Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
páirtithe leasmhara parties concerned
" Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post.
na páirtithe leasmhara ar fad all the stakeholders
" “Rinneamar iarracht le linn an fheachtais áirithe sin na páirtithe leasmhara ar fad a thabhairt le chéile – mic léinn altranais ó na hinstitiúidí tríú leibhéal uilig, cuir i gcás, agus na ceardchumainn CSTGT agus INO – go dtí nach raibh dream ar bith i gcoinne aidhmeanna an fheachtais ach amháin rialtas an lae! Aon áit a dtéadh Mícheál Martin, a bhí ina aire sláinte ag an am, bhíodh grúpa mac léinn altranais ag fanacht air le hé a chrá!” Nuair a tháinig deireadh lena théarma mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn, thug de Spáinn aghaidh ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath lena MSc a bhaint amach, agus ba le linn na tréimhse sin a chonacthas dó go bhféadfadh sé cuid mhór a bhaint amach i saol na Gaeilge mar go raibh tiomantas aige don teanga.
bpáirtithe leasmhara interested parties
" Mhol an Comhchoiste Oireachtais go ndéanfaí foras reachtúil de COGG ag a mbeadh: ‘cumhachtaí sainnithe i leith ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus ar mholtaí na bpáirtithe leasmhara i gcás foirmithe polasaithe oideachais don Ghaeltacht agus do phobail Ghaeilge.
páirtithe leasmhara interested parties
" Tá daoine aonair agus páirtithe leasmhara bhunaíocht na Breataine níos cumhachtai ná é - MI5 a raibh smacht acu ar an timpeallacht iomlán slándála ó thuaidh, an Brainse Speisialta san áireamh, nuair a maraíodh Pat Finucane; na polaiteoirí Westminster sin a bhí ar an eolas maidir le cúrsaí slándála na linne sin; baill an FRU (Force Research Unit), buíon rúnda taobh istigh d'Arm na Breataine, ar dhúirt ball amháin dá chuid (de réir an Sunday Herlad): *"We were able to take out leading Provos with the help of the UDA.
páirtithe leasmhara interested parties
" Feiceann Súil Ghlas Saol Glas =============== B’ionadh liom a fheiceáil an fhíor-chaoin fáilte a chuir na páirtithe leasmhara roimh an tuarascáil.
le páirtithe leasmhara with the stakeholders
" Is é atá i gceist leis an FDIF ná go dtagann lucht déanta beartas ó gach cearn den domhan le chéile uair sa bhliain chun tosaíochtaí, dúshláin is deiseanna i réimse na himirce is na forbartha a aithint is a phlé le chéile agus le páirtithe leasmhara.