Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
patrúin gheoiméadracha geometric patterns
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
phatrúin shiméadracha symmetrical patterns
" Léiríonn roinnt acu áiteanna stairiúla i gcathair Chorcaí (baile dúchais John) agus tá cuid eile acu bunaithe ar phatrúin shiméadracha.
phatrúin labhartha teanga language speech patterns
" Ar an gcaoi sin mheas sí go raibh sí in ann eolas éigin a fháil ar phatrúin labhartha teanga 439 duine eile - is é sin, daoine nár chuir sí agallamh orthu ach a chuir sí san áireamh sa staidéar.
phatrún lonnaíochta settlement pattern
" An múnla a bhí ag Bus Éireann - seirbhísí teoranta ar chuid de na príomhbhóithre réigiúnacha - níor fheil sé do phatrún lonnaíochta na tuaithe, agus ní raibh daoine in ann úsáid cheart a bhaint as na seirbhísí dá bharr.
patrún soiléir clear pattern
" Cuir ainmneacha Sheenagh McMahon, muintir Ghallchóir as Baile Suingean agus muintir Dhuibhir as Ard an Rátha leis an liosta sin agus tá patrún soiléir le feiceáil.
patrún soiléir clear pattern
" Cuir ainmneacha Sheenagh McMahon, muintir Ghallchóir as Baile Suingean agus muintir Dhuibhir as Ard an Rátha leis an liosta sin agus tá patrún soiléir le feiceáil.
ar an phatrún comhlárnach casta on the complicated concentric pattern
" Ba é an t-ealaíontóir ríomhghrafaice Robert Dixon a rinne an gearán seo leis, ag rá go bhfuil an saothar a rinne Hirst go huile is go hiomlán tógtha ón phíosa líníochta dubh agus bán, *True Daisy,* a rinne seisean agus a d’fhoilsigh Penguin i leabhar i 1991 Tháinig an píosa conspóideach líníochta seo ó staidéar a rinne Dixon ar an phatrún comhlárnach casta atá le feiceáil i lár nóinín, patrún atá difriúil le haon phatrún eile cosúil leis a bheadh coitianta san ealaín nó san ailtireacht.
patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, the pattern of the design of the floor of Chartres Cathedral in France,
" Creideann cuid de na saineolaithe gur áis súgartha go bunúsach a bhí ann, cosúil le go leor lúbraí eile - sórt stuara siamsaíochta meánaoiseach – ach tá sé tugtha faoi deara ag daoine eile go bhfuil patrún an lúbra seo an-chosúil le patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, agus is eol dúinn gur mar áis aithrí a d’úsáidtí patrún an urláir sin.
leis an seanphatrún a leanúint to follow the old pattern
" Is rud gearrshaolach agus leochaileach é lúbra den chineál seo, a mbíonn daoine ag siúl air, ach tá féar curtha againn a bhíonn in úsáid ar na páirceanna móra peile sa tír agus cuideoidh sin le saol níos faide a thabhairt dó – é sin agus na cuairteoirí a gcuid buataisí móra siúlóide a fhágáil sa bhaile!” D’oibrigh grúpa pobail áitiúil i dteannta leis an chomhairle contae agus English Heritage leis an seanphatrún a leanúint agus na síolta úra féir a chur.
té a bhfuil súil ina cheann, tuigfidh sé is there a pattern here
" i mí Lúnasa, mhaígh teaghlach Caitliceach go ndearna an PSNI mórshiúl mídhleathach dílseachta "a chomóradh" a fhad lena dteach; An té a bhfuil súil ina cheann, tuigfidh sé.
Friotal speech pattern/type
" Friotal agus Seifteanna Trí chur síos beoga agus insint shoiléir an tráchtaire raidió, bhí an t-éisteoir in ann an cluiche a ‘fheiceáil’ ina intinn.
deilbh pattern
" Chonaic mé fís de Margaret Wertheim ag caint ag TED anuraidh, 2009, faoin mbealach ar bhain sise úsáid as cróise chun deilbh agus fás coiréil a thaispeáint.
ghnásanna an tromlaigh majority behavior patterns
" Ní mheasaim go bhfuil aon ní i bPlana Gàidhlig Riaghltas na h-Alba a éascódh an caidreamh casta sin idir pobal na teanga mionlaithe agus meicníocht riaracháin na tíre a bhíonn ag freastal don chuid is mó ar ghnásanna an tromlaigh.
gréasáin patterns
" Leis an méid sin faisnéise féin, bhí mé in ann gréasáin nó patrúin a fheiceáil -- agus mionphatrúin nach raibh mé ag súil leo.
athrófar an patrún pattern shall change
" Toghchán Stairiúil ========= Má théann an Lucht Oibre isteach sa bhfreasúra agus cúrsaí rialtais a fhágaint faoi Fhine Gael, athrófar an patrún polaitíochta atá againn sa tír seo: Fianna Fáil ag malartú cumhachta ó am go ham le Fine Gael/An Lucht Oibre agus Fianna Fáil ag filleadh tar éis sosa.
athrófar an patrún pattern shall change
" Toghchán Stairiúil ========= Ní athrófar an patrún polaitíochta atá againn sa tír seo, is é sin, Fianna Fáil ag malartú cumhachta ó am go ham le Fine Gael/An Lucht Oibre agus Fianna Fáil ag filleadh tar éis sosa, mar gheall go ndeachaigh an Lucht Oibre isteach sa gcomhrialtas seo.
patrún á nochtadh a pattern becoming clear
" Bhí pictiúir eile ar na ballaí, iad chomh gránna lena chéile, dubh agus liath agus bagrach, iad ag teacht salach ar mhúrphictiúir eile a léirigh mórtas cine na bProtastúnach - an Titanic, George Best, cath an Somme (tá patrún á nochtadh anseo).
feicim breacnú de línte I see a pattern of lines
" Mo shúile dúnta, feicim breacnú de línte ar dhathanna éagsúla á lúbadh féin isteach ina chéile, ag casadh, ag spraoi, timpeall agus timpeall orthu féin.
an trácht, rithimí na cainte the traffic, patterns of speech
" "Ar na rudaí is mó a thaitin liom faoi Owenvarragh ná go raibh muid ag éisteacht leis an fhíor-Bhéal Feirste, an trácht, rithimí na cainte, an blas, an dá thraidisiún mhóra, chuala muid sin uilig agus is aoibhinn liom an chathair seo, mar sin thaitin an ghné sin liom.
Mhair an patrún seo this pattern continued
" Mhair an patrún seo i rith an chogaidh.
Bhris sé nós agus béascna na mblianta he broke the pattern and the habit for years
" Bhris sé nós agus béascna na mblianta i ndiaidh na hócáide nuair a cheannaigh sé deoch do Bhalor i dtábhairne Doheny and Nesbitts.
Léiríonn nósanna na vótála é seo the voting pattern shows this
" Léiríonn nósanna na vótála é seo agus, de réir Ascherson, léiríonn an comhrá náisiúnta in Albain go bhfuil siad níos dílse don NHS agus don sóisialachas daonlathach ná mar atá boic Londain.