Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbun paidreoireachta engaging in prayer
" " Tá Balor i mbun paidreoireachta cheana féin leis na seandéithe, le Crom an Chroí Chrua, le Lúgh na Lorgaí Leathana agus le Maloch na Másaí Móra, chun nach gcuirfidh muintir an Oireachtais i nGaoth Dobhair, nó na hiarrthóirí a dhéanfaidh a mbealach tónáisteach treampánach go dtí an ceantar iartharach iargúlta sin, nach gcuirfidh siad olc ar na moltóirí agus nach gcuirfidh na moltóirí olc orthu siúd.
ag paidreoireacht praying
" Éistíonn sé leis an nuacht ansin sula n-éiríonn sé ionas go mbeadh a fhios aige cad ba cheart dó a bheith ag paidreoireacht ar a shon.
i dteach paidreoireachta in a prayer house
" I ndiaidh cúpla uair an chloig eile, d’admhaigh sé go raibh an Tóirse i bhfolach i dteach paidreoireachta i gContae Mhaigh Eo, áit a raibh sagart cráifeach, agus bean ní ba chráifí fós, ag maíomh gur míorúilt a bhí ann nuair nach raibh siad in ann an Tóirse a chur as.
i muinín na paidreoireachta trust in prayer
" Agus cén moladh atá ag Éamo Ó Caoimhnis dúinn in am seo an ghátair, a léitheoirí dílse na páirte? Molann sé dúinn dul i muinín na paidreoireachta! Nach mór an trua nár ghlac sé lena chomhairle féin, agus b’fhéidir nach mbeimis sa riocht ina bhfuil muid anois.
cumann paidreoireachta a prayer group
" Cé gur mhínigh ambasadóirí agus lucht taidhleoireachta dóibh go soiléir gurbh é an Irish Star a chuir na pictiúir i gcló, creideann siad fós gurbh é An Réalt, cumann paidreoireachta de chuid Léigiúin Mhuire a rinne an beart náireach.