Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionadaíocht parlaiminte parliamentary representation
" Baineadh amach cuid de na haidhmeanna a bhí ag na mianadóirí go gairid ina dhiaidh sin, ina measc leasú ar chóras na gceadúnas agus ionadaíocht parlaiminte.
feisirí parlaiminte MPs
" Ach toisc go mbíonn ar na feisirí parlaiminte go léir a shuíonn ar choiste an Uasail Murphy móid a ghlacadh nach labharfaidh siad choíche faoi ghnóthaí an choiste lasmuigh de, ní bheidh a fhios againn go deo cé acu ar ghéill nó nár ghéill an Coiste dóibh siúd nach raibh sásta nach mbeadh aon ról níos mó ag na seirbhísí rúnda i bpolaitíocht na hÉireann.
an córas parlaiminte féin a leasú to reform the parliamentary system itself
" Deir Harper go bhfuil faoi an córas parlaiminte féin a leasú: má fhéachann sé le hionadaíocht chionmhar a thabhairt isteach, seasfaidh an NDP leis.
rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais parliamentary secretary for immigration and multiculturalism
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
taithí pharlaiminte parliamentary experience
" Cuireadh an-bhéim sna hionsaithe seo ar chomh gearr agus atá taithí pharlaiminte Rudd, agus ar a easpa taithí rialtais.
i dtoghchán na Parlaiminte Eorpaí in European Parliament elections
" Agus i dtoghchán na Parlaiminte Eorpaí sa bhliain 2003, bhí an ráta vótála chomh híseal le 20 faoin gcéad.
teach íochtarach Pharlaimint na Polainne the lower house of the Polish Parliament
" Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa *Sejm*, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.
a toghadh chun na parlaiminte seo. who was elected to this parliament
" Ina theannta sin, tá Penny Wong ar an gcéad bhean riamh a deir go hoscailte gur leispiach í a toghadh chun na parlaiminte seo.
gur atógadh an t-aon Éireannach sa pharlaimint náisiúnta that the only Irish person in the national parliament was re-elected
" ÉireannachÓs ag plé na mban sa rialtas nua a rugadh thar lear atá mé, is údar áthais é i measc na nÉireannach abhus gur atógadh an t-aon Éireannach sa pharlaimint náisiúnta – an Seanadóir Ursula Stephens.
rúnaí parlaiminte parliamentary secretary
" Ceapadh an Seanadóir Stephens ina rúnaí parlaiminte sa rialtas nua.
aistreofar go leor de chumhachtaí pharlaimintí na mballstát a lot of the parliamentary powers of the member states will be transferred
" I mbeagán focal, aistreofar go leor de chumhachtaí pharlaimintí na mballstát chuig forais na hEorpa.
is faoi na parlaimintí náisiúnta a bheas sé it will up to the national parliaments
" Chan ionann agus Conradh Nice, measadh go mbeadh sé "mí-dhaonlathach" iarraidh ar phobail na dtíortha a dhiúltaigh don Bhunreacht vótáil in athuair, agus dá bharr sin, is faoi na parlaimintí náisiúnta a bheas sé an conradh úr a dhaingniú.
dara lá den pharlaimint nua, second day of the new parliament
" Ar an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá go raibh aird an náisiúin dírithe ar an gcéad seisiún i dTeach na nIonadaithe.
an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá it is not an exaggeration to say
" Ar an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá go raibh aird an náisiúin dírithe ar an gcéad seisiún i dTeach na nIonadaithe.
muinín na parlaiminte the confidence of the parliament
" Mar shampla, tá cead aige an príomh-aire a bhriseadh as a phost má fheictear dó go bhfuil muinín na parlaiminte caillte ann.
foirgneamh sealadach na parlaiminte san áireamh. including the provisional government building
" Ach bhí an chuid ba mhó de na hinstitiúidí náisiúnta suite in Melbourne faoin am sin, foirgneamh sealadach na parlaiminte san áireamh.
go ndéanfadh an pharlaimint náisiúnta cinneadh that the national parliament would make a decision
" Mheas formhór na bpoblachtach gur chóir go ndéanfadh an rialtas an t-uachtarán a roghnú, is é sin, go ndéanfadh an pharlaimint náisiúnta cinneadh – de vóta tromlaigh dhá thrian – maidir leis an té a cheapfaí don uachtaránacht.
fheisire Parlaiminte Member of Parliment
" Bhí sé ina fheisire Parlaiminte i Hull, Yorkshire, ar feadh 40 bliana (1966-2005).
Grúpa Parlaiminte Uile-Pháirtí um Cheisteanna Coimhlinte the All-Party Parliamentary Group on Conflict Issues
" In 2009, chuir an Grúpa Parlaiminte Uile-Pháirtí um Cheisteanna Coimhlinte (the All-Party Parliamentary Group on Conflict Issues) agus an cumann carthanachta, The Forgiveness Project, cuireadh ar Patrick Magee, an fear a leag an buama in óstán an Grand i mBrighton i 1984, labhairt taobh istigh i Westminster féin i gcuideachta Jo Berry ar maraíodh a hathair, Sir Anthony Berry, san eachtra.
máthair na bparlaimintí mother of parliaments
" Cuireann na meáin chumarsáide sa tír seo dallach dubh orthu féin i gcónaí faoi chearta sibhialta anseo - creideann siad gur máthair na bparlaimintí atá i Westminster agus go bhfuil an tír go hiomlán daonlathach - bíonn cos ar bolg i dtíortha thar lear, ní bhíonn anseo.
Pharlaimint Riail Dúchais a home rule parliament
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
Theachta Parlaiminte MP
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
in uimhríocht Parlaiminte in parliamentary arithmetic
" Cha raibh aontachtaithe dúra n 6-chontae sásta a muinín a chur in uimhríocht Parlaiminte agus fuair muid an socrú fabhtach a bhí againn le 50 bliain.
cuid den córas parlaiminte part of the parliamentary system
" Is cuid den córas parlaiminte sa stát seo, go bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh ar Theachtaí Dála, vótáil do réir mar a shocraíonn an rialtas, fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh geallúintí a tugadh don phobal sa toghchán inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach! Reachtaíocht Lochtach ========= Is í mo thuairimse gur reachtaíocht lochtach atá sa Bhille faoin nginmhilleadh, ar ghlac tithe an Oireachtais leis roimh bhriseadh an tsamhraidh.
ar a dtugtar rúnaithe parlaiminte called parliamentary secretaries
" Níos mó Ban in Aireacht na hAfghanastáine ================== Sa dara leibhéal den aireacht atá an dream ar a dtugtar an aireacht amuigh, nó outer ministry, ina bhfuil na hairí sóisearacha, agus tá an dáréag ar a dtugtar rúnaithe parlaiminte ag an leibhéal is ísle.
chuid aitheasc parlaiminte parliamentary speeches
" A Thionchar in Éirinn ====== Fiú sular tugadh na postanna sinsearacha cáiliúla sin do Jenkins idir 1964 agus 1970, thaispeáin sé éirim agus cur chuige neamhchoimeádach ina chuid scríbhínní agus ina chuid aitheasc parlaiminte.
ball parlaiminte MP
" Luaigh sé Enoch Powell, an ball parlaiminte Sasanach a díbríodh i ndiaidh é a aitheasc faoi ‘Aibhneacha Fola’ a thabhairt ach a fuair dídean Pháirtí Aontachtach Uladh ag cur síos air mar fháidh.
suíochán parlaiminte a bhuachaint to win a parliamentary seat
" Athrú Treo ===== Ghlac Ignatieff leis an gcuireadh imeacht ó Harvard, suíochán parlaiminte a bhuachaint i dToronto agus aghaidh a thabhairt ar cheannaireacht an Pháirtí Liobrálaigh agus 24 Sussex Drive a bhaint amach sula bhfad.