Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlúthcheangal pearsanta strong personal link
" Déantar gach rud ar leibhéal beag agus mar sin bíonn dlúthcheangal pearsanta idir na daoine.
shaibhreas pearsanta personal wealth
shábháilteacht phearsanta personal security
" Roimhe sin, bhí Newton Emerson ag déanamh iarrachta a ainm a choinneáil ceilte, ar mhaithe lena shábháilteacht phearsanta agus lena phost.
ráiteas pearsanta personal statement
" Cé go bhfuarthas Murphy ciontach le linn na trialach chaith an Giúistís Barr fianaise na mbleachtairí Donnelly agus Fahey amach nuair a cruthaíodh go raibh an bheirt tar éis ráiteas pearsanta a athrú.
síniú pearsanta autograph
" Tar éis gach cluiche, d'fhanaimis siar chun bualadh leis na himreoirí agus síniú pearsanta a fháil uathu i leabhair speisialta.
cúntóir pearsanta personal assistant
" Aithníonn cúntóir pearsanta Phádraig Uí Chéidigh in Aer Árann mo ghuth ar an toirt anois.
áirgí pearsanta personal possessions
" Úsáideann sí seanbhraillíní ina taispéantas mar go bhfuil stair ag baint leo agus gur áirgí pearsanta atá iontu.
go pearsanta personally
" Is léir ón méid a deir siad go raibh an-díomá orthu nuair a ligeadh chun bealaigh iad, go speisialta nuair nár chuir Seán Boylan in iúl dóibh go pearsanta go raibh sé le tarlú agus nár thug sé aon mhíniú dóibh.
a thaithí phearsanta her personal experience
" Tá John faoi chúram na seirbhísí síciatracha ó a bhí na seascaidí ann agus is taobh amuigh den ghnáthshaol atá a thaithí phearsanta.
a aidhmeanna pearsanta his personal aims
" Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.
bhuanna pearsanta personal talents
" Is éard atá i gceist leis seo go praiticiúil, dar leis, ná gur ceart don duine feidhmiú de réir a bhuanna pearsanta féin agus na buanna san a fhorbairt an méid agus is féidir.
a uaisleachta pearsanta féin his own personal nobility
" De bharr a uaisleachta pearsanta féin agus toisc gur duine deas é teastaíonn ó lucht leanta Phádraig go mbuafadh sé i gcónaí.
suímh ghréasáin phearsanta personal websites
" Tá na suímh ghréasáin phearsanta ag cuid mhaith ceoltóirí lán de cheol freisin - idir rianta iomlána agus bhlúirí de cheol a thugann deis don éisteoir blaiseadh a fháil air.
sochar pearsanta personal benefit
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
spéis phearsanta personal interest
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an bheirt againn i mbun eagarthóireachta do dhreamanna eile roimhe sin ach theastaigh uainn a bheith ag obair ar leabhair a raibh spéis phearsanta againn féin iontu: leabhair ar ardchaighdeán scríbhneoireachta agus deartha - *Rince ar na Ballaí *le Dermot Somers, mar shampla.
eolas pearsanta personal information
" Níor dhein na paistí sin an fhadhb a réiteach in aon chor - ní raibh iontu ach cláir a bhailigh eolas pearsanta ó ríomhairí agus a sheol ar ais é go dtí an duine a scríobh an clár.
géarchéim phearsanta personal crisis
" Is minic leis gur géarchéim phearsanta i saol duine, ar nós briseadh caidrimh, bás, nó foréigean gnéasach nó fisiciúil sa bhaile, a bhrúnn duine amach ar na sráideanna.
forbairt phearsanta personal development
" Thaitin an bhunscoil go mór léi agus is anseo a leagadh an bhunchloch ó thaobh forbairt phearsanta de.
mo thuairim phearsanta féin my own personal opinion
" Sílim gurb iad na hamhráin dúshraith an cheoil rince agus gurb iad is tábhachtaí, dá bhrí sin! B'fhéidir nach n-aontódh go leor daoine liom faoi sin ach sin mo thuairim phearsanta féin.
neamhspleáchais phearsanta personal independence
" Ach, os a choinne sin, is treise muid ó thaobh oideachais agus neamhspleáchais phearsanta.
a fhealsúnacht phearsanta his personal philosophy
" " Luaim leis an Uasal Whitaker go bhfeictear dom gurb é a fhealsúnacht phearsanta ná dearcadh dearfach a bheith ag duine fiú agus é i ngleic le fadhbanna móra.
rúnaí pearsanta private secretary
" 50 san uair, i gcuid de na comhlachtaí príobháideacha, mar shampla, nó má bhíonn tú ag obair mar rúnaí pearsanta san earnáil phoiblí.
friotal pearsanta personal expression
" An t-údar a roghnaíonn na focail a chuirtear os comhair an léitheora, agus cuireann friotal pearsanta sin an údair dhá chuspóir i gcrích ag aon am amháin.
cúntóir pearsanta personal assistant
" Bhí mise ag obair mar fháilteoir agus ag cuidiú le cúntóir pearsanta an stiúrthóra bainistíochta.
turas polaitiúil agus pearsanta political and personal journey
" San agallamh seo le **Robert McMillen**, cuireann sí síos ar an turas polaitiúil agus pearsanta a rinne sí ó Ghaoth Dobhair go hallaí na cumhachta i mBeal Feirste.
uimhir aitheantais phearsanta Personal Identification Number
" Nuair a bheidh na cártaí nua seo in úsáid chun earraí a cheannach i siopaí, beidh ar dhaoine gléas beag a úsáid chun a n-uimhir aitheantais phearsanta a ionchur in áit admháil a shíniú.
shonraí pearsanta personal details
" Is cuimhin liom go raibh na cearthaí orm sa chéad cheacht in ardrang na scoile samhraidh nuair a iarradh orm mo shonraí pearsanta a mhíniú, ach ba ghrúpa an-bháúil é agus, sul i bhfad, bhíos ag baint an-taitnimh as an gcaidreamh.
in onóir a ghaiscígh phearsanta féin in honour of his own personal hero
" Ach bronnadh Gradam Mór na gCluichí Cainte ar Bhalor na Súile Nimhe é féin as an amhrán a chum sé in onóir a ghaiscígh phearsanta féin, Charlie Hee Haw, Taoiseach Éireann uair dá raibh.
Eagraithe pearsanta boise personal digital assistants, PDAs
" " Trealamh eile atá sa rannóg seo ná: "Eagraithe pearsanta boise.
ar son saoirse pearsanta for personal freedom
" Ní chaitheann Kiron féin tobac - dúirt sé go raibh sé ag labhairt ar son saoirse pearsanta.
riachtanais phearsanta personal needs
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
a cúntóir pearsanta her personal assistant
" Is léir go bhfuil Goggin gnóthach nuair a chasaim léi toisc go meabhraíonn a cúntóir pearsanta dom nach mbeidh ach leathuair an chloig agam léi.
brí phearsanta personal meaning
" Tá sé tábhachtach go mbeadh tú in ann brí phearsanta a bhaint as na focail agus as an scéal, le brí cheart a chur san amhrán.
ionsaithe pearsanta personal attacks
" Ní dhéanaim ionsaithe pearsanta ar dhaoine, ach déanaim struchtúir nó eagrais a cháineadh má fheictear dom go bhfuil gá lena leithéid.
ag críochnú a gcuid tionscadal pearsanta finishing their personal projects
" Le roinnt seachtainí anuas tá mic léinn an Dioplóma i Scileanna Raidió ag críochnú a gcuid tionscadal pearsanta agus ag gabháil amach ar thaithí oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le stáisiúin eile raidió.
d’uaillmhianta pearsanta your personal ambitions
" Agus cé acu captaen ar stáisiún póilíní aitiúil tú nó ball de choiste scoile nó de choiste áitreabhach nó duine atá ag iarraidh páirc imeartha a thógáil i do chomharsanacht do do pháistí, caithfidh tú féachaint níos faide ná d’uaillmhianta pearsanta agus caithfidh tú do pháirt a imirt.
naisc phearsanta personal links
" I ndomhan ina bhfuil fuadar faoi dhaoine agus gan faill acu naisc phearsanta a dhéanamh i gceart, cé gur bhreá leo a leithéid, cuireann seirbhísí déanta coinní ar líne modh ar fáil do dhaoine le teacht ar chéile - agus ní gá dóibh dul chuig na háiteanna a dtéadh daoine roimhe seo (beáir, mar shampla) chun é sin a dhéanamh.
taithí phearsanta personal experience
" " * Agus tá taithí phearsanta ag Brian ar an dímheas a caitheadh ar chaomhnóirí chultúr saibhir ceoil na hÉireann.
cúram pearsanta personal attention
" Ní thógtar ach cúig dhuine dhéag ar an gcúrsa le bheith in ann cúram pearsanta a dhéanamh de gach mac léinn.
cúram pearsanta personal attention
" Ní thógtar ach cúig dhuine dhéag ar an gcúrsa le bheith in ann cúram pearsanta a dhéanamh de gach mac léinn.
fhinné pearsanta personal witness
" Le cúig bliana is fiche anuas tá sé ag obair sa Mheánoirthear mar fhinné pearsanta ar an uafás, an daonnacht, an mhire agus ar lúcháir an réigiúin chorraigh seo.
as a dtaithí phearsanta ar an angar sóisialta from their personal experience of social want
" D'éirigh an chásmhaireacht shóisialta a bhí acu as a dtaithí phearsanta ar an angar sóisialta i Learpholl agus in Albain," a dúirt sé leis an slógadh taobh amuigh de Halla na Cathrach tar éis na paráide.
iasacht phearsanta personal loan
" É sin nó iasacht phearsanta a fháil ón bhanc leis na fiacha creidmheasa a ghlanadh.
i gcúinsí pearsanta duine in a person's personal circumstances
" Thig le hathruithe i gcúinsí pearsanta duine a chuid caiteachais a chur bun os cionn agus tá sé rífhurasta airgead a fháil ar cairde, bíodh sé ó na hinstitiúidí airgeadais nó ó iasachtóirí neamhscrupallacha na cúlsráide.
teagmháil phearsanta personal contact
" Is í an teagmháil phearsanta agus meas a bheith ag daoine ar a chéile na gnéithe is tábhachtaí san obair seo.
teagmháil phearsanta personal contact
" Le linn an chluiche bhí teagmháil phearsanta an-trom agus láidir i geist idir imreoirí, rud atá coitianta go leor, le fírinne, ach níos mó ná uair amháin bhí doirne á gcaitheamh, geansaithe á dtarraingt, daoine á mbrú agus á leagadh le linn na himeartha agus nuair nach raibh an imirt ar bun.
cumarsáid phearsanta personal communication
" Tá tú in ann plé agus cumarsáid phearsanta a dhéanamh leis na páistí.
impleachtaí pearsanta personal implications
" Bheadh sé chomh maith acu a rá nár bhain na ciorcláin ach le comórtais a reáchtáladh ar an Luan agus an Mháirt! Ach bhí impleachtaí pearsanta ann fosta mar go bhféadfadh sé gur diúltaíodh ardú céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh a raibh Gaeilge acu mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais.
meigeafón pearsanta na bunaíochta nua dúchasaí the personal megaphone of the new native establishment
" Ba é an *Irish Times* meigeafón pearsanta na bunaíochta nua dúchasaí – Cumann na nGaedhal.
taithí phearsanta personal experience
" I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.
seachas taitneamh pearsanta apart from personal enjoyment
" Ach creidim go raibh cúis eile, seachas taitneamh pearsanta, a thug ar Chathal ithe sna bialanna ba dhaoire i bPáras, na léinte ba dhaoire i bPáras a cheannach agus cónaí i dteach mór.
ní bheidh puinn den chonspóid phearsanta there won't be any personal controversy
" Murab ionann is Cathal Ó hEochaidh, ní bheidh puinn den chonspóid phearsanta curtha i leith Bertie nuair a bheas a mharbhna á scríobh.
nach ngéillfeadh sé don ghéarleanúint phearsanta that he wouldn't give in to the personal persecution
" D Martin Cullen, An tAire Iompair: Rinne sé brachán bocht den aireacht dheireanach a bhí aige ach seans gur choinnigh an Taoiseach sa Chomhaireacht é lena léiriú nach ngéillfeadh sé don ghéarleanúint phearsanta a rinne cuid de na meáin chumarsáide air faoi Monica Leech.
ár ngríosú chun sprionlaitheachta pearsanta inciting us to personal stinginess
" É ar theilifís ár ngríosú chun sprionlaitheachta pearsanta agus chun srian a chur ar ár n-éilimh phá.
le fóirstean do shaol pearsanta duine aonair to suit the personal life of an individual
" Gan amhras, is tionscadal suimiúil é seo, tionscadal a osclaíonn amach romhainn féidearthachtaí iontacha maidir leis an teicneolaíocht dhigiteach agus an ealaín, ach is é an cheist mhór a ardaíonn sé ná an ealaín é seo nó cluiche intleachtúil de chineál éigin? Cé gurb iontach an rud é go bhfuil muid anois ábalta ealaín a bheith againn atá cruthaithe go speisialta le fóirstean do shaol pearsanta duine aonair agus don ghiúmar ar leith atá air ag an am, an gcuidíonn an cineál seo ealaíne linn tuiscint níos fearr a fháil ar an saol sin nó athrú chun feabhais a dhéanamh air? Cad é faoin ealaín a chuireann dúshlán romhainn agus a spreagann mothúcháin úra ionainn nó a chuireann ar bhealach suntasach leis an léargas atá againn ar an saol atá thart timpeall orainn? Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
dúshláin phearsanta personal challenges
"dúshláin phearsanta á gcruthú ag HD do dhaoine freisin: toisc go mbíonn cuma níos soiléire ar gach rud, bíonn ar aisteoirí agus léitheoirí nuachta a bheith níos cúramaí lena smideadh agus gach goirín a cheilt go cúramach! Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
Cad faoi nithe pearsanta? What about personal things?
" Cad faoi nithe pearsanta? Bhuel, ba bhreá liom mo chaighdeán aclaíochta a ardú go suntasach – ar nós thromlach an daonra! Roinnt meáchain a chailliúint, éirí as caife a ól, ceithre lítear uisce a ól gach lá agus díriú ar bhia níos folláine ar nós torthaí agus glasraí.
Scéal pearsanta a personal story
" Scéal pearsanta agus scéal náisiúnta fite fuaite ina chéile.
ina rianaíonn sé a thuras pearsanta in which he marks out his personal journal
" Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte unfair physical contact
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
a gcuid mionsonraí pearsanta their personal details
" Cuireadh in iúl do níos mó ná céad duine go raibh siad i mbaol, go raibh a gcuid mionsonraí pearsanta i seilbh an UVF.
gnó príobháideach pearsanta private personal business
"gnó príobháideach pearsanta Bhertie Uí Hernia dá scrúdú ag binse fiosraithe Mahon i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chomh maith le cúistiúnacht Chathail Mhic Coille ar *Morning Ireland*, ach tá Balor i ndiaidh iniúchadh dian domhain dá chuid féin a dhéanamh ar ghnó roinnt de na daoine eile i saol na polaitíochta, agus níl binse fiosraithe ar bith ina shuí maidir leis na cásanna siúd.
maoin phearsanta personal wealth
" Is é Mitt Romney an t-iarrthóir is saibhre sa rás uilig, agus maoin phearsanta idir $500 agus $600 milliún aige, ach arís ní oirfeadh sé do chosmhuintir a pháirtí mar gur Mormannach é.
na luachanna pearsanta seo these personal values
" ” Cumann Lúthchleas Gael Deir Peter gur fhoghlaim sé na luachanna pearsanta seo ón mbaint atá aige ar feadh a shaoil le Cumann Lúthchleas Gael (CLG).
taithí phearsanta personal experience
"taithí phearsanta ag Peter ar ghalar an tseicteachais.
ina shaol pearsanta agus in his personal life
" **An bob a buaileadh ar shaol na healaíne**Cuireadh céad síol na caimiléireachta i dtosach sa bhliain 1985 nuair a chuir Myatt, a bhí ag streachailt le go leor fadhbanna ina shaol pearsanta agus é ag iarraidh a pháistí a thógáil ina aonar, fógra san iris aorach Private Eye.
a gcuid tuairimí polaitíochta pearsanta féin their own personal political opinions
" Glacann Devenny leis go bhfuil a gcuid tuairimí polaitíochta pearsanta féin acu ach tá go leor rudaí i gcoitinne acu fosta.
ina saol pearsanta in her personal life
" Ach pé deacrachtaí a bhí ag an bPolannach seo ina saol pearsanta san am atá caite tá an chuma ar chúrsaí gur ó neart go neart a rachaidh a saol gairmiúil as seo amach.
dialann phearsanta nó pholaitiúil a personal or political diary
" Is éard is *weblog* nó blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann.
caidrimh phearsanta personal relationships
" Ní haon ionadh ach an oiread go bhfuil a shaothar breac le fadhbanna grá, teip an ghrá, agus, níos uaigní fós, cé acu an bhfuil caidrimh phearsanta neamhfhéideartha sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta sin agus cé acu an maireann saoi an cheamara ansin.
chuathas i mbun ionsaithe pearsanta personal attacks were initiated
" Ach nuair a thaispeáin go leor pobalbhreitheanna eile gurbh fhearr le muintir na tíre Kevin Rudd ná John Howard mar phríomh-aire, chuathas i mbun ionsaithe pearsanta ar cheannaire nua an fhreasúra.
saol pearsanta personal life
" Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá a bhí íocónach agus tragóideach, leithéidí Elvis Presley, Marilyn Monroe agus Jim Morrison, tá daoine ag léiriú spéis ollmhór inti go fóill – ina saothar agus sa saol pearsanta a chaith sí leis an fhile Ted Hughes sular chuir sí lámh ina bás féin.
go pearsanta personally
" Ní fhaigheann sí pioc codlata roimh chluiche mór!”Ar ócáid eile, thug comhlacht spóirt éigin bróga peile do gach ball d'fhoireann Átha Cliath, ach fuair Mick bróga difriúla go pearsanta ó chomhlacht eile fosta.
bunaithe ar thaithí phearsanta. based on first hand experience.
" Tá a thuairimí maidir le coimhlintí éagsúla agus maidir le huafás na cogaíochta bunaithe ar thaithí phearsanta.
Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, it is difficult not to have an affection for Myers on a personal level
" Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, cé go n-easaontóinn féin le cuid dá thuairimí.
sonraí pearsanta. personal details
" Tá a fhios ag 25 milliún duine i Sasana nach féidir a bheith céad faoin gcéad cinnte go mbeidh aon eagraíocht cúramach lena gcuid sonraí pearsanta.
scéal pearsanta personal story
" Bhuail mé léi cúpla lá i ndiaidh na comhdhála agus chuir a scéal pearsanta an ghné éagórach den phróiseas in iúl dom.
ionsaí pearsanta gnéasaíoch a sexist and personal attack
" Mar gheall air sin, rinne sean seanadóir de chuid an Pháirtí Liobrálaigh, Bill Heffernan, ionsaí pearsanta gnéasaíoch uirthi anuraidh.
níos pearsanta more personal
" Tá súil agam nach mbeidh eolas níos tábhachtaí agus níos pearsanta – ar nós cúrsaí sláinte nó airgeadais – i gceist má tharlaíonn scannal eile atá bainteach le seirbhísí idirlín a bheith ag roinnt eolas príobháideach a gcuid úsáideoirí le fógróirí.
rudaí pearsanta personal things
" ” Ar mhíbhuntáiste é a bheith ag scríobh beathaisnéise duine a raibh oiread aithne aige air? An raibh air rudaí pearsanta a fhágáil ar lár? “Beagán, bhí.
Albam an-phearsanta atá ann it is a very personal album
" Albam an-phearsanta atá ann agus is cinnte gur seó an-phearsanta a bheas i gceist sna ceolchoirmeacha.
saol pearsanta personal life
" "* Tá rudaí eile sna boscaí a bhaineann go dlúth le saol pearsanta Warhol – na leabhair a bhí á léamh aige sular bhfuair sé bás in ospidéal i Nua-Eabhrac sa bhliain 1987, cuir i gcás.
réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta personal property
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo regarding the personal view of this writer
" Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo.
pearsanta personal
" Is rud thar a bheith pearsanta é creideamh.
sonraí pearsanta personal details
" Cuirtear sonraí pearsanta an íospartaigh sin ar liosta na n-amadán nó, ar “*suckers list'*”, mar a thugann siad air, agus gheobhaidh sé cuid mhór litreacha agus scairteanna gutháin as sin amach; níos mó ná céad scairt sa tseachtain i gcásanna áirithe.
dá suaimhneas pearsanta to their peace of mind
" Go minic, cailleann daoine an t-airgead atá acu i dtaisce, agus déantar damáiste dá sláinte agus dá suaimhneas pearsanta dá bharr.
ag scríobh go pearsanta writing personally
" Beimid ag scríobh go pearsanta chuig gach scairshealbhóir an tseachtain seo chugainn.
Go pearsanta, personally
" Spreagann an ráiteas sin an chéad cheist eile: an bhfuil an locht ar an nuachtán féin? An amhlaidh nach bhfuil an táirge maith go leor chun go mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach? Go pearsanta, is breá liom cuid de *Lá Nua*: an dearadh ildaite agus tarraingteach; na colúin pholaitiúla le leithéidí Sheáin Uí Thuairisg; an podchraoladh laethúil, na colúin a scríobhann Conn Ó Muíneacháin ar chúrsaí blagadóireachta agus Idirlín; an deis a thugtar d’iriseoirí óga dála Mheadhbh Ní Eadhra; leideanna gnó Mháirtín Uí Mhuilleoir.
achainí phearsanta personal petition
" Dhiúltaigh Prionsa Seoirse na Gréige d’achainí phearsanta a rinne O’Connor leis – dúirt sé, go searbhasach, go dtiocfadh le lúthchleasaithe na hÉireann dul in iomaíocht faoina mbratach féin nuair a bheadh a rialtas féin acu.
pearsanta personal
" Dúirt sí liom gur chuir sé isteach uirthi go raibh uirthi labhairt faoi ábhar thar a bheith pearsanta os comhair an chriú mhóir – iriseoir, ceamaradóir, fear fuaime agus léiritheoir.
a dtaithí phearsanta their personal experience
" Phléigh na hionadaithe a bhí i láthair a dtaithí phearsanta i leith na gcúrsaí seo.
Tionscadal pearsanta personal project
" Tionscadal pearsanta de chuid Phríomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, ab ea í, agus bhí an t-imeacht ar siúl i dteach na parlaiminte náisiúnta.
tuairimí pearsanta personal opinions
" Tá sé de cheart ag Iris Robinson – agus ar dhóigh amháin, tá sí le moladh mar gur thosaigh sí díospóireacht ar an cheist – a tuairimí pearsanta a bheith aici.
taithí phearsanta personal experience
" Níor chuir na drochstaitisticí seo iontas orm mar tá taithí phearsanta agam ar iompar na Roinne Comhshaoil (c.
leathnaigh phearsanta personal pages
" Tá sé beagáinín cosúil le YouTube, ach tá leathnaigh phearsanta i gceist.
chúntóir pearsanta personal assistant
" Cheap CFD de Haes mar chúntóir pearsanta don phrionsa.
pearsanta personal
" *CMA: Sea, tá na fiacha pearsanta sin i gceist, ach ag an am céanna, níl oiread fiach poiblí ann is a bhí le linn na n-ochtóidí?* DMW: Tá an ceart ar fad agat.
mo thaithí phearsanta my personal experience
" "Tá sé bunaithe ar mo thaithí phearsanta in Ard Eoin sa bhliain 1969 nuair a fuair muid foláireamh de chúig bhomaite dhéag sular chuir na dílseoirí ár dteach trí thine.
sochar pearsanta personal benefit
" An féidir a rá go bhfuil sé sin ag tarlúint faoi láthair? Seans gur lig an t-iar-Thaoiseach an cat as an mála san agallamh úd le Bryan Dobson mar is léir i go leor cásanna go gceaptar baill bhoird mar gheall ar a gcairdeas le hAirí Rialtais agus go n-amharctar ar cheapachán mar ghar polaitiúil inar féidir sochar pearsanta nó brabach a bhaint as.