Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
píosaí móra sreinge big pieces of wire
" Chuaigh mé isteach agus bhí fear óg ann ag obair le píosaí móra sreinge.
píosaí sníodóireachta ildaite colourful pieces of sculpture
" Chuireadh sí taispeántais de cheardaíocht áitiúil ar siúl agus mheall na píosaí sníodóireachta ildaite a bhí crochta taobh amuigh den siopa an t-ealaíontóir Kenneth Webb, péintéir cailiúil a dhéanann stáidéar ar bhláthanna agus ar phortaigh Chonamara, isteach.
gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh that it was the most sensitive piece of architecture
" Dúirt an Méara Bloomberg, ag tagairt don saothar, gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh.
faoi chraiceann na bpíosaí under the surface of the pieces
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
píosaí dealbhóireachta pieces of sculpture
" Chomh maith leis na binsí, beidh píosaí dealbhóireachta, gairdín luibheanna, agus lúbra ann, le cois rudaí eile.
píosaí dealbhóireachta pieces of sculpture
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
píosa maith a good while
" In ainneoin iarrachtaí Nuna II agus a chomrádaithe, beidh sé píosa maith go dtarlóidh sé sin.
píosa criostail a piece of crystal
" Ba é an píosa criostail is mó a tharraing caint agus aird an phobail orthu, agus ní hiontas ar bith é sin.
phíosa adhmaid a piece of wood
" Is cuimhin liom mo mhúinteoir féin sa naíonra agus pictiúir bheaga de shúile agus de shrón aici le cur ar an "mbuntús" (an t-ainm a thugadh sí ar phíosa adhmaid clúdaithe le stuif dubh).
gach píosa beag eolais dhaonna every small piece of human knowledge
" “Samhlaigh domhan ina bhfuil gach duine ábalta gach píosa beag eolais dhaonna a fháil saor in aisce.
ar phíosa trealaimh leictreonaigh on a piece of electronic equipment
" Is beag rud na laethanta seo nach dtosaíonn le cuardach de shaghas éigin ar phíosa trealaimh leictreonaigh.
an píosa loighce Éireannaigh seo this piece of Irish logic
" De réir iarchigire amháin a labhair le Beo!, is é an píosa loighce Éireannaigh seo go príomha is cúis le marcanna an bhonnleibhéil agus ghnáthleibhéil a bheith chomh híseal.
ar phíosa trealaimh leictreonaigh on a piece of electronic equipment
" Is beag rud na laethanta seo nach dtosaíonn le cuardach de shaghas éigin ar phíosa trealaimh leictreonaigh.
an píosa loighce Éireannaigh seo this piece of Irish logic
" De réir iarchigire amháin a labhair le Beo!, is é an píosa loighce Éireannaigh seo go príomha is cúis le marcanna an bhonnleibhéil agus ghnáthleibhéil a bheith chomh híseal.
píosa snoíodóireachta a piece of sculpture
" Faigheann an buaiteoir seic £30,000 agus píosa snoíodóireachta dar teideal “Bessie” leis an ealaíontóir Grizel Niven.
an píosa ailtireachta ardéirime álainn seo the piece of beautiful genius architecture
" Léiríonn an píosa ailtireachta ardéirime álainn seo an bua millteanach a bhí ag an ealaíontóir teasaí a dhear é, agus is fiú go mór am a chaitheamh ansin chun meabhrú air.
ar phíosaí cairtchláir on pieces of cardboard
" Bhí lár na cathrach breá bríomhar agus plódaithe le turasóirí mar is gnách, cé go raibh roinnt fear le feiceáil anseo is ansiúd ina gcodladh ar phíosaí cairtchláir i ndoirse.
ag cóiriú na bpíosaí arranging the pieces
" Caitheann muid an-chuid ama ag cóiriú na bpíosaí ach is próiseas an-taitneamhach é.
ón phíosa líníochta from the piece of drawing
" Ba é an t-ealaíontóir ríomhghrafaice Robert Dixon a rinne an gearán seo leis, ag rá go bhfuil an saothar a rinne Hirst go huile is go hiomlán tógtha ón phíosa líníochta dubh agus bán, *True Daisy,* a rinne seisean agus a d’fhoilsigh Penguin i leabhar i 1991 Tháinig an píosa conspóideach líníochta seo ó staidéar a rinne Dixon ar an phatrún comhlárnach casta atá le feiceáil i lár nóinín, patrún atá difriúil le haon phatrún eile cosúil leis a bheadh coitianta san ealaín nó san ailtireacht.
Déanann muid ar fad na píosaí ceoil a chóiriú. We all arrange the pieces of music.
" Déanann muid ar fad na píosaí ceoil a chóiriú.
deich bpíosa mhalla ten slow pieces
"deich bpíosa mhalla taifeadta againn cheana féin agus albam ann féin againn ach nílimid cinnte ar cheart dó sin a bheith neamhspleách ar an obair úr a thosaíomar i mí na Samhna – ceol rince.
Píosaí mairteola pieces of beef
" Píosaí mairteola atá ar snámh ann, glacaim leis, nó b’fhéidir gur fearr dom gan an cheist sin a chur.
gur chumas píosa ceoil le gairid. that I recently wrote a piece of music.
" Deirim go piachánach gur chumas píosa ceoil le gairid.
700 píosa líníochta 700 drawings
" Chríochnaigh Van Gogh breis is 800 pictiúr agus 700 píosa líníochta le linn an deich mbliana a chaith sé ag obair mar ealaíontóir, agus is truamhéalach agus íorónta an rud é nár éirigh leis ach pictiúr amháin a dhíol i rith a shaoil chráite.
píosa álainn eolasach a beautiful and knowledgeable piece
" uk), áit a bhfuil píosa álainn eolasach in ómós di ar fáil.
tharraing an tóin as rithim an phíosa which pulled the ass out of the rhythm of the piece
" Ceol iomlán nua den chuid is mó a bhí ann agus polca amháin a tharraing an tóin as rithim an phíosa chomh minic sin gur cheap mé nach raibh ann don cheol.
ar chruth an phíosa talaimh on the shape of the piece of land
" Déanann an focal "tunga" cur síos ar chruth an phíosa talaimh mar go bhfuil sé ar nós teanga ag síneadh amach sa chaolas.
le cur in oiriúint don phíosa ceoil, to suit the piece of music,
" Bhí sé i gceist agam go mbeadh uirlis dhifriúil le cloisteáil ar chuile rian! Uaireanta mhalartaigh mé an uirlis le cur in oiriúint don phíosa ceoil, abair dá mbeadh nótaí níos ísle ná an D ar an bhfeadóg.
Seinntear chuile phíosa go mall, each piece is played slowly,
" Seinntear chuile phíosa go mall, ar luas atá feiliúnach don bhfoghlaimeoir agus ansin seinntear arís iad ar ghnáthluas seisiúin.
mar phíosaí suntasacha ealaíne, as prominent pieces of art,
" Tá na beanna céanna aitheanta anois mar ráitis láidre de dhearcadh na bpobal a chruthaíonn iad agus mar phíosaí suntasacha ealaíne, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn chun breathnú orthu agus pictiúir a ghlacadh díobh, ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
píosa scíthléitheoireachta a piece of light reading
" Is éard atá anseo againn, píosa scíthléitheoireachta den chineál Heussaffach is fearr.
tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar after the pieces of art were left in an old attic
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
a raibh píosa adhmaid istigh ann. in which there was a piece of wood inside it
" ” **Tús na comhcheilge**Cuireadh tús leis an chomhcheilg i bhfómhar na bliana 1989 nuair a chuaigh George Greenhalgh ar a rothar go hOllscoil Mhanchain agus déantán airgid ina lámh aige a raibh píosa adhmaid istigh ann.
neart píosaí bréige a lot of fakes
" Rinne an teaghlach neart píosaí bréige ina dhiaidh sin, agus cé nár éirigh leo i gcónaí an bob a bhualadh, bhí siad i dtólamh seasmhach ina gcuid iarrachtaí.
píosa de chuid an dealbhóra a piece by the sculptor
" ScilBhí éagsúlacht iontach ag baint leis an chaimiléireacht a bhí ar bun acu – d'éirigh leo, mar shampla, saothar de chuid an phéintéara LS Lowry, mar aon le píosa de chuid an dealbhóra Barbera Hepworth, a chóipeáil go foirfe, rud a léirigh cumas agus oilteacht Shaun i réimse leathan stíleanna, tréimhsí agus disciplíní.
chuile phíosa véarsaíochta every poem, verse
" Tá nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.
píosa siamsaíochta a piece of entertainment
" Mar chuid den ócáid seo, chuir Fíbín mír ghairid óna seó *Diabhlaíocht Dhéagláin* i láthair – tugadh cuireadh dóibh é a dhéanamh d’fhonn píosa craic nó píosa siamsaíochta a chur ar fáil don lucht freastail.
in aon phíosa amháin in one piece
" Bíonn imscrúduithe aerthionóiscí cosúil le míreanna méaraí, ach bíonn an jab níos fusa má mhaireann an fhoireann agus má thagann t-eitleán slán as an eachtra agus é in aon phíosa amháin go fóill.
fiú má bhím píosa maith ar shiúl uaithi. even if I am quite far away from her
" Nuair a bhím thall ansin, déanaim iarracht i gcónaí mo dheirfiúr – atá ina cónaí in Cleveland – a fheiceáil, fiú má bhím píosa maith ar shiúl uaithi.
píosa mór fada adhmaid big long piece of wood
" Is éard atá sa chabar ná píosa mór fada adhmaid atá cosúil le cuaille teileagraif.
píosaí scannáin footage
" “I ndiaidh dúinn roinnt scannánaíochta a dhéanamh, thaispeáin muid na píosaí scannáin do Jim Fahey agus chonaic seisean an phoitéinsiúil a bhain leo.
phíosa ealaíne suiteála piece of installation art
" "15 Minutes" ba theideal don phíosa ealaíne suiteála a bhí aicise ag an taispeántas.
píosa caca a piece of shit
" Bhí mé i mbarr mo réime ag an am mar léíritheoir agus d’fhéadfainn físeán a dhéanamh as píosa caca.
píosa spraoi a bit of crack
" Bhain mé an-sult as - ag breathnú siar - píosa spraoi a bhí ann,” a dúirt sí liom.
Tá forlámhas ag píosaí páipéir bits of paper rule
" Tá forlámhas ag píosaí páipéir fós sa dlínse seo, nach bhfuil? Taibhsí Bhaile Ua Síoda ag béal uaigh i Parramatta.
mar phíosa spraoi for the fun of it
" Tá bóithre Nua-Gheirsí go huafásach cheana féin, agus b'é buille na tubaiste é do roinnt mhaith daoine sa stáit go raibh polaiteoirí ag cur moill orthu d'aon ghnó mar phíosa spraoi.
ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh I’d just stand up and belch it out
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
bunaithe ar a bpíosaí tuairimíochta based on her opinion pieces
" I gCaisleán Átha Cliath, ag an gcomhdháil 'Women ón Air' i mí na Bealtaine, nocht an t-iriseoir agus láithreoir TG4, Una Mullally, go raibh bagairtí éignithe faighte aici ar na meáin shóisialta agus ar fhóraim chainte bunaithe ar a bpíosaí tuairimíochta.
píosa ealaíne digití a athrú to change a piece of digital art
" Tá grúpa eolaithe tar éis teicneolaíocht a fhorbairt a chuireann ar chumas daoine píosa ealaíne digití a athrú le dreach a n-aghaidhe.