Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
truacánta piteous
" Is iomaí sin oíche phléisiúrtha a chaith mise agus an rang fealsúnachta ag caibidil Kirkegard truacánta agus Kant leadránach.
rud inteacht truamhéileach something piteous
" Ach tá rud inteacht truamhéileach faoin loch: tá sé scoilte idir an dá phobal, cosúil le hachan áit eile sna Sé Chontae.
truamhéalach piteous
" Tá an cuntas ag Liam Hayes faoin gcaoi inar éirigh seisean as imirt ar son na Mí cineál truamhéalach agus beagáinín ait freisin.
truamhéalach piteous
" Chonaic mé radharc ait, truamhéalach an lá cheana: fear óg, dea-ghléasta ina chnap ar chéimeanna foirgnimh i lár Bhaile Átha Cliath.
Dílseoirí Dílse Truacánta Piteous Loyal Loyalists
" “Ní scliúchas a bhí ann ar an chéad dul síos,” a d’fhreagair Cosantóir na Bearna, “Ní ná scliúchas! Círéib, ionsaí seicteach, forrán fíochmhar ar na Dílseoirí Dílse Truacánta – sin a bhí ann.
an admháil thruamhéalach seo this piteous admission
" B’fhada an admháil thruamhéalach seo ón cheiliúradh mór a rinneadh nuair a d’fhógair Aire Airgeadais an ama, Charlie McCreevy, an polasaí i gcáinaisnéis na bliana 2004.
béic ard, thruamhéalach a loud piteous yell
" Nuair a dúisíodh é agus an comhluadar ag fágáil an tí le dul abhaile, d’oscail sé a shúile, d’ardaigh a chloigeann agus lig béic ard, thruamhéalach as: “Go dtachta an diabhal Schillaci!” Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
toradh truamhéalach piteous outcome
" An teoiric a bhí laistiar den bhfeachtas seo acu ná go rabhadar lándáiríre faoi aidhm an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, agus go ndéana Dia trócaire ar aon ísleachán oifigiúil nár thuig chomh dáiríre is a bhíodar! Teoiric mhaith, toradh truamhéalach uirthi.
truamhéalach piteous
" Chríochnaigh Van Gogh breis is 800 pictiúr agus 700 píosa líníochta le linn an deich mbliana a chaith sé ag obair mar ealaíontóir, agus is truamhéalach agus íorónta an rud é nár éirigh leis ach pictiúr amháin a dhíol i rith a shaoil chráite.
a scéal truamhéalach féin. his own piteous story.
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
truamhéileach piteous
" Stailc an tsalachair Is scannán neamhghéilliúil dorcha é Hunger ina bhfuil saol truamhéileach na bpríosúnach atá ar an ‘Dirty Protest’ mar chúlra do scéal stailc ocrais Bobby Sands (Michael Fassbender) agus a idé-eolaíocht.
thruamhéalach piteous
" Sin é a deirtí, le hosnaíl throm thruamhéalach de ghnáth, agus is dóigh gur mar gheall ar na huaireanta fada a chaitheadh fir óga i hallaí dorcha, faoi cheo deataigh, ag bualadh báilíní beaga daite in aghaidh a chéile ar bhoird ghlasuaithne a bhí lasta ag soilse crochta os a gcionn, a deirtí.
is truamhéalach it's a sad, piteous
" Ar ndóigh, is truamhéalach an fear nó an bhean a chaitheann maslaí agus eascainí i dtreo scáileán na teilifíse le teann feirge agus buile, de dheasca easpa céille agus tuisceana an réiteora, dar leo.
Ba thruamhéalach it was piteous
" Ba thruamhéalach an ráiteas a cuireadh amach gur “comhoibrithe leis an namhaid” a bhí sna fir pizza agus ba shuarach é daoine a mharú in imeacht chomh coitianta sin, ag glacadh le greim gasta.
tuarastal suarach piteous wage
" I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.
suaracha piteous
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
a shuaraí how piteous
" Ní hé a méid a chuirfeadh brón ort ach a dhonacht is a shuaraí is atá an saol iontu.
suarach piteous
" Balor: Bail ó Dhia air mar thuarastal beag baoideach suarach! Ach, inis dom anois cé mhéad de dheontas a fuair tú i mbliana, a eagarthóir.
suarach piteous
" Nuair is in ísle brí ar fad atáim casaim ‘Window To Paris’ le Yuri Mamin (1993) – pléaráca ceart faoi dhornán beag Rúiseach ar féidir leo dreapadh caol díreach isteach i bPáras mealltach na mbrionglóidí trí fhuinneog a n-árasán suarach i gCathair Naoimh Peadar! Mairid idir ganntanas na scuainí vodca sa bhaile agus an rabharta raidhsiúil thar lear.
chomh truamhéileach so piteous
" Ach an bhfuil an pobal aontachtach chomh truamhéileach sin gur tábhachtaí leo an tOrd Oráiste a fheiceáil ag siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh ná smacht a bheith ag a chuid ionadaithe ar chúrsaí póilíneachta agus cirt? Agus an bhagairt atá ag teacht ó easaontóirí Poblachtanacha ag méadú lá i ndiaidh lae, an é an chloch is mó ar a bpaidrín (cor cainte mífhóirsteanach, is dócha) cosa Oráisteacha i gceantracha Caitliceacha? In amanna, cailleann focal nó nath cainte brí má bhaintear barraíocht feidhme as.
bhruachbhaile doilíosach piteous suburb
" ‘Un prophete’ ‘*The Prophet*’ le Jacques Audiard Caitear Arabach óg faiteach ó bhruachbhaile doilíosach éigin, déagóir neamhliteartha, isteach i gcarcar sceonmhar ina bhfuil maifia chrua na Corsaice i réim.
thruamhéalach piteous
" Is dóigh gur fhoghlaim mé ceacht éigin faoi bhás agus bheatha an lá sin, ach ba dheacair dom agus mé im’ ógánach an íomhá thruamhéalach úd den chapall básaithe a chur as mo cheann go ceann achar fada ina dhiaidh.
suarach piteous
" Saol faoi Eagla === Fágann an fhíric aonair sin gur suarach an saol a bhíonn ag roinnt mhaith inimirceach neamhrialta.
díoltas suarach piteous revenge
" Ach cén mhaith an díoltas suarach sin má tá an domhan caillte againn?
scéil shuaraigh piteous matter
" Ach ó thús an scéil shuaraigh seo, theip ar Cowen dul i gceannas ar chúrsaí.
is díol deirce é it’s piteous
" 
An ainnise seo, is díol deirce é dóibh sin atá ag iarraidh táillí uisce a thabhairt isteach ó thuaidh, cás láidir a dhéanamh go bhfuil an t-airgead breise riachtanach le go gcuirfear feabhas ar an bhonneagar uisce.
shlumaí suaracha piteous slums
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
thrúáin éagsúla various piteous cases
" Nuair a léigh Sachs an bunreacht óg chun cearta nua a thabhairt do thrúáin éagsúla - thug sé an vóta do choirpigh, ceart pósadh do lánúin homaighnéasacha, agus seans do mháithreacha imeacht as géibheann ar mhaithe lena bpáistí – ní léir an é cumhacht nó leochaileacht a bhí á tháispeáint aige? Díoltas Cuí Polaitiúil ========== Thaispeáin Sachs réimse ait mothúcháin i rith an ama.
chúng shuarach narrow, piteous
" I seomra beag cúil ar an dara hurlár de theach beag bídeach i gcúlshráid bheag chúng shuarach i dTuaisceart lár na Cathrach Cois Life, a tháinig Balor ar an Choimisinéir Fiacla.
truamhéileach piteous
" Breathnaíonn urlabhraithe an Lucht Oibre truamhéileach ar an dteilifís agus iad ag iarraidh leithscéal a dhéanamh faoi na ciorruithe a bheas á gcur i bhfeidhm acu.
neach truacánta piteous individual
" Cén fáth a bhfuil neach truacánta an phictiúir seo chomh mealltach sin ag daoine agus a spreagann daoine, glúin i ndiaidh glúíne, dáimh a bheith acu leis? Is díol spéise é an oiread tráchtála a bhaineann leis an íomhá seo agus go bhfuil atáirgeadh déanta air in achan dóigh a thiocfadh leat a shamhlú idir thuáillí tae, mhaighnéid cuisneora, phóstaeirí, chupáin agus bhréagáin – pé rud atá uait.
gcábáin suaracha na móstán bréan piteous cabins in smelly motels
" Taistealaíonn an lucht féachana sa suíochán paisnéara leis ar bhóithrí intíre na gcoillte cúil, agus suímid lena thaobh i gcábáin suaracha na móstán bréan, gan de shócúlacht againn ach caochaíl Obama agus Palin ón teilifíseán sa chúinne.
dhearóil piteous
" Is é an Tiarna m’Aoire ========= Ní léir go dtí buaicphoinnte an ghiota seo, nuair a ritheann máthair dhearóil William isteach sa teach chun féachaint air don uair dheireanach ina chónra adhmaid, gur theastaigh ó Milch Deadwood a cheangal le haitheasc síoraí Abraham Lincoln agus é ag glacadh leis an uachtarántacht don tarna uair in 1865.
is dream truamhéalach amach is amach they’re a really piteous group
" Ansin … Nuair a fhéachaim ar mo chomhscríbhneoirí anseo – fir ar fad, níl a fhios agam cár cuireadh na mná – is dream truamhéalach amach is amach a chím.
margadh truachroíoch a dhéanamh le make a piteous bargain with
" Le cabhair óna chara, an rón, tagann sé ar a athair ach chun go ligfí ar ais chuig a theaghlach é bíonn ar Chillian margadh truachroíoch a dhéanamh le Banríon na Maighdean Mara.
bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin they had a foolish, ridiculous, piteous appearance
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar the piteous tale greatly affected
" Dúnmharaíodh Jill Meaghar, arb as Droichead Átha di, in Melbourne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus ba ríléir go ndeachaigh an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar mhuintir na hAstráile, ar mhuintir Melbourne ach go háirithe.
ar shuarachas cleachtaithe an duine of the piteous practices of humanity
" Ach níl aon easpa tuisceana ar shuarachas cleachtaithe an duine ach oiread.
cuireann achan íobartach cráite i gcuimhne duit every single piteous sacrifice reminds one
" cuireann achan íobartach cráite i gcuimhne duit an t-iontas a bhí ar Lady Mac Beth faoin oiread fola is a bhí i sean-Duncan.
an bás is truacánta the most piteous death
" Cothaíonn córas tráchtála an domhain an bochtanas sa taobh den domhan as a sciobtar an t-amhábhar, cothaíonn an bochtanas sin an t-ocras agus cothaíonn an t-ocras sin an bás is truacánta i measc na n-óg is na n-anfann.
Léanmhar agus scanrúil piteous and frightening
"Léanmhar agus scanrúil” a thug sé ar an fhadhb agus "spreagúil" ar na daoine a bhí ag iarraidh theacht i gcabhair ar dhaoine.
Is bocht an teist ar an stát it’s a piteous testament to the state (which hasn’t)
" Is bocht an teist ar an stát nach bhfuil glúin d'intleachtóirí tagtha i méadaíochta le 90 bliain anuas atá in innimh feidhmiú ins an dá theanga oifigiúil atá againn.
de na hiamhbhailte shuaracha a bunaíodh of the piteous townships which were founded
" Tá an chuid is mó de na hiamhbhailte shuaracha a bunaíodh le linn aimsir na cinedheighilte fós ann.
thruamhéalach piteous
" Dá mba thruamhéalach é cás an sclábhaí fir, ba mheasa fós do na mnáibh a gcás siúd.
gruaim thruamhéalach na hinscribhinne the inscription's piteous gloom
" Agus gruaim thruamhéalach na hinscribhinne.
truamhéalach é an tuar a piteous prophecy
" Ceathrú céad ina dhiaidh sin nach amaideach agus nach truamhéalach é an tuar sin.
sprionlaithe truamhéalacha parsimoneous and piteous (figures)
" Taispeántas suntasach é seo ó láimh an dealbhóra Eilbhéisigh Giacometti, a mheabhraíonn duit an neart atá i gcolainn an duine de réir mar a bhí sé samhlaithe ag mórealaíontóirí le linn na hAthbheochana, sa Ré Bharócach agus sa Ré Nuachlasaiceach - agus ag figiúirí sprionlaithe truamhéalacha Alberto Giacometti - atá le feiceail i ndánlann álainn an Villa Borghese.
sa riocht truamhéileach in the piteous position
" B’fhéidir nach feasach dhó go bhfuil géarchéim ann agus go bhféadfadh an náisiún a bheith fágtha, i gceann roinnt bheag blianta, sa riocht truamhéileach nach bhféadfaí a rá go fírinneach go bhfuil an Ghaeilge á húsáid go laethúil mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc an phobail in aon áit sa tír.
ghné de truamhéile na staire a piteous aspect of history
" Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ghné de truamhéile na staire, an bád bán a thug girsí is mná óga, amach as Teach na mBocht, anonn chun na hAstráile.