Pota Focal Intergaelic
pic | pinc | poc | prioc | íoc
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pioctha go paiteanta chosen well/with care
" Tomhaiste go tuisceanach, pioctha go paiteanta agus leagtha amach in ord a léiríonn tuiscint ar thionchar an cheoil ar an éisteoir.
chomh pioctha as spruced up
" ' Ach bhí fiche nóiméad caite ag tornáil an urláir agam sul má shiúil sí amach as an seomra chomh pioctha le cat siopa.
gach aon phioc every bit
" Níl sé seo amhlaidh d'fhonn is go bhféadfadh an Ghaeilge dul leis an nua-aimsear; tá an Ghaeilge gach aon phioc chomh nua-aimseartha is atá aon teanga eile atá á labhairt, mar gach aon rud atá sa saol atá inniu ann, tá sé á phlé go nádúrtha ag cainteoirí na teangan.
chuile phioc every bit
" Ach ní leor é chun an baol ó Sellafield a mhaolú: tá monarchana eile ar an láthair chéanna atá chuile phioc chomh contúirteach léi, nó níos measa.
aon phioc níos claonta any more biased
" Mar sin féin, ní shamhlóinn go mbeadh sé aon phioc níos claonta ná Sky, ná CNN, ná Fox TV.
aon phioc níos fearr any better
" Déarfadh daoine, mar shampla, 'Tá leathchéad bliain caite againn ag plé le cúrsaí bochtanais san Afraic agus an bhfuil an Afraic aon phioc níos fearr as tar éis an oiread sin oibre agus airgid a chaitheamh?' Tá ana-chuid díospóireachta den tsórt sin laistigh den eagraíocht.
pioc céille any bit of sense
" Ceol Gaelach mo thóin! Bhí Tommy Makem ag fiosrú in ard a chinn "*Will You Go Lassie Go?" *Dá mbeadh pioc céille ag an ghirseach chéanna bheadh sí ar shiúl uaidh blianta fada ó shin.
ar aon phioc difriúil in any way different
" "Níl aon tsocrú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag an Údarás um Ardoideachas agus, i ndeireadh na preibe, níl aon tsocrú ag an rialtas go gcaithfí leis an nGaeilge ar aon phioc difriúil le haon ábhar eile.
pioc níos eolaí any the wiser
" Is deacair, mar sin, a shamhlú go mbeimid pioc níos eolaí agus an fiosrúchán seo thart faoi chlaonpháirteachas idir an IRA agus an Garda Síochána, ná mar atáimid faoi láthair ach ceist eile é an claonpháirteachas idir Arm na Breataine agus dílseoirí paraimíliteacha.
aon phioc níos mó any more
" Ní dóigh liom go bhfuil muid ag athrú an traidisiúin aon phioc níos mó ná mar a d'athraigh an ghlúin a chuaigh romhainn.
pioc maitheasa any good
" Tá rud amháin cinnte: ní dhearna robáil Bhanc an Tuaiscirt pioc maitheasa do thacaíocht ghluaiseacht na poblachta i gcoitinne, ach a mhalairt ghlan.
gach pioc chomh híogair every bit as sensitive
" I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.
táid gach pioc chomh maith they're every bit as good
" An bhfuil tugtha faoi deara ag Ó Coileáin go bhfuil an caighdeán ag dul chun donachta? Na mic léinn is fearr atá ann inniu, “táid gach pioc chomh maith”, dar leis, leis na mic léinn ab fhearr a bhí ann daichead bliain ó shin.
an t-ainm a phiocadh to choose the name
" ***AÓF: ******Cé a smaoinigh ar an ainm Líadan don ghrúpa?***SD: Thóg sé i bhfad orainn an t-ainm a phiocadh! Theastaigh uainn ainm Gaelach a roghnú agus bhí muid ag iarraidh go mbeadh an t-ainm banúil freisin.
a phiocadh to pick
" Antaine Ó Farcháin: Cén t-albam is fearr de cheol nó d'amhránaíocht thraidisiúnta a eisíodh in 2006, dar leat? Terry Moylan: Ó thaobh an cheoil de chaithfinn *The Dusty Miller* a phiocadh agus ó thaobh na hamhránaíochta de thaitin *I Heard a Bird at Dawn* go mór liom.
go bpiocfadh sibh suas í, that you'd pick it up,
" ‘Cheapas féin go bpiocfadh sibh suas í, agus í á labhairt mórthimpeall oraibh,’ a dúirt sé.
níl rudaí pioc níos fearr things are no better
" Oidhreacht Bush Má tá polasaí eachtrach Mheiriceá ag titim as a chéile, níl rudaí pioc níos fearr sa mbaile.
pioc céille any sense
" Bhí an t-amhrán céanna le cloisteáil ó gach aon stáitse; na hamhránaithe ag fiosrú in ard a chinn “Will You Go Lassie Go?” Dá mbeadh pioc céille ag an *lassie* chéanna, bheadh sí ar shiúl blianta fada ó shin.
gach pioc chomh snoite every bit as refined
" Saothar den chineál céanna is ea *Cúpla Focal *agus é gach pioc chomh snoite leis an leabhar eile.
nach bhfuil pioc stuaime ag baint leis, who hasn't got any cop-on
" Is iomaí rothaí nach bhfuil pioc stuaime ag baint leis, gan amhras, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil gach rothaí ciontach as botúin an mhionlaigh.
pioc iota
" Ar ndóigh, níor chuidigh na mórshiúlta pioc le cás na Gaeilge in Stormont.
go raibh pioc inchreidteachta ag baint leis that it was in any way believable
" Má shíleann tú go bhfuil cuma aisteach nó dhochreidte ar an scéal seo, níor shíl muintir áit dhúchais Smith go raibh pioc inchreidteachta ag baint leis ag an am ach an oiread.
bpiocadh picking
" Thart fá bliain go leith ó shin chuir mé deireadh leis an bpiocadh agus an tromaíocht a bhí dírithe orm agus shínigh mé suas le Facebook (nó féach ‘Aghaidhleabhar’ ag muintir Chorcaí).
thaitin an stíl phioctha sin go mór liom I really liked the neat style
" “Is ag éisteacht le blue grass agus rockabilly a bhí mé ag an am ar scríobh mé an ceann beag seo agus thaitin an stíl phioctha sin go mór liom.
Mo chluas a phioc an ceol suas I picked up music aurally
" Mo chluas a phioc an ceol suas ó m'athair agus ansin dheineas staidéar ar an gceol clasaiceach i Scoil an Cheoil i Luimneach.