Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar phinginí with very little money
" Bhíomar ag feidhmiú ar feadh blianta fada ar phinginí agus ar an ngannchuid ó thaobh foirne agus ó thaobh airgead forbartha de.
Bhí na pinginí an-ghann money was short
" Bhí na pinginí an-ghann agus bhí trua agam dom féin.
Tá pinginí agam ar Mojo Mojo owe me some money
" Tá pinginí agam ar Mojo ach níl Joe féin istigh.
pinginí money, pennies
" Tá rud éigin álainn, síochánta agus diamhair fiú, ag baint le folcadán (nó jakuzzi má tá pinginí agus an spás agat!) - solas íseal, boladh coinneal ar lasadh, ceol séimh ciúin ar siúl.
phinginí pennies, pittance
" Tá roinnt siopaí rothair timpeall an Embarcadero inár féidir le turasóirí rothair a thógáil amach ar cíos íseal, agus bhíos lánsasta mo phinginí a íoc le bheith ar ais sa diallait arís.
pinginí rua a pittance
" Ceant na hÉireann ========== Sa stát seo, agus brú airgeadais mór millteach orainn, beidh sé éasca géilleadh don chathú sócmhainní poiblí na tíre a dhíol ar mhaithe leis na pinginí rua, agus tá sé ráite ag Fine Gael, príomhpháirtí an chéad rialtais eile, gurb é sin dúnghaois oifigiúil dá chuid.
ag forbairt teanga le pinginí suaracha develop a language on a pittance
" Tá a fhios ag gach duine atá bainteach le cúrsaí Gaeilge agus le cúrsaí Gaeltachta nach féidir leat a bheith ag forbairt teanga le pinginí suaracha.