Pota Focal Intergaelic
apart | art | pairt | pait | par
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlúthchuid integral part
" (Ceist eile is ea an léiríonn sé sin easpa aitheantais don dearcadh aontachtach gur dlúthchuid den Ríocht Aontaithe é Tuaisceart Éireann nó an léiríonn sé easpa aitheantais don Phoblacht mar stát iomlán neamhspléach).
geolárnacha geocentric (no one part of the world is the centre)
" Meas ar chultúir ======= Agus muid ag gabháil don ghnó idirnáisiúnta anseo san ollscoil, bímid ag labhairt ar dhearcadh agus ar straitéisí eitnealárnacha nó geolárnacha.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Riarthóir/eagarthóir amháin a bhí i mbun na hoibre ar bhonn páirtaimseartha.
fostaithe páirtaimseartha part-time employees
" Tá gearradh siar le déanamh ar an méid uaireanta gur féidir áis chraoltóireachta seachtraí an stáisiúin, An Ródaí, a úsáid, agus deirtear freisin, cé nach bhfuil deireadh le cur le haon phost buan go fóill, go bhfuil fostaíocht saoroibrithe agus fostaithe páirtaimseartha go mór i mbaol.
Murar scar sé le pingin mhaith if he didn't part with a fair amount of money
" Murar scar sé le pingin mhaith bheifí ag déanamh nach raibh meas madaidh aige uirthi.
ó na ceithre hairde from every part of the country
" Tagann suas le 2,000 déagóir ó na ceithre hairde ag triall go "Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair" achan samhradh le freastal ar chúrsaí Choláistí Cholm Cille agus an Phiarsaigh.
i bpáirtíocaíocht in part payment
" Gheall an tAire póga agus barróga dó i bpáirtíocaíocht ar a bhéal a choinneáil druidte.
istigh agus amuigh le cúig bliana the better part of five years
" Cé go raibh seanaithne acu ar a chéile ó bhí siad beirt ar an ollscoil i nGaillimh, bhí sé istigh agus amuigh le cúig bliana ó chonaic siad a chéile anois.
páirt ghníomhach active part
" Níl formhór na ngnáthdhaoine sa tír seo i gcoinne na n-imirceach, go háirithe nuair a dhéanann siad iarracht páirt ghníomhach a bheith acu sa tsochaí.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Ach seo gan amhras an chéad uair go raibh roinnt oibrithe ag obair go lánaimseartha ar an fhiontar seachas ar bhonn páirtaimseartha.
dhlúthchuid an integral part
" Tugadh faoi fosta cionn is go bhfuil plean ann chun Ceathrú Gaeltachta a bhunú anseo i mBéal Feirste agus tá Raidió Fáilte mar dhlúthchuid den phlean sin.
chuid den réiteach part of the solution
" Caithfear é a fheiscint mar chuid den réiteach agus ní mar an réiteach é féin.
chuid lárnach central part
" Go mbeadh Aonad na Gaeilge agus *Zón na Gaeilge *mar chuid lárnach den bhfoirgneamh nua do Theangacha agus don Oideachas Idirnáisiúnta agus go mbeadh foireann riaracháin agus foireann aistriúcháin ann.
Páirteanna breise spare parts
" "Páirteanna breise agus a leithéid atá i gceist.
an phríomhchuid the main part
" Anois agus an phríomhchuid den chogadh san Iaráic thart, tá roinnt mhaith de na hiriseoirí a bhí "neadaithe" le harm na Stát Aontaithe ar a slí abhaile - agus is cinnte go mbeidh na heagraíochtaí nuachta a chuir ann iad ag súil go dtiocfaidh a gcuid fón daor satailíte abhaile leo freisin.
chodanna áirithe certain parts
" Tagann siad isteach réasúnta óg agus caitheann siad tréimhsí éagsúla laistigh de chodanna áirithe den Bhanc Domhanda.
codanna eile other parts
" Dúnadh an t-ionad cuimhneacháin i mí an Aibreáin chun an cosán agus codanna eile de a bhí "dainséarach" do thurasóirí a dheisiú, a dúirt oifigigh de chuid an BPCA.
chun codanna den ghléasra a athchóiriú to restore parts of the equipment
" Rinne siad athdheisiú ar oibreacha an mhuilinn, agus bhain siad úsáid as ábhar áitiúil den chuid is mó chun codanna den ghléasra a athchóiriú.
an chuid thiar the western part
" Is é Papua Thiar an chuid thiar den oileán ollmhór An Nua-Ghuine, atá suite in aice le cósta thuaidh na hAstráile.
sa gcuid oirthearthach in the eastern part
" Tá macalla den díospóireacht chéanna le cloisteáil ó thuaidh, áit ar fógraíodh plean le déanaí chun £1 billiún punt Sasanach a chaitheamh ar bhóithre agus ar iarnróid sa gcuid oirthearthach de Thuaisceart Éireann, ach fágadh an bóthar iarainn idir Béal Feirste agus Doire as an áireamh.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" D'éirigh leis maoiniú a fháil ó Bhord na Gaeilge (mar a bhí ar Fhoras na Gaeilge ag an am) agus thug sé cuireadh do Lillis a bheith ina Stiúrthóir ar bhonn páirtaimseartha ar an Ionad.
go páirtaimseartha on a part-time basis
" Cé mhéad duine atá fostaithe san ionad faoi láthair? Tá deichniúr fostaithe go lánaimseartha agus tá suas le fiche múinteoir a fhostaíonn muid go páirtaimseartha.
ar bhonn páirt- nó lánaimseartha on a part-time or full-time basis
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
go páirtaimseartha on a part-time basis
" Tá beirt fostaithe go lánaimseartha ar an tionscadal atá á mhaoiniú ag Foras na nGaeilge, agus tá seachtar fostaithe go páirtaimseartha ar scéim FÁS.
go mbeadh sé páirteach i gcoiriúlacht that he would take part in crimes
" Cuireadh Adair sa phríosún in athuair mar go raibh an dochúlacht air an scéal go mbeadh sé páirteach i gcoiriúlacht, mar a deir an téarmaíocht oifigiúil.
go príomha for the most part
" Céard atá sa staidéar tionchair teanga seo, mar sin, agus cén tátal atá leis? Agallamh ======= Chuir sí agallamh ar 90 duine ar liosta tithíochta na comhairle contae do cheantar Chonamara - go príomha, daoine i limistéar na Ceathrún Rua - Ros Muc - Carna.
chuid lárnach central part
" Tá conspóidí mar chuid lárnach de chúrsaí spóirt le fada an lá.
go scriosfar codanna móra den phlainéad that large parts of the planet will be destroyed
" Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain, go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
an chuid is ársa agus is tábhachtaí the most ancient and most important part
" Ceapaim freisin gurb í an amhránaíocht an chuid is ársa agus is tábhachtaí den traidisiún agus gur chóir tuiscint de shaghas éigin a bheith ag gach ceoltóir tradisiúnta ar an amhránaíocht.
cuid dá aistear fada part of his long journey
" An mhí seo, tá deireadh ag teacht le cuid dá aistear fada mar go mbeidh sé ar dhuine de cheithre fhear déag a dhéanfar a oirniú mar shagairt san Eaglais Chaitliceach.
réitíodar le chéile den chuid is mó they got on for the most part
" Toisc teanga, stair, traidisiúin, agus nósanna ólacháin na ndaoine seo bheith mórán mar an gcéanna, réitíodar le chéile den chuid is mó agus níor éirigh eatarthu riamh.
i mbarr teaspaigh an lae at the hottest part of the day
" Fá láthair bhí siad i mbarr teaspaigh an lae agus bhí an ghrian á ndalladh agus ann ach go raibh siad plúchta ag an teas sa charr.
rannpháirtíocht taking part
" Caithfidh siad na cúrsaí a roghnú agus bíonn tuiscint acu roimh ré ar a bhfuil i gceist le gach cúrsa: an bhfuil aiste le scríobh acu, an bhfuil marcanna ag dul don rannpháirtíocht sa rang agus a leithéid.
achan chuid de na míreanna mearaí every part of the jigsaw
" Polaitíocht seachas foréigean ======= Triail atá ar bun ag Sinn Féin sa mhéid is go bhfuil siad ag iarraidh cur ina luí ar a lucht leanúna go dtig le poblachtánaigh a n-aidhmeanna a bhaint amach fríd an pholaitíocht, ach caithfidh achan chuid de na míreanna mearaí a bheith ar an tábla le gur féidir sin a chur i gcrích.
deoir ghoirt an chumha the bitter tear of parting sorrow
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
páirtaimseartha part-time
" Baill den arm páirtaimseartha, an TA (*Territorial Army*), is ea cuid mhaith acu.
codanna parts
" Níor mhian leis an mBreatain go mbeadh tionchar rómhór ag na Francaigh sa Spáinn agus bhí amhras ar na Francaigh faoi chumhacht na Breataine, mar sin roinn siad codanna d'Impireacht na Spáinne eatarthu féin chun an chóimheá a choimeád.
ag teacht cuid mhaith lena chuid tuairimí agreeing for the most part with his opinions
" Scríobh Pádraig Ó Cearbhaill aiste mhaith dar teideal "An Amhránaíocht ar an Sean-Nós" in *Oghma *7 (1995) faoi na cúrsaí seo agus bheinn ag teacht cuid mhaith lena chuid tuairimí.
I gcodanna áirithe den domhan in certain parts of the world
" I gcodanna áirithe den domhan, d’fhéadfadh sé go leor trioblóide a tharraingt ar dhuine dá bhfeicfí é ag caitheamh éadaí oráiste Lá Fhéile Pádraig.
de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí an integral part of the Troubles
" Bhí an choiriúlacht de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí ariamh anall.
sa taobh seo tíre in this part of the country
" Tá cuid mhór daoine ó Bhóthar na bhFál ag ceannach tithe sa taobh seo tíre.
dhlúthchuid central part
" D’fhéadfadh sé anois go bhfuilimd ar thairseach ré nua ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, agus díograis Dhonncha Uí Éallaithe mar dhlúthchuid den ré sin.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" D’éirigh linn cuidiú le pobal na Gaeilge brú rialta a chur ar an Chomhairle Contae le hOifigeach na Gaeilge a fhostú agus chuir siad tús leis an phost sin cúpla mí ó shin; ar bhonn páirtaimseartha atá an duine fostaithe ach is tús é.
léitheoir nuachta páirtaimseartha part-time newsreader
" Chuir mé isteach ar phost mar iriseoir agus fuair mé post mar iriseoir agus mar léitheoir nuachta páirtaimseartha ag an deireadh seachtaine.
codanna áirithe certain parts
" “Tá fadhbanna agamsa le codanna áirithe de phobal na Gaeilge a bhfuil dlúthbhaint acu leis an bpoblachtánachas.
rannpháirteach taking part
" Tá Glór na nGael ag iarraidh go mbeidh grúpaí éagsúla rannpháirteach sa chomórtas, bídis ina n-imircigh, ina bhfoghlaimeoirí de bhunadh Éireannach i bhfad siar, nó dream ar bith eile a chuireann spéis sa Ghaeilge.
cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach part of the very fabric of the tabloid newspaper
" Scannail ghnéis ======= Is cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach iad scéalta a bhaineann le scannail ghnéis.
go páirtaimseartha part-time
" Rinne mé céim i nGaillimh agus ansin chaith mé trí bliana ag déanamh obair chaidrimh phoiblí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ag obair go páirtaimseartha le RTÉ.
Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre. I've gotten used to this part of the country.
" Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Tá cúigear múinteoirí eile ag obair linn ar bhonn páirtaimseartha.
chuid bhuan permanent part
" ” Tá easaontóirí ann go fóill ach is léir go bhfuil gluaiseacht na Sealadach ag dul a bheith mar chuid bhuan de pholaitíocht na tíre seo go ceann i bhfad eile.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Tá cúigear múinteoirí eile ag obair linn ar bhonn páirtaimseartha.
Cuid neamhoifigiúil an unofficial part
" Cuid neamhoifigiúil d’Fhéile Learphoill a bhí sa pharáid, mar is fearr le lucht eagraithe na féile gan a bheith polaitiúil.
post páirtaimseartha léachtóireachta a part-time lecturing job
" D’éirigh le Muireann post páirtaimseartha léachtóireachta a fháil i Roinn na Nua-Ghaeilge i 1981 agus post buan i Roinn na Sean-Ghaeilge dhá bhliain ina dhiaidh sin.
go phríomha for the most part
" Chaith mé seal mar thréidlia tuaithe, sa Nua-Shéalainn go phríomha, ach sa deireadh thiar thall thug mé aghaidh ar an ollscoil arís chun roinnt taighde a dhéanamh.
cuid lárnach central part
" Tá daoine fós ann nach nglacann leis gur cuid lárnach de shaol agus de chultúr na hAstráile é an ciníochas.
cumha homesickness, parting sorrow
" Is i Lublin, Riga agus Vilnius atá an cumha agus an gol na laethanta seo agus a gcuid daoine óga siúd ag fágáil ar na heitleáin agus ag tabhairt aghaidhe ar oileán glas na hÉireann.
codanna parts
" Tá deis iontach ann anois, áfach, leas a bhaint as TG4 le taispeáint dóibh gur teanga fhuinniúil, bhríomhar í a labhraítear go laethúil i gcodanna áirithe den tír agus gur cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr í.
cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr part of the very fabric of our culture
" Tá deis iontach ann anois, áfach, leas a bhaint as TG4 le taispeáint dóibh gur teanga fhuinniúil, bhríomhar í a labhraítear go laethúil i gcodanna áirithe den tír agus gur cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr í.
post páirtaimseartha part-time job
" Fuair sí post páirtaimseartha sa stáisiún i dtosach, ag déanamh ionadaíochta do na láithreoirí leanúnachais a bhí ann ag an am, Deirbhile Ní Churraighín agus Ailbhe Ó Monacháin.
aistritheoir páirtaimseartha part-time translator
" Eithne Ní Ghallchobhair: Cén áit a bhfuil tú ag obair, a Mharcin? Marcin Ostasz: Is bainisteoir tionscadal mé le comhlacht mór idirnáisiúnta i gcathair na Gaillimhe agus is aistritheoir páirtaimseartha mé freisin.
chuid lárnach central part
" Tá an blas mar chuid lárnach de theanga ar bith.
mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha náisiúnta as part of our national cultural identity
" Agus mé ag fás aníos bhí ardmheas ag an teaghlach ar an Ghaeilge - tugadh ómós di mar mhodh cumarsáide agus mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha náisiúnta.
mar chuid dá thaithí oibre as part of his work experience
" Tá Félim Borland ag obair go lánaimseartha le Feachtas mar chuid dá thaithí oibre ón ollscoil, ach beidh sé ag obair go páirtaimseartha leis an eagras nuair a thosóidh an bhliain nua acadúil.
mar chuid de thoscaireacht as part of a delegation
" Fuair an grúpa cuireadh ó Rialtas na hÉireann bheith mar chuid de thoscaireacht a bhí ag dul ansin leis an nasc idir an dá thír a láidriú agus, cé go raibh siad gnóthach ag an am, chonaic siad é seo mar dheis nár mhór dóibh a thapú.
an chuid lárnach the central part
" Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt.
ar an ngné sin go príomha on this aspect for the most part
" Mar sin féin is ar an ngné sin go príomha a dhírigh daoine áirithe a n-aird.
arm páirtaimseartha part-time army
" Iarbhall den Territorial Army – arm páirtaimseartha de chuid arm Shasana – ab ea iad agus ó Arm Shasana a fuarthas cuid de na gunnaí agus den armlón a bhí ina seilbh ag Barwise agus ag Alan Clair, ball eile den UVF/Derry Club ar gearradh téarma príosúin ocht bliana air i mí na Nollag 2004 (cf.
mar chuid den fhianaise sa triail as part of the evidence in the trial
shílfeá gur cuid den rialtas áitiúil a bhí ann you would think it was part of the local government
" ” An dóigh a luaigh sé an tOrd Oráisteach, shílfeá gur cuid den rialtas áitiúil a bhí ann, seachas grúpa seicteach a bhfuil dlúthbhaint aige le sceimhlitheoirí sa chathair.
mar chuid de phacáistí siúil, iascaireachta agus saoire tuaithe as part of walking, fishing and country holiday packages
" Deir Alan Hill gurb é an bealach chun tosaigh ná margaíocht a dhéanamh ar lóistíní Leaba agus Bia mar chuid de phacáistí siúil, iascaireachta agus saoire tuaithe.
cuid den pháipéar falla part of the wallpaper
" Anocht, áfach, níl inti ach cuid den pháipéar falla, cuid den atmaisféar, cuid d’íomhá an tábhairne, cuid den chúlra.
cuid den chúlra part of the background
" Anocht, áfach, níl inti ach cuid den pháipéar falla, cuid den atmaisféar, cuid d’íomhá an tábhairne, cuid den chúlra.
páirt ginearáil Shacsanaigh the part of a Saxon general
" Bhí páirt ginearáil Shacsanaigh ag Mark i scannán faoin Rí Artúr, mar shampla.
cuid den réiteach part of the solution
" Mar thoradh air seo uilig, bheadh bainistíocht na nGaelscoileanna sásta le líofacht agus tiomantas na múinteoirí agus bheadh cuid den réiteach faighte ar dheacrachtaí na scoileanna Gaeltachta fosta.
mar chuid lárnach a central part
" Anocht, tá sé féin agus a cheol mar chuid lárnach den mheascán bríomhar seo ón tSeapáin, ó Éire agus ó thraidisiún an Ainu.
mar chuid de chroílár shaol cultúrtha na príomhchathrach. as part of the heart of the cultural life of the city.
" Ba mhaith le stiúrthóirí IMRAM go mbeadh scríbhneoirí na Gaeilge mar chuid de chroílár shaol cultúrtha na príomhchathrach.
ag glacadh páirte san fhéile taking part in the festival
" Ós rud é gur éirigh leis cheana féin, tá deis iontach ag IMRAM líon na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte san fhéile a leathnú ionas go mbeidh taispeántas cruinn ann d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí i saol liteartha na Gaeilge.
mar chuid dá ngnó. as part of their business.
" Sheol Gaillimh le Gaeilge an Gradam in 2001 mar aitheantas ar éifeacht na Gaeilge i ngnólachtaí ar fud na cathrach agus ar na slite nuálacha ar bhain siad úsáid astu chun an teanga a bheith mar chuid dá ngnó.
mar chuid dhosheachanta dá saol. as an unavoidable part of their lives.
" Ach bhí orm é seo ar fad a chur i gcuimhne dom féin an t-am ar fad toisc go raibh na daoine ar fad chomh sona agus suaimhneach, in ainneoin an chruatain atá mar chuid dhosheachanta dá saol.
a bhí páirteach sa chraobh ón tús who took part in the branch
" ***AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?***TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí.
an chuid dheireanach den tsraith seo, the last part of this series,
" Tá cúrsa eile d’aosaigh, *Tús Maith*, scríofa aige le blianta beaga anuas agus tá sé ar tí an tríú cuid, agus an chuid dheireanach den tsraith seo, a fhoilsiú i ndiaidh na Nollag.
cuid dá n-oidhreacht part of their heritage
" Is léir go bhfuil míthuiscint, aineolas agus naimhdeas á léiriú ag páirtithe polaitíochta agus ag na meáin aontachtacha i leith na Gaeilge, ach is dea-scéala é go bhfuil aontachtaithe ann a chreideann gur cuid dá n-oidhreacht í an Ghaeilge.
mar ghnáthchuid de shaol déagóirí as a regular part of teenagers' lives
" Tá a fhios ag an saol mór go mbíonn daoine óga – sé bliana déag, seacht mbliana déag agus níos óige – ag ól go rialta agus go mbíonn an t-ól mar ghnáthchuid de shaol déagóirí timpeall na tíre agus ní taise d’ócáidí spóirt.
mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh. as a central part of the celebration or crying.
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
mar chuid thábhachtach as an important part
" “Níor cheoltóirí móra iad ach daoine a raibh an ceol mar chuid thábhachtach dá saol.
mar dhlúthchuid as an integral part
" “Bíodh a fhios agat go bhfuil an dá bhó mar dhlúthchuid de dhúchas agus de bhéaloideas agus de pholaitíocht na hÉireann, a Bhaloir.
ar bhonn páirtaimseartha on a part-time basis
" Cé go n-úsáideann foirne idirchontae saineolaithe éagsúla chun cabhrú leis an ullmhúchán, is ar bhonn páirtaimseartha a tharlaíonn sé sin.
páirtaimseartha part-time
" Taobh istigh de thréimhse ghearr, d'athraigh an cluiche beag páirtaimseartha seo go mórchluiche gairmiúil, a bhí á imirt ar bhonn Pan-Mheiriceánach.
ag glacadh páirte ann, taking part in it
" “Bhí a muintir féin ag glacadh páirte ann, tá go leor acu le fada an lá á dhéanamh sin, ag dul siar blianta fada.
thar lear den chuid is mó. abroad for the most part.
" Tá Ihimaera tar éis a chuid leabhar a scríobh thar lear den chuid is mó.
cuid lárnach dá shaol a central part of his life
" An ghlúin nua Is cuid lárnach dá shaol an ghlúin nua a mholadh agus a spreagadh, rud a dhéanann sé mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir.
an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar the most famous and developed part of his work
" Spreag an solas geal agus na dathanna iontacha ansin go mór é agus ba as an dá bhliain a bhí fágtha dá shaol tragóideach, sular chuir sé lámh ina bhás féin, a tháinig an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar chun cinn.
an-dearfach den chuid is mó very positive for the most part
" Bhí daoine an-dearfach den chuid is mó faoi chluichí rugbaí a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh, cé go raibh mionlach láidir, agus ní seanfhondúirí ar fad ab ea iad, a bhí go láidir in aghaidh cluichí rugbaí/gallda a bheith á n-imirt ar fhód beannaithe an Chrócaigh.
cuid dá ndúchas part of their heritage
" Tá an dearcadh céanna acu ó thaobh na teanga de, is é sin gur cuid dá ndúchas féin í, agus tá siad ar bís le hí a fhoghlaim.
líon na scoileanna a bhí páirteach inti. the number of schools taking part in it.
" D'éirigh thar cionn leis an scéim phíolótach, agus mar thoradh uirthi, shocraigh muid go gcuirfimis le líon na scoileanna a bhí páirteach inti.
ag glacadh páirte sa tionscadal. taking part in the project.
" Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca agus thug muid na dlúthdhioscaí agus na leabhráin do na scoileanna ar fad a bhí ag glacadh páirte sa tionscadal.
cuid de thriopall craolacháin áitiúil, part of a local broadcasting cluster,
" Is cuid de thriopall craolacháin áitiúil, Te Hiku ō Te Ika (“Ruball an Éisc”) é seo.
fiú go páirtaimseartha. even on a part-time basis.
" Deir sí go raibh sé deacair a bheith ag taifeadadh agus ag obair ag an am chéanna, fiú go páirtaimseartha.
go páirtaimseartha on a part-time basis
" Lean Derek Culley air ag péintéireacht go páirtaimseartha agus bhí taispeántas mór dar teideal “Five Years of Culley” aige in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath i 1989.