Pota Focal Intergaelic
par | pár | pea | pear | peer
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
17 faoin chéad 17 per cent
" Faoi 1885, ba dhaoine a saolaíodh in Éirinn 17 faoin chéad d'oibrithe na rannóige saorálaí dóiteáin i Nua-Eabhrac.
70 éigin faoin chéad 70 something per cent
" "Bhí tromlach ag na haontachtaithe ar an Lorgain, 70 éigin faoin chéad.
céad faoin gcéad one hundred per cent
" Is maith liom bheith in ann díriú ar rud amháin céad faoin gcéad.
cilibheart sa soicind kilobytes per second
" Le leathanbhanda, is féidir le húsáideoirí luas atá deich n-uaire níos tapa a fháil ná mar a fhaightear le móideim 56 cilibheart sa soicind (cbss).
in aghaidh gach milliún duine per one million people
" Bíonn timpeall 100 bás in aghaidh gach milliún duine ar bhóithre na hÉireann gach bliain.
in aghaidh an tsuíocháin per seat
" Bíonn scairdeitleáin mhóra níos éifeachtúla ná scairdeitleáin bheaga mar go mbíonn níos lú breosla in aghaidh an tsuíocháin i gceist sna cinn mhóra.
in aghaidh na seachtaine. per week
" Dá ndéanfaí de réir an phróisis, bheadh ar an aire an córas céanna a úsáid le haghaidh eisiúint an chiorcláin inar ordaíodh go mbeadh ar ghaelscoileanna dhá uair an chloig go leith de cheachtanna Béarla a theagasc in aghaidh na seachtaine.
inar nochtaigh 52 faoin gcéad in which 52 per cent revealed
" Foilsíodh pobalbhreith seachtain tar éis an olltoghcháin, áfach, inar nochtaigh 52 faoin gcéad de na rannpháirtithe gurbh é ba chúis le téip an rialtais choimeádaigh ná dlíthe nua maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch.
trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana to produce three shows per year
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
in aghaidh an dalta. per pupil.
" ’ Agus bheadh siad sásta €20 a íoc as in aghaidh an dalta.
in aghaidh an ghalúin. per gallon
" Síleann a cuid cairde go bhfuil sí as a meabhair, ach tá a fhios aici go n-athróidh siad a bport nuair a ardófar praghas an pheitril go $8 in aghaidh an ghalúin.
mílte in aghaidh an ghalúin miles per gallon
" Is éard atá ann ná go léirítear sonraí maidir le hinniúlacht MPG (mílte in aghaidh an ghalúin) na gcarranna go soiléir, is é sin, chomh tíosach is atá siad ar an mótarbhealach agus sa chathair.
in aghaidh an turais per journey
" Roimhe seo, cheannaíteá leabhrán ticéad agus d’úsáidteá ticéad amháin in aghaidh an turais.
laghdú cúig déag faoin gcéad 15 per cent reduction
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
in aghaidh an lae, per day
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis. a region in which 90 per cent of its population identify themselves with Russia
" Tríd is tríd, tugadh neamhaird ar ghníomhartha uafásacha mar seo, agus cuireadh an tSeoirsia bheag i láthair mar íospartach neamhurchóideach sna meáin le linn d’arm na Rúise a bheith ag díbirt fórsaí de chuid na Seoirsia as an Óiséit Theas, réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis.
an t-íobartach per victim
" Meastar go gcosnóidh an £12,000 an t-íobartach, £40 milliún, ach tá an Grúpa Comhairliúcháin ag iarraidh £300 milliún eile leis an obair a chur i gcrích.
an duine per person
" Níor gearradh orainn sa Chelsea ach $100 an duine san oíche.
in aghaidh na bliana per annum
" Cás Jane Harman is ea an sampla is déanaí den ‘chairdeas’ atá ag Iosraeligh don tír a thugann $3 billiúin in aghaidh na bliana agus go leor peorcaisí eile nach é dóibh.
faoin gcéad per cent
" ’ Faigheann an Páirtí Daonlathach beagnach 60 faoin gcéad (35 faoin gcéad i gcás na bPoblachtánach) dá chuid airgead ó Ghiúdaigh atá dígeanta ina dtacaíocht don eite dheis san Iosrael.
sa ló per day
" Comhlíonadh a chasann idir chúthaileacht agus iontas, grá agus fearg, áthas agus díomá, trí nó ceithre uair sa ló ar a laghad.
i gcomhair per
" Ba é seo an cogadh marfach ba mhó i Meiriceá Theas agus áirítear nár fágadh i bParagua ach aon fhear amháin i gcomhair scór ban faoi 1870.
thrí faoin chéad 3 per cent
" Léim an ráta dífhostaíochta ó thrí faoin chéad go hocht déag faoin chéad in achar an-ghairid, ach níor laghdaigh sé ach go mall thar thréimhse de dheich mbliana (Féach léaráid 1).
faoin chéad per cent
" Agus cuirfear iontas ar an bheirt sa tír nach bhfuil a leithéid cluinte acu cheana, agus cuirfear leamhthuirse arís eile ar nócha cúig faoin chéad den daonra agus alltacht ar an leath eile.
an t-alt per article
" (Nach fíor sin a eagarthóir?) As seo amach beidh bhur dtuairisceoir diabhalta ag gnóthú aon chéad cianóg an t-alt, seachas an leathchéad a bhí á fháil aige le fada fada fada an lá.
faoin gcéad per cent
" Cónaíonn tuairim is 40 faoin gcéad de mhuintir na hAstráile sa dá chathair is mó, Sydney agus Melbourne, agus tá cónaí ar beagnach 25 faoin gcéad den daonra sna trí phríomhchathair stáit eile ar an mór-roinn, Brisbane, Perth agus Adelaide.
faoin gcéad per cent
" Níor caitheadh ach tuairim is 75 faoin gcéad de na vótaí ar lá na vótaíochta féin i mbliana mar gheall ar na nósanna vótála thuasluaite.
faoin chéad per cent
" Tá toirt an oighir tuairim's ar 10 faoin chéad níos mó ná toirt an uisce.
faoin gcéad per cent
" Tá 72 faoin gcéad d’fheirmeacha na tíre lonnaithe san abhantrach agus is é ‘babhla bia na hAstráile’ a thugtar uirthi sa Bhéarla.
faoin gcéad per cent
" Foilsíodh torthaí pobalbhreithe go luath tar éis na díospóireachta thuasluaite inar léiríodh go bhfuil 57 faoin gcéad den daonra ar son an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, agus nach bhfuil ach 37 faoin gcéad ina éadan.
sa mhí per month
" Bíonn seisiún ceoil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann dhá uair sa mhí sa teach tábhairne The Moorbrook ansin agus bíonn ciorcal comhrá gach seachtain i dteach Chonchúir Uí Ráinne.
in aghaidh na bliana per annum
" Roghnóimis uimhir, abair €200,000 in aghaidh na bliana, agus bainimis an farasbarr, más ann dó (is ea, é ar fad!), mar cháin ioncaim.
in aghaidh na bliana per annum
" San fheachtas toghcháin a chuaigh thart, gheall Fine Gael go gcruthóidís 20,000 post in aghaidh na bliana sna blianta atá amach romhainn.
in aghaidh an lae per day
" Bhuel le bheith cruinn, caithfidh sé go léann na hiriseoirí seo nuachtán amháin ar a laghad in aghaidh an lae, ní hionann is mó dhála féin.
sa tseachtain per week
" Tá an t-ádh liom má éiríonn liom suí síos le páipéar nuachta uair amháin sa tseachtain.
faoin chéad per cent
" I measc dhaonra na Sé Chontae, is ionann Caitlicigh agus 43 faoin chéad.
in aghaidh na bliana per annum
" Ach ina dhiaidh sin, caithfidh úinéir gunna san Ísiltír ballraíocht a ghlacadh i gclub gunnadóireachta oifigiúil, áit a gcaithfidh sé ar a laghad sé bhabhta traenála a dhéanamh in aghaidh na bliana.
in aghaidh na bliana per annum
" Go nuige seo, táimid tar éis níos mó ná 800 rón a scaoileadh saor agus ar an meán, faighimid níos mó ná 2,000 glaoch guaise in aghaidh na bliana.
faoin gcéad per cent
" Beo ar an Ghaoith ========= Ba é rialtas Lucht Oibre Ramsey Macdonald a ghearr an caiteachas poiblí go fíochmhar, a ghearr 10 faoin gcéad ó thuarastail státseirbhíseach agus 10 faoin gcéad ó liúntais dífhostaíochta.
in aghaidh an duine per person
" Cailltear níos mó airgead ar chearrbhachas san Astráil in aghaidh an duine ná in aon sochaí eile.
faoin gcéad per cent
" Tá tuairim is 200,000 inneall san Astráil anois agus meastar go bhfuil corradh is 20 faoin gcéad de na hinnill cearrbhachais ar domhan sa tír seo.
in aghaidh na bliana per annum
" Cniogadh an Duine, Biseach Chiste an Stáit ================ Cailltear amuigh is istigh ar $10 billiún sna meaisíní cearrbhachais in aghaidh na bliana agus bailíonn rialtais na stát agus na gcríoch sa bhreis ar $4 billiún gach bliain as an gcáin a ghearrtar orthu.
in aghaidh na huaire per hour
" Cháin an Coimisiún go géar na cineálacha fearais ar ar thug siad *high-intensity*, nó ard-dhianas, mar is féidir le himreoirí corradh is $1,500 in aghaidh na huaire a chailleadh iontu.
in aghaidh na bliana per annum
" Glacann an Astráil idir 12-14,000 dídeanaí gach bliain i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe, agus tagann sa bhreis ar 150,000 duine chun na tíre ar inimirce in aghaidh na bliana.
in aghaidh na míosa per month
" Ach cosnaíonn ceann de na cúrsaí seo isteach is amach le 165 euro in aghaidh na míosa – níos mó ná leath an íosphá mhíosúil.
d’aon faoin gcéad of one per cent
" Cúpla lá ina dhiaidh sin thug sé dúshlán cheannairí an Aontais Eorpaigh agus shealbhóirí na mbannaí, agus d’éirigh leis aon ochtú cuid d’aon faoin gcéad a bhaint d’ualach na bhfiach atá ar mhuintir bhocht chráite na tíre seo.
faoin gcéad per cent
" 2 faoin gcéad agus tá ráta an fhéich phoiblí ag 7.
in aghaidh na ráithe per quarter
" Íocann an comlacht corradh le 13,000 yuan (€ 1300) in aghaidh na ráithe le cúrsa Béarla a chur ar fáil do Peter, costas bia agus leaba san áireamh.
níor mhair ach ceann sa gcéad but only one per cent survived
" Cuireadh na milliúin crann, ach níor mhair ach ceann sa gcéad.
faoin gcéad per cent
" Tá líon na gcóálaí ar tír mór san Astráil tite 51 faoin gcéad le trí bliana anuas, de réir an Líonra, agus tá titim de 64 faoin gcéad le sonrú ó cuireadh tús le monatóireacht an Líonra deich mbliana ó shin.
le fógraíocht sin íoc na cliceála to pay per click advertizing
" com) agus a thuig go luath an dlúthbhaint atá ag caitheamh airgid le barrfheabhas inneall cuardaigh agus le fógraíocht sin íoc na cliceála (PPC).
in aghaidh na coicíse per fortnight
" Tá an tae á ól go tráthrialta agam faoin am seo, cupán in aghaidh na coicíse, ach seo an chéad uair a ólaim dhá chupán le linn an aon deasghnátha amháin.
in aghaidh na seachtaine per week
" Thaistil sé fud fad na tíre sin agus ba mhinic 6000 míle in aghaidh na seachtaine á chur de aige agus súil á coimeád aige ar a chuid gnólachtaí.
faoin chéad per cent
" "Cé go raibh tromlach 75 faoin chéad ag Náisiúnaithe Caitliceacha, 75 de na comhairleoirí, b'aontachtaithe Protastúnacha iad.
in aghaidh an teaghlaigh per household
" Faoin Scéim d'íoctaí €260 in aghaidh an teaghlaigh ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigirí ón Roinn.
tré uair an chloig in aghaidh an lae teilifíse one hour of television per day
" Is léir ón dtuarascáil go gceaptar go forleathan in RTÉ go bhfuil an dualgas sin comhlíonta ag an eagraíocht tré uair an chloig in aghaidh an lae teilifíse a chur ar fáil do TG4 agus nach gá a thuilleadh do RTÉ aon chlár Ghaeilge a dhéanamh le craoladh ar a chuid bealaí teilifíse féin.
faoin chéad per cent
" Tá méadú 40,000 ar líon na n-éilitheoirí dífhostaithe le cúig bliain anuas, méadú 17 faoin chéad agus é ag méadú i rith an ama.
in aghaidh na míosa per month
" 99 in aghaidh na míosa gheobhaidh tú an tseirbhís céanna gan fógraí; €9.
a thuilleamh in aghaidh na bliana earn per annum
" Ó mhí Iúil na bliana seo caite, caithfidh duine £18,600 a thuilleamh in aghaidh na bliana sula mbeidh sé in ann sonuachar nó páirtí lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt go dtí an Bhreatain.
uair sa bhiaiste once per term
" Eagraítear Lá Gaelach uair sa bhiaiste agus mar chuid de seo, bíonn deis ag scoláirí agus ag pobal na háite blaiseadh den Ghaeilge a fháil i rang do thosaitheoirí agus i seisiún amhránaíochta.
dhá bhéim in aghaidh an líne two stresses per line
" “Línte gearra, dhá bhéim in aghaidh an líne.
faoin gcéad díobh per cent of them
" Idir 1774 agus 1793 cuireadh 2747 duine isteach sa Teach sin i Luimneach; 51 faoin gcéad díobh ba fir iad, 49% ba mhná iad.
in aghaidh an táirge per product
" ’Sé an tátal atá le baint as an tuarascáil agus as próiseas comhairliúcháin na Roinne ná go gcosnódh sé idir €60,000 agus €80,000 in aghaidh an táirge mar chostas aonuaire bileoga eolais agus lipéidí as Gaeilge a chur ar na cógais.
faoin chéad per cent
" 33 faoin chéad de na daoine a earcaíodh do Státsheirbhís na hIndia le linn na hImpireachta, ba ó ollscoileanna in Éirinn a earcaíodh iad.
in aghaidh na bliana per annum
" I bhfianaise na soghontachta seo a thréithríonn saol is stádas na mban ar imirce, ní dhéanfar iontas de gurb iad mná is cailíní is mó a bhíonn mar íospartaigh ag an ngáinneáil ar dhaoine, tionscal a dtuilleann eagraíochtaí coiriúla na billiúin euro as in aghaidh na bliana.
in aghaidh an lae per day
" “Níl cead agam ach leathchloch a chur suas in aghaidh an lae ar an turas seo.
in aghaidh na bliana per annum
" I gcás thogra Chamuis, mar shampla, maíodh go nginfí oiread aibhléise ón fheirm a bhí molta le soláthar a dhéanamh ar thrí cheathrú de na tithe i gContae na Gaillimhe in aghaidh na bliana.
faoin gcéad de per cent of
" Is le News Corporation de chuid Rupert Murdoch breis is 70 faoin gcéad de nuachtáin na hAstráile.
dó faoin chéad den lucht féachana two per cent of the viewers
" De réir an athbhreithnithe chéanna, ní bhíonn ar an mheán ag TG4 ach timpeall dó faoin chéad den lucht féachana, agus sin le cabhair na gcláracha Béarla agus na bhfotheideal.
sa tseachtain per week
" Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist agus dá bhfeicfí greamán Gaeilge achan charr acu 20 uair sa tseachtain, chiallódh sé go mbeifí ag imirt tionchair ar 40,000 duine níos mó sa tseachtain nó breis is dhá mhilliún uaire in aghaidh na bliana ná mar a tá anois roimh an Oireachtas! Is furasta 'Éire', 'Ná póg mo thóin' nó 'Gaeltacht bheag an carr seo' a thuiscint.
in aghaidh na bliana per annum
" Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist agus dá bhfeicfí greamán Gaeilge achan charr acu 20 uair sa tseachtain, chiallódh sé go mbeifí ag imirt tionchair ar 40,000 duine níos mó sa tseachtain nó breis is dhá mhilliún uaire in aghaidh na bliana ná mar a tá anois roimh an Oireachtas! Is furasta 'Éire', 'Ná póg mo thóin' nó 'Gaeltacht bheag an carr seo' a thuiscint.
in aghaidh an lae per day
" Chuir sé faoi i Hollywood agus d'fháiltigh roimh os coinn fiche cliant in aghaidh an lae; d'oibrigh sé mar chomhairleoir ar roinnt scannán chomh maith.
Ní ghearrfaidh mise ach táille 5% duit I’ll just charge you five per cent of fees
" Ní ghearrfaidh mise ach táille 5% duit as an nod seo.
cóip an duine one copy per person
" Trí dhuais, cóip an duine den leabhar seo ón Ghúm: **An Bata Draíochta** le Irene Ní Mhuireagáin / Fintan Taite.
breise sa bhliain more per annum
" *’ Chaithfí, dar leis, £15 breise sa bhliain a ghearradh ar an cheadúnas teilifíse leis an stáisiún a mhaoiniú: ‘*In present circumstances the inclusion of a recommendation to establish such a service in the Plan would have to be regarded as unrealistic.
an chóip per copy
" Tá sé ráite go poiblí ag léachtóir amháin ar na meáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Aodh Ó Coileáin, gur chosain sé €6 an chóip Gaelscéal a chlóbhualadh.
céad faoin gcéad one hundred per cent
" "Bhí an coincheap iontach, fós féin seasaim céad faoin gcéad leis an gcoincheap.
san uair per hour
" Tá sé ghiar inti agus, ar pháipéar, tabharfaidh sí ó 0 go 100 cíliméadar san uair duit taobh istigh de ocht meandar.
in aghaidh na bliana per annum
" Tá an lipéad ar marthain i gcónaí agus eisítear trí nó ceithre theideal in aghaidh na bliana.
in aghaidh an lae per day
" Anois ghlacann sé timpeall 150 forlíon cothaithe in aghaidh an lae, chomh maith le 6 ceann infhéitheach in aghaidh na seachtaine, rud a ligeann dó a chonair ghastraistéigeach a sheachaint go hiomlán.
in aghaidh na seachtaine per health
" Anois ghlacann sé timpeall 150 forlíon cothaithe in aghaidh an lae, chomh maith le 6 ceann infhéitheach in aghaidh na seachtaine, rud a ligeann dó a chonair ghastraistéigeach a sheachaint go hiomlán.
ar duais an duine a bhí ann if it was a prize per person
" Ní heol domsa ar duais an duine a bhí ann, ach is eol dom gur uaireadóir póca den chéad scoth a bhí sa duais sin.
cúig faoin chéad five per cent
" Cuid de na daoine, tá siad cúig faoin chéad Éireannach, cuid eile, b'fhéidir, 25%.
faoin chéad den iomlán per cent of the entire piece
" Cuid Pháidín de na Téipeanna =========== Cé go measann daoine gur thug Boston College na téipeanna uilig don PSNI, deir Moloney nach bhfuair siad ach agallaimh inar luadh ainm Jean McConville 2 nó 3 faoin chéad den iomlán, dar leis.
in aghaidh na bliana per annum
" Cé a chreidfeadh nuair a thuirling Alcock agus Brown ar an Chlochán sa bhliain 1919 go mbeidh 100,000 eitilt ar fud an domhain gach lá faoi cheann céad bliain (beagnach 37 milliúin eitilt in aghaidh na bliana ar a dtaistealaíonn thart ar 3 míle milliúin paisinéir).
in aghaidh na bliana per annum
" 3% dá leas sóisialach, cuir i gcás, ach nach gcaillfidh lánúin a bhfuil saothrú $180,000 an duine in aghaidh na bliana pingin rua! Bíodh is go bhfuil móramh ag rialtas Abbott i dTeach na nIonadaithe, níl tromlach acu sa teach uachtar agus beidh tacaíocht ó sheisear seanadóirí eile ag teastáil le billí na cáinaisnéise a rith.
cóip sa tseachtain cop(ies) per week
" Díolaíocht na dTréimhseachán Gaeilge: ================== De réir na dtuairiscí, ní raibh de dhíolaíocht ar Ghaelscéal sna siopaí ach thart ar 1,300 cóip sa tseachtain.
in aghaidh na bliana per annum
" 5 míle milliún in aghaidh na bliana é an ola sin do rialtas na Ríochta, ach faigheann Albain íocaíochtaí ar fiú £12 míle milliún iad ón rialtas lárnach.
faoin chéad per cent
" Bhí an tuarascáil i 2008 go dona: as na 59 gnáthóg in Éirinn, bhí stádas ‘maith’ ag 7 faoin chéad acu, stádas ‘uireasach’ ag 46 faoin chéad acu agus ‘drochstádas’ ag 47 faoin chéad acu.
Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad there’s only less than twenty per cent
" Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad de mhuintir na tíre i gcoinne eotanáis thoilteanach, ach tá tionchar as cuimse ag an mionlach seo ar chúrsaí polaitíochta abhus.
seacht déag faoin déag seventeen per cent
" Tá praghas na dtithe tar éis ardú seacht déag faoin déag le roinnt míonna anuas sa Spáinn agus níl aon dóchas ag Carmen Rodríguez go dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo.
in aghaidh na bliana per annum
" Níl aon easpa bia ar an Astrálach agus a shliocht air, a deir Bearnaí Ó Doibhlin, tá $56 billiún á chaitheamh i réimsí leighis in aghaidh na bliana mar gheall ar an ngrá áirithe sin, grá na hailpe.