Pota Focal Intergaelic
panaic | panc | pain | pan | pan-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá scaoll fúthu they're in a panic, running scared
" Tá an chuid is mó den phobal sna Stáit Aontaithe paranóideach agus tá scaoll fúthu mar gheall ar eachtraí an 11 Meán Fómhair.
scaoll fúthu in a panic
" Ansin ligeadh scairt: "Táimid ar an bhád mícheart!" Beirt bhan Mheiriceánacha a bhí ann, agus scaoll fúthu.
Chuaigh mé i scaoll rud beag I panicked a little
" Chuaigh mé i scaoll rud beag, imní orm go rachainn ar strae arís agus go gcaillfinn an bád.
cúis scaoill reason for panic
" Níor gortaíodh Gina Adair ná na páistí, Natalie (16), Chloe (8) agus Jay (4) san ionsaí, agus cé gur eisigh an UFF bagairt eile in aghaidh an teaghlaigh an lá dár gcionn, dúirt na póilíní i mBolton nach raibh cúis scaoill ann.
Chuadar chun scaoill they panicked
" Chuadar chun scaoill sa 10 nóiméad deiridh nuair ba ghá dóibh guaim a choinneáil orthu féin.
Scaoll panic
" Níl sí in ann é a fheiceáil níos mó)* JANE: (Scaoll uirthi) Níl tú ag imeacht, an bhfuil? TRAVIS: (*Filleann sé, ansin*) Níl mé in ann thú a fheiceáil, a Jane.
taomanna driopáis panic attacks
" Ní raibh sé deacair a thuiscint cén fáth a raibh taomanna driopáis ag teacht ar an fháilteoir a bhíodh ann de ghnáth agus bhí mé an-sásta slán a rá leis an áit sin.
scaoll panic
" Nuair a phléasc buama faoin dá thúr ar an lá sneachtúil sin beagnach dhá bhliain déag ó shin, níor tháinig scaoll ar McEneaney.
scaoll panic
" Mháigh siad gur chuir tuarascáil an NRPB scaoll ar an phobal ach nach raibh fianaise nua ar bith le fáil inti.
ag imeacht chun scaoill going into a panic
" “Thosaigh sé le tuismitheoirí ag imeacht chun scaoill mar gheall ar shábháilteacht a bpáistí, agus chuaigh seo i bhfeidhm ar na páistí ansin.
nach dtéann i scaoll who does not panic
" “Is duine an-stuama é, nach dtéann i scaoll.
scaoll panic
" Tiocfaidh scaoll ar rialtais na hEorpa agus méadóidh siad na rátaí úis chun smacht a choinneáil ar an bhoilsciú.
anbhá panic
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
dá dtiocfadh taom scaoill uirthi if she got a panic attack
" Dúirt sí rudaí éagsúla a bhí suimiúil – mar shampla, gur bhreá léi dá dtiocfadh taom scaoill uirthi – ach nuair a dúirt sí go raibh fuath aici ar a bheith ag taisteal *coach*, tháinig *cringe *beag orm.
scaoll panic
" ” Ach tá scaoll tagtha faoin ngnáthdhuine, gan amhras – go háirithe faoin nglúin atá tagtha i méadaíocht le tríocha bliain anuas.
taom scaoill a panic attack
" )Ach a bheith ag dul ó *Macy’s* go *Sachs of 5th Avenue*, agus as sin go *Barney’s* ag cuardach *Angebots*, nuair nach bhfuil fágtha insna díolacháin Eanáir ach *junk* atá i bhfad rómhór nó i bhfad róbheag fá d’choinne, dá má rud é go ligfeadh náire duit dul amach ar an doras agus é ar do dhroim! Cinnte, bíonn rudaí deasa sna háiteanna seo, ach bí cinnte fá seo - rud ar bith a thugann do chroí taitneamh dó, bíodh geall nach bhfuil sé sa díolachán! Ansin tá na “*outlet stores*” seo ann nach bhfuair mise riamh a dhath iontu gur fiú trácht air, ach taom scaoill b’fheidir.
taomanna imeagla panic attacks
" >“Tá cuspóirí ar leith ag mo chuid oibre; a bheith ag coimhlint in aghaidh taomanna imeagla de réir mar a thagann siad orm.
fuadar panic
" Sceon, fuadar agus fiosrú dúnmharaithe.
ná himigh le scaoll don’t panic
" Glac leis na rialacha seo a leanas ar mhaithe leis na rónta agus ar mhaithe leat féin! - Ná bí ag snámh id’ aonar agus ná himigh le scaoll má thagann rón i do threo; - Ná spreag iad chun teacht chugat i slí chairdiúil nó ar bhealach bagrach; - Ná déan talamh slán d’iompar ‘cairdiúil’ an róin.
scéalta scaoill tales of panic
" Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon.
scaollcheannach panic purchasing
" Is ag caint faoi scaollcheannach de réir an tsuímh OnlineAdvertising.
Scanraigh ceannaireacht leadership panicked
" Scanraigh ceannaireacht Shasana áfach nuair a thosaigh Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae ar an chlampar agus ar stailc mhór na Loyalist Workers.
bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste people in Belfast are rushing in panic
" Mar sin, ní nach ionadh go bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste agus iad ag iarraidh theacht ar bhronntanais a bhfuil go leor airgid acu lena gceannacht, ach tá fáth eile ann - tá an cheathrú cuid d’asraonta miondíola i mBéal Feirste druidte.
Chruthaigh an cur chuige seo scleondar ar leith this approach cause a certain panic
" Chruthaigh an cur chuige seo scleondar ar leith sa bhialann nuair a seoladh Crackbird ar dtús, go háirithe ó bhí seans maith ann go mbeadh siad siúd sa #tweetseats ag giolcadh is ag Instagramáil faoin mbialann.