Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
machairí plains
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
mhachaire plain
" Táim á scríobh seo agus ag breathnú uaim amach ar mhachaire Adelaide i ndeisceart na hAstráile.
mhachairí móra fairsinge great wide plains
" Tagann comhartha an euro anois go súile Kalle nuair a ardaíonn an ghaoth! Tá na muilte seo ar fud mhachairí móra fairsinge Ostfriesland, ag síorshiosarnach agus iad ag ag síneadh i dtreo na bhfaitheas.
machaireacha plains
" Deir Uinsíonn: "Tá ainmneacha ar na machaireacha - *fields* sa Bhéarla - agus ar na carraigeacha thart ar an gcósta uilig.
machaireacha plains
" Ach, cé go gcuirfeadh sé iontas ar dhaoine, le deich mbliana anuas tá machaireacha fairsinge Indiana tar éis baile a chur ar fáil do cheann de na pobail is gníomhaí agus is ilghnéithí i Meiriceá.
mhagh plain
" Ar an mhagh taobh thiar de Chnoc na Riabh, tá grúpa mór tuamaí meigiliteacha atá níos sine fós ná an carn féin.
coitianta plain
" Is teampall deas é a tógadh in 1829, ach tá sé coitianta go leor ó thaobh na hailtireachta de agus ní fiú radharc na réaltaí a scrios ar mhaithe le haird a tharraingt air san oíche.
má ghlas lom a green bare plain
" Téann an bóthar ar aghaidh go dtí má ghlas lom, áit a bhfuil Príosún Aird Mhic Giollagáin, agus ballaí dorrga coincréiteacha thart air.
magh plain
"magh ghlas chothrom ann idir sléibhte agus farraige, agus roinnt mhaith tithe scaipthe thart uirthi.
trasna na má across the plain
" Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu! Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli, siombail den stádas saolta atá ann freisin.
ar mhá fhliuch on a wet plain
" Tá Lucca suite ar mhá fhliuch – tagann a ainm ón fhocal Ceilteach *luk*, a chiallaíonn corcach.
trasna na má across the plain
" Tá an bóthar casta ag dul trasna na má idir carnáin ghéara fhéaracha a chuir an Bhriotáin in gcuimhne dom.
thar mhachairí Mheiriceá. over the plains of America.
" B’éigean dóibh glacadh leis na poist ab isle céim agus is beag post ab ísle céim ná tiomáint eallaigh thar mhachairí Mheiriceá.
ar mhachaire fairsing féarmhar, on a wide grassy plain,
" Taobh thiar den leacht cuimhneacháin síneann an sluachampa siar ar mhachaire fairsing féarmhar, agus tá sraitheanna beairicí adhmaid, sreang dheilgneach agus túir faire le feiceáil.
agus iad i ngnáthéadach while they were in plain clothes
" Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche.
is ríléir it's plain to be seen
" Cé go gcuideoidh PIGWS leis na ceithre thír a bhí roghnaithe le bheith páirteach ann, is ríléir go mbeidh an-chabhair eile ag teastáil uathu, má tá siad le dul i ngleic lena bhfadhbanna dífhostaithe agus tearcfhostaíochta.
is ríléir it's plain to be seen
" Ní thugtaí cuireadh dóibh le bheith páirteach ann sa chéad dul síos, agus is ríléir nach raibh aon siocair acu le bheith ag cuimhneamh le háthas ar an gcéad lá a tháinig na coilínigh i dtír.
réileán salainn a salt plain
" Tá an loch in oirthuaisceart na hAstráile Theas, tuairim is 700 ciliméadar ó thuaidh as Adelaide, príomhchathair an stáit, agus ní bhíonn ann ach réileán salainn de ghnáth.
mhachaire plain
" Agus tharla i dtrátha an ama sin gur éirigh fear fionn fiata ón áit a raibh sé ina shuí go leithscéalach le fada ar a thóin thanaí thinneallach i gContae Mhaigh Eo agus d’éirigh sé go fuadrach agus go trodach gur sheas sé go caithréimeach i lár mhachaire Mhaigh Eo.
go neamhbhalbh in plain terms
" In agallamh foirmeálta le Nuacht TG4, thug Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, le fios go neamhbhalbh nach mbeadh sé i bhfách leis an bheartas ábhar roghnach a dhéanamh den teanga i ndiaidh an teastais shóisearaigh.
Ardmhá na Síochána the high plain of Peace
" Ar Lorg Ardmhá na Síochána =========== Thosaigh an turas, dar leis an iar-Phríomh-Aire, sular toghadh ar chor ar bith é.
mánna plains
" Má bhí na Sléibhte Creagacha agus Sléibhte Appalachia ann, bhí mánna fada réidh eatarthu agus ar gach taobh díobh, agus bhí línte traenach ag ceangailt cathracha móra na tíre go léir sar i bhfad.
mhá láir the great plains
" Eitlímis trasna mhá láir Mheiriceá, thar Loch Michigan, agus thar stát Wisconsin, agus tuirlingímis i Minneapolis-St.
Machaire lom a bare plain
" Machaire lom curadóireachta faoi lus na mine buí ag síneadh soir siar agus siar soir.
bord an uisce water plain, level
" Deirtear go mbíonn 40% d’uisce na tíre in úsáid leis an khat a chur ag fás agus go bhfuil fadhb anois ann mar tá bord an uisce thart ar Sa’ana beagnach ídithe.
mhachaire ard high plain
" Ar mhachaire ard atá cathair Sarajevo.
a chiallaíonn má seascainn which means swamp plain
" Is focal Bundúchasach é Galong a chiallaíonn má seascainn (swamp plain).
machairí plains
" Chaith Alan Desmond seal ag meá cheist mhuintir mhear na machairí in oirthear domhain, an dream daoine a dtugtar na Uígir orthu.
ardmhá high plain
" Siúlann Pat Butler ardmhá spioradálta na scannánaíochta an tros so ar chonair a leag dís sárléirtheoirí ‘fíoreisceachtúla’ amach roimhe.
ar ardmhá intinn an phobail on the high plain of public intellect
" Chonaic Robert McMillen dhá bhandia, as aois an chré-umha agus aois an iarainn, ag streachailt in aghaidh a chéile ar ardmhá intinn an phobail an mhí seo chuaigh thart.
Achréidh the plains
" Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe.