Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pearsantacht personality
" Athraíonn pearsantacht daoine go hiomlán go minic agus iad ar an raidió.
pearsantacht personality
phearsantacht personality
" Tá 15 rian ar an diosca seo agus a phearsantacht fágtha ag Dinny ar chuile cheann acu.
staidéar pearsantachta personality study
"staidéar pearsantachta déanta ag Curran ar na tógálaithe - fir mhóra, leathana, a n-aghaidh ag taispeáint meascán den bhród, den ghreann agus den amhras, a gcraiceann dearg leis an aimsir agus leis an sclábhaíocht.
d'athródh mo phearsantacht go mór my personality would change greatly
" Dá bhfanfainn ann, d'athródh mo phearsantacht go mór dá bharr agus an duine a dhéanfaí díom, ní dóigh liom gur mhaith liom an duine sin in aon chor.
phearsantacht personality
" Tá an bhéim ar fad ar phearsantacht na gceannairí ar bhealach a chuirfeadh toghchán Meiriceánach i gcuimhne duit.
a bpearsantachta of their personality
" I ndiaidh uair an chloig iontach pléisiúrtha a chaitheamh ina gcuideachta, shiúil mé amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt neamhairde ar an bháisteach mar go raibh teocht Mheicsiceo agus a bpearsantachta liom go fóill.
pearsantacht personality
" Le bás Derek Bell cuireadh ina thost go deo pearsantacht agus ceoltóir tábhachtach i saol an cheoil in Éirinn.
pearsantacht personality
" Is duine é an Céideach a bhfuil pearsantacht láidir aige agus atá féinmhuiníneach amach is amach, rud a mbeifeá ag súil leis i gcás duine a bhfuil an oiread sin bainte amach aige ina shaol go dtí seo.
phearsantacht personality
" Sin an fáth ar dhírigh Fianna Fáil a bhfeachtas toghchánaíochta ar phearsantacht an Taoisigh.
pearsantacht personality
" " Maidir le fadhbanna Bharra an Teampaill, is é tuairim McLaughlin go bhfuil cúpla pearsantacht ag an áit - braitheann sé ar an gcuid den cheantar ina bhfuil tú agus ar an am, a deir sé.
pearsantacht an údair the author's personality
" "An lorg a fhágann pearsantacht an údair ar a shaothar" an dara gné atá i gceist aigesean (*Litríocht agus Léitheoireacht* (1973), lch 21) ach níl ansin ach cuid de, dearcadh amháin ar an litríocht, cé gur slán an deighilt aige í.
dá phearsantacht féin of his own personality
" Tá aonaracht uafásach le brath ina chuid carachtar, aonaracht a thuig Hopper agus a bhí mar chuid dá phearsantacht féin.
pearsantacht personality
" Ach cé go bhfuil cumhrán an ealaíontóra ag spalpadh amach aisti, ní airíonn sí é mar chuid dá pearsantacht.
phearsantacht personality
" Chomh maith leis an tiún a bheith i láthair, is ceart do phearsantacht an duine féin a bheith ann freisin, go pointe éigin.
phearsantachta personality
" Is amhlaidh go ndeir daoine anois nach n-aithníonn siad mé ó thaobh mo phearsantachta de.
a bpearsantacht a léiriú to show their personality
" 1395-1441), a chuir tús leis an Scoil Phéintéireachta Phléimeannach agus an duine a thug teicnicí péintéireacta ola chun foirfeachta; Rogier Van Der Weyden (1400-64), a rinne staidéar ar dhaoine cráifeacha inár éirigh leis a bpearsantacht a léiriú; Hieronymous Bosch (1450-1516), ealaíontóir eile a rinne staidéir chráifeacha ach a raibh teachtaireachtaí dorcha fáthchiallacha taobh thiar díobh; agus Pieter Bruegel Sinsear (1525-69), a d’úsáid tírdhreacha na hOllainne agus saol mhuintir na tuaithe mar amhábhar a chuid pictiúr.
do phearsantacht féin your own personality
" Tá smacht agat ar cé hiad na cláracha atá tú ag iarraidh a bhrú agus tá cead agat do phearsantacht féin a chur i láthair.
ina phearsantacht in his personality
" ” Is de bhunadh na hÉireann é an t-amhránaí Sasanach Morrissey, agus tá breis is scór bliain caite ag daoine ar fud na cruinne, idir Éireannaigh agus eile, ag cur an-suime ina chuid amhrán, ina phearsantacht agus fiú sa chor is lú a chuireann sé de.
pearsantacht dá cuid féin its own personality
" Ach chaithfeadh fuaim álainn a bheith aici don cheoltóir freisin, sin an rud is tábhachtaí ar fad agus, dar ndóigh, pearsantacht dá cuid féin a bheith aici.
pearsantacht shéimh gentle personality
" Duine éirimiúil ab ea é a raibh pearsantacht shéimh aige.
pearsantacht réchúiseach laid-back personality
" Scéal amháin a léiríonn pearsantacht réchúiseach Mick ná go ndúirt Kevin Heffernan le foireann Átha Cliath, roimh chluiche ceannais na bliana 1979, go raibh táibléid ar fáil ó dhochtúir na foirne do dhaoine a raibh deacrachtaí codlata acu ar oícheanta roimh chluichí móra.
pearsantacht ait strange personality
" Bhraith daoine go raibh pearsantacht ait agam agus níor thaitin mo bhlas aisteach leo ach an oiread.
an phearsantacht, the personality,
" Bhí ciúnas iomlán ann agus éisteadh leis agus dúirt sé an t-amhrán agus bhí chuile dhuine faoi dhraíocht aige, ní hamháin ag an gcumas amhránaíochta nó fonnadóireachta a bhí ann, an glór faoi leith sin a bhí aige ach chomh maith leis sin an phearsantacht, go raibh sé i gceannas.
pearsantacht personality
" Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le pearsantacht an duine agus léiríonn eachtraí áirithe le seachtainí beaga anuas go mbíonn cuid mhór daoine sásta maithiúnas a thabhairt d’ionadaithe tofa as réimse leathan peacaí a bheith déanta acu – a fhad is go dtaitníonn na hionadaithe sin leo.
pearsantacht personality
" Bhí sé ag iarraidh cuid bróg Christy a líonadh, rud a bhí fíordheacair, mar go bhfuil pearsantacht chomh láidir sin ag Christy ar an stáitse.
Pearsantacht thur dull personality
" ***Míbhuntáistí:* **Pearsantacht thur atá aige agus é éirithe giota beag sotalach le tamall anuas.
Pearsantacht bhorb agus ghrod aige he has a harsh and abrupt personality
" ***Míbhuntáistí:*** Pearsantacht bhorb agus ghrod aige agus is cinnte nach mbeidh scileanna taidhleoireachta Ahern aige agus é i mbun cainteanna leis na pairtnéirí sóisialta.
a pearsantacht ghealgháireach her cheerful personality
" ***Buntáistí:*** Seans go mbeidh Cowen ag súil go mbeidh a pearsantacht ghealgháireach mar chúiteamh ar a easpa carasma féin.
a phearsantacht lách. his kind personality.
" **Buntáistí**: A chúlra dlí mar abhcóide agus a phearsantacht lách.
fhorbairt nádúrtha na pearsantachta the natural development of one’s personality
" Uaireanta is féidir le hoideachas ardléinn cur isteach ar fhorbairt nádúrtha na pearsantachta.
aithint mar phearsantacht eile recognise as another personality
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
leis na tréithe pearsantachta agus intinne to the personal and mental traits
" Bhain formhór na dtuairiscí a léigh mé níos mó le carachtar an fhir agus leis na tréithe pearsantachta agus intinne a bhain leis ná le pé cur chuige, nó le stíl imeartha, a chuir sé chun cinn lena chuid foirne.
Ba bheag fairsinge a bhain lena pearsantacht her personality was short in amplitude
" Ba bheag fairsinge a bhain lena pearsantacht dar le Moore, ach creideann sé gur thug sé sin cosaint di le linn a príomhaireachta.
phearsantacht personality
" Níor mhiste leis dá mbeadh Alfa Romeo aige ach, ach an oiread lena phearsantacht stuama sheasmhach, is í praiticiúlacht an bua is mó atá ag a charr.