach bhí cúrsaí taobh amuigh ag déanamh scime dúinn.
den chóras oideachais outside of the educational system
" Bhí an státchóras á choiméad ‘i gcuimhne’ chomh maith ach ag déanamh fíorbheagáin faoi, in aon bhealach praicticiúil, taobh amuigh den chóras oideachais.
lasmuigh de outside of
a rugadh i dtíortha lasmuigh who were born in countries outside
" Ceann de na rudaí ba mhó a nocht an staidreamh sin ná gur inimircigh iad 13% de dhaonra Shasana is na Breataine Bige, is é sin daoine a rugadh i dtíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe.
beartais feidhmiúla eile lasmuigh other practical plans outside
" ”* Téann Donal Flynn céim níos faide ná seo sa mhéid is nach measann sé go bhféadfadh beartais feidhmiúla eile lasmuigh den chóras oideachais an uaillmhian seo a bhaint amach ach an oiread: *“There can be no pragmatic steps for a project that is not itself pragmatic.
Hors Satan outside of Satan
" - ‘Mea Maxima Culpa’ (Alex Gibney) - ‘Hors Satan’ (Bruno Dumont) - ‘Men at Lunch – Lón sa Spéir’ (Seán Ó Cualáin) Sara chíoraim scannán faisnéise Sheáin Uí Chualáin, samhlaígí ar dtús an Drochrud Do-shamhlaithe……… Is iomaí miotas uirbiach a rug greim ar shamhlaíocht phobal Chorcaí sna naoidéag seascaidí.
lasmuigh den outside of
" Bhuail fear óg gníomhach isteach ar cuairt, Stiofán Ó Donnchú, nuair a bhí an comhrá in aice le toiseadh agus bhí roinnt le rá aigesean chomh maith faoina bhfuil ar siúl acu sa gceantar agus lasmuigh den Ghaeltacht féin fiú amháin.
lasmuigh den outside of the
" Dar lena bhfigiúirí a bailíodh don scoilbhliain 2011/2012, tá 43,133 daltaí bunscoile ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sna 32 contae, 31,050 líon daltaí bunscoile sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht.
tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol there’s news about the loyalist band that played taobh amuigh de Theach Pobail outside the parish church
" Sna nuachtáin inniu, tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig ainneoin gur chinn Coimisiún na bParáideanna nach raibh cead acu ach buillí druma a bhualadh.
gur féidir smaoineamh taobh amuigh de laincisí dochta na haimsire caite one may think outside of the rigid dogmas of past times
" Thug sé léargas eile don mhórphobal gur féidir smaoineamh taobh amuigh de laincisí dochta na haimsire caite.
sa saol lasmuigh in the world outside
" Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do na cimí sin a rangaíodh mar chimí “Chatagóir A” , bhíodar thar a beith teoranta agus roimh i bhfad tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath sna carcracha Briotanacha, go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise i dTuaisceart Éireann agus sa saol lasmuigh.
lasmuigh den Stát outside of the state
" Léigh seisean na leasaithe bunreachtúla againne a bhain le “ceart na mbeo gan bhreith” agus níor éirigh leis iad a thuiscint ós rud é gur thug an Bunreacht céanna cosaint dóibh in áit amháin agus cead dá máthracha iad a dhúnmharú lasmuigh den Stát in áit éigin eile.
an domhan taobh amuigh choíche arís the outside world ever again
" Mura bhfuil tú cúramach, thig leis breith ort, do chur faoi smacht agus ní fheicfidh tú an an domhan taobh amuigh choíche arís i ndiaidh don dorchadas teannadh isteach ort.
lasmuigh chomh maith outside also
" Bhí an-cháil air mar ealaíontóir agus mar scríbhneoir sa cheantar seo agus lasmuigh chomh maith.
lasmuigh outside
" Chruthaigh TG4 an-chuid deiseanna mar sin do dhaoine óga le Gaeilge sa nGaeltacht agus lasmuigh.
tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh all the outside curves are visible inside
" Tá na diaileanna ar fad dírithe i dtreo an tiománaí agus tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh.
mbrat urláir dearg lasmuigh red carpet outside
" Díreach mar a rinne na scórtha aisteoirí is stiúrthóirí eile le linn 70ú Féile Scannán na Veinéise, a bhí ar siúl ó 28 Lúnasa go 7 Meán Fómhair, shiúil Johansson suas síos ar an mbrat urláir dearg lasmuigh de Phálás an Chineama roimh thaispeáint Under the Skin.
bhuail an clog lasmuigh dá sheomra the outside his room struck
" Suimiúil go leor, dúirt altra Cheiro gur bhuail an clog lasmuigh dá sheomra an oíche a fuair an fáidh Éireannach bás.
ag léirsithe lasmuigh at demonstrations outside
" Léirigh siad freisin go raibh fadhb ag Abbott le vóta na mban, faoi gur mheas cuid acu go raibh sé ró-ionsaitheach, go háirithe nuair a thug sé íde béil do Gillard sa pharlaimint agus ag léirsithe lasmuigh de Theach na Parlaiminte.
dá páirtí caomhach muirneach outside of her beloved conservative party
" Níor fheil an féinscrúdú do Margaret óg, agus ba bheag a spéis, de réir dealraimh, i smaointí teibí fealsúnachta taobh amuigh dá páirtí caomhach muirneach.
páirtí ó thír lasmuigh a partner from a country outside
" Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú? Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh ================= Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin.
laistigh nó lasmuigh within or outside
" Níl breith agam féinig ar an easpa tuisceana ar chultúr atá le fáil sa phub, sa tacsaí, sa tsráid nó i ndorchlaí na cumhachta - laistigh nó lasmuigh d'Éirinn.
fágadh cloigis na meán lasmuigh the media babblers were left outside
" Bhain sí cúlráid amach in ionad saoire sómasach agus fágadh cloigis na meán lasmuigh ar nós conairt ag sceamhaíl.
suíomh díreach taobh amuigh a site just outside
" Bhunaigh Benito Mussolini stiúideonna scannánaíochta Cinecittà i 1937, i suíomh díreach taobh amuigh de chathair na Róimhe, mar ionad ina bhféadfaí friotal agus íomhá a chur ar uaillmhianta na bhFaisisteach.
lasmuigh den teach outside of the home
" Cinnte má tá sí ag obair lasmuigh den teach caithfidh sí a bheith aclaí ach chomh luath is a thagann sí abhaile ba cheart di ionad sách sócúil a fháil di féin ar an tolg agus a ndóthain a ithe i gcomhair beirte.
bualadh leis lasmuigh meet him outside
" Ní gá dom ach dul chuig aifreann (Béarla) na n-oibrithe ag am lóin agus bualadh leis lasmuigh de theach an phobail.
lasmuigh den chóras oideachais outside the education system
" Cé ar an locht faoi sin? De réir Dhaonáireamh 2011, tá beagnach 200 duine i mbaile Longphort a mhaíonn go n-úsáideann siad an Ghaeilge go seachtainiúil ar a laghad lasmuigh den chóras oideachais.
lasmuigh di. outside of it
" Tá neart dúshlán le sárú acu siúd a bhfuil baint acu le cur chun cinn na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
lasmuigh de outside of
" Má bhí féin, bhí duine nó beirt i gCumbria ar nós cuma liom faoi ghnóthaí a bhí ag déanamh buartha don saol mór lasmuigh de na droimníní.
thug aghaidh amach went outside
" Ba í an fhearthain a d'iompaigh ina ghealt gach aon duine acu den slua daonna a thug aghaidh amach as an uaimh.
tíortha lasmuigh den AE countries outside of the EU
" Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.
lasmuigh de outside of
" Is mithid do bhainistíocht an BBC éisteacht le toil na ndaoine lasmuigh de sheomraí cumhachta na heagraíochta, nó tá John-Paul Mc Carthy den bharúil go bhfuil siad ag dul amú agus solas acu.