Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht that religion and politics were synonymous
" Nuair a bhí cinneadh le déanamh an mbeadh Fear Manach mar chuid den Saorstát nó den Ríocht Aontaithe, bhí an cinneadh a rinneadh bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 1911; agus de bharr gur ghlac daoine leis gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht, tá Fear Manach fós sa Ríocht Aontaithe.
polaitíocht thoghchánach electoral politics
" Taobh istigh de chúpla bliain, áfach, bhuaigh Bobby Sands toghchán, chuaigh na poblachtánaigh le polaitíocht thoghchánach agus iad níos dáiríre fúithi ná mar a bhí Bernadette féin, fiú.
i bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is cuimhin liom agallamh raidió a chur tráth ar dhuine a bhí an-ghafa i bpolaitíocht na heite clé.
putóga an tráchtaire polaitíochta the guts of the political commentator
" Agus seo agaibh anois roinnt dá bhfaca Balor Fáidh nuair a ghrinnigh sé putóga an tráchtaire polaitíochta a bhí aige mar dhinnéar Lá Nollag: **Earrach 2002**: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór ar olltoghchán in Éirinn.
an seanréimeas polaitíochta the old political regime
" Comhghuaillíocht ======= Dúirt Gerry Adams go raibh an seanréimeas polaitíochta ag athrú agus gur féidir comhghuaillíocht a bhunú idir Sinn Féin, an Páirtí Glas agus Páirtí an Lucht Oibre le clár den eite chlé a chur chun tosaigh.
ár gcóras polaitíochta our political system
" An é go bhfuil ár gcóras polaitíochta imithe ar strae, nach ndéanann muid an rogha cheart agus muid ag toghadh ár gcuid polaiteoirí? An é nach gcaitheann na daoine a mbíonn orthu fanacht i scuainí ospidéil a vóta nó an é nach dtugtar rogha cheart dóibh ar aon chuma? Tá litreacha á bhfoilsiú go laethúil ar leathanach an eagarthóra san *Irish Times* ag moladh leasainmneacha do shnáthaid shnasta seo Shráid Uí Chonaill.
na polaitíochta aontachtaí of the unionist politics
" Mar is eol dúinn uilig, ní smaoineamh rómhaith é cur le *alphabet soup *na polaitíochta aontachtaí atá againn faoi láthair.
Polaitíocht an ilchultúrachais the politics of multiculturalism
" Polaitíocht an ilchultúrachais atá ann agus is fiú go mór an troid chun cur in iúl do SBS go gcaithfear athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh.
an pholaitíocht bhunreachtúil constitutional politics
" Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.
tógtha le polaitíocht na heite clé taken with left-wing politics
" Bhí guth agus ceol iontach aige, agus cosuil leis an chuid is mó den dream sin, chítear dom, feasóg air agus é tógtha le polaitíocht na heite clé.
polaitíocht liobrálach liberal politics
" Is as an leatrom seo a d'eascair polaitíocht liobrálach mhuintir Chinnéide ina dhiaidh sin.
Polaitíocht an ilchultúrachais the politics of multiculturalism
" Polaitíocht an ilchultúrachais atá ann agus is fiú go mór an troid chun cur in iúl do SBS go gcaithfear athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh.
ag cur a leas gearrthéarmach polaitíochta féin putting their own short-term political welfare
" Beidh sé freisin, áfach, ar lámha slam mhór de pholaiteoirí an deiscirt atá faoi láthair ag cur a leas gearrthéarmach polaitíochta féin os cionn leas fadtéarmach mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas.
pholaitíocht an tuaiscirt the politics of the north
" Istigh sa pharlús bhí tuilleadh cainte ar pholaitíocht an tuaiscirt, ar dhaoine muinteartha linn agus ar an bPeil Ghaelach, dar ndóigh.
le dlús a chur le próiseas na polaitíochta to speed up the political process
" Bhí an Taoiseach Bertie Ahern agus Príomhaire na Breataine i mBéal Feirste ar an 23ú lá den mhí seo caite le dlús a chur le próiseas na polaitíochta.
fheachtas polaitíochta political campaign
" Tá tábhacht ar leith ag baint leis an fheachtas polaitíochta agus tá éifeacht áirithe ag baint le lá an toghcháin féin.
D'éirigh sí as an pholaitíocht she retired from politics
" D'éirigh sí as an pholaitíocht anuraidh agus caitheann sí i bhfad níos mó ama lena pléisiúir féin: a clann, galf agus, ainneoin nach gcreidim í, ag tabhairt tacaíochta do Manchester United! *Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
bpolaitíocht ollscoile university politics
" Daoine eile a bhfuil postanna acu agus iad ina mbainisteoirí i mbialanna taobh le taobh le bheith ar chúrsa ollscoile, nó iad páirteach i bpolaitíocht ollscoile nó i bpolaitíocht áitiúil.
an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint to avoid the dirty internal politics
" " Le linn a cuid ama in RTÉ chomh maith, d'éirigh léi an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint.
gafa leis an bpolaitíocht caught up in the politics
" Tá roinnt daoine a chaitheann a saol iomlán in RTÉ agus is iadsan na daoine is mó a bhíonn gafa leis an bpolaitíocht, sílim.
an pholaitíocht chrua eitneach hard-boiled ethnic politics
" " an pholaitíocht chrua eitneach ======= Bhí an dearg-ghráin, ar ndóigh, ag Nixon ar mhuintir Kennedy ar fad.
na mórpháirtithe polaitíochta uilig all the main political parties
" Ach seacht mbliana níos déanaí, tá na mórpháirtithe polaitíochta uilig sásta go bhfanfadh sí sa phost ar feadh seacht mbliana eile.
cainteanna polaitíochta political talks
" Ach má tá náisiúnaithe ag gáire agus iad ag breathnú ar Ian Paisley ag taisteal go Baile Átha Cliath den chéad uair riamh le cainteanna polaitíochta a bheith aige leis an Taoiseach - 30 bliain ó shin bheadh Paisley ag iarraidh é a ruaigeadh as oifig! - beidh orthu fanacht go dtí go bhfaigheann siad amach cad é tá rialtas na hÉireann sásta a ghéilleadh don DUP le hiad a choinneáil ar bord.
bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Bhíos sáite i gcultúr Shasana agus gníomhach i bpolaitíocht na heite clé.
polaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is daoine a bhfuil bá acu le polaitíocht na heite clé iad seo.
buanna polaitíochta political victories
" I 1975 a thosaigh straitéis úr: an cogadh fada tnáithithe, a mhair go dtí 1981 agus ar lean na buanna polaitíochta é a ghnóthaigh Sinn Féin mar thoradh ar stailc ocrais na bliana sin.
chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta to give some of it to the political parties
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
pholaitíocht na n-inscní the politics of gender
" Dúirt Enrique Juncosa, feighlí an taispeántais, gurb é a bhí sa saothar seo *“poetic amalgamation of found and constructed objects”* a spreagann an intinn agus a bhíogann an tsúil agus is mar sin a ardaíonn Cross díospóireacht dhúshlánach ar ábhair éagsúla ar nós pholaitíocht na n-inscní.
chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta to give some of it to the political parties
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
eagarthóir polaitíochta political editor
" O'Toole in Allegheny County agus eagarthóir polaitíochta an *Pittsburgh Post-Gazette*, James O’Toole.
clár polaitíochta political programme
" Beidh baill an IRA ag cuidiú le Sinn Féin an clár polaitíochta a chur i gcrích as seo amach.
sa Pholaitíocht in Politics
" ” Rinne Fisk céim amháin – an Léann Clasaiceach agus an Teangeolaíocht - in Ollscoil Lancaster agus an dara céim, sa Pholaitíocht, i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
an córas polaitíochta the political system
" Deir sé, ‘Chuala mé sibh’ agus leanann sé ar aghaidh mar a bhí sé roimhe!” Sin fadhb mhór atá ag dul in olcas sa Bhreatain, dar le Fisk: an dóigh a mothaíonn daoine nach bhfuil rialtas na tíre ag gníomhú ar a son agus go bhfuil an bhearna idir an saoránach agus an córas polaitíochta ag méadú.
bainteach leis an bpolaitíocht involved in politics
" Tá Harney ar dhuine de na polaiteoirí sin a thugann íomhá mhaith dóibh siúd atá bainteach leis an bpolaitíocht.
cúiseanna polaitíochta agus geilleagracha political and economic causes
" Deir daoine atá ina coinne nach méadaíonn sí an táirgiúlacht, go ndéanann sí dochar don chomhshaol agus nach mbeadh aon tionchar aici ar ghorta mar go bhfuil dóthain bia á thairgeadh anois agus gur cúiseanna polaitíochta agus geilleagracha atá leis an ocras in áiteacha éagsúla ar domhan.
gníomhaithe polaitíochta political activists
" Ach anois tar éis feachtas ocht seachtaine, tá olltoghchán Cheanada thart agus tig leis na gníomhaithe polaitíochta an t-arm faobhair is ansa leo, an *BlackBerry*, an gléas ilmheánach boise sin, a scaoileadh uathu, seal saoire a bheith acu, is ullmhú don chéad fheachtas eile.
córas láidir polaitíochta a strong political system
" In ainneoin seo uilig, maíonn Meiriceánaigh go bhfuil córas láidir polaitíochta acu.
an easpa páirtithe polaitíochta the lack of political parties
" Ach an iad seo amháin a chinntíonn gur córas seasmhach atá i gcóras Mheiriceá? Tá rud amháin eile, dar liom, a chinntíonn an tseasmhacht - an easpa páirtithe polaitíochta.
an pholaitíocht shíochánta peaceful politics
" Íorónta ======= An dea-scéala – má chreideann tú go bhfuil Sinn Féin i ndáiríre ag bogadh chun tosaigh chuig an pholaitíocht shíochánta amháin - nach raibh baill d’eite Adams/McGuinness den ghluaiseacht páirteach sa scliúchas.
eagarthóir polaitíochta political editor
" Cuirfidh Harry McGee, eagarthóir polaitíochta an *Irish Examiner* agallamh ar Chathal Goan, Stiúrthóir Ginearálta RTÉ, faoi chúrsaí cumarsáide agus an ról atá ag an nGaeilge sa réimse sin.
ionadaithe polaitíochta political representatives
" Agus cad atá ar siúl anseo in Éirinn? Bhuel, is cuma le roinnt mhaith d’ár n-ionadaithe polaitíochta faoin scéal.
eagarthóir polaitíochta political editor
" Cuirfidh Harry McGee, eagarthóir polaitíochta an *Irish Examiner* agallamh ar Chathal Goan, Stiúrthóir Ginearálta RTÉ, faoi chúrsaí cumarsáide agus an ról atá ag an nGaeilge sa réimse sin.
eagarthóir polaitíochta political editor
" Cuirfidh Harry McGee, eagarthóir polaitíochta an *Irish Examiner* agallamh ar Chathal Goan, Stiúrthóir Ginearálta RTÉ, faoi chúrsaí cumarsáide agus an ról atá ag an nGaeilge sa réimse sin.
an pholaitíocht réabhlóideach revolutionary politics
" Bhí ceangal láidir idir é agus an pholaitíocht réabhlóideach agus b’aidhm thábhachtach dá chuid saol an lucht oibre a fheabhsú.
na páirtithe polaitíochta aontachtacha the unionist political parties
" Luaigh sé na páirtithe polaitíochta aontachtacha agus an síordhiúltú páirt a ghlacadh i gcainteanna le poblachtánaigh.
sna páirtithe polaitíochta ó thuaidh in the political parties of the north
" Beidh le feiceáil cé acu a bhfuil an bua sin sna páirtithe polaitíochta ó thuaidh ach tá go leor le foghlaim againn ónar gcairde in Albain.
na craoltaí páirtí polaitíochta the party political broadcasts
" “Bhí orm na craoltaí páirtí polaitíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge – thosaigh sé mar sin.
dhá pháirtí polaitíochta two political parties
" Córas dhá pháirtí Níl ach dhá pháirtí polaitíochta i Meiriceá, rud a chuireann iontas ar Eorpaigh, a fheiceann cúig nó sé cinn de mhórpháirtithe ina bparlaimintí féin, ach ní ar mhúnla na dtíortha Eorpacha a bunaíodh daonlathas Mheiriceá.
páirtithe polaitíochta political parties
" Beidh na páirtithe polaitíochta uilig – Sinn Féin agus an DUP san áireamh – i Sráid Downing ag tús na míosa seo ach ní ólfaidh siad tae uimhir a deich ach gheobhaidh siad brioscaí agus deoch béal dorais, in uimhir a 11, Sráid Downing, áit chónaithe Gordon Brown.
an sorcas polaitíochta the political circus
"an sorcas polaitíochta ar ais sa sráidbhaile; geáitsíocht a chuirfeadh aoibh gháire ar do bhéal, eachtraí a chuirfeadh eagla ort agus cleasanna a d’fhágfadh ag scríobadh do chloiginn tú.
i ndeabhaidh polaitíochta le do shean-namhaid in a political fight with your old enemies
" Tá sé furasta go leor, ar ndóigh, rudaí a cháineadh ó na taobhlínte – mar a chruthaigh an DUP – ach is scéal eile ar fad é nuair atá freagracht ort agus tú i ndeabhaidh polaitíochta le do shean-namhaid agus sibh ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach a shásódh an bheirt agaibh.
ag bogadh i dtreo na polaitíochta moving towards politics
" Bhí Sinn Féin ag bogadh i dtreo na polaitíochta agus mhothaigh sé go raibh sé ina éan corr.
roinnt coincheap domhain polaitíochta some deep political concepts
" Sin mar a tharla agus seo mar a mhínigh Máire Ní Chlochráin roinnt coincheap domhain polaitíochta do Bhalor an Bhéil Bhinn: “A Bhaloir, a chara mhóir mo chroí, tá an sú seo go hálainn.
ba bhean chumhachtach sa pholaitíocht she was a powerful woman in politics
" Cinnte, ba sheanbhean í a d’imir cluichí cártaí lena cairde – ach ba bhean chumhachtach sa pholaitíocht í leis.
i bpolaitíocht na heite clé in left-wing politics
" Bhí aithne mhaith agam féin ar Colin i Learpholl, áit a raibh sé gníomhach i bpolaitíocht na heite clé nuair a bhí sé ina dhéagóir, san fheachtas dlúthpháirtíochta le Vítneam, mar shampla.
an pholaitíocht politics
" Nuair a toghadh Margaret Thatcher ina príomhaire i 1979, ba léir do Colin an treo a raibh an pholaitíocht ag dul i Sasana agus bhog sé go hÉirinn i 1980.
gan trácht ar an pholaitíocht idirnáisiúnta agus dhomhanda. not to mention international and world politics.
" Bíonn lucht léite *Beo Ar Éigean* ag súil le caighdeán ard tuairisceoireachta, go háirid i dtaca le cúrsaí polaitíochta náisiúnta, gan trácht ar an pholaitíocht idirnáisiúnta agus dhomhanda.
mórphictiúr na polaitíochta the big political picture
" Cad é a bhí tú ag iarraidh a thuigbheáil an babhta seo?” “A Mháire, a thaisce,” arsa Balor, “An dtig leat mórphictiúr na polaitíochta a mhíniú dom, le do thoil? An mórphictiúr, an dtuigeann tú? Ar nós an phictiúir mhóir de Bhertie atá os cionn do leapa, nó ar nós an phictiúir níos mó fós díot féin atá os cionn leaba Bhertie.
i ndeabhaidh pholaitíochta. in a political fight.
" Nil duine ar bith ag dúil le *ko* ach le troid bunaithe ar thaicticí agus an poblachtánachas agus an t-aontachas i ndeabhaidh pholaitíochta.
na páirtithe polaitíochta the political parties
" Bhí imeacht ar siúl i mBaile Átha Cliath le gairid a thug deis do na páirtithe polaitíochta a dtuairimí a nochtadh ar ábhair éagsúla sna réimsí pobal, pleanáil teanga, polasaithe agus oideachas.
an pholaitíocht politics
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
na ceannairí polaitíochta, the political leaders,
" Agus cén spórt atá i gceist ag Balor Bladhmannach? Cén spórt eile ach an tOlltoghchán? Chuaigh Laoch na Litríochta chun cainte leis an bheirt is mó le rá de na ceannairí polaitíochta, féachaint cén dearcadh atá acu féin ar an spórt náisiúnta seo, agus cad é a bhí le rá acu faoi na feachtais toghchánaíochta a bheadh dá stiúradh acu féin.
in amhras faoi pholaitíocht suspicious of politics
" Léiríonn sé go bhfuil muintir na Poblachta in amhras faoi pholaitíocht atá i dtreo na heite clé barraíocht.
an pholaitíocht politics
" “Cad é go díreach atá cearr leis? Tá achan ghné den saol clúdaithe ann – an spórt, an Ghaeilge, na healaíona, an pholaitíocht.
i saol na polaitíochta in political life
" Féachtar ar an Seanad i saol na polaitíochta mar áit d’iarrthóirí Dála nár éirigh leo i dtoghchán nó mar áit dóibh siúd a bhfuil a súile ar shuíochán Dála amach anseo.
an staid pholaitíochta; the political situation;
" ) “Is é ábhar na n-imleabhar uilig ná: stair na foilsitheoireachta agus an cúlra atá leis an fhoilsiú sin; conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, ar a smaointe agus ar a saol inmheánach; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an margadh; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an staid pholaitíochta; conas mar a léigh daoine na leabhair.
an Scolardach Polaitíochta. the Political Pundit.
" “Níl ach an t-aon duine amháin a mbeadh seans aige i dtoghchán den chineál sin, duine amháin arbh fhiú do Chónra na Gaeilge iomlán tacaíochta a thabhairt dó,” dar le Balor an Scolardach Polaitíochta.
a gcuid tuairimí polaitíochta pearsanta féin their own personal political opinions
" Glacann Devenny leis go bhfuil a gcuid tuairimí polaitíochta pearsanta féin acu ach tá go leor rudaí i gcoitinne acu fosta.
mar dhún creidimh/polaitíochta as a religious/political stronghold
" Níor breathnaíodh ar an cheantar mar limistéar geografaíochta a dtiocfaí leas a bhaint as ach mar dhún creidimh/polaitíochta ab éigean a chosaint.
cúrsaí polaitíochta political matters
" Ach b’fhéidir nár bhain gunnaí an UDA le cúrsaí polaitíochta riamh, gur coimhlint cumhachta idir aicmí taobh istigh de phobail aontachtacha a bhí ansin fosta.
páirtí polaitíochta. political party.
" Thug baill den chomh-aireacht le fios i dtosach nach raibh i gceist ach tréimhse chneastachta, mar a tharlaíonn go minic agus ceannaire nua díreach ceaptha ag páirtí polaitíochta.
cén páirtí polaitíochta a mbíonn sé ag tacú leis. which political party he supports.
" PionósAnois, tá pionós á chur ar gach Gaeilgeoir ó thuaidh, is cuma cén páirtí polaitíochta a mbíonn sé ag tacú leis.
go bhfeidhmíonn an pholaitíocht that politics functions
" Deirim go minic go bhfeidhmíonn an pholaitíocht ar dhá leibhéal mhóra: leibhéal an Tionóil agus leibhéal na sráide.
na tráchtairí sóisialta polaitíochta. the social political commentators.
" Bíonn go leor rudaí eile den chineál seo ag titim amach ar fud an Tuaiscirt agus tá oscailteacht le brath nach n-aithníonn cuid de na tráchtairí sóisialta polaitíochta.
riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann. a basic unbreakable rule of politics in Ireland
" Bhris sé riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann.
polaitíocht na heite clé left wing politics
" Is dócha go raibh mé i gcoinne ‘nóisean na gairme’ ar bhonn idé-eolaíoch mar gur bhain mé go láidir le polaitíocht na heite clé – creid é nó ná creid!”Is dócha, mar sin, go n-aontódh Myers le ráiteas cáiliúil Winston Churchill: “If a man is not a socialist by the time he is 20, he has no heart.
fealsaimh pholaitíochta political philsophers
" Tá stailc na gcúntóirí ranga atá ar siúl faoi láthair ó thuaidh an-suimiúil agus tugann sé léargas glinn dúinn ar na contrárthachtaí taobh istigh de Shinn Féin agus ar an bhearna sin idir idé-eolaíocht agus praiticiúlacht atá fealsaimh pholaitíochta a phlé leis na céadta bliain.
páirtithe polaitíochta political parties
" Mí thábhachtach i bhfeachtas na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe is ea an mhí seo mar go bhfaighidh muid leideanna i dtaobh na ndaoine a chuirfidh na páirtithe polaitíochta chun tosaigh mar iarrthóirí toghchánaíochta.
an pholaitíocht inmheánach in internal politics
" Ar éirigh le Liam an pholaitíocht inmheánach a sheachaint? “D’éirigh, a bheag nó a mhór, cé nach bhféadfá gan í a thabhairt faoi deara.
polaitíocht ghránna ugly politics
" Go deimhin, polaitíocht ghránna a bhí i gceist agus deirtear liom go bhfuil sí sa chóras ollscolaíochta ar fad.
an pholaitíocht shuarach sin those petty politics
" ” Agus cén fáth a mbíonn an pholaitíocht shuarach sin i gceist i gcoláistí tríú leibhéal? “Ceist mhaith.
gur mó na páirtí polaitíochta iad. that they are more than a political party
" Ba rud é sin a bhain preab asam féin nó bhí dearmad déanta agam go bhfuil an tuairim sin ag Fianna Fáil díobh féin – gur mó na páirtí polaitíochta iad.
an páirtí polaitíochta the political party
" Ní ba dhéanaí, bhunaigh sí an páirtí polaitíochta One Nation, a bhí glan in aghaidh na hinimirce ón Áise, agus in olltoghchán na bliana 1998 fuair an páirtí beagnach naoi faoin gcéad den vóta náisiúnta.
an pholaitíocht réadúil real politics
" Cé a dúirt go mbeadh an pholaitíocht réadúil leadránach? Bhí tréimhse ann agus bhí an choimhlint ó thuaidh “gnéasach”.
an pholaitíocht úr new politics
" Taobh istigh de sheachtain, fuair muid léargas ar an pholaitíocht úr agus macalla de chastacht na dtrioblóidí a réab an chuid seo d’Éirinn ar feadh 40 bliain.
an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin to you focus on the politics of the language itself
" Aithním an dúshlán iriseoireachta a bhaineann le foilsiú nuachtáin i mionteanga: an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin nó an ndéanann tú iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir "gnáthscéalta" agus scéalta na teanga? D’fhéadfaí a rá gur maith liom an teoiric: gur chun tairbhe phobal na mionteanga é nuachtán laethúil sa teanga sin.
comhfhreagraí polaitíochta political correspondent
" Is dóigh liom chomh maith gur cheart go mbeadh comhfhreagraí polaitíochta ag nuachtán náisiúnta agus braithim gur locht mór ar *Lá Nua* gan duine sonrach mar sin a bheith ag scríobh go laethúil faoi chúrsaí an Oireachtais agus an Fheidhmeannais.
cheannaireacht na bpáirtithe polaitíochta leadership of all the political parties
" Ó bhí an t-olltoghchán deireanach ar siúl, tá athrú tagtha faoi cheannaireacht na bpáirtithe polaitíochta ar fad, seachas Fine Gael.
páirtithe polaitíochta áirithe some political parties
" Agus lá cothrom deich mbliana na heachtra seo buailte linn, tá páirtithe polaitíochta áirithe agus daoine aonair ag maíomh as an mbaint a bhí acu féin leis an gcomhaontú.
faoi chúrsaí polaitíochta about political matters
" Níor labhair sé faoi chúrsaí polaitíochta mórán, ach bhí imní air go mbeadh cuid de na Caitlicigh ag lorg díoltais mar gheall ar an mhéid ionsaithe a bhí na dílseoirí a dhéanamh orthu faoin am sin.
faoi shéasúr réamhthoghchánaíochta pháirtithe polaitíochta Mheiriceá. pre-election season of the American political parties
" Ní hea; ní ag caint faoin gcogadh atá mé – a bheas ar siúl ar feadh glúin eile nó dhó, má thagann sé chun críche riamh – ach faoi shéasúr réamhthoghchánaíochta pháirtithe polaitíochta Mheiriceá.
éirithe as an pholaitíocht having retired from politics
" Ar saoradh tír ar bith ón daorsmacht lena leithéid de ghníomh suarach? *Jaw-jaw* duine ar bith? ***************** Anois agus Ian Paisley éirithe as an pholaitíocht – rud a rinne sé ag deireadh na míosa seo caite – tá sé le dírbheathaisnéis a scríobh.
ó shaol na polaitíochta idirnáisiúnta from international political life
" I dteannta leis an slam mór airgid a shaothraigh sé as ola, níorbh fhada go raibh Strong mór le daoine cumhachtacha ó shaol na polaitíochta idirnáisiúnta.
an blag sin ar chúrsaí polaitíochta that blog on political affairs
" Beidh orm an léirmheas ar an chnuasach sin aistí a chur ar leataobh go ceann tamaill, an píosa sin scríbhneoireachta a gheall mé don dream i mBéal Feirste a chur ar an mhéar fhada, an leabhar d’fhoghlaimeoirí fásta a chur siar go dtí an fómhar agus an blag sin ar chúrsaí polaitíochta a chur ar athló.
ó thaobh na polaitíochta áitiúla in terms of local politics
" Teaghlach mór Fhianna Fáil ab ea a teaghlach féin agus ba ghnách leo cruinnithe a bheith acu sa teach aimsir toghchán – ba gheall le "ceanncheathrú bheag" é tigh de Róiste ó thaobh na polaitíochta áitiúla de, dar léi féin.
ag crá an chórais polaitíochta dogging the political system
" D'impigh Alex Maskey ar an DUP tús a chur le dian-idirbheartaíocht a fhuasclódh na fadhbanna uilig atá ag crá an chórais polaitíochta ó tháinig Peter Robinson i gcomharbacht ar Ian Paisley.
tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC news gigers
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
chastacht na polaitíochta intricacy
" “Mholfainn do gach duine an fhírinne a aimsiú i measc chastacht na polaitíochta agus na bolscaireachta aontaobhaigh,” ar sé.
i réimse na polaitíochta in the political arena
" Déanaimid talamh slán de go mbíonn corbadh agus caimiléireacht ar siúl i réimse na polaitíochta.
lucht polaitíochta politicians
" Tá sé an-deacair ag lucht polaitíochta an méid sin a thuiscint.