Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ainmnithe as lus named after a plant
" Tá teaghlach s'aici uilig ainmnithe as lus.
lusanna plants
" Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú *arrondissement* sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
monarchana innealtóireachta engineering plants
" Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies.
phlandaí dathannacha colourful plants
" Tá aibhinní ann, agus linnte ina bhfuil ealaí, agus potaí móra a bhíonn lán de phlandaí dathannacha sa samhradh.
oibreoir oibreacha múnlaigh sewage plant operator
" Cé gur bhain post an phríomhoide scoile áit amach sa chuid uachtarach den liosta, ag #84, bhí post an mhúinteora i bhfad níos ísle ná sin, ag #164, áit amháin, díreach, faoin oibreoir oibreacha múnlaigh.
ag fágáil fianaise bhréagach planting false evidence
" Fosta, bheadh sé deacair súil a choinneáil orthu; mar shampla, dá rachadh duine acu chuig an leithreas, thiocfadh leis a bheith ag amharc ar rudaí príobháideacha nó a bheith ag fágáil fianaise bhréagach i do theach,” dúirt sé liom.
a phlandáil, to plant,
" Ó 1868, nuair a thug an rialtas cead don Seapánach tailte an oileáin, Hokkaido, a phlandáil, tugadh neamhaird orthu, cuireadh brú orthu a bheith “Seapánach”, deineadh iarracht a gcultúr a bhá, bailíodh an-chuid acu le chéile agus seoladh go *reservations* iad ar nós na nIndiach Rua.
deirtear gur chuir Máire, Banríon na hAlban, é. it is said that Mary Queen of Scots planted it.
" Tá sceach ársa le feiceáil taobh amuigh de Choláiste Naomh Muire, agus deirtear gur chuir Máire, Banríon na hAlban, é.
an síol a chur, to plant the seed,
" Tá gá le fuinneamh i dtús báire: chun an talamh a ullmhú, an síol a chur, an leasachán a leathadh (agus úsáidtear mórán fuinnimh chun leasachán ceimiceach a mhonarú), an fómhar a bhaint agus eatánól a dhéanamh as.
an planda teochreasach the tropical plant
" Ar na barra is fearr anois tá cúpla cineál féir agus an planda teochreasach *Jatropha*, agus tá an t-arbhar Indiach ar na cinn is measa.
rogha níos leithne crann agus plandaí a wider choice of trees and plants
" Chuir sé iontas orm ar dtús nach raibh rogha níos leithne crann agus plandaí ar fáil san fheidhmchlár, ach thuig mé i ndiaidh dom triail a bhaint as gur cabhair mhór don úsáideoir é go bhfuil sé socraithe ar an mbealach sin.
do rogha crann agus plandaí your choice of trees and plants
" Leis an gcur chuige seo, tá an bhéim leagtha ar dhearadh an ghairdín, in ionad í a bheith leagtha ar mhionsonraí mar do rogha crann agus plandaí.
éagsúlacht na bplandaí diversity of plants
" ” Dathanna spleodrachaBíonn NWC ar oscailt idir 1 Márta agus 30 Meán Fómhair, agus is iad mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh an t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar an ionad mar gheall ar líon na ndathanna agus ar éagsúlacht na bplandaí a bhíonn le feiceáil ansin.
Ní hé gur chuir siad síol an amhrais it is not that they planted the seed of doubt
" Ní hé gur chuir siad síol an amhrais – d’fhéadfá a rá go raibh sé curtha cheana féin – ach chothaigh siad é a dhóthain lena chinntiú go ndiúltófaí don Chonradh.
Stáisiún Núicléach Nuclear power plant
" "(Albert Einstein) Ar an 26 Aibreán, 1986 phléasc imoibreoir uimhir a ceathair i Stáisiún Núicléach Shearnóbail, atá suite cóngarach do Pripyat san Úcráine.
ceithre stáisiún núicléacha four nuclear power plants
" Ag deireadh na seachtóidí, bhí sé de rún ag an rialtas ceithre stáisiún núicléacha a thógáil i gCeann an Chairn, Loch Garman.
dúchais áirithe particular native (plants)
" Tá plandaí dúchais áirithe sa tír, fiú, nach mbachlóidh mura ndóitear iad.
curtha planted
" Cé gur oileán sceirdiúil é, gan aon chrann arbh fhiú crann a thabhairt air le feiceáil ann, tá talamh maith féarach ann agus tá neart garrantaí curtha le glasraí de gach cineál ar an taobh foscúil den oileán.
ionaid plants
" Tá séanta ag an gcomhlacht go raibh siad freagrach as an mbail bharbartha bhrúidiúil a thug an t-arm do na hOgoni, ach d’admhaigh siad i lár na nóchaidí gur cheannaigh siad airm do na póilíní a rinne fearas is ionaid an chomhlachta a chosaint.
Chuireadh used to plant
" An Fear a Chuireadh Crainn Chaith mé cuid den samhradh thart ar deich mbliana ó shin in Manosque, baile atá thart ar 80 ciliméadar ó Marseille.
síol curtha seed was planted
" Má tháinig borradh faoin phobalachas le linn an tíogair, is cinnte go raibh an síol curtha i bhfad roimh ré.
lusanna plants
" , le fás éagsúlacht lusanna, an ceannbhán, an néalphortach, an fhraochóg, agus mórán cineálacha féir, cíbe agus fiataíola fosta.
gléasra buidéalaithe a bottling plant
" Mhol sé go mbrisfeadh muilte gaoithe ar an oileán uisce síos go hidrigin agus ocsaigin agus go mbunófaí gléasra buidéalaithe ar an oileán don ocsaigin.
lusanna plants
" Go deimhin, beidh sé níos deacra do na lusanna i mbliana tar éis an gheimhreadh nimhneach fuar a bhí againn in Éirinn.
cuireadh an síol the seed was planted
" Cé nach raibh suim agam sa ghnó ag an am cuireadh an síol agus tháinig sé faoi bhláth.
a leag left, planted
" Measadh go raibh Rodford faoi bhagairt bháis ag poblachtánaigh An tseachtain seo, cuireadh beirt eochróirí ar fionraí i ndiaidh fiosrúcháin ó Ombudsman na gcarcracha, Pauline McCabe, a mhaígh gur dócha gur bhall de fhoireann na carcrach a leag na sonraí sa chillín.
mhonarchana díshalannaithe desalination plants
" Trí mhonarchana díshalannaithe atá á dtógáil ag muintir an oileáin agus rithfear iad ar an leictreachas in-athnuaite céanna.
ag cur crainn planting a tree
" Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú.
lusanna plants
" … Ach Ní Thógfaidh Dubh Dath ============== Thuig mé uathu gurbh é fear an tí a dhéanadh an dúch as luibheanna é féin, agus rinne mé iarracht a fhoghlaim cé na lusanna iad féin.
glasraí a chur planting vegatibles
" In áit glasraí a chur, bíonn garrantaí móra na tíre líonta le khat, os rud é go bhfuil na feirmeóirí in ann níos mó airgid a shaothrú air sin ná ar bhairr de chineáil eile.
lusanna spíonacha sharp plants
" Dá bhrí sin, bhíos beagnach ag rith agus na lusanna spíonacha ag gearradh m’éadaí is mo chraicinn.
lusanna áirithe fónta particular useful plants
" Ní raibh an céachta acu, leoga, ach bhainidís feidhm as dóiteoireacht rialta leis an fhásra a dhó chun sealgaireacht a éascú agus le lusanna áirithe fónta a chur chun cinn.
an té a chuir of the person who planted
" Mac an té a chuir an crann, is é a bhain an chraobh leis an bhfliuit a dhéanamh.
mo chuid lusanna my plants
" Rith sé liom ansin go dteastódh duine uaim le huisce a chur ar mo chuid lusanna fad ’s a bheinn as baile.
ag leagan planting
" Bhí córas an stáit ag cur ord agus eagar ar dhílseoirí na hÉireann ag an am, ag sceanairt na náisiúnach ó thuaidh agus ag leagan buamaí ó dheas nuair a shantaigh siad sin a dhéanamh.
lusanna áirithe particular plants
" Míníonn sé, cuirim i gcás, an bhaint a bhí ag lusanna áirithe agus ag a gcuid síolta le soláthar bia in áiteanna éagsúla agus an bhaint a bhí ag flúirse agus ag éagsúlacht na lusanna le méadú an daonra i gceantair éagsúla timpeall an domhain.
lusanna ag dreapadh plants climbing
" Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus ag casadh ar an iarann meirgithe.
le lusanna a fhás to grow plants
" Baineann sé úsáid as painéil gréine mar fhoinse teasa chomh maith le spásanna grianmhara le lusanna a fhás.
chuir an choill planted the wood
" “Tá muid an-bhródúil as an obair seo,” arsa Ndiaye, “mairfidh an chéad ghlúin eile anseo agus fios acu gurbh iad na mná a chuir an choill.
chuiridís féin they themselves planted
" Chaithidís éadaí bunúsacha gan dath, níor nigh siad iad féin ach cúpla uair sa bhliain, d’ithidís bia diúid a dhéanaidís nó a chuiridís féin – arán, pasta, glasraí, cáis.
easpa crann agus lusanna lack of trees and plants
" Chuaigh an easpa crann agus lusanna i bhfeidhm go mór orm.
ceantar eile Palaistíneach le haghaidh plandála another P. area to be planted
" Lom láithreach, cheadaigh Iosrael ceantar eile Palaistíneach le haghaidh plandála.
bhfuil an síol curtha anois the seed is planted now
" Is léir áfach go bhfuil an síol curtha anois agus go bhfuil borradh idirnáisiúnta faoin ngluaiseacht.
an lus a cuireadh the flower which was planted
" Is ábhar dóchais, don té atá ag santú síochána, go mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar an lus a cuireadh nuair a shocraigh Sinn Féin éirí as an gcogaíocht agus dul le polaitíocht.
na bairr a chur to plant the crops
" Ar fáil amach do na Sasanaigh, na Dúitsigh, na Francaigh, agus na Spáinnigh go raibh talamh mhaith sa domhan nua, bhí gá le hoibrithe chun an talamh a ghlanadh agus na bairr a chur, a bhaint, agus a iompar.
Cuireadh cána cane was planted
" Cuireadh cána i gceantar na Cairibe agus cadás níos faide siar agus ó thuaidh.
lus na seirce the plant love-lies-bleeding
" Tá síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.
A cuireadh anuraidh planted last year
" Tugann an béaloideas léargas dúinn ar go leor acu agus ar a dteanga: ‘Tobac, tobac, a chailleacha, tobac Bhaile Locha Riach A cuireadh anuraidh agus a baineadh i mbliana.
Cuimhnigh ar na Lusanna think of the plants
" Seo thíos na feidhmeanna is ansa liom féin: Ó a Thiarcais, Cuimhnigh ar na Lusanna (agus ar an gcat!) ================= Bhíomar thar lear le linn an bhrothaill mhóir níos luaithe sa bhliain agus bhí ár gcuid lusanna agus na glasraí go háirithe, sleabhctha nuair a d’fhilleamar.
a léann stáid planda ar leith which reads the condition of a particular plant
" Seo uirlis le Pi mar ‘intinn’ aige a léann stáid planda ar leith (teocht, bogthaise, solas) agus a scairdeann uisce ar an lus dá réir.
scairdeann uisce ar an lus dá réir squirts water on the plant accordingly
" Seo uirlis le Pi mar ‘intinn’ aige a léann stáid planda ar leith (teocht, bogthaise, solas) agus a scairdeann uisce ar an lus dá réir.
bhainisteoir ar mhonarcha ceimiceán manager of a chemical plant
" Ba bhainisteoir ar mhonarcha ceimiceán é in Éirinn ar feadh scaithimh agus d’oibrigh sé mar fhear scripte i Hollywood lena chois sin.
crainn a chur le taobh cosáin to plant beside pathway(s)
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.
b'shin é an cur a rinne dochar that was the (type of) planting which caused damage
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.
anseo is ansiúd (planting) here and there
" Tá roinnt de na feirmeoirí féin agus lucht airgid na gcathracha i ndiaidh roinnt acraí crann sealghlas a chur anseo is ansiúd.
talamh le crainn a chur planting land
" Gheobhaidh údaráis an stáit go leor as an gcoigistiú: talamh le crainn a chur agus cíos rialta ó mhuilte gaoithe, gan trácht ar an moladh a dhéanfar orthu san Eoraip as breis crann a chur.
cuirfear cineálacha áirid crann certain types of trees shall be planted
" Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .
faoi chrainn planted
" Ba leor roinnt bheag acraí faoi chrainn i ndiaidh deich mbliana fáis le teach a choinneáil teolaí.
ar cuireadh i dtalamh planted where
" Bhí sí romham arís, mullach bán uirthi mar a bheadh ar sheanóir ar bith agus rian na haimsire ar a craicinn, í ina seasamh go ciúin scéalach san áit ar cuireadh i dtalamh í míle go leith bliain ó shin.
cuireadh síolta an fhoréigin the seeds of violence ... were planted
" ’* (3) Inimirce ==== Ba sna 1870aidí agus 80aidí a cuireadh síolta an fhoréigin agus an tseicteachais, tráth a ndeachaigh na scaiftí móra as Éirinn ar imirce chun na cathrach.
lus nach bhfaca sé cheana a plant he had not seen before
" Agus é ag siúl cois locha lá, tagann Ciarán ar lus nach bhfaca sé cheana.
lusanna chromchinn nó lusanna eile daffodils or other plants
" É sin a dhéanamh chomh tapa in Éirinn agus ab fhéidir sula gcuirfeadh aon duine de na comharsana stop leis an rás rud a d’fhéadfadh tarlú dá mbeadh gáirdín deas lusanna chromchinn nó lusanna eile ag ‘bagairt a gcinn thar dhroim a chéile’.
a Chuireadh Crainn who used to plant trees
" Léigh mé an leabhar beag, finscéalach, ‘An Fear a Chuireadh Crainn’ (An Gúm 1997), deireadh an chéid seo chuaigh thart.
curtha agam I’ve planted
" Sílim go bhfuil míle síol fuinseoige, fearna, fiú amháin síolta eidhneáin, curtha agam faoin am seo.
a chuir mé taobh istigh de which I planted within
" D’fhág sé sin mé le (A) gearrthóga a chuir mé taobh istigh de sheachtain ó am a ngearrtha; (B) gearrthóga eile bhí faoi uisce ar feadh an ama agus (C) bhí roinnt a caitheadh ar an talamh fann folamh ar feadh tuairim is sé seachtaine nó breis sular chuir mé iad.
Cuireadh an síol the seed was planted
" Ag labhairt ar an fhiontar úr, deir an tacadóir sacair Seán gur: “Cuireadh an síol lá samhraidh amháin agus mé ag díol bróg ar Thrá Bondi san Astráil.
lusanna plants
" Maidir le hainmhithe agus lusanna, bhí stádas maith ag 50 faoin chéad, uireasach ag 40 faoin chéad agus drochstádas ag 10 faoin chéad.
In ionad lusanna ildaite instead of multicoloured plants
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.
lus plant(s)
" Thug Gabriel Rosenstock taitneamh do leabhar filíochta Pheadair Uí Uallaigh, leabhar a shníomhann a 'eolas beacht' ar lus agus ar luibheanna trí logainmneacha Chorca Dhuibhne mar a dhéanfadh 'draoi'.